Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 13 April 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Photo of Marc Ó CathasaighMarc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe ar fad as a gcur i láthair agus an plé agus díospóireacht shuimiúil atá tagtha ina dhiaidh sin. Rud a sheas amach sa mhéid a dúirt an tOllamh Titley ná nach mbíonn léirmheasanna ann ar leabhair Ghaolainne. Bíonn an fhadhb chéanna againne anseo san Oireachtas. Má dhéanann Comhalta óráid i nGaeilge amháin, ní bhfaighidh siad riamh aon chlúdach sna meáin. Déanann muid go léir an damhsa beag sin, ag athrá agus ag aistriú chun clúdach éigin a fháil ar an méid a dúirt muid.

Glacaim freisin leis an méid a dúirt na finnéithe faoin traidisiún ársa atá againn anseo. Ba chóir go dtabharfaimid cosaint dó sin agus an traidisiúin sin a chaomhnú. Tá mo chuid Gaeilge ag feabhsú de réir a chéile agus mé ag úsáid na Gaeilge anseo sa Pharlaimint, agus go háirithe sa choiste seo. Tá difríocht ollmhór ó thaobh teanga de idir an foclóir a bhaineann daoine úsáid as agus iad ag caint, sé sin, an Ghaolainn labhartha, agus an Ghaolainn scríofa. Is mór an difríocht idir an teanga labhartha agus an teanga scríofa. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh an fhoilsitheoireacht ann chun an foclóir níos fairsinge sin, nó an friotal fiú ó thaobh filíocht na Gaeilge, an tobar teanga agus an saibhreas teanga sin a chaomhnú.

Bíonn teannas ann. Bhíos ag caint faoin aistriú agus an t-athrá a dhéanann muidne agus muid ag caint anseo sa Dáil ach tá teannas ann freisin agus daoine ag cur a gcuid filíochta nó scríbhneoireachta faoi bhráid na ndaoine. Thug Nuala Ní Dhomhnaill an “Astrakhan Cloak” air sin. Tá teannas ansin - an gcaomhnaíonn sé macántacht an téacs gan é a chur in aistriúchán éigin? Rinne Biddy Jenkinson, mar shampla, cinneadh cróga gan aistriúchán a dhéanamh ar a cuid filíochta. Sin ceist dheacair agus casta ach tá cúpla ceist níos simplí agam.

An príomh-éileamh atá ag na finnéithe ná níos mó maoiniú ó thaobh foilsitheoireacht na Gaeilge. An féidir leo sonrú an méid tacaíochta nó an méid fordheontais a bheadh ag teastáil chun cuidiú leis an bhfoilsitheoireacht sin? Iarraim orthu freisin tuiscint níos fearr a thabhairt dom ar an margadh. Ní dea-fhocal é sin chun a bheith ag caint faoi ach cé mhéad duine atá ag léamh rudaí as Gaolainn? Cá bhfuil na leabhair Ghaolainne ag dul? An bhfuil siad ag dul go dtí na siopaí leabhar? Mar a chualamar ó Mhicheál Ó Conghaile ansin, níl seilf ann dóibh. An bhfuil siad ag dul go dtí na siopaí leabhar, na hollscoileanna, nó na leabharlanna? Cá bhfuil siad ag dul? Glacaim leis an méid a dúirt an tOllamh Titley. Níl daoine ag léamh leabhar, i nGaeilge, i mBéarla, i nGearmáinis nó pé rud mar sin. Táim féin ag léamh an t-uafás rudaí ar Twitter agus níl a fhios agam an bhfuilim ag léamh an méid céanna leabhair is a bhíos ag léamh cúpla bliain ó shin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.