Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 September 2025

Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

Teagasc agus Stádas na Gaeilge sna hInstitiúidí Tríú Leibhéal: Plé

2:00 am

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe ar fad as a bheith linn ar maidin. Bhí an agóid luaite ag Róisín Ní Chinnéide. Tugaim mo chomhghairdeas do na finnéithe ar fad as an méid daoine a bhí i láthair agus an tionchar a bhí aige sin sna meáin. Bhí slua mór i láthair. Rinne siad an-jab leis sin.

Tá cúpla ceist phraiticiúil agam. B’fhéidir nach mbeidh na freagraí ag na finnéithe, ach leanfaidh mé leo ar aon chaoi. Tosóidh mé ar an bpointe sin a rinne Aoife Ní Bhriain le déanaí. Sa mhéid a bhí ráite ag Róisín Ní Chinnéide, dúirt sí go bhfuil sí ag tabhairt aitheantais do na baill foirne sna hinstitiúidí atá ag cur cúrsaí ar fáil trí Ghaeilge as a stuaim féin. Mar a dúirt Aoife Ní Bhriain, áfach, nach orthusan atá an dualgas na rudaí sin a dhéanamh agus a chur i bhfeidhm? An bhfuil na figiúirí ann maidir leis an méid institiúid atá ag cur na gcúrsaí seo ar fáil nach mbaineann díreach leis an teanga amháin, ar nós cúrsaí san innealtóireacht, gnó nó aon rud mar sin? An bhfuil figiúirí na gcúrsaí sin againn? Cá bhfuil na hinstitiúidí sin ar féidir le daoine freastal orthu chun cúrsaí a dhéanamh trí mheán na Gaeilge? Is é sin an chéad rud. Aontaím go huile is go hiomlán le hAoife Ní Bhriain; tá dualgas ar na hinstitiúidí é seo a dhéanamh, agus tá cuid acu á dhéanamh, mar a dúirt Róisín Ní Chinnéide, as a stuaim féin. Ní thuigim, áfach, cén fáth nach bhfuil gach uile institiúid á dhéanamh. Cad é an bac atá orthu? Cad é atá ag cur in aghaidh na n-instituidí seo na cúrsaí a chur ar fáil i nGaeilge? Is é sin an chéad rud.

Tá an-suim agam sa gcreatlach náisiúnta sa Bhreatain Bheag, ach is beag eolas atá agam air. Is mian liom tuilleadh eolais a fháil amach faoi, má tá sé sin ag na finnéithe. Tá sé ráite ag Róisín Ní Chinnéide agus Pádraig Mac Brádaigh go bhfuil dúbailt tagtha ar líon na mac léinn atá ag déanamh cúrsaí trí Bhreatnais, ach cé mhéad dalta é sin? An bhfuil an figiúr sin ag dúbailt ó 100 go 200, 1,000 go 2,000 nó 5,000 go 10,000? Is mian liom é sin a fháil amach mar is é sin an sprioc. Is féidir linn a bheith ag caint agus ag déanamh comparáid idir na céatadáin, ach dá mbeadh na figiúirí cruinne ag na finnéithe, bheadh sé níos éasca a thaispeáint an méid ratha atá ag an gcóras ansin i gcomparáid lenár gcóras féin.

Sa gcomhthéacs seo chomh maith, an gcuireann gach institiúid sa Bhreatain Bheag cúrsaí trí Bhreatnais, nach bhfuil bunaithe ar an teanga í féin, ar fáil do dhaoine atá ag iarraidh a leithéid? An féidir le haon scoláire céim sa dlí, eolaíocht nó innealtóireacht a dhéanamh sa Bhreatain Bheag ina institiúid áitiúil?

Bhí iontas orm a chloisteáil nach bhfuil oifig Ghaeilge in gach institiúid sa tír seo. Tá an taithí atá agam bunaithe ar mo choláiste áitiúil, áit a bhfuil oifig Ghaeilge. Bhí iontas orm a chloisteáil nach bhfuil ceann in gach uile institiúid. Cad iad na hinstitiúidí sa tír seo a bhfuil oifig Ghaeilge acu agus cad iad na hinstitiúidí chomh maith nach bhfuil aon oifig acu? Ba chóir go mbeadh ceann in gach institiúid. Cheap mé go raibh sé sin mar dhualgas orthu agus nach raibh aon rogha acu ina leith. Chuir sé sin iontas orm.

Maidir leis an méid a bhí ráite ag Pádraig Mac Brádaigh, bhí díomá orm a chloisteáil go raibh daoine ag rá leis go raibh sé ag cruthú trioblóide. Bhí an-díomá orm é sin a chloisteáil. Cé hiad na daoine seo? Níor cheart glacadh leis sin. Glacaim leis nach bhfuil Pádraig ag glacadh leis sin. Chuir sé díomá orm é sin a chloisteáil. Deirim leis leanúint ar aghaidh leis an méid atá á dhéanamh aige agus ná bac leo. Is é sin an méid a déarfaidh mé leis. Cé hiad na daoine seo atá ag rá leis go bhfuil sé ag cruthú trioblóide? Thug sé léargas dúinn ar an taithí a bhí aige i gColáiste na Tríonóide agus an rud a tharla sa leabharlann ansin. An raibh bealach aige géarán a dhéanamh faoi sin sa gcoláiste? An raibh aon oifig sa gcoláiste lena raibh sé ábalta géarán a dhéanamh? Fágfaidh mé mar sin é.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.