Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 23 September 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Teagasc agus Stádas na Gaeilge sna hInstitiúidí Tríú Leibhéal: Plé
2:00 am
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Ní easaontaím le haon rud atá ráite. Luaigh Ashling Kate Wall ceist na ndíolúintí. Táimid mar choiste tar éis díriú isteach ar an gceist seo. Bhí an ceart aici nuair a dúirt sí:
Perhaps exemptions are handed out too easily. If a student has a learning disability with writing, instead of excluding them, I suggest a separate exam based on oral Irish to accommodate them.
Is ait nach bhfuil an tAire oideachais ag éisteacht léi nó le gach duine eile a thuigeann é sin.
Léigh Róisín Ní Chinnéide amach na sonraí faoi chúrsaí sna hinstitiúidí ardoideachais. Dúirt sí go bhfuil 0.68% de na mic léinn sna hollscoileanna ag déanamh cúrsaí le beagán Gaeilge nó go hiomlán trí Ghaeilge sna hollscoileanna. Is é sin an fáth gur roghnaigh muid an t-ábhar seo. Ní hiad na finnéithe amháin atáimid ag díriú orthu. Táimid tar éis cuireadh a thabhairt do uachtaráin agus príomhfheidhmeannaigh na gcoláistí ar fad teacht os ár gcomhair le míniú a thabhairt cén fáth go bhfuil sé chomh dona seo. Is féidir linn ar fad a rá go bhfuil an locht ar an Aire. Tá sé éasca locht a chur ar an Aire agus ar an Roinn oideachais ach tá an locht chomh maith ar na hinstitiúidí nach bhfuil ag déanamh an méid don Ghaeilge a bhí roinnt acu ag déanamh roimhe seo, agus nach bhfuil aon fhís acu. Tá 60 bunchéim i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus measaim go bhfuil trí cinn le haon bhaint acu leis an nGaeilge. Tá 174 cúrsa in Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus trí cinn le haon bhaint acu leis an nGaeilge, agus sin coláiste nua atá tarraingthe le chéile le blianta beaga anuas.
Bhí an Teachta Moynihan ag labhairt faoi Ghaeilge fheidhmeach. Tá sí feidhmeach má tá sí i lár an aonaigh nuair atá mic léinn ag déanamh staidéar ar innealtóireacht nó a leithéid. Cad gur féidir linn a dhéanamh anois? Cad is chóir dúinn impí ar an Aire, an Teachta McEntee, atá ag ísliú an méid Gaeilge atá á múineadh sna bunscoileanna? Cad is féidir linn a dhéanamh le cinntiú amach anseo go mbeidh an dualgas agus an cur chuige ceart ag na hinstitiúidí tríú leibhéal níos mó Gaeilge a chur ar fáil, ionas gur féidir leis an Stát an t-íosmhéid atá leagtha síos maidir le hearcaithe sa Státseirbhís nó sa chóras poiblí i dtaobh inniúlacht sa Ghaeilge a bhaint amach faoi 2030? Níl ach ceithre bliain fágtha chun é sin a dhéanamh. Cad a shíleann na finnéithe gur féidir a dhéanamh go gasta chun cuidiú leis an Stát cloí leis an dlí a ritheadh anseo?
No comments