Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 13 April 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ceathrar comhaltaí i láthair, Teachtaí Dála agus Seanadóirí san áireamh, agus cuirfimid tús leis an gcruinniú dá réir. Leanfaidh an cruinniú seo ar aghaidh go dtí 4.30 p.m. más gá. Tá leithscéal faighte againn ó na Teachtaí Connolly agus Ó Cuív agus ón Seanadóir Kyne. Tá moill ar an Seanadóir Ó Donnghaile. Tá sé i Stáisiún Uí Chonghaile agus ar an mbealach; bhí moill ar an traein. Seachas sin, feicim go bhfuil na Teachtaí O'Dowd agus Aindrias Moynihan ag teacht isteach go fíorúil óna seomraí i phurláin Thithe an Oireachtais.

Cuirim fíor-fáilte roimh chomhaltaí an chomhchoiste agus roimh aon chomhalta eile a bheas ag freastal ar an gcruinniú nach baill den chomhchoiste iad. Cuirim fáilte freisin roimh na finnéithe a bheidh ag labhairt os ár gcomhair inniu agus roimh ár lucht féachana chomh maith. Ba mhaith liom fáilte a leathadh roimh an Athair Frainc Mac Brádaigh, stiúrthóir Timire an Chroí Ró-naofa; agus roimh Fionnuala Mac Aodha, eagarthóir Timire an Chroí Ró-naofa. Cuirim fáilte roimh Cathal Goan, cathaoirleach bord Comhar; agus roimh Elly Shaw, feidhmeannach gnó agus riarachán Comhar. Cuirim fáilte roimh Caitríona Ní Chonaill, príomheagarthóir Breac; roimh Antóin Ó Trinlúin, ball de mheitheal eagarthóireachta Breac; agus roimh Seán Ó hUallacháin, ceann de na scríbhneoirí do Bhreac. Cuirim fáilte roimh an Ollamh Alan Titley, scríbhneoir, aistritheoir, drámadóir agus iriseoir le The Irish Times; agus ina chuideachta tá an scríbhneoir Micheál Ó Conghaile. Ba mhaith liom ár mbuíochas a ghabháil leis na finnéithe as teacht anseo chun cúnamh a thabhairt dúinn déileáil leis an ábhar atá faoi chaibidil againn inniu agus le tamall anuas. Is mian liom a chur ar an taifead go bhfuil na finnéithe ar fad ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 4 laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais.

Tá mé chun an méid a leanas a rá ionas gur féidir liom clip a ullmhú amach anseo agus deirim an méid a leanas mar chuid d’ár n-iarrachtaí foilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge a spreagadh.

Táim ag iarraidh go poiblí ar na nuachtáin agus na hirisí ar fud na tíre, idir nuachtáin agus irisí náisiúnta agus áitiúla araon, cinneadh a dhéanamh agus a chur i gcríoch go réamhghníomhach go mbeidh alt Gaeilge nó ailt Ghaeilge mar chuid dá seirbhís rialta dá gcustaiméirí agus dá léitheoirí.

Chomh maith leis sin, táim ag iarraidh go poiblí ar na siopaí ar fud na tíre spás a sholáthar ar na seilfeanna do na hirisí agus leabhair Ghaeilge atá ar fáil. Go príomha, táim ag iarraidh ar an bpobal agus go mór mór ar phobal na Gaeilge na hirisí, na nuachtáin agus na leabhair a bhfuil ailt Ghaeilge iontu, atá á bhfoilsiú go rialta, a cheannach agus a léamh.

Chomh tábhachtach leis na hiarrachtaí sin, táim ag iarraidh ar gach leabharlann phoiblí i ngach contae den tír a chinntiú go bhfuil cóipeanna de na hirisí Gaeilge ar fáil go hoscailte agus go héasca don phobal i ngach brainse de gach leabharlann phoiblí, taobh leis na nuachtáin agus na hirisí Béarla atá ar fáil sna brainsí sin go rialta.

Rinne mé dearmad beirt a lua. Is iad Fionnuala Mac Aodha, eagarthóir, Timire an Chroí Ró-naofa, agus Caitríona Ní Chonaill, príomheagarthóir, Breac. Má rinne mé dearmad orthu, gabhaim mo leithscéal. Mura ndearna mé dearmad, tá botún déanta agam.

Caithfidh mé an píosa seo a léamh amach toisc gur coiste an Oireachtais é. Ní gá do na finnéithe a bheith buartha faoina bhfuil ann mar ní bheidh raic eadrainn, tá súil agam. Meabhraím do chomhaltaí, fhinnéithe agus bhaill fhoirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar gur féidir leis na gléasanna seo cur as do chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá rogha ag comhaltaí agus finnéithe freastal ar an gcruinniú go fisiciúil i seomra an choiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams. Má tá siad ag freastal go fíorúil ar Microsoft Teams i gcás cruinnithe phoiblí, is gá dóibh déanamh cinnte de go bhfuil na micreafóin múchta nuair nach bhfuil siad ag caint linn.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Molaim d'fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, beidh orthu amhlaidh a dhéanamh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach mbaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuirtear faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus do chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, duine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon ní a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar do na finnéithe éirí as na ráitis sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad leis an ordú sin láithreach má eisítear é.

Ní féidir linn gach uile iriseoir, scríbhneoir nó foilsitheoir a bheith os ár gcomhair sa seisiún. Táimid ag déanamh iarrachta déileáil le ceist mhór ó thaobh scríbhneoireacht, léitheoireacht agus fhoilsitheoireacht na Gaeilge agus féachaint cad is féidir linn mar choiste a mholadh do na hAirí, d'Fhoras na Gaeilge agus do na heagrais eile chun tabhairt faoi roinnt géarchéimeanna atá ann maidir le léitheoireacht, foilsitheoireacht agus a leithéid.

B'fhéidir go bhfuil daoine ann atá ag éisteacht linn nó go bhfuil aithne ag na finnéithe ar dhaoine a bhfuil tuairimí acu ar mhaith leo iad a roinnt linn. Ní féidir linn cuireadh a thabhairt do gach duine a bheith os ár gcomhair. Tá sraith cruinnithe eile fós le teacht ina mbeidh scríbhneoirí agus údair dhifriúla ann. Beidh na leabharlanna agus an Chomhairle Ealaíon os ár gcomhair den tsraith seo. Déanfaimid iarracht a lán de ghnéithe difriúla nó de thréithe difriúla an ghnó seo a tharraingt isteach. Má tá tuairimí ag daoine eile, is féidir leo iad a chur chugainn agus cuirfimid san áireamh iad nuair atáimid ag cur tuarascála le chéile ag an deireadh.

Tá súil againn go mbeidh an obair seo ar fad críochnaithe roimh an samhradh agus go mbeidh tuarascáil againn i mí Mheán Fómhair nó i mí Dheireadh Fómhair. Beidh sé sin curtha faoi bhráid na Dála agus an Aire agus aon dream eile a síleann an coiste ag an stad sin gur chóir dúinn iad a chur faoina bhráid. Tosóimid leo siúd atá chun caint thar ceann Timire an Chroí Ró-naofa.

Fr. Frainc Mac Brádaigh:

Beidh mé gonta. Tá cás le déanamh go háirithe ag Timire an Chroí Ró-naofale maoiniú Stáit a fháil. Baineadh an maoiniú sin dúinn cúpla bliain ó shin. Tá roinnt mhaith á déanamh againn le léitheoireacht na Gaeilge a chur chun cinn. Foilsímid ceithre eagrán in aghaidh na bliana, le 48 leathanach i ngach ceann. Tá 800 síntiús againn agus níos mó ná sin, tá 100 eagrán eile á ndíol, scaipthe idir Ghaeltacht agus iar-Ghaeltacht, is é sin an Ghalltacht. Tá an cás sin láidir.

Tá líon mór léitheoirí againn. Táimid ag cur ábhar léitheoireachta ar fáil. Tá tacaíocht againn ónár léitheoirí agus ó Chumann Íosa a bhfuilimid ag brath uirthi. Tá ábhar leathan léitheoireachta atá soléite á fhoilsiú agus tá plean cuimsitheach cúig bliana á fheidhmiú againn. Tá pleananna againn tuilleadh spreagtha a thabhairt do léitheoireacht na Gaeilge trí chomhoibriú le suíomhanna Idirlín Íosánaigh agus suíomhanna eile, de réir mar is acmhainn dúinn a dhéanamh.

Chomh maith leis sin, tá gá le seiftiúlacht Thithe an Oireachtais agus Theachtaí Dála le teacht ar bhreis mhaoinithe d'fhoilsiú na Gaeilge. Tá gá ag Foras na Gaeilge ach go háirithe le tacaíocht na dTeachtaí Dála agus na gcomhaltaí. Tá baol ann, má dhéanann siad plean nua a fheidhmiú, go mbainfidh siad cuid den mhaoiniú de dhream amháin le tabhairt do dhream eile. Tá gá le Teachtaí cos a chur síos ansin agus cuidiú le breis mhaoinithe a chur i dtreo fhoilsitheoireacht na Gaeilge.

Nílimid ag iarraidh a bheith ag troid le haon dream eile. Má táimid ag iarraidh maoinithe, nílimid ag iarraidh go mbainfear de dhream eile é. Tá gá go ndéanfaidh na Teachtaí Dála breathnú ar an maoiniú atá ar fáil agus seifteanna a chumadh le breis mhaoinithe a thabhairt d'Fhoras na Gaeilge sa chaoi nach mbeidh aon chathú orthu muid a chur in éadan a chéile.

Tá cás ann go n-iarrfadh an comhchoiste go ndéanfaí iniúchadh cuimsitheach gach cúig bliana nó seacht mbliana ar an méid Ghaeilge a fhoilsítear agus a léitear idir ábhar chlóite agus leictreonach.

Tá miotas ann nach léann pobal na Gaeilge agus ní dóigh liomsa go bhfuil sé sin fíor. B’fhéidir go bhfuil mé aineolach anseo ach ní dóigh liom go bhfuil aon bhealach ag aon dream chun tuairisc chuimsitheach a chur ar fáil de gach rud atá á fhoilsiú agus á léamh, idir rudaí clóite, leictreonach agus suíomhanna gréasáin sóisialta. Tá na rudaí sin ag feidhmiú ach níl cur síos ag aon duine ar an méid Gaeilge atá á fhoilsiú gach bliain. B’fhiú go mbeadh tuairisc mar sin ann gach cúig bliana leis an méid Gaeilge atá á léamh a thaispeáint. Chomh maith leis sin, teastaíonn tacaíocht phearsanta ó Theachtaí agus Seanadóirí, agus iad a bheith ag rá lena chéile céard is fiú a léamh i nGaeilge. Má tá suim acu i rud agus má tá taitneamh agus tairbhe bainte as, ba chóir go mbeadh bealach ann é sin a chur in iúl sa chaoi go mbeidh an cheannaireacht sin le feiceáil ó Thithe an Oireachtais ó thaobh léamh na Gaeilge.

Mr. Cathal Goan:

Táimid buíoch de bhaill an chomhchoiste as cuireadh a thabhairt dúinn theacht ina láthair thar ceann Comhar. Is mór againne spéis an chomhchoiste sa téama seo, sé sin, spreagadh foilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge. I mo chuideachta anseo tá Elly Shaw, feidhmeannach gnó agus riaracháin Comhar. Tá súil againn go mbeidh muid in ann ceist ar bith a ritheann leis na baill faoina bhfuil ar siúl ag Comhar a fhreagairt go sásúil.

Is ceart agus is cóir a bheith buíoch den choiste as a ról lárnach i bhforbairt fhorálacha an Achta teanga leasaithe. Níl amhras orainn ach go mbeidh tionchar nach beag ag na forálacha sin ar thacaíocht na bhforas Stáit d’fhoilsitheoireacht na Gaeilge.

Mar atá a fhios ag an gcoiste faoin am seo - nó tá súil agam go bhfuil a fhios - beidh Comhar ag ceiliúradh 80 bliain bunaithe an mhí seo chugainn. Ó mhí na Bealtaine 1942 i leith, tá Comhar tar éis a bheith chun tosaigh maidir le foilsiú scoth na scríbhneoireachta, idir scríbhneoireacht chruthaitheach, iriseoireachta agus critice. Is ar éigean go bhfuil scríbhneoir fiúntach ar bith le 80 bliain anois nach bhfuil saothar leo foilsithe ar leathanaigh Comhar.

San aighneacht a chuir muid isteach ag an gcomhchoiste, leag muid amach struchtúr na cuideachta agus rinne muid cur síos ar ghníomhaíochtaí na cuideachta, idir an míosachán den teideal céanna, LeabhairCOMHAR, COMHARTaighde, “Portráidí Scríbhneoirí na Gaeilge”, an t-imphrionta acadúil nua CLÓ agus an togra píolóta “Léitheoirí na Gaeilge”. Is léiriú an méid sin ar an tiomantas a bhaineann le Comhar i dtaca le cothú agus cothabháil cultúr na léitheoireachta i measc lucht na Gaeilge sa bhaile agus i gcéin. Braitheann forbairt an chultúir sin ar chruthaitheacht, ar shamhlaíocht agus ar mhisneach scríobhneoirí Gaeilge, idir óg agus aosta. Creidimid go gcuireann Comhar tacaíocht agus misneach ar fáil do scríbhneoirí agus léitheoirí araon agus tá súil againn go bhfuil léargas éigin ar an méid sin le feiceáil sna staitisticí a cuireadh ar fáil don choiste.

Ní gan dua a fheidhmíonn muid mar sin féin agus is trí obair dheonach an bhoird stiúrtha agus cúntóirí eile gur beart leis an bhfoireann lánaimseartha de bheirt na gníomhaíochtaí seo uilig a choinneáil sa siúl. Aontaíonn Comhar leis an méid a dúirt Tuairisc, Nósagus Feasta leis an gcoiste i bhFeabhra, agus an méid atá ráite ag an Athair Frainc Mac Brádaigh anois thar ceannTimire an Chroí Ró-naofa. Ní leor an maoiniú a chuireann Foras na Gaeilge ar fáil, sé sin, €500,000 in aghaidh na bliana, chun críche na bhfoilseachán seo a thabhairt slán. Ba mhór againn tacaíocht ar bith a léireodh an coiste seo chun tabhairt ar Fhoras na Gaeilge a theacht ar mhalairt cur chuige.

Ms Caitríona Ní Chonaill:

Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an deis chun labhairt leis mar gheall ar an iris Breacagus iriseoireacht do lucht an tríú leibhéil araon. Is mise príomheagarthóir na hirise agus in éineacht liom inniu tá Antóin Ó Trinliún, ball den mheitheal eagarthóireachta le Breac, agus Seán Ó hUallacháin, scríbhneoir leis an iris chéanna. Ba mhaith liom an taithí atá agam i dtaobh cúrsaí iriseoireachta trí mheán na Gaolainne i gcoláiste tríú leibhéal a roinnt leis an gcoiste inniu.

Tosaíodh an iris anuraidh mar chomhoibriú idir chumann Gaelach Coláiste na hOllscoile Corcaigh, An Chuallacht, agus iris eile de chuid na hollscoile, Motley. De bharr srianta Covid agus an chuid ba mhó de na mic léinn a bheith ag cianfhoghlaim, cuireadh an chéad eagrán den iris amach ar líne amháin. An príomh-dhifríocht idir iris na bliana seo caite agus an t-eagrán i mbliana ná go raibh an iris curtha i gcló don chéad uair i mbliana. Ceann de na cúiseanna is mó go raibh rath ar an iris ná an dearadh fíor-mhealltach atá uirthi. Tá gach alt difriúil ó chéile agus tá an iris ildaite agus snasta, rud a tharraingíonn aird uirthi. Táimid an-bhuíoch dár ndearthóir Max Callanan, atá sa dara bliain i gColáiste na hOllscoile Corcaigh, as cabhrú linn chomh mór sin.

Bua eile atá againn ná réimse ár n-ábhar scríbhneoireachta. Tá a lán Gaeilgeoirí gníomhacha i measc lucht na Cuallachta agus mar sin bhí sé éasca go leor scríbhneoirí a fháil don iris. Chabhraigh ár bhfógraí ar na meáin shóisialta linn chomh maith, go háirithe ar Instagram, aip lena mbíonn an-chuid mic léinn tógtha. Chuireamar ceist ar roinnt daoine píosaí a scríobh, rud a chabhraigh go mór chun suim a mhúscailt i measc na mic léinn i gCorcaigh. Rud iontach faoin iris seo ná gur bhailigh sé mic léinn éagsúla le chéile, dream nach mbeadh nasc ar bith eatarthu murach an iris. Tá ailt scríofa ag mic léinn atá ag déanamh staidéir ar an dlí, gnó, bainistíocht agus sláinte, mar shampla. Is léir go bhfuil na hailt sin scríofa ag ógánaigh le haghaidh lucht léitheoireachta ar chomhaois leo féin. Tá an Ghaolainn á úsáid mar mhodh cumarsáide san iris agus ní díreach mar ábhar díospóireachta, rud atá go hiontach le feiscint agus todhchaí na Gaolainne go mór i mbéal an phobail na laethanta seo. Seo an chéad uair do roinnt de scríbhneoirí Breacpeann a chur le pár. Ábhar mórtais do chách is ea a leithéid, mar aon lena gcuid saothar a bheith i gcló, rud a chabhraíonn go mór le meanma scríbhneoirí nua. Beidh Antóin Ó Trinliún agus Seán Ó hUallacháin ag caint níos mó faoi seo i gceann tamaill.

Tar éis dúinn go leor cóipeanna a scaipeadh timpeall an champais, bhíodar go léir imithe tar éis cúpla lá agus bhí orainn níos mó a scaipeadh ansin. Léiríonn a leithéid an tsuim mhór atá ag mórán mic léinn sa Ghaolainn i gCorcaigh, agus an tábhacht a bhaineann le glóir na mic léinn céanna a bheith i mbéal an phobail i gColáiste na hOllscoile Corcaigh. Chomh maith leis sin, dhein an fhoireann cinnte de go raibh an iris scaipthe ar fud gach campas sa choláiste. Fágadh cóipeanna den iris i ngach fhoirgneamh, gach bialann agus gach caifé san ollscoil chun an méid is mó mic léinn a shroicheadh, seachas díreach í a chur ag roinn na nua-Ghaeilge sa choláiste. Chuireamar roinnt cóipeanna chuig siopaí lasmuigh den choláiste chomh maith.

Spreagann foilseacháin mar seo daoine óga a bheith ag scríobh leo trí mheán na Gaolainne agus meallann siad Gaeilgeoirí le suim i réimse leathan ábhair chun peann a chur le pár. Tá roinnt smaointe agam féin i dtaobh cúrsaí iriseoireachta trí mheán na Gaolainne a fheabhsú sna coláistí amach anseo, go háirithe lucht na n-irisí Béarla atá sna coláistí cheana féin agus lucht na Gaolainne a thabhairt le chéile. Is léir ón iris seo go bhfuil beocht agus spéis ag lucht an tríú leibhéal dul i mbun pinn trí mheán na Gaolainne. Maidir le todhchaí na hiriseoireachta trí mheán na Gaolainne sna coláistí, caithfear ardán a thabhairt do dhaoine chun a gcuid scríbhneoireachta a fhoilsiú i gcomhpháirt lena gcomhghleacaithe, i bhfoilseacháin mealltach agus snasta.

Gabhaim buíochas leis na baill go léir as ucht éisteacht liom.

Mr. Antóin Ó Trinlúin:

Is mór an onóir é domsa a bheith in ann labhairt leis an gcoiste inniu mar gheall ar an ábhar tábhachtach seo. Is as Baile Féitheáin i gcathair Chorcaí dom agus táim ag tabhairt faoi mháistreacht sa pholaitíocht i gColáiste na hOllscoile Corcaigh faoi láthair. Táim tar éis dhá bhliain a chaitheamh ar choiste na Cuallachta Gaelaí san ollscoil, bhíos páirteach sa mheitheal eagarthóireachta don iris Breaci mbliana, agus bhí mé i mo scríbhneoir don chéad eagrán den iris anuraidh chomh maith. Táim anseo inniu le labhairt leis an gcoiste faoin iris úd, agus faoin nasc idir í agus saol na Gaeilge ar an ollscoil. I mo ráiteas iomlán i gcomhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, pléitear ilghnéitheacht na hirise agus an réimse leathan píosaí a fhoilsítear inti, an tslí go gcuidíonn an iris le pobal na Gaeilge a thabhairt le chéile san ollscoil, spéis na mac léinn sa chumann Gaelach agus sa Ghaeilge, na constaicí is mó a bhíonn dár gcrá, agus na moltaí atá agam i dtaobh na rudaí go bhféadfadh na hollscoileanna a dhéanamh don iriseoireacht Ghaeilge trí chéile. Má tá aon cheisteanna ag na comhaltaí, dar ndóigh, bheinn breá sásta iad a fhreagairt.

Mr. Seán Ó hUallacháin:

Gabhaim míle maith ag an gCathaoirleach agus ag ár gcairde anseo. Is mac léinn as Corcaigh mé agus táim ag déanamh cúrsa MA sa Nua Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile Corcaigh. Bhí mé páirteach sa mheitheal scríbhneoireachta i mBreacna bliana seo agus an bhliain seo caite. I mo ráiteas iomlán i gcomhair an chomhchoiste, pléitear na rudaí seo a leanas: an tslí ar iarradh orm a bheith páirteach san iris, an t-eispéireas scríbhneoireachta féin, na deiseanna a bhaineann le bheith páirteach in aon iris Ghaeilge, agus freagairt na hirise laistigh agus lasmuigh den ollscoil. Bheinn fíor-shásta labhairt faoi aon cheann de na nithe seo le linn an tseisiúin féin agus tá fáilte is fiche roimh cheisteanna faoin méid a bpléitear sa ráiteas. Mo bhuíochas leis an gcomhchoiste as cuireadh a thabhairt dúinn a bheith páirteach sa phlé seo.

Professor Alan Titley:

Ba cheart dom a rá, sula ndéanfaidh mé rud ar bith eile, go dtuigim anois go bhfuilim anseo thar ceann The Irish Timesagus nár thuig mé é sin in aon chor, mar cheap mé go mb’fhéidir go bhfuair mé cuireadh toisc gur scríbhneoir agus léitheoir me agus go bhfuilim sáite i gcúrsaí.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

All of the above.

Professor Alan Titley:

All of the above. Tá sé sin ceart go leor ach níor thuig mé é sin dá bhrí sin. Níl mé ag caint thar ceann The Irish Timesagus is as m'aire féin, mar a déarfá, a labhraím anois.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an t-ollamh anseo as a stuaim féin -----

Professor Alan Titley:

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

-----agus ní ar mhaithe le daoine eile.

Professor Alan Titley:

Deirtear linn nach bhfuil cead againn focal a athrú sa mhéid atá scríofa againn. Mar sin, léifidh mé amach é agus beidh caoi ag an gcoiste ceisteanna deacra, diana a chur orm ar ball, tá súil agam.

Tá mo ráiteas scríofa i dtaobh chothú léitheoireachta na Gaeilge. Cuid bhunúsach d’aon tacaíocht don Ghaeilge is ea polasaí láidir, soiléir, neamhleithscéalach foilsitheoireachta agus léitheoireachta. Fág gurb í labhairt na teanga is tábhachtaí ar fad, ní mhaireann agus ní neartaíonn aon teanga gan litríocht agus gan léitheoireacht a bheith á tacú. Go deimhin, is ar éigean go mbeadh aon teanga bheo ar fiú meas ar bith a bheith uirthi de cheal litríocht láidir agus pobal a thuigfeadh í. Is beag rud ar féidir linn tosaíocht i measc thíortha na hEorpa ina thaobh a mhaíomh, seachas go bhfuil traidisiún leanúnach neamhbhriste litríochta níos faide agus níos sine ná aon teanga eile againn sa taobh seo den domhan go léir. Ní beag, agus is mór, an méid sin féin. Bheifí ag súil go ndéanfadh an Stát Éireannach a sheacht ndícheall é sin a neartú, a chothú is a chraobhú.

Tá toisí éagsúla leis seo. Sonraím ceithre cinn díobh a leanas mar chnámharlach d’aon phlé ciallmhar.

Is é an chéad cheann ná tacaíocht leanúnach neamhghuagach a thabhairt do na foilsitheoirí. Tá feabhas ollmhór tagtha ar fhoilsiú leabhar Gaeilge le suim de bhlianta anuas. Is geall le míorúilt a bhfuil bainte amach acu i lár na bailbhe. Is cúis iontais go minic an t-ardchaighdeán deartha, clóite, páipéir, leagan amach agus eagarthóireachta a léiríonn siad ar bheagán acmhainní. Ábhar mór mórtais agus gairdis is ea é seo. Ina choinne sin, is dúshlán gan chríoch é an t-ardchaighdeán seo a choimeád de shíor in éagmais aon phlean faoi leith a thabharfadh caoi phleanála dóibh go ceann suim réasúnta de bhlianta chun cinn.

Is é an dara ceann ná scéimeanna oiliúna éagsúla do scríbhneoirí. Is geall le timpiste ghlantseansúil é go dtagann scríbhneoirí ar an bhfód gan chuireadh gan iarraidh. Tá sé seo go breá, fad is a ritheann sé. Toisc cineálacha éagsúla litríochta agus cineálacha difriúla léitheoirí a bheith ann, áfach, is mór an baol go mbeadh soláthar léitheoireachta ar fiarsceabha. Is é sin, roghnófaí go dtiocfadh scata úrscéalta de chuid seánra amháin chun tosaigh le barr seans agus go bhfágfaí seánraí eile i leataoibh na slí. Cé go bhfuil ceardlanna maithe ann cheana féin, is mó atá siad dírithe ar fhoghlaimeoirí ná ar aon dream eile. Tá gá le hoiliúint a chur ar scríbhneoirí bunaithe chomh maith le bearta éagsúla tacaíochta eile.

Is é an tríú ceann ná oideachas agus cúlú na léitheoireachta. Is geall le híoróin anois é nuair atá foilsiú na Gaeilge sláintiúil go maith, seachas mar a bhíodh, gur léir go bhfuil an bhéim a chuirtear ar léitheoireacht leabhar ag lagú sa chóras oideachais ar gach leibhéal. Níl aon ghá le taighde ollmhór a dhéanamh air seo. Is leor fianaise aon mhúinteora a chaith suim de bhlianta sa seomra ranga nó sa léachtlann. Is mó sin mac léinn a shroicheann an ollscoil gan oiread is leabhar Gaeilge amháin a léamh i gceart, ach is léir nach mbaineann é seo leis an dream uasal seo atá i láthair anseo linn. Is fíor nach fadhb í seo a bhaineann leis an nGaeilge amháin, ach má uiscítear an ceangal atá ag léamh leabhar leis an oideachas, is gach duine a bheidh thíos leis.

Is é an ceathrú ceann ná poiblíocht, poiblíocht arís agus poiblíocht arís eile fós. Ceannaítear, díoltar agus léitear leabhair toisc go bhfuil a fhios ag daoine gurb ann dóibh. Is ea, ní foláir dóibh a bheith go maith d’fhonn is go leanfaí á léamh, ach is í an phoiblíocht, an phoiblíocht, agus an phoiblíocht ó chluas go cluas agus ó aerthonn go haerthonn a thugann an chéad speach agus an chéad mhúscailt. Arís eile ar ais, déanann na foilsitheoirí a ngnó chomh héifeachtach agus a ligeann a n-acmhainn dóibh go minic, agus cé go bhfuil gá mór le breis eolais a scaipeadh ar na meáin Ghaeilge féin, is í an bhearna mhór ná an ciúnas iomlán, an neamhaird chuimsitheach agus an fhaillí gan náire a dhéanann na mórmheáin eile in aon leabhar Gaeilge, go fiú dá mbainfeadh sé an cloigeann den chine daonna féin le teann gaoise nó aoibhnis. Is mó sin duine, na céadta de mhílte díobh a bhfuil Gaeilge mhaith léite acu, ach nach gcuimhneodh ar aon cheann de na meáin Ghaeilge a chleachtadh. Díth eolais agus cainte agus plé i bhfairsinge shaol na tíre an poll mór atá le líonadh. Is é sin a bhfuil uaim go dtí seo.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas lenár n-aíonna as an líon cur i láthair atá déanta acu. Tá an-chuid ann ar an gcéad dul síos. Bhí roinnt mhaith den phlé a bhí againn go dtí seo dírithe ar an éileamh agus ar cé a bhí ar fáil chun scríobh sna seánraí éagsúla agus ar na hardáin éagsúla a bhí á n-úsáid, cé acu an raibh na hirisí ar líne nó go rabhadar i bpáipéar.

Rud amháin ar mhaith liom a dhíriú isteach air ná gur chosúil go bhfuil ár n-aíonna go léir ábalta scríbhneoirí a fháil agus go bhfuil daoine sásta ina leith sin agus go bhfuil an soláthar ann. Is é sin ceann de na deacrachtaí a tháinig chun cinn ag na cruinnithe eile. Táim ag éisteacht leis an dream ó Chorcaigh faoin méid suime atá ag daoine sa scríobh agus go bhfuil slua maith ann. Tuigim nach daoine atá ag déanamh staidéar san iriseoireacht amháin atá i gceist, ach tá an-suim agam i dtaobh an chaoi ar thugadar na scríbhneoirí seo chun cinn. An mbeidh na daoine seo in ann fanacht leis an scríbhneoireacht, nó an mbeidh soláthar nua do scríbhneoirí ar fáil amach anseo? Ba mhaith liom tuairimí na bhfinnéithe a fháil faoi sin.

Luaigh an tAthair Frainc Mac Brádaigh maidir le Timire an Chroí Ró-naofago raibh maoiniú Stáit ann roimhe seo agus nach bhfuil sé sin ar fáil acu faoi láthair. Cad a tharla ansin agus an bhféadfadh an finné soiléiriú a thabhairt don chomhchoiste air sin?

Conas a thagann an dá iris ar scríbhneoirí? An bhfuil dúshlán ansin? Aontaím mar gheall ar phoiblíocht agus go gceannaíonn daoine leabhair nuair atá a fhios acu go bhfuil siad ann. Mura bhfuil na leabhair os comhair daoine ní bheidh an t-eolas ann agus sleamhnóidh siad síos an radar. An bhfuil slite éagsúla ann gur féidir tacaíocht a thabhairt leis sin?

Fr. Frainc Mac Brádaigh:

Bhí maoiniú againne suas go dtí tuairim is cúig bliana ó shin. Nuair a tháinig mise isteach deich mbliana ó shin bhí muid ag fáil €3,000 nó beagáinín os a chionn agus d'ardaigh sé sin go dtí €5,000 agus ansin go dtí €8,000. An rud a tharla ná go ndearnadh cinneadh i bhForas na Gaeilge díriú ar chúpla thogra móra. Tréaslaím le Comhargo raibh sé ar cheann de na tograí móra, mar a raibh tuairisc.ieagus Nós. Chaill Timire an Chroí Ró-naofa, Feastaagus An tUltachgach maoiniú ag an am sin. Rinneadh an cinneadh sin mar gheall ar easpa acmhainne. Ní raibh aon bhrí eile leis. Bhí acmhainní ag Foras na Gaeilge le haghaidh páipéar ar líne, tuairisc.ie; le haghaidh iris liteartha, Comhar; agus le haghaidh iris do dhaoine óga, Nós, a cuireadh ar fáil i bhfoirm leictreonach. Díríodh ar na hirisí sin agus cuireann siad sin ábhar scríbhneoireachta ar fáil. An pointe a bhí mise ag déanamh ná gan airgead a bhaint uathu le tuilleadh a thabhairt dúinne, cé go bhfuil gá againn leis agus cé go bhfuil cás le déanamh againn. Is gá do Theachtaí Dála agus do Sheanadóirí breathnú ar cén chaoi breis acmhainní a chur ar fáil d'Fhoras na Gaeilge má tá sé le maoiniú a chur ar fáil dár leithéid agus do leithéidí Feasta, a chaill gach rud agus atá fós ag foilsiú le cuidiú ó Chonradh na Gaeilge. Tá An tUltachimithe ach amháin ar líne agus tá muidne ag feidhmiú i gcónaí. Mar a deirim, táimid 111 bliain slán agus tá idir 800 agus 1,000 léitheoir againn scaipthe ar fud na tíre. Táimid ag saothrú mar gheall go bhfuil na hÍosánaigh agus ár léitheoirí taobh thiar dúinn.

Mr. Cathal Goan:

Tacaím leis an bpointe sin faoi gan dream amháin a bheith ag iarraidh sciar den chiste a ghoideadh ó dhaoine eile. Mar a dúirt an tAthair Mac Brádaigh, bhí Foras na Gaeilge ag soláthar €800,000 sa bhliain do na meáin scríofa suas go dtí cúig bliana ó shin agus gearradh sin anuas go dtí €500,000. Taobh istigh den €500,000 bhí Comharag fáil €120,000 ach ó a bhí anuraidh ann tá sin gearrtha anuas go dtí €80,000 mar go bhfuil cuid bhreise den airgead sin á thabhairt do tuairisc.ieagus do Nós. Ní ag iarraidh gearán a dhéanamh faoi na dreamanna sin atáimid. Táimid ag déanamh a mhalairt. Is é an dearcadh atá againne, mar a dúirt an tAthair Mac Brádaigh, ná gur chóir go mbeadh an ciste sin méadaithe in áit a bheith ag cur grúpaí in aghaidh a chéile. Sin an rud atá ag tarlú anseo. Mar atá ráite againn san aighneacht a chuireamar chuig an choiste, táimid ag iarraidh gríosú a thabhairt d'Fhoras na Gaeilge tuilleadh airgid a chur ar fáil. Ba chóir don chomhchoiste seo a mhachnamh a dhéanamh faoi sin.

Bhí ceist eile ag an Teachta faoi conas a thagaimid ar scríbhneoirí. Is iriseoirí seanbhunaithe agus daoine aitheanta iad cuid mhaith de na daoine a bhíonn ag scríobh le haghaidh Comhar. Tá sé níos fusa teacht ar lucht chritice ná ar daoine atá sásta tabhairt faoi chúrsaí reatha. Ní thuigim cén fáth gur amhlaidh an scéal ach déarfainn go mbeadh Seán Tadhg Ó Gairbhí agus daoine eile a bhíonn ag plé leis na meáin scríofa ag tacú leis an phointe seo. Níl an oiread sin daoine atá ag dul go gairmiúil don iriseoireacht Gaeilge a bhíonn ar fáil le bheith ag scríobh dúinne ó thaobh cúrsaí reatha de. Mar a deirim, tá an lucht léinn fíorshásta a bheith ag scríobh faoinár chritice, léirmheastóireachta agus ábhair cruthaitheacha ach nuair is anailís nuachta agus cúrsaí reatha atá i gceist, níl an oiread sin daoine thart. Táimid an-bhuíoch díbh sin a bhíonn ag cur ábhair ar fáil agus is maith liom a shamhlú gur ábhair ar ardchaighdeán a bhíonn i gceist leis sin, ach ní dream ró-líonmhar iad na daoine atá sásta na hoibre sin a dhéanamh.

Professor Alan Titley:

Dírím ar an gceist a chuir an Teachta Aindrias Moynihan mar gheall ar leathnú nó poiblíocht agus is scéal mór fairsing é seo ar fad. Bhíomar ag caint ar phobal na Gaeilge ach tá níos mó ná pobal na Gaeilge amháin ann; tá scata de phobail Gaeilge ann. Tá daoine go bhfuil Gaeilge den scoth acu; lucht Gaeltachta; agus daoine a chaitheann cuid mhaith dá saol trí Ghaeilge. Ach tá daoine eile amuigh agus níl siad mórán ar an imeall, mar shampla siúd a d'fhoghlaim Gaeilge go maith ar scoil nó ar an ollscoil. Cé mhéad duine a dhéanann na hardteistiméireachta gach bliain agus a fhaigheann ard-onóracha? Tá na céadta ann, mura bhfuil na mílte ann. Tá daoine ann a dhéanann an Ghaeilge sna hollscoileanna go dtí an leibhéal is airde. Cé mhéad díbh sin a leanann orthu ag léamh leabhair Gaeilge nó a fhanann sáite in aon rud a bhaineann le Gaeilge? Baineann an rud céanna le Béarla. Ní hé gach duine a dhéanann céim sa Bhéarla a léann leabhair i mBéarla ach an oiread. Is féidir sin a phlé ar leibhéal eile ar fad ach tá an pobal sin ann dá mbeadh a fhios acu go bhfuil leabhair Gaeilge ar fáil.

Ní ag caint thar cheann The Irish Timesatá mé ach lochtóinn The Irish Timesgo mór nach ndéantar aon léirmheas ar leabhair Ghaeilge. Táim deimhneach nach dtarlaíonn sé san Irish Examinernó san Irish Independent. Seo sciar mór de shaol na hÉireann atá ligthe ar leataobh. B'fhéidir nach d'aon ghnó é, cé gur d'aon ghnó é ar shlí eile, ach tá ceann aineolais i gceist. Má tá aineolas orthu beidh aineolas ar na léitheoirí chomh maith. Níl sé soiléir domsa cén réiteach atá air seachas go n-iarrfaí go neamhbhalbh agus go hoscailte orthu, agus b'fhéidir go bhféadfadh Teachtaí Dála agus Seanadóirí é sin a dhéanamh má tá siad ag caint le heagarthóirí, cén fáth nach ndéanann siad léirmheasanna ar leabhair Ghaeilge. Leabhair den scoth a bhíonn i gceist le cuid acu. Déarfainnse le tonn ghrinn nuair a bhíodh agallamh ar dhaoine mar gheall ar tríú rún Fatima, dá nochtfaí an tríú rún Fatima i nGaeilge ní bheadh aon trácht uirthi beag ná mór.

Tá rudaí praiticiúla a bhaineann le poiblíocht chomh maith. Tá saol na hÉireann lán d'fhéilte litríochta difriúla agus bíonn siad ar siúl sa samhradh go háirithe. Arís ní dóigh liom gur d'aon ghnó é ach is annamh go mbíonn aon chaint ar an nGaeilge sna féilte litríochta sin, fiú amháin go dhátheangach. Ba bhreá liom dá mbeadh ceangal éigin ar dhaoine -agus ní maith liom an focal "deontas" a úsáid - ach go mbeadh ceangal éigin orthu sara bhfaighidís aon bhreis airgid nó tacaíochta ó chomhlacht Stáit nó ó chomhairle contae ar bith go gcaithfeadh siad míreanna Gaeilge a bheith acu sna féilte litríochta seo. Cé mhéad uair gur chuala éinne le 50 bliain anuas gur cuireadh agallamh ar scríbhneoir nó ar foilsitheoir Gaeilge ar "The Late Late Show", ar "Claire Byrne Live" nó ar aon cheann de na cláir sin go n-éistíonn na céadta mílte leo? Bheadh washed-up film star Meiriceánach le leabhar éigin á reic aige agus bheadh sin ar siúl ar "The Late Late Show", ba chuma cad é. Tá poll mór ansin le líonadh. Is é pobal na Gaeilge an dlúthphobal, agus nílim ag rá gur féidir leo aire a thabhairt dóibh féin, ach tá siad níos fearr as ná mar a bhíodh le fada an lá go bhfios domsa. Tá ábhair ann agus ba cheart go dtabharfaí an tacaíocht bhreise seo dóibh. Níor cheart go mbeadh leithscéal ann agus go mbeadh siad ag dul ar an dá ghlúin ag lorg airgid an t-am ar fad.

Ba cheart go mbeadh sé sin ann ipso facto. Is iad na daoine eile seo na daoine gur féidir iad a tharraingt isteach. Tharla sé anois is arís nuair a tugadh ard-phoiblíocht do leabhar. Ní gá dul siar go dtí Breandán Ó hEithir tamall maith de bhlianta ó shin ann toisc go raibh aithne air mar fhear teilifíse agus mar iriseoir. Bhí an leabhar s'aige ar an leabhar ba mhó éilimh ar feadh seachtaine nó coicíse in Éirinn agus leabhar Gaeilge a raibh ann. Nílim ag rá go bhféadfadh sin tarlú go ró-mhinic ach d'fhéadfadh sé tarlú ach a fhios a bheith ag daoine go bhfuil a leithéid ann.

Aon uair go mbíonn craobh na hÉireann ar siúl nó go mbíonn caint ar an gCumann Lúthchleas Gael - agus bíonn caint air thar aon eagraíocht eile sa tír - má tá iriseoir ag scríobh mar gheall ar stair na hiomána féacaimse i gcónaí an bhfuil aon lua aige ar leabhar mór Liam P. Ó Caithnia, Scéal na hIomána, leabhar míle leathanach mar gheall ar chúrsaí iomána, an leabhar is sainiúla ar spórt in Éirinn dár scríobhadh riamh. Ní bhíonn aon chaint faoi. Dá bhrí sin, an poll is mó atá le líonadh ná an cailleadh atá le ris nó le briseadh ná bearna mhór an chiúnais maidir le litríocht na Gaeilge do dhaoine go bhfuil Gaeilge acu ach nach eol dóibh go bhfuil.

Ms Fionnuala Mac Aodha:

Níl aon cláir faoi leabhair ar na meáin cumarsáide a thuilleadh in aon áit. Bheadh sé go maith dá bhféadfaí roinnt mhaoinithe a chur sa treo sin don teilifís agus don raidió chomh maith. Tagaim ar ais chuig an bpointe mar gheall ar acmhainní. Ba chóir níos mó airgid a chur i dtreo scéim mheantóireachta chun a thuilleadh scríbhneoirí atá sna coláistí agus ar fud Éireann a thabhairt ar aghaidh. Ba cheart i bhfad níos mó maoiniú a chur isteach sa taobh sin den earnáil.

Mr. Micheál Ó Conghaile:

Tá cúpla pointe ghinearálta agam. Is ag plé le foilsitheoireacht leabhair a bhíonn mise agus déanaim amach go bhfuil 2,500 nó 3,000 leabhair Ghaeilge nó dhátheangach i gcló ag aon am amháin. Sin leabhair do gach aoisghrúpa agus is mór an méid é sin. Tagann 130 nó 150 leabhair amach chuile bhliain agus iad ar chaighdeán an-ard don chuid is mó. An laige is mó atá ann áfach ná cúrsaí dáileacháin. Mar shampla, shiúl mise isteach i siopa Eason, príomhshiopa leabhair ar phríomhshráid phríomhchathair na tíre agus níl aon rannóg ann do leabhair Ghaeilge do dhaoine fásta ar chor ar bith. Dúirt an bhean ann liom go bhfuil leabhair thíos staighre d'fhoghlaimeoirí agus don scoil. Ní shin a bhí uaim, áfach; bhí leabhair do dhaoine fásta uaim agus sin an fhadhb.

Is é Áis a dhéanann dáileacháin ar na leabhair Ghaeilge agus teastaíonn tacaíocht uaidh. Tá tuairim ann nach bhfuil ach b'fhéidir duine amháin ar an mbóthar aige ag dul thart na siopaí. An gníomh is mó a fheiceann sé a d'fhéadfadh tarlú a dhéanfadh leas do chuile dhuine ná beirt nó triúr eile a bheith fostaithe ag Áis chun dul ar an mbóthar thart ar na siopaí. Chuideodh sin go mór leis an bhfeiceálacht a theastaíonn ó na leabhair, mar a dúirt an tOllamh Titley. Chuideodh sé leis na foilsitheoirí atá ag foilsiú na leabhair, chuideodh sé leis na scríbhneoirí atá ag scríobh i nGaeilge, chuideodh sé leis na hirisí nach bhfaigheann spás sna siopaí leabhair agus ar ndóigh chuideodh sé leis na léitheoirí agus iad ag cuardach leabhair Ghaeilge. Tá géarghá le gníomh mór éicint a dhéanamh a chuideodh leis na leabhair a chur isteach sna siopaí. Tá sé mall; caithfear aithne a chur ar na siopadóirí agus ar cé atá ag ceannach na leabhair. Le blianta beaga anuas, ceann de na fadhbanna i gcás soláthraithe mar shampla nó go mb'fhéidir gur duine éicint Sasanach nó duine éicint eile a bheadh ag cur isteach na n-orduithe. B'fhéidir nach duine áitiúil a chuireann na horduithe isteach agus déanann sé sin níos casta é. Chuala mé na foilsitheoirí Béarla ag gearán faoi sin. Sin an rud is mó a d'aithin mé a chuideodh dá bhféadfaí é a leigheas. Thógfadh sé sin am agus caithfear aithne a chur ar na daoine atá ag obair sna siopaí. Caithfear dul ar ais acu go rialta, gach mí nó gach sé seachtaine. Ag an am céanna, theastódh fógraíocht a dhéanamh ar na siopaí atá sásta leabhair Ghaeilge a chur ar fáil. Ba cheart go n-insítear do na léitheoirí dul go dtí an siopa seo nó an siopa sin i gContae na Gaillimhe, i gContae Chiarraí nó i cibé contae. Mheallfadh sé sin isteach daoine.

Luaim rud eile a bhíodh ag tarlú - nílim cinnte an sa bhFionlainn nó sa Danmhairg a bhíodh sé - ach bhí córas ann nuair a thiocfadh leabhar nua amach go gceannódh an Stát 500 cóip de gach ceann acu agus thabharfaí do na leabharlainne iad ar fud na tíre lena chinntiú go mbeadh na leabhair sna leabharlainne. Smaoineamh iontach a bheadh ann dá mbeadh rannóg Stát éicint sásta socrú mar sin a dhéanamh. Bheadh sé go maith dá bhféadfadh sé a laghad b'fhéidir 100 leabhar sa bhliain a roghnú agus 500 cóip nó fiú amháin 300 cóip a cheannach agus iad a chur isteach sna leabharlanna. Is mór an difríocht a dhéanfadh sé sin do na foilsitheoirí. Tá géarghá le leithéidi Áis agus díoltóirí a bheith in ann dul isteach ar na leabharlanna agus a thaispeáint dóibh go bhfuil leabhair nua Gaeilge ann agus nach bhfuil siad ar na seilfeanna acu.

Mr. Antóin Ó Trinlúin:

Tagraím do dhaoine a mhealladh le scríobh don iris. Bhí orainn an-chuid fógraíochta a dhéanamh agus bhíomar ar na meáin gach aon lá, Instagram, Twitter agus a leithéid san áireamh, agus d'oibrigh sé sin. Tháinig an-chuid daoine gan iad a lorg agus bhí sin go hiontach. Chuaigh mé go roinn na nua-Ghaeilge san ollscoil. Táimse i m'oifigeach oideachais ar an gcomhlacht; mar sin, tá caidreamh maith agam leis an roinn istigh ann. Chuaigh mé chuig rúnaí na roinne agus bhí sí in ann an scéal a scaipeadh chuig gach aon mac léinn atá ag tabhairt faoin nGaolainn. Bhí sé sin go hiontach agus d'oscail sin an doras do gach aon mac léinn i ngach cúrsa Gaolainne san ollscoil. É sin ráite, ba bhreá liom dá mbeimis in ann é sin a dhéanamh do gach mac agus iníon léinn sa choláiste mar ní raibh fonn orainn díriú isteach ar na mic léinn Gaolainne amháin. Níl an córas in ann é sin a dhéanamh faoi láthair; mar sin, ba bhreá liom é sin a fheiscint. Dá mbeadh córas de shaghas éicint go bhféadfadh foilseacháin agus lucht foilsitheoireachta dul chuig na hollscoileanna agus na rudaí seo a fhógairt ag gach éinne, bheadh sé sin go hiontach. Chomh maith leis sin, chuamar chuig daoine ar leith agus rinneamar sórt coimisiúnú ar roinnt daoine. Uaireanta bhí ábhar ar leith againn. Mar shampla bhí cara liom agus chuaigh mé chuige agus d'iarr mé air rud éicint a scríobh faoin gceol agus phioc sé topaic laistigh den gceol. I roinnt cásanna bíonn sórt teidil againn. Mar shampla, chuamar chuig Darragh le labhairt faoi chás an Aontais Eorpaigh, faoin nGaolainn agus faoi stádas na Gaolainne sa tír seo. D'oibrigh sé sin chomh maith agus chinntigh sé go mbeadh ábhair ar leith san iris agus nach mbeadh gach éinne ag scríobh faoin aon rud amháin.

Bheadh sé go hiontach dá mbeimis in ann daoine ós na meáin a mhealladh isteach go dtí na hollscoile níos minice. I mo ról mar oifigeach oideachais d'eagraigh mé ceardlann fostaíochta agus bíonn sé sin ar siúl gach bliain san ollscoil. Bhí Eoin Ó Catháin, tuairisceoir polaitíochta ar Raidió na Gaeltachta, againn agus bhí duine nó beirt ó TG4 againn chomh maith. Bhí sin go hiontach mar léirigh sé do na mic léinn gur féidir slí bheatha a bhaint amach laistigh de na meáin trí mheán na Gaolainne. Bheadh sé go hiontach dá bhféadfadh muid daoine ó na meáin a mhealladh isteach níos minice agus d'oibreoidh sé sin.

Tagraím don cheist an bhfanfaidh daoine leis an iriseoireacht. Tá súil agam go bhfanfaidh. Ag féachaint siar ar eagrán na bliana seo caite, tá an-chuid daoine a scríobh rud éicint an bhliain seo caite agus scríobh siad rud éicint an bhliain seo chomh maith. Fiú ligeamar do dhaoine a raibh díreach imithe ón gcoláiste a bhí ag tabhairt faoi mháistreacht in ollscoil eile nó i dtír eile rud éigin a scríobh d'eagrán na bliana seo. Bhí sé deas an turas sin a fheiscint ó eagrán na bliana seo caite go dtí eagrán na bliana seo, go háirithe toisc go raibh an t-eagrán seo i gcló. Tá súil agam mar sin go leanfaidh daoine ar aghaidh, ach go háirithe toisc go raibh an seoladh againn ar an gcampas i mbliana. Chonaic gach éinne cé chomh rathúil is a bhí sé agus tá súil agam go meallfaidh sé sin daoine thar n-ais chomh maith.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí ceist amháin eile agam agus dearmadadh é. Baineann sé ach go háirithe le Timire an Chroí Ró-naofaagus le Comhar. Bhíomar ag plé cartlann cheana féin agus tá foinse iontach scríbhneoireachta ann thar na blianta.

Ní fheadar an raibh sé ar fáil in aon chor i gcomhair daoine sna coláistí nó daoine i gcoitinne. An bhfuil cartlann ar fáil do dhaoine de na hirisí éagsúla, nó an bhfuil iarrachtaí ann chun go mbeadh siad ar fáil dóibh siúd go bhfuil suim acu, bíodh go bhfuil siad sna coláistí nó aon áit eile ar fud na cruinne? Tá an-áthas orm cloisteáil go bhfuil daoine tagtha ar ais arís agus ag scríobh breis ailt. Tá súil agam go leanfaidh sé sin ar aghaidh agus go n-éireoidh go geal leis an iris.

Ms Elly Shaw:

Comharar fáil ar JSTOR, ó 1942 ar aghaidh. Tá beagnach gach eagrán ann so tá teacht ag na mic léinn sna hollscoileanna agus gach duine sna leabharlanna poiblí ar beagnach gach eagrán. Tá ceann nó dhó in easnamh. Is áis iontach é sin ionas gur féidir le gach duine an iris a léamh. Táimid bliain taobh thiar anois so tá gach eagrán suas go 2021 ann. Anuas ar sin, is féidir le síntiúsóirí an iris a léamh ar líne chomh maith leis an gcóip chrua a fháil sa phost agus ansin bíonn deis acu na h-iar-eagráin a léamh ar líne ón suíomh gréasáin féin.

Ms Fionnuala Mac Aodha:

Timire an Chroí Ró-naofai láthair taisce a dhéanamh i gcomhar le Conradh na Gaeilge. Tá siad ag cur an 111 bliain suas agus tá an chéad deich mbliana déanta. Tógfaidh sé beagáinín ama ach beidh sé ar fad ar líne taobh istigh de bhliain nó mar sin.

Photo of Marc Ó CathasaighMarc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe ar fad as a gcur i láthair agus an plé agus díospóireacht shuimiúil atá tagtha ina dhiaidh sin. Rud a sheas amach sa mhéid a dúirt an tOllamh Titley ná nach mbíonn léirmheasanna ann ar leabhair Ghaolainne. Bíonn an fhadhb chéanna againne anseo san Oireachtas. Má dhéanann Comhalta óráid i nGaeilge amháin, ní bhfaighidh siad riamh aon chlúdach sna meáin. Déanann muid go léir an damhsa beag sin, ag athrá agus ag aistriú chun clúdach éigin a fháil ar an méid a dúirt muid.

Glacaim freisin leis an méid a dúirt na finnéithe faoin traidisiún ársa atá againn anseo. Ba chóir go dtabharfaimid cosaint dó sin agus an traidisiúin sin a chaomhnú. Tá mo chuid Gaeilge ag feabhsú de réir a chéile agus mé ag úsáid na Gaeilge anseo sa Pharlaimint, agus go háirithe sa choiste seo. Tá difríocht ollmhór ó thaobh teanga de idir an foclóir a bhaineann daoine úsáid as agus iad ag caint, sé sin, an Ghaolainn labhartha, agus an Ghaolainn scríofa. Is mór an difríocht idir an teanga labhartha agus an teanga scríofa. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh an fhoilsitheoireacht ann chun an foclóir níos fairsinge sin, nó an friotal fiú ó thaobh filíocht na Gaeilge, an tobar teanga agus an saibhreas teanga sin a chaomhnú.

Bíonn teannas ann. Bhíos ag caint faoin aistriú agus an t-athrá a dhéanann muidne agus muid ag caint anseo sa Dáil ach tá teannas ann freisin agus daoine ag cur a gcuid filíochta nó scríbhneoireachta faoi bhráid na ndaoine. Thug Nuala Ní Dhomhnaill an “Astrakhan Cloak” air sin. Tá teannas ansin - an gcaomhnaíonn sé macántacht an téacs gan é a chur in aistriúchán éigin? Rinne Biddy Jenkinson, mar shampla, cinneadh cróga gan aistriúchán a dhéanamh ar a cuid filíochta. Sin ceist dheacair agus casta ach tá cúpla ceist níos simplí agam.

An príomh-éileamh atá ag na finnéithe ná níos mó maoiniú ó thaobh foilsitheoireacht na Gaeilge. An féidir leo sonrú an méid tacaíochta nó an méid fordheontais a bheadh ag teastáil chun cuidiú leis an bhfoilsitheoireacht sin? Iarraim orthu freisin tuiscint níos fearr a thabhairt dom ar an margadh. Ní dea-fhocal é sin chun a bheith ag caint faoi ach cé mhéad duine atá ag léamh rudaí as Gaolainn? Cá bhfuil na leabhair Ghaolainne ag dul? An bhfuil siad ag dul go dtí na siopaí leabhar? Mar a chualamar ó Mhicheál Ó Conghaile ansin, níl seilf ann dóibh. An bhfuil siad ag dul go dtí na siopaí leabhar, na hollscoileanna, nó na leabharlanna? Cá bhfuil siad ag dul? Glacaim leis an méid a dúirt an tOllamh Titley. Níl daoine ag léamh leabhar, i nGaeilge, i mBéarla, i nGearmáinis nó pé rud mar sin. Táim féin ag léamh an t-uafás rudaí ar Twitter agus níl a fhios agam an bhfuilim ag léamh an méid céanna leabhair is a bhíos ag léamh cúpla bliain ó shin.

Professor Alan Titley:

Ní rabhas ag tabhairt le fios nach mbíonn daoine ag léamh. An rud maidir le léamh leabhar ná nach bhfuil léitheoireacht chomh lárnach is a bhíodh. Tá an oiread sin rudaí eile ann. Tá na leabhair á fhoilsiú. Beidh na figiúirí ag Micheál Ó Conghaile agus foilsitheoirí eile maidir le cé mhéad a léitear ach sin rud eile. Bhí mé ag caint ar phobal na Gaeilge. Rud amháin is ea an dlúthphobal, mar atá sa Ghaeltacht, cur i gcás. Rud eile is ea an pobal scaipthe, le daoine aonaracha anseo is ansiúd. Ar shlí, is ea tábhacht na léitheoireachta ná go ndéanann sé nascadh idir na daoine sin ar fad. Tá pobal fíorúil amuigh ansin agus casann tú leis na daoine sin go hócáideach, anseo is ansiúd agus le heagraíochtaí agus mar sin de, ach ní dlúthphobal labhartha iad taobh amuigh den Ghaeltacht. Tugann sé sin tábhacht sa bhreis don léitheoireacht, don litríocht agus do na leabhair.

Labhair mé mar gheall ar fheabhas agus cothú na teanga féin. Cuir i gcás buachaill - nó cailín - óg nach raibh go maith ag an mBéarla. Dá n-iarrfaí conas a chuirfeadh an buachaill sin feabhas ar a chuid Béarla, ní déarfadh aon duine leis go gcaithfidh sé níos mó Béarla a labhairt. Déarfadh siad leis go gcaithfidh sé dul ag léamh an Bhéarla. Baineann an rud céanna le daoine go bhfuil scoth na Gaeilge labhartha acu. Is féidir leo aon rud a rá laistigh de na teorainneacha sin a leagaimid síos de ghnáth, ach ní féidir leo aon rud a rá níos faide ar aghaidh. An rud a bhrisfidh isteach air sin ná léitheoireacht níos fearr agus, uaireanta, níos dúshlánaí. Nuair a bhíonn daoine ag léamh rud éigin sa Bhéarla, má léann siad focal nach dtuigeann siad, leanann siad ar aghaidh mar go dtuigeann siad an comhthéacs, nó b’fhéidir go bhfeicfidh siad an focal sin arís agus ansin tugann sé an chiall dóibh. I gcás na Gaeilge, éiríonn go leor daoine as mar nach dtuigeann siad focal ach an rud atá le déanamh ná leanúint ar aghaidh. Is fadhb eile í sin.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil aon duine ag iarraidh freagairt maidir leis na deontais, an méid airgid atá daoine ag lorg nó cén tarrtháil atá ann?

Mr. Cathal Goan:

Tá muid ag iarraidh go mbeadh an maoiniú, ina iomláine, a bhíodh ar fáil ann arís. Ba mhór an méid é sin. Gearradh é anuas ó €800,000 in aghaidh na bliana go €500,000 in aghaidh na bliana cúig bliana ó shin. Dá gcuirfí ar ais sa sean-dóigh an maoiniú sin, bheadh bunús maith ann fá choinne gach dream atá ag iarraidh bheith ag tarraingt as an gciste sin - Timire an Chroí Ró-naofa, Comhar, Tuairisc, Nós, An tUltachféin - cá bhfios - agus Feasta.

Ms Elly Shaw:

Le cur leis sin, agus leis an bpointe a rinneadh níos luaithe faoin bpoiblíocht, má tá leabhair agus irisí iontacha againn ach nach féidir linn iad a chur chun cinn, tá sé deacair léitheoirí a mhealladh. Ó mo thaithí féin, toisc nach bhfuil ach beirt ag obair go lánaimseartha le Comhar, LeabhairCOMHAR agus na tograí eile ar fad atá againn, is í an phoiblíocht ceann de na rudaí ag deireadh an liosta. Bíonn muid chomh dírithe ar an mbunrud, sé sin, an leabhar nó an iris a chur amach agus déanamh cinnte de go bhfuil an iris ag na clódóirí, sna siopaí agus ag na síntiúsóirí. Muna bhfuil mórán daoine ann chun an obair sin a dhéanamh, fágtar an píosa margaíochta agus poiblíochta, atá an-taitneamhach agus an-tábhachtach, chun deireadh.

Dá mbeadh an maoiniú mar a bhíodh againn, bheadh muid in ann leanúint ar aghaidh. Tá an-obair á dhéanamh againn ar na meáin shóisialta agus is féidir le duine amháin an-chuid a dhéanamh i spás ama an-ghearr ach fós féin tá tuilleadh ag teastáil.

Fr. Frainc Mac Brádaigh:

Ní thuigimse an fhadhb atá ag Foras na Gaeilge. An bhfuil sé d’acmhainn ag na Teachtaí Dála agus na Seanadóirí féachaint cén chaoi an fhadhb seo a réiteach? An é an ceangal Thuaidh-Theas an deacracht? Tuige an gcaithfidh an foras plean nua a chumadh? Tuige an gcaithfear na foilsitheoirí a chur in éadan a chéile? Tá difríocht ó thaobh clár na leabhar Gaeilge sa mhéid airgid a fhaigheann foilsitheoirí éagsúla. Má tá muidne mar fhoilsitheoir beag le beagáinín breise a fháil, tuige an gcaithfear é a sin a bhaint ó na foilsitheoirí móra? Cén fáth ar gearradh siar an maoiniú ó €800,000 go €500,000? Ar bhain sé sin leis an Oireachtas? An dtagann sé ar ais ag an gcoiste seo i ndeireadh na Dála? Tá an costas maireachtála ag ardú. Is mór an t-ardú a bhí ann ó 2008 go dtí anois, agus mar sin féin gearradh siar ar an méid airgid a bhí ag Foras na Gaeilge le cur i dtreo na foilsitheoireachta Gaeilge. Ní thuigim an scéal. B’fhéidir go dtuigeann na finnéithe eile níos fearr é nó go dtuigeann baill an choiste céard í an fhadhb. Níor mhaith liomsa go mbeadh muidne ag troid in aghaidh a chéile le beagáinín breise a chur ar fáil agus margaíocht a dhéanamh agus mar sin de.

Photo of Marc Ó CathasaighMarc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí ceist agam maidir le cá bhfuil na leabhair agus na hirisí ag dul. An bhfuil siad ag dul ag leabharlanna agus ollscoileanna don chuid is mó, nó an bhfuil daoine príobháideacha ag ceannach na leabhar sin?

Fr. Frainc Mac Brádaigh:

Tá siad scaipthe ar fud na tíre ar fad, idir Ghaeltacht agus Galltacht.

Ms Fionnuala Mac Aodha:

Tá siad taobh amuigh d’Éire chomh maith. Tá go leor síntiúsóirí againn thar lear. Is margadh an-tábhachtach é sin ach níl na hacmhainní againn cur leis an bpoiblíocht agus níos mó daoine a fháil ó thar lear. Tá réimse maith daoine againn ó gach tír san Eoraip agus i Meiriceá Theas chomh maith. Tá níos mó ná 800 síntiúsóir againn ansin.

Ms Elly Shaw:

Comhar ag dul chuig síntiúsóirí don chuid is mó, agus ansin téann cóipeanna áirithe chuig siopaí ar fud na tíre. Is an mórdhíoltóir Eason a scaipeann na hirisí chuig na siopaí difriúla. Is gnáth-shiopaí nuachtáin áitiúla atá i gcuid acu; ní gá gur siopaí Eason iad. Anuas air sin, ceannaítear an-chuid cóipeanna ar líne agus tá síntiús ag roinnt mhaith leabharlanna ar fud na tíre in an-chuid contaetha. Le mí anuas tá muid tar éis cur le líon na leabharlanna le deich leabharlann nua i Ros Comáin, Muineacháin, Loch Garman, Corcaigh agus Ciarraí. Ar fud na tíre, tá an iris ar fáil sna leabharlanna sin.

Ó thaobh na leabhar de, foilsíonn LeabhairCOMHAR cúig nó sé leabhar gach bliain. Ceannaítear an-chuid de na leabhair ar líne ar comhar.ie. Sin margadh amháin. Scaipeann an díoltóir leabhar Áis ár leabhair ar na siopaí éagsúla ar fud na tíre agus díolann sé an-chuid de na leabhair. Faigheann muid liosta gach trí mhí ag rá linn cé mhéad leabhar atá á díol ach níl muid cinnte cén siopa a cheannaigh iad. Sular thosaigh Covid agus gach rud, bhí an-chuid seoltaí leabhar againn agus díoladh an-chuid cóipeanna de leabhar a bhí á sheoladh. Sin rud a chuir mise an-suntas ann. Dá mbeadh seastán leabhar aon áit, bheadh an-chuid leabhar á díol mar bhí a fhios ag daoine go raibh na leabhair ann. Bhí siad tar éis éisteacht le duine éigin ag labhairt faoin leabhar agus mealladh iad chun an leabhar a cheannach. Anuas air sin, cheannaigh siad leabhair eile nach raibh a fhios acu go raibh fiú ann. Tharlódh sé sin in áiteanna cosúil le hOireachtas na Samhna agus comhdhálacha i UCD, i gCorcaigh nó ar fud na tíre.

Mr. Micheál Ó Conghaile:

Chomh maith leis an bpictiúr sin ó thaobh na leabhar de, tá margadh ann ach tá sé scaipthe ar fud na háite. Mar a luaigh Elly Shaw, déanann Áis a dhícheall na leabhair a chur isteach sna siopaí. Díolann muidne go leor ar líne. Tá suíomh maith againn le roinnt blianta agus bhí muid ullmhaithe don pandemic nuair a tháinig sé, i ndáiríre. Bhíodh muid ag díol i bhfad níos mó leis na hollscoileanna. Mar is eol don choiste, tá titim mhór tagtha ar chaighdeán na Gaeilge sna hollscoileanna tríú leibhéal agus tá tanaíochan tagtha ar an teanga sna hollscoileanna. Tá múinteoirí óga ag teacht amach nach bhfuil Gaeilge ró-mhaith acu. Tá difríocht mhór idir céim BA sa Ghaeilge anois agus mar a bhí sé nuair a fuair mise é 30 bliain ó shin. Tá titim mhór, dá réir, ar na leabhair Ghaeilge a cheannaítear sna hollscoileanna. Tá méid áirid á ndíol i Meiriceá agus thar lear. An fhadhb atá ann ná go bhfuil na léitheoirí scaipthe agus go gcosnaíonn an dáileachán go leor airgid, go háirid ag cur leabhar amach sa phost thar lear. Nuair a bhí mise leis an CIC, bhíodh muid ag déanamh go leor taispeántais chomh maith. Tá am, obair, taisteal agus costas ag baint leis sin ach cinnte is bealach an-mhaith é. Mar a bhí Elly Shaw ag rá, ní hamháin go bhfeiceann pobail an leabhar is nuaí atá agat ach feiceann siad na leabhair eile agus an cúl-liosta. Is bealach an-mhaith é eolas a scaipeadh agus tá an target audience ansin agat má tá comhdháil, cruinniú de Chumann Merriman, léachtaí Cholm Cille nó ócáidí mar sin ann. Sin bealach maith ach tá am agus costas ag baint leis an obair seo ar fad. Tugann na foilsitheoirí faoi chomh díograiseach agus is féidir leo ach tá na hacmhainní teoranta.

Professor Alan Titley:

An port a bhí agam ón tús, agus rud atá léirithe anseo chomh maith, ná nach pobal amháin é pobal na Gaeilge. Tá sé soiléir, mar shampla, nach ionann na léitheoirí ar fad a bheadh á éileamh ag Timire an Chroí Ró-naofa, Comhar, Breac,nó aon rud eile. Samhlaíonn muid gur aon aiméibe mhór amháin atá ann ach ní hea. Laistigh de sin tá dreamanna difriúla agus sin an fhadhb ba mhó a bhain le nuachtáin Ghaeilge sheachtainiúil. B’fhéidir go bhfuil rud éigin á chaitheamh isteach ar fud na gcos agam arís ach nuair a bhí Foinse, Agus, agus na nuachtáin sin ann, bhí siad an-mhaith go pointe ach bhíodar ag iarraidh freastal ar na pobail éagsúla go léir laistigh den Ghaeilge. Le nuachtán Domhnaigh Béarla, tá gach rud ann, spórt ina measc, agus tá nuachtáin eile go bhfuil claon eile acu a chuireann treise leis seo seachas treise leis siúd. Caithfidh an nuachtán Gaeilge gach duine laistigh den phobal sin a shásamh agus tá sé sin an-deacair.

Cé nach seo ár bport inniu, creidimse go bhfuil gá fós le nuachtáin clóite. Cé go bhfuil tuairisc.ie an-mhaith - léim gach maidin é agus is é an chéad rud a léim - is beag rud a léann duine ar líne tar éis dó é a léamh an chéad uair nó tar éis dó é a léamh an mhaidin sin. B’fhéidir go bhfuil breall orm arís ach dar liomsa, ní théann daoine ar ais ach go fánach ag rud a bhí ann trí seachtaine ó shin, mura bhfuil taighde á dhéanamh acu. Tá sé tábhachtach go mbeadh nuachtán Gaeilge ina luí thart sa teach ionas go bpiocfaidh daoine suas é nuair a fheileann sé iad. Sin an buntáiste a bhaineann le leabhair agus iris clóite. Is féidir iad a thabhairt áit ar bith, ar an traein, ag an teach beag, i do phóca nó sa ghluaisteán. Ní féidir é sin a dhéanamh leis an ríomhaire, nó tá sé níos deacra é a dhéanamh.

Tá a fhios agam go bhfuil mé ag dul ar seachrán beagáinín ach baineann sé leis an gceist chéanna, le dáileachán. Tá an pobal seo scaipthe agus is deacair freastal orthu go léir. Ba cheart smaoineamh ar na difríochtaí laistigh dó agus ar na héilimh éagsúla atá acu go léir.

Maidir le hairgead a chaitear orthu, ní airgead amú oiread agus cent amháin a chaitear ar fhoilsiú na Gaeilge. Caitear gach uile phigin go rathúil, go ciallmhar agus go tuisceanach. Níl aon duine ag déanamh lab airgid as a bheith ag foilsiú nó, go deimhin, as scríobh as Gaeilge ach an oiread. Is ar son na tíre é. Sin í an fhírinne. Is é sin atá ann.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil aon tuairim ag na finnéithe eile mar gheall ar na hollscoileanna agus cén fáth nach bhfuil daoine ag ceannach an oiread sin leabhar? Cuirfidh mé an t-ualach ar fad ar na mic léinn.

Ms Caitríona Ní Chonaill:

Níl tuairim agam i dtaobh na leabhar ach, i dtaobh ár n-irise, fuaireamar ár gcuid airgeadais ón gcoláiste, is é sin ó roinn na Gaeilge, ón meán do na mic léinn agus ón gCuallacht ach ní rabhamar ag cur táille ar ár n-iris agus mar sin, bhíomar in ann í a chur i lámh an mhic léinn agus a rá leo gur féidir leo í a léamh má theastaíonn uathu. Chomh maith leis sin, chuireamar ar gach campas é agus mar sin bhí sé ar fáil do dhaoine nach bhfaigheadh an iris ar líne. Mar shampla, chuireamar roinnt cóipeanna sa champas leighis. Níor cheapamar go mbeadh an-éileamh ar na cóipeanna ach chuamar ar ais dhá lá ina dhiaidh agus bhí siad go léir imithe. Is léir go raibh Gaeilgeoirí ansin i ngan fhios dúinn.

I dtaobh ár gcuid scaipthe, scaipeadh an-chuid de na hirisí laistigh den choláiste agus chuireamar cúpla cóip go dtí an Gadaí Dubh i mBaile Bhuirne agus chuig an Siopa Leabhar i mBaile Átha Cliath. Tháinig siad i dteagmháil linn agus chuir siad ceist orainn. Ba léir go raibh suim i bhfoilseacháin nua do lucht na hóige. Thugamar roinnt cóipeanna do Choláiste Ghobnatan i mBaile Bhuirne ionas gur féidir le daltaí meánscoile a gcuid tuairimí a thabhairt dúinn seachas mic léinn an tríú leibhéal ag rá leo féin go raibh siad go hiontach.

Maidir leis an aiseolas a fuaireamar ó Choláiste Ghobnatan agus na daltaí meánscoile, chuireamar chuig cúpla rang é agus chuig buachaillí agus cailíní le suimeanna difriúla. Dar leis na daltaí, bhí an iris mealltach agus na hailt a bhí scríofa an-taitneamhach agus suimiúil le léamh, chomh maith le réimse iontach a bheith ann agus go raibh alt ann do gach suim a bheadh ag léitheoir. Bhí sé sin an-tábhachtach i dtaobh na hirise seo go mbeadh réimse ábhar an-leathan againn nach raibh dírithe go hiomlán ar an nGaolainn. Bhí spórt, fake news agus filíocht againn. Bhí réimse an-leathan ann agus chabhraigh sé sin.

Chomh maith leis sin, chuireamar ceist ar phobal na Gaolainne scríobh don iris. D'fhéach mé ar an liosta scríbhneoirí a bhí againn agus níl duine acu ag dul faoin iriseoireacht. Níl aon duine san iris ag féachaint ar an iriseoireacht mar phost amach anseo ach bhíomar in ann iad a mhealladh isteach agus seans a thabhairt dóibh an iriseoireacht a dhéanamh. Mar a thaispeánann na daoine a tháinig ar ais ón mbliain seo caite, thaitin sé leo a gcuid ainmneacha a fheiceáil i gcló. Is léir ón taithí sin go bhfuil suim ag na daoine óga a gcuid n-ainmneacha a fheiceáil i gcló amach anseo. Tá súil againn go leanfaidh sé sin i bhfad.

Mr. Seán Ó hUallacháin:

Cuirfidh mé leis an méid a dúirt Micheál Ó Conghaile. Más rud é go raibh caighdeán na Gaeilge níos fearr 30 bliain ó shin, ní bheadh a fhios agam mar ní raibh mé i mo bheathaigh ach feictear dom go bhfuil an léitheoireacht ag dul i léig i ngach aon teanga. Má táimid chun daoine úra a tharraingt isteach san áireamh, foinse iontach a bheadh sna hinstitiúidí tríú leibhéal. Tá glúin na Gaelscolaíochta ag teannadh linn chomh maith. Dá bhféadfaimis iad sin a sciobadh agus an ollscoil sroichte acu, bheadh deis níos fearr againn chun líon sláintiúil scríbhneoireachta a ghiniúint sa Ghaolainn agus méid leabhar Gaolainne a scríobfar, a dhíolfar agus a léifear as sin i leith a mhéadú.

Photo of Rónán MullenRónán Mullen (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim mo bhuíochas leis na finnéithe as bheith anseo linn, as a gcur i láthair agus as an méid atá á dhéanamh acu agus as an saothar atá ar siúl acu, mar a dúirt an tOllamh Titley, ar son na tíre. Tá roinnt ceisteanna ann nach bhfuil a fhios agam an bhfuil aon téama ar leith iontu. Níl a fhios agam an mbeidh dóthain ama agam. Tosóidh mé le cúpla ceist ar aon nós.

Tosóidh mé leis an bhfocal uafásach sin, an margadh, ós rud é gur luadh é. Chuir sé sin mé ag smaoineamh. An cuimhin le daoine anseo na Progressive Democrats, PDs, a bhí mór go leor le rá sa tír tráth. Bhí polaiteoir ar leith a raibh baint aige leo. Ní luafaidh mé an t-ainm toisc go bhfuil sé tofa ar an bpainéal céanna liomsa sa Seanad. B'fhéidir gur chuimhin leis gur labhair sé faoin gceist seo agus dúirt sé go mb’fhéidir go raibh bearna sa mhargadh ach an raibh margadh sa bhearna. Chuir an méid atá á rá ag na finnéithe do mo smaoineamh. Conas is féidir an margadh a mhéadú? Conas is féidir an t-éileamh ar scríbhneoireacht i nGaeilge in irisí agus i leabhair a mhéadú?

Ag eascairt as sin, tréaslaím leis na finnéithe as a saineolas agus as an gcaighdeán ard atá i gceist acu. Tosóidh mé le cúpla ceist faoin margadh más féidir. Tá níos mó ná lorg airgid i gceist ag na finnéithe inniu. Tá Micheál Ó Conghaile ag rá maidir le cúrsaí dáileacháin agus luaigh an tOllamh Titley an focal "poiblíocht" faoi shé. If they build it, they will come. An bhfuil sé sin fíor i ndáiríre? Dá mbeadh duine nó daoine i mbun dáileacháin leabhar Gaeilge do na siopaí leabhar ar fud na tíre, fiú leis an méid sin a bheith ag dul ar aghaidh, an mbeadh méadú ar an éileamh ar na leabhair? An bhfuil sé sin fíor?

Mr. Micheál Ó Conghaile:

Bheadh an-suim ann mar feictear daoine go minic agus deir siad nach raibh a fhios acu go raibh leabhar áirithe ar fáil. Tagann daoine chugainn agus b'fhéidir go mbeadh an leabhar foilsithe cúig bliana, nach mbeadh a fhios ag daoine áirithe faoi. Téann daoine isteach i siopa leabhair le leabhar faoi leith a cheannach ach b’fhéidir go dtiocfaidh siad amach le dhá leabhar eile freisin. Is é sin an fáth go gcaithfear na leabhair a bheith ar na seilfeanna sna siopaí. Má tá 2,000 nó 3,000 leabhar i gcló, cén fáth ar a laghad nach mbeadh siopa leabhar sásta 100 leabhar a thaispeáint? I go leor de na siopaí a bhfuil seilf nó dhó leabhair Ghaeilge iontu, is foclóirí atá ann nó leabhair a bhaineann le múineadh na Gaeilge. Tá éileamh mór ar leabhair a bhaineann le múineadh na Gaeilge, leabhair ghramadaí, foclóirí agus mar sin de, ach táimid ag caint ar na gnáthleabhair ar nós filíochta, úrscéalta agus mar sin de. Tá an fheiceálacht tábhachtach. Tagann daoine chugainn agus iad ina n-iontas gur leabhar é atá foilsithe le cúig bliana nár chuala siad faoi nó nach bhfaca siad faoi.

Photo of Rónán MullenRónán Mullen (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Maidir le caighdeán na Gaeilge sna leabhair sin, rinne mé céim sa Bhéarla agus sa Fhraincis i nGaillimh. Is cuimhin liom nár léamh mé Sartre i bhFraincis. Cheannaigh mé an t-aistriúchán, chun an fhírinne a rá. Tharla sé sin i gcás roinnt leabhar eile. Shíl mé go mbeadh sé róchasta sa Fhraincis agus b'fhearr dom mo chuid ama a chaitheamh á léamh i mBéarla, an buntéama a bhaint amach de agus díriú isteach ar scríobh agus ar ghramadach na Fraincise do na scrúduithe eile. Is cuimhin liom nuair a chuaigh mé ag obair sa Fhrainc, thosaigh mé ag léamh leabhair Maigret de chuid Georges Simenon, scéalta bleachtaireachta a bhí i bhfad níos simplí ná Mauriac nó Sartre.

Tá na finnéithe ag treabhadh ar leibhéal an-ard ó thaobh chaighdeán na Gaeilge de ach, mar a dúirt an tOllamh Titley, tá go leor daoine sa tír, mé féin ina measc, a bhfuil Gaeilge sách mhaith acu ach níl aon chomparáid idir mo Ghaeilge agus Gaeilge na bhfinnéithe.

An bhfuil an teannas sin ann i gcúrsaí fhoilsiú na Gaeilge idir an t-ábhar atá á chur ar fáil a bheith sách simplí chun méid mór daoine a mhealladh agus teacht salach ar an ngá le hardchaighdeán Gaeilge.

Mr. Micheál Ó Conghaile:

Níl teannas ar bith ann. Tá an t-uafás réimsí ar fáil. Tá sraith ag Comhard'fhoghlaimeoirí fásta. Tá leabhair atá feiliúnach do dhaoine fásta, ní do dhéagóirí, a bhfuil Gaeilge theoranta acu. Tá go leor scríbhneoirí maithe ann ar ardchaighdeán atá soléite le bheith ag léamh agus a mbeadh duine le hardteistiméireacht in ann a léamh. Ar an taobh eile den scéal, tá úrscéalta agus gearrscéalta liteartha ann ar chaighdeán níos deacra. Tá meascán mór ann. Tá scéinscéalta ann agus meascán réimsí. Níl gach réimse clúdaithe. B'fhéidir nach bhfuil mórán leabhair ann faoin ngarraíodóireacht ach tá trí, ceathair nó cúig leabhar cócaireachta i nGaeilge. Tá meascán mór ann. Tagann daoine chugainn go minic agus deir siad nach bhfuil seo nó siúd ann. Bíonn an ceart acu ach bím ag rá leo le feiceáil a bhfuil ann agus tacaíocht a thabhairt don mhéid atá ann faoi láthair agus go mbeifear ag cur leis i gcónaí.

Professor Alan Titley:

An bhfuil a fhios ag an Seanadóir conas a fuair sé céim sa Fhraincis gan leabhar a léamh sa Fhraincis?

Photo of Rónán MullenRónán Mullen (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Seans go bhfuil tuairim ag Pádraig Ó Gormaile.

Professor Alan Titley:

An bhfuil cead ag daoine rudaí a thabhairt ar ais? Tá an cheist freagartha ag Micheál Ó Conghaile. Tá réimse mór leathan ábhair ann i ngach uile áit. Tá ábhar an-dúshlánach ann. Tá ábhar stairiúil. Tá úrscéalta ann. Tá ábhar d'fhoghlaimeoirí, do dhaoine a bhfuil suim ann sa Fhraincis agus tá leabhair shimplí ann. Níl aon teorann leo.

Maidir leis an bhuncheist a cuireadh maidir leis an bhfógraíocht agus cé acu an bhfuil an pobal ann nó nach bhfuil. Tá a fhios againn go bhfuil an pobal ann agus tá a fhios againn go n-oibríonn fógraíocht. Cathain ó thaobh go gcaitheann foilsitheoirí agus lucht díolta crisps nó rud ar bith ar fhógraíocht? Mar oibríonn sí. Oibríonn fógraíocht. Tá a fhios againn an méid sin.

Má fhaigheann scríbhneoir duais de shaghas, cur i gcás, sa Bhéarla, méadaítear ar dhíolachán an leabhair sin toisc go bhfuil an duine sin ar na meáin an t-am ar fad agus go mbíonn grianghraf den údar seo nó siúd ar an leathanach. Oibríonn sí sin an t-am ar fud.

Cur i gcás, Doireann Ní Ghríofa, an file óg, iar-mhac léinn dár gcuid i gColáiste na hOllscoile Corcaigh, mar a tharlaíonn sé. Scríobh sí leabhar le déanaí, A Ghost in the Throat, a bhí mar phríomhleabhar na bliana i gceann de na duaiseanna móra. Mhéadófaí dá réir an ceannach ar a gcuid leabhar filíochta. Ba mhór an ní é sin. Bhí a fhios ag daoine go raibh an bhean agus an t-ábhar seo ann agus gur duine maith a bhí inti. Is é fios na ndaoine an eochair don rud seo ar fad maidir le díolaíocht.

Photo of Rónán MullenRónán Mullen (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá áthas orm é seo a chloisteáil ach imrím ról abhcóide an diabhail, is fusa Mars bar a cheannach agus é a ithe seachas an caighdeán sách maith Gaeilge a bhaint amach le go bhféadtar leabhar a fheictear poiblíocht faoi a cheannach agus a léamh. Nach fíor é sin?

Professor Alan Titley:

Más cead agam Coláiste na hOllscoile Corcaigh a thabhairt isteach sa scéal arís, chuir mé ceist ar mhac léinn a bhí ag gabháil don Bhéarla blianta ó shin nuair a bhí mé ann cad a bhí á léamh aici. Dúirt sí go raibh sí ag léamh Ulysses. Dúirt mé go raibh sé sin go hiontach. Dúirt sí, "I do not know, we only had to read one page". Tá go leor leabhair dhúshlánacha ann chomh maith céanna agus is faoin léitheoir atá sé sin. Gabhtar an léitheoir isteach ag an leibhéal atá aige nó aici cheana féin agus tógann an léitheoir air sin de réir a chéile.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Fuair Jack Higgins bás. Fear mór le rá a bhí ann. Dhíol sé 250 milliún cóip dá leabhair. Scríobh sé ceann amháin a bhí acadúil agus den scoth ó thaobh litríochta de. Níor dhíol sé sin ach 1,600 cóip. Tá díolachán, margaíocht agus gach rud eile ar rudaí ach ní gá do gach rud a bheith ar leibhéal acadúil níos airde. Is féidir le daoine leibhéil difriúla a léamh ó thaobh scríbhneoireachta de. Ón méid atá léite agamsa, tá gach uile ghné ann.

Ms Elly Shaw:

Bhí mé ag smaoineamh ar dhá leabhar faoi leith nuair a bhíothas ag caint. Is é ceann amháin dóibh ná ceann a d'fhoilsigh LeabhairComhar, Tairngreacht, de bhua gradam leabhar na bliana An Post a bronnadh air cúpla bliain ó shin. Dá bhfeicfeadh roinnt daoine é sin gan an gradam mór seo agus é a fheiceáil ar líne agus daoine ag caint faoin leabhar seo a bhuaigh leabhar na bliana, b'fhéidir nach mbeidís tar éis é a phiocadh suas. Is scéinscéal é saghas. Tá dúnmharú ann agus an gnáth saghas rud.

Bhí leabhar eile ag Prionsias Mac a' Bhaird roimhe sin agus tugadh Dan Browne na Gaeilge air. Nuair a fheiceann daoine é sin, deir siad go dtuigeann siad é sin. Is leabhar maith é agus tá scéal maith ann. Tá i bhfad níos mó i gceist le leabhar Phrionsias Mac a' Bhaird, Tairngreacht, ach is cuma i ndáiríre cad é atá fíor nó nach bhfuil. Is é cad a cheapann daoine atá fíor. Cheannaigh an-chuid daoine an leabhar sin. Táimid anois ar an dara cló air sin agus ar an tríú chló ar an gcéad leabhar a bhí aige, Rún an Bhonnáin.

Is é an rud faoi sin ná gur cheap daoine go raibh siad in ann don leabhar sin agus cheannaigh siad é. Is aisteach é go ndúirt an Seanadóir sin mar is é sin an dearcadh atá ag daoine faoi leabhair i nGaeilge. Ceapann siad nach bhfuil siad ábalta iad a léamh fiú nuair atá an-chuid Gaeilge acu nuair atá siad breá ábalta an leabhar a léamh ach ar fáth éigin ina gcloigne. Ceapann siad go bhfuil leabhar Gaeilge róchasta.

Is é an dara leabhar, atá an-tábhachtach agus atá ar an gceathrú chló le LeabhairComhar, i nGaeilge agus i mBéarla, ná Dialann Emily Porter: An Jailtacht. Tá sé dírithe ar dhéagóirí ach léann an-chuid daoine sna fichidí, tríochaidí, daichidí agus níos sine fós é. Tosaíonn sé amach i mBéarla agus leanann sé ar aghaidh. De réir mar a théann an leabhar ar aghaidh, foghlaimíonn an carachtar níos mó Gaeilge agus faoi dheireadh an leabhair, tá sí líofa mar caitheann sí seal sa Ghaeltacht. Tá an leabhar sin an-difriúil ó Tairngreachtach bhí an-díol air toisc gurbh é Richie Conroy, mac le Don Conroy, a scríobh an leabhar. Chabhraigh sé sin go mór leis an díolachán toisc gur aithin daoine go raibh duine mór le rá ceangailte leis. D'éirigh linn, don chéad uair riamh, agallamh a fháil ar chlár raidió Ryan Tubridy. Rinne sé sin difríocht ollmhór. Is leabhair Ghaeilge iad seo, cosúil leis na mílte leabhair mhaithe atá ar fáil. Nuair atá a fhios ag daoine go bhfuil siad ann agus go dtuigeann siad go bhfuil rud éigin dá mealladh, ceannaíonn siad iad. Níl a fhios agam an léann siad na leabhair ach ceannaíonn siad iad.

Mr. Micheál Ó Conghaile:

Tá scríbhneoirí ann a mheallann léitheoirí. Mar shampla, bheadh ar a laghad deich gcinn d'úrscéalta Gaeilge foilsithe ag Pádraig Standún. Bíonn a fhios ag daoine go bhfuil siad in ann iad a léamh. Taitníonn an t-ábhar leo mar go mbíonn aicsean iontu. Bíonn tuairim acu roimh ré go dtaitneoidh sé leo agus ceannaíonn na daoine céanna na húdair chéanna go minic nuair a chuireann siad aithne orthu. Tá an margadh sin ann.

Ms Fionnuala Mac Aodha:

Feictear go bhfuil an margadh ann, ach go háirithe, nuair atá deis taistil chuig ócáidí litríochta amhail Éigse na Brídeoige, Féile na Bealtaine agus a leithéid. Ag teacht ar ais chuig acmhainní, tá sé deacair é sin a dhéanamh, nuair nach bhfuil ach beirt ag obair go páirtaimseartha. Tá an margadh ann agus díoltar na leabhair nuair atáthar ag na hócáidí sin, agus leabhair eile nach iad. Is faoi rogha an léitheora atá sé má tá sé deacair nó simplí. Don leabhar is déanaí uainn, táimid tar éis 500 cóip de leabhar filíochta a dhíol. Tá sé ar tí dul isteach sa tríú chló cé nach gceapfaí go mbeadh an margadh sin ann don leabhar ach nuair atá an deis an phoiblíocht a dhéanamh i gceart agus freastal ar na hócáidí cearta, tá an t-éileamh ann agus díreach an phoiblíocht agus an dáileachán a chur lámh le lámh.

Photo of Rónán MullenRónán Mullen (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní theastaíonn uaim dul thar fóir leis na ceisteanna. Tá ceist agam ar Fhionnuala Mac Aodha agus ar an Athair Frainc Mac Brádaigh. Maidir le foilsiú ábhar spioradálta, is sciar an-mhór an mhargaidh Ghaeilge é na hirisí. Glacaim leis nach bhfuil sé amhlaidh i gcás leabhair i nGaeilge. Tuigim go maith, mar scríobhaim ó am go chéile don iris, nach mbaineann Timire an Chroí Ró-naofale hábhar spioradáltachta amháin laistigh dá saothar. Tá an-chaint na laethanta seo ar intersectionality, nuair a bhíonn grúpa ar leith a bhfuil leatrom de shaghas éigin á imirt orthu.

Má tá grúpa ar leith laistigh dóibh siúd a bhfuil leatrom ar chúis eile i gceist, tá intersectionalism i gceist. An bhfuil dúshlán ar leith ann ós rud é go bhfuil athrú mór tagtha ar chultúr na tíre agus ar mheon na ndaoine sa tír maidir le cúrsaí spioradálta i gcoitinne agus cúrsaí eaglaise ach go háirithe, caithfear a admháil? An bhfuil dúshlán ar leith roimh na finnéithe nach bhfuil roimh dhaoine eile toisc go bhfuil siad san intersection? Ní dóigh liom gur aistriúcháin maith é crosbhealachas ar “intersectionalism”. An bhfuil dúshlán ar leith i réimse na bhfinnéithe toisc gur mionlach iad siúd a bhíonn ag plé le cúrsaí Gaeilge agus iad siúd a bhíonn ag plé le cúrsaí spioradálta ar leibhéil foirmeálta? An bhfuil dúshlán ar leith ann de bharr sin i gcás na bhfinnéithe?

Ms Fionnuala Mac Aodha:

Ar shlí amháin tá ach ar an taobh eile bíonn muid ag breathnú ar éiceolaíocht taobh istigh den réimse sin agus ar fhealsúnacht agus ar theileolaíocht. Breathnaímid ar éiteas na n-Íosánach agus tugaimid é sin isteach san iris. Tá sé saghas tras-teoranta sa tslí sin.

Fr. Frainc Mac Brádaigh:

Rud a thugaim faoi deara agus a bhainim sult as nuair a bhím ag an Oireachtas ná go bhfeicim daoine ag dul timpeall agus go mbreithníonn siad ar a bhfuil á dhéanamh ag Comharnó ar sheastán eile. Ansin, tagann siad go dtí Timire an Chroí Ró-naofaagus bíonn cineál glaze orthu ar nós “níl aon suim agam ann” agus imíonn siad. Tá sé sin ceart go leor. Tá spioradáltacht i bhfad níos leithne ná cúrsaí eaglaise agus cúrsaí paidreoireachta ach the penny has not dropped agus tógfaidh sé tamaillín. An tsamhail atá agam ná an mileoidean. Caithfear aer a chuir isteach sa mhileoidean chun é a sheinm. I gcás gnáth uirlisí eile tá an t-aer thart orthu ach caithfear an mileoidean a tharraingt amach. Is é an dúshlán ná ábhar atá lárnach do shaol an duine a tharraingt isteach go dtí Timire an Chroí Ró-naofa, agus cur chun cinn agus cothú spioraid a bheith i lár Timire an Chroí Ró-naofa. Tá ag éirí go maith linn. Níl 800 cóip go dona. Baineann cuid de sin le taistil. Chuir mé in iúl go raibh mé ag iarraidh na Gaeltachtaí a thaisteal agus dul pé áit a bhféadfainn. Ceapann daoine gur maith liom a bheith ar an mbóthar. Bhain mé taitneamh as ach táimid scaipthe thuaidh, theas, thoir agus thiar.

Ba mhaith liom rud amháin a lua ó thaobh margaíochta de. Níl a fhios agam an bhfuil aithne ag an gcoiste ar An Ceathrú Póilí, An Siopa Leabhar nó An Café Liteartha sa Daingean. Tá trí nó ceithre shiopa mór leabhar ann. Níor chuir mé ceist ar Áine Nic Gearailt, An Ceathrú Póilí, an bhfuil sí ag brath go hiomlán ar dhíolacháin, ach tá an siopa leabhar ann agus é ag feidhmiú. Tá an siopa ann le blianta agus is féidir gach uile leabhar Gaeilge a foilsíodh a fháil ann. Tá An Siopa Leabhar mar an gcéanna. Tá col cúigir liom atá ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn i scoil atá á reáchtáil aici agus ní raibh an t-eolas aici go raibh An Siopa Leabhar ann. Dá mbeadh eolas ag na siopaí leabhar an méid leabhar a dhíoltar ag An Siopa Leabhar, b’fhéidir go mbeadh i bhfad níos mó fonn orthu ranna Gaeilge a bheith ann. I dtaobh sin, ar feadh tamaillín de bhlianta faigheadh daoine eolas air agus tosóidís ag tarraingt uaidh. Nuair a théann daoine go dtí An Siopa Leabhar nó An Ceathrú Póilí, ceannaíonn siad leabhar.

Ms Fionnuala Mac Aodha:

I slí amháin tá sé níos tábhachtaí go bhfuil na leabhair sna siopaí Béarla mar is saghas preaching to the converted atá i gceist sna siopaí Gaeilge. Tá sé níos tábhachtaí go gcuirfear brú ar na siopaí leabhar sin agus ar na meáin aird a tharraingt ar na leabhair Ghaeilge.

Fr. Frainc Mac Brádaigh:

Is dóigh liom gurb é an bealach is fearr na siopaí leabhar a tharraingt ná a thaispeáint dóibh an méid leabhar atá á dhíol sna siopaí leabhar.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá cuireadh seolta againn chuig na siopaí atá luaite agus chuig Eason chomh maith teacht os comhair an choiste mar chuid de seo. Tá díolachán i gceist. Tá súil agam go mbeidh siad os ár gcomhair roimh mhí an Mheithimh.

Photo of Rónán MullenRónán Mullen (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ceist agam dála an scéil ar Comhar. Tá brón orm má tá sé ráite cheana féin nó mura bhfuil sé léite agam. I gcás dáileachán na n-irisí, cé mhéad a dhíoltar nó a chuirtear ar fáil go míosúil?

Mr. Cathal Goan:

Amach is isteach ar 500 in aghaidh na míosa.

Photo of Rónán MullenRónán Mullen (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil irisí Gaeilge eile ann nach bhfuil anseo inniu atá ar an méid sin freisin?

Mr. Cathal Goan:

Feasta ann. Níl a fhios agam cé mhéad atá i gceist.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Thug Feasta na figiúirí dúinn an uair dheireanach a bhí siad os ár gcomhair.

Photo of Rónán MullenRónán Mullen (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

B’fhearr liom samhail air do na finnéithe mar cheannródaithe le fís, ach is Oisín i ndiaidh na Féinne atá i gceist, fiú agus muid ag caint faoi chúrsaí léitheoireachta agus na dúshláin atá ann i gcoitinne. Bhí mé ar saoire le mo nia le déanaí. Bhí deis agam breathnú ar an slí a ndéileálann sé le cultúr agus le heolas. D’fhéadfaí a rá, maidir le cúrsaí cultúir, gur daoine an-deas iad ach cuireann mo mháthair na Rúisigh orthu ach b’fhéidir gur leid é sin. Thug mé faoi deara go mbíonn mo nia ag léamh ach is í an diabhal uirlis a bhíonn á léamh aige. Tá léamh leabhar agus léamh alt ar líne i gceist, agus ansin tá léamh ábhar ar líne. Feictear dom gur mór an difríocht idir léamh ábhar ar líne. Bhí mé ag cur ceisteanna air maidir le, mar shampla, cad a bhí ag dul ar aghaidh san Úcráin. Thug mé faoi deara go raibh fíricí áirithe aige ach ní raibh aon anailís ann. Bhí an bunscéal aige ach bhí sé ar leibhéal an-íseal. Nílim ag rá go bhfuil sé seo toisc go bhfuil sé ag léamh stuif ar líne seachas i leabhar nó i nuachtán. Tá tuairim agam go mbeadh dearcadh agus greim i bhfad níos fearr aige ar an scéal dá mbeadh sé ina léitheoir leabhar agus nuachtáin.

Mr. Micheál Ó Conghaile:

Níl aon sonraí agamsa faoi seo ach ó thaobh léitheoireachta de sílim gurb é timpeall 10% de na daoine a léann leabhar ar aon nós i mBéarla, i nGaeilge nó in aon teanga, is é sin duine a cheannaíonn ar a laghad leabhar sa mhí. Ceannaíonn gach uile dhuine leabhar nó dhó sa bhliain nó faoin Nollaig. Go ginearálta, an pobal ar fad - Béarla nó Gaeilge, is cuma cén teanga - shamhlóinn gurb é an líon na léitheoirí ná 10% nó 15% atá ann. Táimid ag caint faoi líon beag ar aon nós. Ba bhreá linn ar fad é sin a mhéadú.

Photo of Rónán MullenRónán Mullen (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is í seo mo cheist dheireanach agus gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach as cead a thabhairt dom na ceisteanna uilig a chur. Maidir lenár gceannródaithe sna hollscoileanna, agus fair play do na finnéithe agus gach rud atá ar siúl acu, a bhfuil aon nasc acu le lucht Gaeilge agus mic léinn nó iníonacha léinn i gcoláistí eile? A bhfuil a leithéid atá ar siúl ag na finnéithe ar siúl i gcoláistí ar nós Coláiste na hOllscoile, Gaillimh, nó in Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath? An bhfuil aon phoitéinseal ann do na finnéithe trí nasc leis na hinstitiúidí sin?

Ms Caitríona Ní Chonaill:

Níl faoi láthair. Rinne mé mo chuid taighde sular tháinig mé anseo. Is í Breacan t-aon iris do lucht an tríú leibhéal atá i gcló trí Ghaeilge faoi láthair. Ceapaim go bhfuil nuachtlitir ag an gcumann Gaelach i gColáiste na Tríonóide ach sin an méid. Is é an príomhrud ná é a chur os comhair mic léinn. Cuid de na moltaí a bhí agam i mo ráiteas ná gur cheart airgead a thabhairt do gach cumann Gaelach a n-iris féin a cur i gcrích, mar a bhíonn á dhéanamh ag an gCuallacht, nó seans a thabhairt do mhic léinn le Gaeilge eagrán lán-Ghaeilge d’iris an choláiste a eisiúint i rith Seachtain na Gaeilge.

B’fhéidir go mbeadh sé sin níos éasca a chur i gcríoch. Ba chóir go mbeadh iriseoirí agus dearthóirí ann cheana féin agus nach mbeadh ar lucht na Gaolainne ach teacht isteach agus, maidir leis an taithí a bheadh ag lucht na hiriseoirí, comhoibriú a dhéanamh leo. Mar a dúirt Antóin Ó Trinlúin, ba cheart lucht na hiriseoireachta lasmuigh de choláistí tríú leibhéal a mhealladh isteach chuig na coláistí agus a thaispeáint do na mic léinn go bhfuil na poist seo ar fáil agus go bhfuil réimse leathan acu ar fáil i TG4, i Raidió na Gaeltachta, sna hirisí go léir atá againn agus sna foilseacháin clóite. Thaispeánfadh sé seo dóibh na poist go léir gur féidir a fháil agus iad ag dul i mbun pinn trí mheán na Gaeilge.

Mr. Antóin Ó Trinlúin:

De bharr na paindéime, go pointe áirithe, tá nasc i bhfad níos fearr againn leis na hollscoileanna eile. Bhíos ar choiste na bliana seo caite chomh maith sa Chuallacht. Bhíomar ar líne an t-am ar fad, dar ndóigh. Dá bharr sin bhí an deis againn an-chuid ama a chaitheamh le muintir na Gaillimhe, ach go háirithe, agus le muintir Baile Átha Cliath agus muintir an Tuaiscirt. Tá sé feicthe againn gur féidir i bhfad níos mó oibre a dhéanamh idir na cumainn. Mar a luaigh Caitríona Ní Chonaill, is cinnte go bhfuil Breacdírithe ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. Tá sórt riail againn go gcaithfear a bheith ag freastal ar an ollscoil nó a bheith díreach imithe ón ollscoil chun rud éigin a chur san iris. Táimid díreach ag iarraidh ár mic léinn féin a chur chun cinn. Bheadh sé go hiontach dá bhféadfaimis obair leis na hollscoileanna eile. Mar a dúirt Caitríona Ní Chonaill, dá mbeadh iris den tsórt céanna ag na hollscoileanna eile, agus dá bhféadfaimis a bheith ag comhoibriú agus ag roinnt acmhainní agus tuairimí, ceapaim go mbeadh sé an-rathúil.

Photo of Rónán MullenRónán Mullen (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Déanaim comhghairdeas le Breacas a bheith chun tosaigh ar na hollscoileanna eile. Poblacht Corcaigh abú arís.

Ms Caitríona Ní Chonaill:

Tá rud amháin agam le cur leis sin. B’fhéidir gur smaoineamh maith a bheadh ann na coláistí araon a thabhairt le chéile agus iris do choláistí tríú leibhéal ar fud na tíre a bhunú. Thabharfadh sé na mic léinn go léir fud fad na tíre ar mhaith leo a bheith ag scríobh trí mheán na Gaolainne le chéile in aon iris amháin iad seachas iad a scaipeadh amach. B’fhéidir go bhféadfaí pobal na Gaeilge a leathnú tríd é sin a dhéanamh.

Mr. Cathal Goan:

Díreach mar phointe eolais, mar a dúirt mé ar dtús, tá Comharag ceiliúradh 80 bliana a bunaithe an mhí seo chugainn. Tháinig Comharar an saol mar gheall ar an ngluaiseacht ollscoileanna agus an chomhchaidrimh. Is dá bharr fís a bhí ag daoine an t-am sin, agus atá ag na daoine óga i láthair anseo as Corcaigh, a tháinig Comharar an saol an chéad lá riamh. Ba as gluaiseacht na n-ollscoileanna agus na mic léinn a tháinig Comharar an saol. Ba mhaith liom a shamhlú go bhfeiceann mic léinn na linne seo as gach ollscoil sa tír go bhfuil deis acu féin a bheith ag scríobh agus ag foilsiú ábhar le Comharsna blianta atá amach romhainn.

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táim ag léamh leabhair le hEoghan Mac Cormaic dar teidil Pluid. Is é an chéad leabhar trí Ghaeilge a cheannaigh mé le tamall maith. Ní hé an chéad táirge Gaeilge a cheannaigh mé ach an chéad leabhar. An bun fáth ná go bhfuil spéis agam i scéal Eoghain agus a chineál scríbhneoireachta.

Tá sé suimiúil go bhfuil cúrsaí poiblíochta luaite ag na finnéithe go léir. Le linn na díospóireachta agus an phlé ar an mBille teanga, rinneamar ár ndícheall dualgais agus freagrachtaí ar leith a chur ar chomhlachtaí príobháideacha. I dtaca le cúrsaí poiblíochta, is é a bun rud is tábhachtaí ná go bhfuil an rud feiceálach agus go bhfuil daoine in ann idirghníomhú a dhéanamh leis an táirge. Ní raibh an bua againn sa deireadh maidir leis na cuspóirí sin, ach táimid san áit ina bhfuil muid faoi láthair.

Tá dhá cheist agam. Tá rudaí ann ar nós Baile Átha Cliath le Gaeilge. Má cheannaítear uachtar reoite i siopa uachtar reoite Murphy's trí mheán na Gaeilge, gheofar cúpla cent as. Tá an cuma ar an scéal nach raibh a fhios ag na finnéithe ar seo. Beidh siad uilig ag dul chuig siopa Murphy's i ndiaidh an chruinnithe seo fá choinne uachtar reoite. Tá an tionscadal sin ag feidhmiú faoi láthair agus tréaslaím leis; is smaoineamh den scoth é. Ag an am céanna, nuair a bhí mé ag teacht anseo ó Stáisiún Uí Chonghaile - bhí an traein mall agus sin é an fáth go raibh mise mall - chonaic mé na comharthaí atá curtha ar na soilse sráide ag fógairt an fhéile léitheoireachta i mBaile Átha Cliath. Bhí siad go huile is go hiomlán i mBéarla. Is í an bhuncheist atá agam ná cá háit ar cheart an fhreagracht a bheith ó thaobh poiblíochta and feiceálacht na Gaeilge de, agus ó thaobh na cuspóirí atá ag na finnéithe. Tuigim nach bhfuil na háiseanna acu i dtaca le poiblíocht de. Cá háit ar cheart don fhreagracht a bheith suite i dtaca leis an Rialtas?

Luaigh an tAthair Frainc Mac Brádaigh An Ceathrú Póilí i mBéal Feirste. Tá seanaithne agam ar an siopa agus is áis den chéad scoth é. Déanann siad sárobair maidir lena seirbhísí. Cé chomh tábhachtach is atá an líonra cultúrlann sin ar fud na tíre? Is í sin an áit a dtéim féin agus an áit ina bhfuil an ráchairt. Cé go mothaím go bhfuil rudaí bunoscionn agus droim ar ais ó thaobh an Stáit de, nach é a bunrud ar cheart dúinn a dhéanamh ná a bheith ag tógáil áit inar féidir linn seirbhísí a thabhairt do phobail ina bhfuil an ráchairt seo ann? Cé chomh tábhachtach is atá na cultúrlanna agus na siopaí leabhar atá bainteach leo nó siopaí leabhar aonaracha ar nós An Siopa Leabhar i mBaile Átha Cliath? Cé chomh tábhachtach is atá sé go gcuireann muid le líon na gcultúrlann agus líon na spásanna sin ionas gur féidir le daoine leabhair agus irisí a dhíol agus, dar ndóigh, gur féidir lena a leithéid de na seoltaí a bhí Elly Shaw ag caint fúthu ní ba luaithe a chur ar bun?

Ms Elly Shaw:

Bheadh sé go deas a cheapadh go bhféadfadh muid a lán rudaí a dhéanamh. Bheadh sé go hiontach dá mbeadh áit cosúil leis an gcultúrlann againn i mBaile Átha Cliath go bhféadadh muid irisí agus leabhair a dhíol ann. Tá áiteanna cosúil leis an gcultúrlann, An Siopa Leabhar agus na hionaid Gaeilge an-tábhachtach ó thaobh díol na n-irisí de mar is ansin a dhíoltar méid mór cóipeanna i gcomparáid le siopaí eile. Dá mbeadh níos mó acu ann, táim cinnte go mbeadh muid in ann níos mó irisí a dhíol.

Tá a lán rudaí eile a bheadh tábhachtach freisin. Bheadh sé iontach dá mbeadh na hionaid seo againn, ach anuas ar sin bheadh gá le poiblíocht a dhéanamh ar na hábhair iad féin mar a dhéantar i gcás na hirisí agus leabhair Béarla an t-am ar fad. Tá an cheist chomh mór sin go bhfuil sé deacair í a fhreagairt. Maidir leis na féilte, is aisteach a rud é gur luaigh an Seanadóir an Fhéile Leabhar Baile Átha Cliath. Bhí ócáid ag LeabhairCOMHAR le cúpla bliain anuas ag seoladh leabhair mar chuid de Fhéile Leabhar Baile Átha Cliath. Ní dóigh liom go raibh mórán ócáidí Gaeilge ann. Bhí cúpla ceann ach ní raibh an méid ollmhór. Thug mé faoi deara nach raibh béim á leagan orthu sa bhealach céanna is a bhí ar na hócáidí eile.

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An rud a aithním ón méid sin ná go bhfuil silos ann. Tá Baile Átha Cliath le Gaeilge ann, agus is tionscadal den céad scoth é. Aithním go bhfuil sé nua-tosaithe fosta. Mar chuid de sin, ba chóir go mbeadh siopaí leabhar sa chathair bainteach le Baile Átha Cliath le Gaeilge mar scéim. Is fadhb í sin. Sin é an fáth go bhfuil mé ag iarraidh díriú isteach air seo.

Níl dualgas ar an Stát fógraíocht a dhéanamh ar son foilsitheoirí príobháideacha nó leabhair áirithe a chur chun cinn in áit leabhair nó irisí eile. Táim ag iarraidh barúil a fháil mar beidh orainn é seo a phlé agus moltaí a thabhairt chuig an Roinn maidir leis seo. Táim ag iarraidh tuiscint de chineál éigin a fháil maidir le cá háit ar cheart dúinn é sin a lonnú ó thaobh gach aon rud atá ráite ag na finnéithe go dtí seo maidir leis an tábhacht a bhaineann le léitheoireacht na Gaeilge agus le foilsitheoireacht na Gaeilge fosta. Cén dóigh gur féidir linn cur leis na scéimeanna atá ag obair agus atá iontach maith? Táim ag iarraidh tuiscint níos fearr a fháil ar sin, ar mhaithe liom féin.

Ms Elly Shaw:

Tá a fhios agam go bhfuil an Seanadóir ag rá nach féidir leis an Rialtas maoiniú a thabhairt do fhoilseacháin iad féin-----

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní maoiniú; b'fhéidir fógraíocht nó poiblíocht a thabhairt.

Ms Elly Shaw:

Níl muid ag iarraidh go mbeadh aon duine eile ag déanamh an jab dúinn.

Ms Elly Shaw:

Má tá maoiniú á laghdú ó mhéid áirithe go méid i bhfad níos lú i gcás Comhar, mar shampla, caithfear a admháil nach mbeimid in ann an poiblíocht céanna a dhéanamh ar an iris. Táimid fós ag ligean orainn go bhfuil iris Ghaeilge á maoiniú ach níl dóthain maoiniú á thabhairt ionas gur féidir linn aon rud a dhéanamh leis an iris nuair atá sé againn. Sin an bunfhadhb. Tá rudaí eile atá an-thábhachtach cosúil leis na háiteanna sin, na féilte agus gach rud, ach muna bhfuil an bunrud ceart, beidh sé deacair aon rud eile a dhéanamh.

Professor Alan Titley:

Tá a mhéar leagtha ag an Seanadóir ar an bhfadhb. Tá an fhreagracht seo scaipthe agus níl aon ionad amháin ann. Dá mbeadh lárionad Gaeilge i mBaile Átha Cliath nó i gCorcaigh, mar atá i mBéal Feirste, bheadh sin go hiontach. Bíonn an baol ann i gcónaí leis sin go gceapann daoine eile nach bhfuil freagracht ar bith orthu. Mar shampla, bhí baint éigin agam le Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus tá ionad breá acu ansin, Áras na Gaeilge. Tá sé go hiontach agus is féidir le duine a chuid nó a cuid oibre go léir a dhéanamh ann. Is í an t-aon deacracht, agus ní dóigh liom go bhfuil aon réiteach air seo, ná gur súdh an Ghaeilge go léir isteach in aon áit amháin agus dá bhrí sin ní raibh sí le feiscint nó le cloisteáil go ró-mhinic in áiteanna eile. Tá beagán den rud céanna fíor le TG4, atá go hiontach mar is eol dúinn. B'fhéidir gur shíl daoine eile in RTÉ go raibh a ngnó déanta nuair a bunaíodh TG4. Sa mhéad sin, tá an fhreagracht seo scaipthe sa cheist faoi na féilte agus na siopaí leabhair.

Gan amhras, ní haon ghnó den Rialtas é a rá leo go gcaithfidh siad seo a dhéanamh. Bhí an Cathaoirleach ag caint ar na daoine a bheidh ag teacht os comhair an choiste. N'fheadar an bhfuil sé i gceist ag an gcoiste, mar shampla, glaoch isteach ar na heagarthóirí liteartha nó ar cuid de na léiritheoirí ar na cláir ealaíne in RTÉ nó in áiteanna eile agus a chur ina luí orthu go bhfuil an obair seo, na leabhair seo, na hacmhainní seo agus an soláthar seo ag baint le pobal na hÉireann agus an cheist a chur orthu cén fáth go bhfuil siad ag déanamh neamhairde orthu ar fad. Ní féidir linn greim scrogaill a bhreith orthu agus a rá go gcaithfidh siad seo a dhéanamh ach b'fhéidir go bhféadfadh muid iad a náiriú ó am go chéile agus na rudaí seo a chur ar a súil ar a laghad, mar a bhíos ag rá. Ní naimhdeas go hiomlán a bhíonn ann, ach aineolas go minic, cé go mb'fhéidir go bhfuil píosa éigin de sin ann chomh maith. Sin í an fhadhb; an scaipeadh sin le freagracht as ceisteanna poiblíochta. Caithfear greim éigin a bhreith air sin, mura mbeadh oifigeach nó duine éigin a d'fhostódh Rialtas na hÉireann le dul timpeall agus cloiginn a bhualadh le chéile. Ní dúirt mé é sin.

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bheadh sin ar dóigh.

Fr. Frainc Mac Brádaigh:

Luadh ceist na n-uimhreacha níos luaithe agus luaigh Cathal Goan an figiúr de 500 cóip in aghaidh na míosa. Luaigh muidne 800 cóip in aghaidh an ráithe. Cuimhnigh freisin ar an méid leabhair Ghaeilge a díoltar. Níl muid teoranta ag 500. Déarfainn go bhfuil 1,000, 2,000 nó 3,000 cóip de leabhair díolta go minic ag Cló Iar-Chonnacht ag Comhar. Tá Gaeilge á léamh mar sin. Céard é an leabhar is mó a díoladh? Cén uimhir? Leabhar ó Phádraig Standún?

Mr. Micheál Ó Conghaile:

Bheadh sé deacair a rá. Is gnáthleabhair léitheoireachta a fhoilsíonn muidne don chuid is mó ach uaireanta baintear úsáid as cuid acu mar ábhair ranga mar go bhfuil siad nua-aimseartha agus mar sin de. Bheadh leabhair mar sin ann go mbeadh 40,000, 50,000, 60,000, 70,000 nó 80,000 cóip díolta acu thar deich, 15 nó 20 bliain. De ghnáth, cuireann Cló Iar-Chonnacht agus na foilsitheoirí eile, go bhfios dom, timpeall 1,000 cóip i gcló agus d'fhéadfaí rud ar bith ó 300, 400 go dtí 800, 900 nó 1,000 cóip a dhíol. Má dhíolann muidne nó Cló Iar-Chonnacht 500 cóip de ghnáthleabhar sa chéad bhliain, bímid sásta go maith leis sin agus ansin bheadh muid ag súil an chuid eile de na cóipeanna a dhíol sna blianta beaga ina dhiaidh sin, ach bíonn eisceachtaí ann agus tá leabhair ann a dhíolann míle cóip amach taobh istigh de bhliain. Bíonn dhá athchló ar na leabhair sin agus bíonn sé iontach nuair a tharlaíonn sé sin. B'fhéidir go dtarlaíonn sé sin le dhá leabhair as 20 i caitheamh na bliana ó thaobh Cló Iar-Chonnachta de. Samhlaím go mbeadh na foilsitheoirí eile beag nó mór mar a chéile.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil an Seanadóir sásta?

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá neart le smaoineamh fá dtaobh de.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil an Teachta Aindrias Moynihan ag iarraidh rud éigin a rá?

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhaith liom filleadh ar cheann de na pointí ón tús agus ó na cruinnithe eile a bhí againn. Baineann sé sin leis an soláthar iriseoirí, daoine ag teacht chun cinn agus scríbhneoirí nua. Nuair a bhí Caitríona Ní Chonaill ag labhairt níos luaithe agus nuair a raibh mé ag fiafraí mar gheall ar na daoine go léir a raibh tagtha chun cinn ag scríobh, thug mé faoi deara gur luadh nach raibh aon iriseoir ina measc. Bhí réimse mhór leathan scríbhneoirí luaite agus ach gan aon iriseoir. Conas sin? Conas nach bhfuil éinne sna cúrsaí iriseoireachta go bhfuil suim acu scríobh as Gaelainn? An é nach bhfuil siad ag lorg an ardáin seo a úsáid? An bhfuil aon tuairim faoi leith air sin? An é go raibh daoine ann agus b'fhéidir go léiríonn sé an cineál stuif gur tháinig ar aghaidh nó b'fhéidir go léiríonn sé nach raibh suim acu? Má tá aon eolas ag na finnéithe air sin, bheadh suim agam ansin. Tháinig an cheist aníos arís is arís eile nach raibh iriseoirí nua ag teacht. Luadh an pointe sin.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí Caitríona Ní Chonaill ag iarraidh teacht isteach ar an gceist eile. Gabh ar aghaidh.

Ms Caitríona Ní Chonaill:

Maidir leis an mhargaíocht dár iris féin, d'úsáideamar na meáin shóisialta sa mhéid is féidir linn chun scríbhneoirí nua a fháil agus ansin chun an seoladh a chur amach chuig an phobail. Bhíomar in ann an méid sin a dhéanamh toisc go raibh an t-am againn, i ndáiríre, agus gach alt san iris a chur amach lá i ndiadh lae chun 15 seconds of fame a thabhairt do gach duine a scríobh píosa dúinn ionas go mbeadh aird ar a bpíosaí féin agus ionas go mothóidís go raibh duine ag féachaint ar a bpíosaí féin seachas díreach ar an iris iomlán.

Maidir le pointe an Teachta, i dtaobh na daoine a scríobh don iris, chuireamar an glaoch amach ónár gcuntais Instagram agus Twitter agus ar na meáin shóisialta go dtí lucht na hollscoile ar fad. D'fhógair an chuallacht go raibh scríbhneoirí á lorg againn agus tháinig daoine ar ais chugainn a bhí ag déanamh staidéar ar dlí, ar ghnó, ar teangacha agus ar leigheas. Chomh maith leis sin tháinig cúpla daoine chugainn a bhí thar lear ar bhliain Erasmus agus nach raibh sa choláiste fiú ach go raibh suim acu a bheith páirteach agus fiú iad gan a bheith ar champas.

I dtaobh na hiriseoirí, tá nuachtán agus iris i gColáiste na hOllscoile Corcaigh agus déanann siad siúd jab iontach, ach is as Béarla a fhoilsíonn siad. Scríobhaim an leathanach Gaeilge don nuachtán sa choláiste. Fiú dom féin, bhreathnaíos go raibh sé beagáinín uaigneach a bheith i m'eagarthóir Ghaeilge i measc na mBéarlóirí go léir toisc go raibh mé ag cur na píosaí isteach gach coicís agus ag rá gur seo mo phíosa agus gur féidir leo cibé rud ba mhian leo a dhéanamh leis. Fuarthas an-chuid dea-nuacht agus dúirt an-chuid Ghaeilgeoirí liom gur bhaineadar taitneamh as, ach ar na meáin shóisialta is ar na píosaí as Béarla a bhí an t-éileamh is mó orthu. Mar sin féin, i measc na nGaeilgeoirí, pé chúrsa nó pé aois atá orthu, measaim go bhfuil pobal ag an iris agus go bhfuil pobal Gaeilgeoirí an-láidir i gColáiste na hOllscoile Corcaigh. Tá strength in numbers an-láidir le feiscint san iris seo chun taispeáint do dhaoine óga nach bhfuil siad ina n-aonair, agus má theastaíonn uathu scríobh trí Ghaolainn, go bhfuil an-chuid daoine ann a theastaíonn sin uathu. Chabhraigh sé sin i dtaobh ratha na hirise.

Fiú do dhaoine nár scríobh an uair seo, tháinig cúpla daoine i dteagmháil liom ag rá go raibh an iris go hiontach agus go bhfaca siad cuid dá gcairde ag scríobh ann. Mar sin d'fhiafraigh siad an féidir leo a bheith páirteach an bhliain seo chugainn. Cabhraíonn sé sin i dtaobh poiblíochta ó bhéal a fháil chomh maith. Sin an méid atá le rá agam faoi sin.

Mr. Antóin Ó Trinlúin:

Tá mise ag féachaint ar shaol na Gaolainne san ollscoil le cúpla bliain anuas chomh maith. Thosnaigh mise ar an ollscoil cúig bliana ó shin; mar sin, táim beagáinín níos sine ná gach éinne eile a bhí páirteach san iris seo. Ag féachaint siar, nuair a thosaigh mé amach ar an ollscoil, bhí beagnach gach éinne a bhí páirteach ar choiste na Cuallachta ar aon chuma agus na daoine a d'fhreastalaíodh ar na himeachtaí ag tabhairt faoin nGaolainn mar ábhar san ollscoil. Tá sé sin athraithe go hiomlán beagnach. Ag féachaint ar choiste na bliana seo, tá 14 duine ar an gcoiste agus ní déarfainn go bhfuil ach thart ar ceathrar nó cúigear ag tabhairt faoin nGaolainn. Go bhfios dom, níl éinne ag tabhairt faoin nGaolainn mar ábhar sna healaíona. Is múinteoirí agus mar sin atá i gceist. Mar sin, tá athrú ollmhór tagtha.

Fiú ag féachaint ar na scríbhneoirí a bhí páirteach i mBreacféin, mar a luaigh Caitríona Ní Chonaill, bhí roinnt daoine agus b'fhéidir nár thaitin an Chuallacht leo agus b'fhéidir go raibh roinnt daoine nár theastaigh uathu a bheith ag freastal ar pop-up Gaeltachtaí nó ar ceardlanna fostaíochta nó pé rud é. Bhíodar sásta ailt a scríobh mar nach raibh orthu teacht chuig rud. Ní raibh orthu teacht go dtí an seoladh nó pé rud é ach bhí siad compordach ag an mbaile ag úsáid a gcuid Gaolainne. Bhí an-chuid daoine, b'fhéidir, nach raibh muiníneach as a gcuid Ghaolainne féin ach bhíodar sásta teacht chugainne agus sheoladar a gcuid ailt chugainn agus bhí orainn beagáinín léamh profaí a dhéanamh ach bhí sé sin go breá. Thug sé sin muinín dóibh agus tá súil agam go dtiocfadh siad thar n-ais mar sin agus go mbeidh a gcuid Gaolainne, b'fhéidir, níos fearr an chéad uair eile.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Fáiltím roimh an tslí go bhfuil an réimse ollmhór leathan de scríbhneoirí éagsúla ann. Cuireann sé ionadh orm nach raibh éinne ó na hiriseoirí ann. Surely go mbeadh sin mar chúrsa an-tábhachtach agus seolann sin teachtaireacht. B'fhéidir gur chóir teachtaireacht a sheoladh chuig an cúrsa sa choláiste go bhfuil margadh agus lucht léitheoireachta ann agus go mba chóir go mbeadh sé mar chuid den chúrsa. Tuigim go scríobhann na finnéithe an-chuid de na hailt ach surely go mba chóir go mbeadh sé mar chuid den chúrsa do na hiriseoirí go bhfuil an t-ardán seo ann chomh maith agus go bhfuil níos mó ná Béarla le scríobh.

Ms Caitríona Ní Chonaill:

Chuireamar an glaoch seo amach agus bhí sé ar fáil d'éinne a theastaigh uathu scríobh. Ní hé nach raibh a fhios acu ach níor thángadar chugainn. Tá cóipeanna den iris againn má theastaíonn cóip ó éinne agus chomh maith leis sin-----

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is féidir é a chur suas agus a thaispeáint don domhan. An príomhrud ná go gcaithfear é a dhíol.

Ms Caitríona Ní Chonaill:

I dtaobh pobal na Gaolainne i gColáiste na hOllscoile Corcaigh, is féidir clann a fheiscint ann. Is rud iontach é sin d'aon fhoghlaimeoir atá ag teacht isteach gur féidir leo a aithint go bhfuil sé mar a bhfuil siad ina gcónaí ann agus go bhfuil clann agus cairde acu. Cabhraíonn sé sin go mór i dtaobh muiníne a bheith ag duine i dtaobh na scríbhneoireachta agus i dtaobh na Gaeilge labhartha. Más féidir linn iriseoirí Béarla de chuid Coláiste na hOllscoile Corcaigh a mhealladh isteach sa chlann sin, b'fhéidir go gcabhródh sé sin chomh maith. I dtús báire, anuraidh, nuair a thosnaíodh an iris, ba comhoibriú a bhí ann idir an iris Bhéarla sa choláiste, Motley, agus an Chuallacht. Bhí iriseoirí ann i dtús báire, ach i mbliana ní raibh aon duine a bhí ag déanamh staidéar ar an iriseoireacht páirteach san eagrán.

Mr. Seán Ó hUallacháin:

Ba mhaith liom rud amháin eile a chur leis sin agus tagaim leis an méid atá ráite ag an Teachta. In ollscoileanna éagsúla bíonn an Ghaolainn agus an iriseoireacht ar fáil mar aon chúrsa amháin. Tá a fhios agam go bhfuil sé sin ar fáil in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus ceartaígí mé muna bhfuilim ceart ach is dóigh liom nach bhfuil sé sin ar fáil i gCorcaigh go dtí seo. B'fhéidir go mbaineann sé sin leis an bhfadhb. Má dhéanann daoine an cinneadh chun dul go Coláiste na hOllscoile Corcaigh agus b'fhéidir go bhfuil iriseoireacht na Gaolainne mar sprioc acu, déanann siad an cinneadh go bhfuil siad chun cúrsa sa Ghaolainn a dhéanamh agus b'fhéidir an iriseoireacht a dhéanamh amach ansin.

Professor Alan Titley:

Déanfaidh mé iarracht cuid de na ceisteanna sin a fhreagairt ar shlí chuimsitheach. Is é an rud is tábhachtaí ó thaobh na hiriseoireachta de ná go mbeadh, ní suim san iriseoireacht, ach suim in ábhar éigin. Ar shlí níl a leithéid agus iriseoir neamhspleách ón ábhar ina bhfuil suim aige nó aici. Fuarthas amach ó a bheith ag plé le cúrsaí oideachais i gcoláiste oiliúna ar feadh na céadta bliana ar feadh tamaill gur ghlac na mic léinn páirt i gcumainn a bhain le gach aon ábhar faoin spéir. Bhí cumainn Ghaelach, staire, ceoil, tíreolais agus sléibhteoireachta. Ní raibh oiread is cumann oideachais amháin ann. Ní raibh aon spéis ag na mic léinn san ábhar acadúil oideachas. Bhí spéis acu sa mhúinteoireacht agus i rudaí eile. Samhlaímse, go leor de na daoine a ghabhann le hiriseoireacht, b'fhéidir go samhlaíonn siad go bhfuil eochair draíochta éigin ansin a dhéanfaidh iriseoirí díobh. An rud is mó a dhéanann iriseoireacht díot ná go bhfuil spéis agat i rud éigin; sin an rud is tábhachtaí.

Bhíomar ag caint ar na hirisí san ollscoil agus arís níor cheart a bheith róbhuartha faoi. Tá fuinneamh iontach sa dream seo agus athraíonn sé ó bhliain go bliain. B'fhéidir nach mairfeadh Breacgo deo na ndeor. B'fhéidir go dtarlódh sé tar éis cúpla bliain go dtiocfadh dream ar an bhfód nach mbeidh aon spéis acu ann. Is cuimhin liom go raibh Síoli gCorcaigh fadó, bhí Macallai nGaillimh agus bhí Nua Aoisi gColáiste na hOllscoile Baile Átha Cliath. Gabhann sé timpeall agus is é an rud a thiománann na hirisí sin ná dream beag de dhaoine iontacha a chuireann rompu go mbeadh a leithéid ann. Níor ghá go mbeadh siad sin ann i gcónaí ach is dóigh liom go mbeidh irisí na mac léinn ann i gcónaí riamh. An rud a bhí Cathal Goan ag rá mar gheall ar an gcomhchaidreamh agus ar an gcomh mic léinn, arís bhí sé sin ann agus b'fhéidir go bhfuil breall arís orm. Is dóigh liom gur tháinig deireadh leis sin nuair a thit rudaí as a chéile nuair a rinne na bainc an tír a robáil. Sílim go bhfuil freagraí ar chuid de na ceisteanna ansin.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Déanfaidh mé iarracht deireadh a chur le cruinniú an lae inniu. Tá a lán ceisteanna agamsa ach níl ama agam. Tá saoi sa mbaile agam gur féidir liom ceisteanna a chur air agus tabharfaidh sé freagra éigin dom; níl a fhios agam an é an freagra ceart é. Gabhaim buíochas leis na finnéithe ar fad as na freagraí spéisiula ar fad a thug siad. Tá a lán eolas roinnte acu linne. Déanaim comhghairdeas le Comharas an 80 bliain a bheith slánaithe acu an mhí seo chugainn. Tá súil agam a bheith ag an ócáid a bheidh acu; tá an dáta sa dialann.

Mr. Cathal Goan:

Seachtain ón lá amárach.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá a fhios agam go bhfuil sé sa dialann mar trí rud eile ar siúl ag an am céanna, mar is gnách. Tá a fhios agam cá bhfuil mé ag dul. Bhí an comhrá an-spreagúil agus tá sé i gceist againn dreamanna eile a thógáil ós ár gcomhair, na leabharlanna san áireamh. Bhímid ag smaoineamh ar na heagarthóirí liteartha agus a leithéid a thógáil isteach. Mar sin déanfaimid athsmaoineamh air sin agus féachfaimid an féidir linn iad siúd a thógáil isteach chun ceisteanna a chur orthu. An rud atá i gceist againn ná an tuarascáil seo a bheith chomh leathan agus is féidir agus an méid eolais is mó gur féidir linn mar choiste a tharraingt isteach agus na moltaí a bheith ceangailte le chéile mar tá a lán de na fréamhacha céanna ann. Tá an chuid seo den díospóireacht thart. Gabhaim buíochas leis na finnéithe as an gcabhair a thug siad dúinn inniu.