Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 23 September 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Teagasc agus Stádas na Gaeilge sna hInstitiúidí Tríú Leibhéal: Plé
2:00 am
Mr. Pádraig Mac Brádaigh:
Ar dtús, labhróidh mé faoi Coleg Cymraeg Cenedlaethol. Níl líon reatha na mac léinn ar eolas agam ach is féidir suíomh gréasáin an choláiste a chuardach ar líne agus na roghanna atá ar fáil in gach ollscoil ar fud na Breataine Bige a fheiceáil. Cuir i gcás, má chuardaítear cúrsaí sa stair, dlí nó mata ar an suíomh gréasáin, is féidir céatadán na gcúrsaí sin atá ar fáil trí mheán na Breatnaise in gach ollscoil ar fud na Breataine Bige a fheiceáil. Braitheann sé ar an gcúrsa. Bíonn idir 20%, 33%, 80% nó 99% den chúrsa trí mheán na Breatnaise in go leor instituidí. Ní hé sin le rá go bhfuil gach uile chúrsa agus mhodúl ar fáil trí mheán na Breatnaise, áfach. Is léir go bhfuil creatlach náisiúnta eagraithe i bhfeidhm. Tá sé an-soiléir cad iad na modúil agus cúrsaí is féidir a dhéanamh trí mheán na Breatnaise. Ní léir dúinn é sin in Éirinn, mar a dúirt Rachel Áine Ní Mharascáil. Cheap sí go mbeadh tuilleadh den chúrsa trí Ghaeilge sula ndearna sí an cinneadh freastal ar Ollscoil na Gaillimhe, ach ní raibh. Níl a fhios ag éinne agus níl sé soiléir. Ní bhíonn an t-eolas seo foilsithe in áit ar bith. Sin an fáth a bhfuil géarghá le comhtháthú, comhoibriú agus comhordú idir na hollscoileanna go léir chun na cúrsaí seo a chur ar fáil.
Bhí mé ag caint le léachtóir staire i gColáiste na Tríonóide an lá cheana a bhfuil Gaeilge aige. Ba bhreá leis modúil agus cúrsa staire trí Ghaeilge a chur ar fáil, ach is é an t-aon duine sa roinn a bhfuil Gaeilge aige. Dá mbeadh creatlach náisiúnta ann, bheadh sé in ann cabhair a fháil ó léachtóir in ollscoileanna eile a bhfuil Gaeilge acu le cabhrú leis aistí a léamh agus rudaí a phrofáil agus mar sin. Molaim go mór don Teachta freastal ar an suíomh gréasán sin, Coleg Cymraeg Cenedlaethol nó National Welsh College. Is féidir gach eolas faoi na cúrsaí a fháil ann.
Maidir leis na hoifigigh Ghaeilge in ollscoileanna, fiú sna hollscoileanna a bhfuil oifig Ghaeilge acu, de ghnáth ní bhíonn ach duine amháin ag obair san oifig sin. I gColáiste na Tríonóide anuraidh, fostaíodh an dara duine san oifig sin i ndiaidh na hagóide móire a d’eagraigh na mic léinn. Arís, bhí an dualgas ar na mic léinn é seo a dhéanamh. Fostaíodh an dara duine tar éis do na mic léinn bratach a chur ar an campanile ag rá “Cá bhfuil an Ghaeilge?”. Ghlac an coláiste an cinneadh duine sa bhreis a fhostú in oifig na Gaeilge toisc go bhfuil an t-aon oifigeach atá inti báite in obair. Is coláiste ollmhór é Coláiste na Tríonóide. Tá sé mar a gcéanna in Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath; níl ach duine amháin ag obair in oifig na Gaeilge. Ní haon iontas nach bhfuil na hollscoileanna ag comhlíonadh a gcuid dualgas faoin reachtaíocht teanga mar ní bhíonn ach duine amháin ann lena chinntiú. Tá ceathrar ag obair in oifig na Gaeilge i gColáiste na hOllscoile Baile Átha Cliath. Tá sé sin iontach. Ba cheart go mbeadh ceathrar in gach oifig Ghaeilge in gach ollscoil. Bímis soiléir chomh maith: ní bhíonn na hoifigigh Ghaeilge seo ag obair ar chúrsaí acadúla toisc nach mbíonn an t-am acu mar ní mór dóibh díriú go hiomlán ar na bunriachtanais sa reachtaíocht a chomhlíonadh. Ní bhíonn an t-am acu le plé le cúrsaí reachtaíochta.
No comments