Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 23 September 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Teagasc agus Stádas na Gaeilge sna hInstitiúidí Tríú Leibhéal: Plé
2:00 am
Shane Moynihan (Dublin Mid West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Ní thógfaidh mé i bhfad. Gabhaim buíochas leis na finnéithe as an gcur i láthair agus an idirghabháil a bhíonn ar siúl acu linne mar Theachtaí Dála agus Sheanadóirí.
Ar an gcéad dul síos, ag labhairt faoi cheist na díolúine, cé go bhfuil dul chun cinn déanta ó thaobh na tuisceana sin ar ról an dátheangachais i leith riachtanais breise oideachais, níl muid fós san áit ar chóir dúinn a bheith faoi láthair. I gcás dalta a bhfuil riachtanais breise oideachais aige nó aici, tá an claonadh sin ann fós gurb í an chéad áit le titim ná ó thaobh na Gaeilge de agus, más gá le haon idirghabháil, go gcaithfear í sin a dhéanamh trí mheán an Bhéarla, rud a chuireann isteach go mór orm. Suím ar bhoird bainistíochta Gaelcholáiste agus Gaelscoile agus feicim go maith an cur chuige is féidir a dhéanamh maidir le hidirghabháil a dhéanamh as Gaeilge.
Rinne mé céim i Business, Economics and Social Studies, BESS, i gColáiste na Tríonóide. Is é ceann de na rudaí a bhí ar fáil mar mhodúl ná go raibh sé de chumas ar dhalta teastas dhá bhliana a dhéanamh sa bhFraincis nó sa Ghearmáinis. Chuir sé isteach go mór orm nach raibh a leithéid ar fáil trí mheán na Gaeilge. Cé gur scéim píolótach a bhí i gceist i gColáiste na Tríonóide, tá ról ag an Údarás um Ard-Oideachas spreagadh a thabhairt d’ollscoileanna chun a leithéid de mhodúl a chur ar fáil. Tá daoine ann nach bhfuil ag iarraidh staidéar acadúil a dhéanamh ar an nGaeilge ach atá ag iarraidh scileanna Ghaeilge feidhmiúla a bheith acu agus iad ag dul i gcleachtadh agus amach le gairm a thosú.
Ag éisteacht leis an méid atá ráite ag na finnéithe ar maidin – gabhaim leithscéal as a bheith déanach; bhí mé ag freastal ar an gcomhchoiste Chomhaontú Aoine an Chéasta a bhí ar siúl ag an am céanna – an rud a sheasann amach dom ar fad ná an easpa eolais sa gcuraclam náisiúnta, idir luathoideachas, bunoideachas, meánoideachas agus ardoideachas. Níl ábhair ann do Ghaeilge fheidhmiúil, is í sin, ábhair Ghaeilge nach bhfuil acadúil agus nach díríonn ar scéalta, filíocht agus prós, ach a thugann scileanna do dhaoine cumarsáid laethúil a dhéanamh sa teanga. Is í sin an bhearna is mó a fheicim sa gcuraclam. Beidh mé ag cur brú ar mo chomhghleacaithe sa Rialtas an grúpa saineolach sin a chur ar bun agus a chinntiú go mbreathnaíonn siad ar an gceist seo le hábhair do Ghaeilge fheidhmiúil a sholáthar.
Tá plé déanta ag an Seanadóir Curley ar chúrsaí breisoideachas. Is féidir linn dul chun cinn a dhéanamh san áit seo. Cé go dtuigim an méid atá ráite ó thaobh chúrsaí ardoideachais, le Gaeilge a chothú mar theanga pobail, caithfidh muid díriú ar cheisteanna breisoideachais freisin, lena n-áirítear PLCs, na printíseachtaí, na scéimeanna VTOS, faoi mar atá ráite ag Seanadóir Curley, agus na hollscoileanna teicneolaíochta freisin le cinntiú go mbeidh printíseacht ar fáil as Gaeilge d’aon duine atá ag iarraidh a leithéid. Chinnteodh sé go mbeadh Gaeilge ag na leictreoirí agus pluiméirí a bhíonn ag obair sna Gaeltachtaí agus i pobail Ghaeilge agus go mbeadh siad ag cur leis an teanga mar theanga pobail. Cuirfidh mé an dúshlán ar gach aon eagraíocht atá ag déanamh abhcóideachta ar son na Gaeilge gan dearmad a dhéanamh ar an earnáil sin mar is earnáil thar a bheith tábhachtach í don teanga pobail sna Gaeltachtaí.
Aontaím go mór leis an méid atá ráite ag Pádraig Mac Brádaigh faoi ról na n-oifigeach Gaeilge. Is rud é seo atá feicthe agamsa ó thaobh na n-oifigeach Gaeilge in gach aon áisíneacht agus Roinn Stáit. Is oifigigh compliance iad; ní oifigigh spreagadh na Gaeilge iad. Is é an príomhchuspóir a bhíonn acu ná a chinntiú go mbíonn na haistriúcháin déanta i gceart - ní dhéantar iad i gceart i gcónaí ach oiread – agus go gcomhlíontar na dualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021. Caithfidh muid féachaint ar chreatlach faoina ndéanann muid na daoine seo a earcú ionas go mbeimid ag teacht ar dhaoine a bhfuil paisean acu faoi labhairt na teanga. Nuair a fheicim cláir ar nós Gaeilge365 faoi lán-seoil sna húdaráis áitiúla, is é sin an meon go gcaithfidh muid cothú sna hollscoileanna agus na hinstitiúidí oideachais. Ní ábhar scoile í an Ghaeilge; is teanga pobail í agus caithfidh muid an meon sin a athrú.
Níl mé chun gníomhartha polaitíochta an Rialtais a chosaint mar tá laigí iontu. Glacaim leis sin. Caithfidh muid aghaidh a thabhairt ar a bhfuil amach anseo, áfach. Tá rudaí ráite sa gclár Rialtais a bheidh mé ag brú ar mo chomhghleacaithe a chur i gcrích, go háirithe ról na n-oifigeach Gaeilge. Is é an rud a chuireann déistin orm agus a chuireann isteach go mór orm ná go smaoiníonn ardbhainisteoirí na n-áiteanna sin gur gníomh tick box é.
Tá oifigeach Gaeilge acu ach cén ról atá ag an oifigeach sin? Ba chóir go mbeadh an oifigeach sin ag cothú an teanga mar theanga pobail san áisíneacht sin.
Rith rud amháin liom agus mé ag éisteacht leis na cainteoirí go léir ar maidin. Is cosúil ón méid a dúirt an Teachta Moynihan go bhfuil jab Julian de Spáinn déanta. Tá mo mhac ag foghlaim conas snámh le cúpla bliain anuas. B’fhuath leis na ranganna snámh gach maidin Domhnaigh. Chuaigh sé ar saoire go Maigh Eo ar feadh coicíse agus bhí ranganna spraoi agus snámh ann, leis an béim ar an spraoi seachas ar an snámh. Tá sé anois ag baint taitneamh as na ranganna snámh gach Domhnach agus tá scil aige sa snámh. Caithfimid an meon ceannann céanna a chothú i dtaobh na Gaeilge. Céim chun cinn a bheadh ann dá mbeimid in ann Gaeilge fheidhmeach a chur ar bun mar ábhar, nó ábhar den chineál sin a chur ar bun, ach is gá an meon a athrú. Ní rud comhlíonta é Acht na dTeangacha Oifigiúla, agus ba chóir go spreagadh sé muid chun an hGaeilge a chothú mar theanga pobail.
No comments