Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 13 April 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein) | Oireachtas source

Táim ag léamh leabhair le hEoghan Mac Cormaic dar teidil Pluid. Is é an chéad leabhar trí Ghaeilge a cheannaigh mé le tamall maith. Ní hé an chéad táirge Gaeilge a cheannaigh mé ach an chéad leabhar. An bun fáth ná go bhfuil spéis agam i scéal Eoghain agus a chineál scríbhneoireachta.

Tá sé suimiúil go bhfuil cúrsaí poiblíochta luaite ag na finnéithe go léir. Le linn na díospóireachta agus an phlé ar an mBille teanga, rinneamar ár ndícheall dualgais agus freagrachtaí ar leith a chur ar chomhlachtaí príobháideacha. I dtaca le cúrsaí poiblíochta, is é a bun rud is tábhachtaí ná go bhfuil an rud feiceálach agus go bhfuil daoine in ann idirghníomhú a dhéanamh leis an táirge. Ní raibh an bua againn sa deireadh maidir leis na cuspóirí sin, ach táimid san áit ina bhfuil muid faoi láthair.

Tá dhá cheist agam. Tá rudaí ann ar nós Baile Átha Cliath le Gaeilge. Má cheannaítear uachtar reoite i siopa uachtar reoite Murphy's trí mheán na Gaeilge, gheofar cúpla cent as. Tá an cuma ar an scéal nach raibh a fhios ag na finnéithe ar seo. Beidh siad uilig ag dul chuig siopa Murphy's i ndiaidh an chruinnithe seo fá choinne uachtar reoite. Tá an tionscadal sin ag feidhmiú faoi láthair agus tréaslaím leis; is smaoineamh den scoth é. Ag an am céanna, nuair a bhí mé ag teacht anseo ó Stáisiún Uí Chonghaile - bhí an traein mall agus sin é an fáth go raibh mise mall - chonaic mé na comharthaí atá curtha ar na soilse sráide ag fógairt an fhéile léitheoireachta i mBaile Átha Cliath. Bhí siad go huile is go hiomlán i mBéarla. Is í an bhuncheist atá agam ná cá háit ar cheart an fhreagracht a bheith ó thaobh poiblíochta and feiceálacht na Gaeilge de, agus ó thaobh na cuspóirí atá ag na finnéithe. Tuigim nach bhfuil na háiseanna acu i dtaca le poiblíocht de. Cá háit ar cheart don fhreagracht a bheith suite i dtaca leis an Rialtas?

Luaigh an tAthair Frainc Mac Brádaigh An Ceathrú Póilí i mBéal Feirste. Tá seanaithne agam ar an siopa agus is áis den chéad scoth é. Déanann siad sárobair maidir lena seirbhísí. Cé chomh tábhachtach is atá an líonra cultúrlann sin ar fud na tíre? Is í sin an áit a dtéim féin agus an áit ina bhfuil an ráchairt. Cé go mothaím go bhfuil rudaí bunoscionn agus droim ar ais ó thaobh an Stáit de, nach é a bunrud ar cheart dúinn a dhéanamh ná a bheith ag tógáil áit inar féidir linn seirbhísí a thabhairt do phobail ina bhfuil an ráchairt seo ann? Cé chomh tábhachtach is atá na cultúrlanna agus na siopaí leabhar atá bainteach leo nó siopaí leabhar aonaracha ar nós An Siopa Leabhar i mBaile Átha Cliath? Cé chomh tábhachtach is atá sé go gcuireann muid le líon na gcultúrlann agus líon na spásanna sin ionas gur féidir le daoine leabhair agus irisí a dhíol agus, dar ndóigh, gur féidir lena a leithéid de na seoltaí a bhí Elly Shaw ag caint fúthu ní ba luaithe a chur ar bun?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.