Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 13 April 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Professor Alan Titley:

Ní rabhas ag tabhairt le fios nach mbíonn daoine ag léamh. An rud maidir le léamh leabhar ná nach bhfuil léitheoireacht chomh lárnach is a bhíodh. Tá an oiread sin rudaí eile ann. Tá na leabhair á fhoilsiú. Beidh na figiúirí ag Micheál Ó Conghaile agus foilsitheoirí eile maidir le cé mhéad a léitear ach sin rud eile. Bhí mé ag caint ar phobal na Gaeilge. Rud amháin is ea an dlúthphobal, mar atá sa Ghaeltacht, cur i gcás. Rud eile is ea an pobal scaipthe, le daoine aonaracha anseo is ansiúd. Ar shlí, is ea tábhacht na léitheoireachta ná go ndéanann sé nascadh idir na daoine sin ar fad. Tá pobal fíorúil amuigh ansin agus casann tú leis na daoine sin go hócáideach, anseo is ansiúd agus le heagraíochtaí agus mar sin de, ach ní dlúthphobal labhartha iad taobh amuigh den Ghaeltacht. Tugann sé sin tábhacht sa bhreis don léitheoireacht, don litríocht agus do na leabhair.

Labhair mé mar gheall ar fheabhas agus cothú na teanga féin. Cuir i gcás buachaill - nó cailín - óg nach raibh go maith ag an mBéarla. Dá n-iarrfaí conas a chuirfeadh an buachaill sin feabhas ar a chuid Béarla, ní déarfadh aon duine leis go gcaithfidh sé níos mó Béarla a labhairt. Déarfadh siad leis go gcaithfidh sé dul ag léamh an Bhéarla. Baineann an rud céanna le daoine go bhfuil scoth na Gaeilge labhartha acu. Is féidir leo aon rud a rá laistigh de na teorainneacha sin a leagaimid síos de ghnáth, ach ní féidir leo aon rud a rá níos faide ar aghaidh. An rud a bhrisfidh isteach air sin ná léitheoireacht níos fearr agus, uaireanta, níos dúshlánaí. Nuair a bhíonn daoine ag léamh rud éigin sa Bhéarla, má léann siad focal nach dtuigeann siad, leanann siad ar aghaidh mar go dtuigeann siad an comhthéacs, nó b’fhéidir go bhfeicfidh siad an focal sin arís agus ansin tugann sé an chiall dóibh. I gcás na Gaeilge, éiríonn go leor daoine as mar nach dtuigeann siad focal ach an rud atá le déanamh ná leanúint ar aghaidh. Is fadhb eile í sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.