Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 13 April 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá ceathrar comhaltaí i láthair, Teachtaí Dála agus Seanadóirí san áireamh, agus cuirfimid tús leis an gcruinniú dá réir. Leanfaidh an cruinniú seo ar aghaidh go dtí 4.30 p.m. más gá. Tá leithscéal faighte againn ó na Teachtaí Connolly agus Ó Cuív agus ón Seanadóir Kyne. Tá moill ar an Seanadóir Ó Donnghaile. Tá sé i Stáisiún Uí Chonghaile agus ar an mbealach; bhí moill ar an traein. Seachas sin, feicim go bhfuil na Teachtaí O'Dowd agus Aindrias Moynihan ag teacht isteach go fíorúil óna seomraí i phurláin Thithe an Oireachtais.

Cuirim fíor-fáilte roimh chomhaltaí an chomhchoiste agus roimh aon chomhalta eile a bheas ag freastal ar an gcruinniú nach baill den chomhchoiste iad. Cuirim fáilte freisin roimh na finnéithe a bheidh ag labhairt os ár gcomhair inniu agus roimh ár lucht féachana chomh maith. Ba mhaith liom fáilte a leathadh roimh an Athair Frainc Mac Brádaigh, stiúrthóir Timire an Chroí Ró-naofa; agus roimh Fionnuala Mac Aodha, eagarthóir Timire an Chroí Ró-naofa. Cuirim fáilte roimh Cathal Goan, cathaoirleach bord Comhar; agus roimh Elly Shaw, feidhmeannach gnó agus riarachán Comhar. Cuirim fáilte roimh Caitríona Ní Chonaill, príomheagarthóir Breac; roimh Antóin Ó Trinlúin, ball de mheitheal eagarthóireachta Breac; agus roimh Seán Ó hUallacháin, ceann de na scríbhneoirí do Bhreac. Cuirim fáilte roimh an Ollamh Alan Titley, scríbhneoir, aistritheoir, drámadóir agus iriseoir le The Irish Times; agus ina chuideachta tá an scríbhneoir Micheál Ó Conghaile. Ba mhaith liom ár mbuíochas a ghabháil leis na finnéithe as teacht anseo chun cúnamh a thabhairt dúinn déileáil leis an ábhar atá faoi chaibidil againn inniu agus le tamall anuas. Is mian liom a chur ar an taifead go bhfuil na finnéithe ar fad ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 4 laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais.

Tá mé chun an méid a leanas a rá ionas gur féidir liom clip a ullmhú amach anseo agus deirim an méid a leanas mar chuid d’ár n-iarrachtaí foilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge a spreagadh.

Táim ag iarraidh go poiblí ar na nuachtáin agus na hirisí ar fud na tíre, idir nuachtáin agus irisí náisiúnta agus áitiúla araon, cinneadh a dhéanamh agus a chur i gcríoch go réamhghníomhach go mbeidh alt Gaeilge nó ailt Ghaeilge mar chuid dá seirbhís rialta dá gcustaiméirí agus dá léitheoirí.

Chomh maith leis sin, táim ag iarraidh go poiblí ar na siopaí ar fud na tíre spás a sholáthar ar na seilfeanna do na hirisí agus leabhair Ghaeilge atá ar fáil. Go príomha, táim ag iarraidh ar an bpobal agus go mór mór ar phobal na Gaeilge na hirisí, na nuachtáin agus na leabhair a bhfuil ailt Ghaeilge iontu, atá á bhfoilsiú go rialta, a cheannach agus a léamh.

Chomh tábhachtach leis na hiarrachtaí sin, táim ag iarraidh ar gach leabharlann phoiblí i ngach contae den tír a chinntiú go bhfuil cóipeanna de na hirisí Gaeilge ar fáil go hoscailte agus go héasca don phobal i ngach brainse de gach leabharlann phoiblí, taobh leis na nuachtáin agus na hirisí Béarla atá ar fáil sna brainsí sin go rialta.

Rinne mé dearmad beirt a lua. Is iad Fionnuala Mac Aodha, eagarthóir, Timire an Chroí Ró-naofa, agus Caitríona Ní Chonaill, príomheagarthóir, Breac. Má rinne mé dearmad orthu, gabhaim mo leithscéal. Mura ndearna mé dearmad, tá botún déanta agam.

Caithfidh mé an píosa seo a léamh amach toisc gur coiste an Oireachtais é. Ní gá do na finnéithe a bheith buartha faoina bhfuil ann mar ní bheidh raic eadrainn, tá súil agam. Meabhraím do chomhaltaí, fhinnéithe agus bhaill fhoirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar gur féidir leis na gléasanna seo cur as do chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá rogha ag comhaltaí agus finnéithe freastal ar an gcruinniú go fisiciúil i seomra an choiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams. Má tá siad ag freastal go fíorúil ar Microsoft Teams i gcás cruinnithe phoiblí, is gá dóibh déanamh cinnte de go bhfuil na micreafóin múchta nuair nach bhfuil siad ag caint linn.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Molaim d'fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, beidh orthu amhlaidh a dhéanamh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach mbaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuirtear faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus do chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, duine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon ní a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar do na finnéithe éirí as na ráitis sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad leis an ordú sin láithreach má eisítear é.

Ní féidir linn gach uile iriseoir, scríbhneoir nó foilsitheoir a bheith os ár gcomhair sa seisiún. Táimid ag déanamh iarrachta déileáil le ceist mhór ó thaobh scríbhneoireacht, léitheoireacht agus fhoilsitheoireacht na Gaeilge agus féachaint cad is féidir linn mar choiste a mholadh do na hAirí, d'Fhoras na Gaeilge agus do na heagrais eile chun tabhairt faoi roinnt géarchéimeanna atá ann maidir le léitheoireacht, foilsitheoireacht agus a leithéid.

B'fhéidir go bhfuil daoine ann atá ag éisteacht linn nó go bhfuil aithne ag na finnéithe ar dhaoine a bhfuil tuairimí acu ar mhaith leo iad a roinnt linn. Ní féidir linn cuireadh a thabhairt do gach duine a bheith os ár gcomhair. Tá sraith cruinnithe eile fós le teacht ina mbeidh scríbhneoirí agus údair dhifriúla ann. Beidh na leabharlanna agus an Chomhairle Ealaíon os ár gcomhair den tsraith seo. Déanfaimid iarracht a lán de ghnéithe difriúla nó de thréithe difriúla an ghnó seo a tharraingt isteach. Má tá tuairimí ag daoine eile, is féidir leo iad a chur chugainn agus cuirfimid san áireamh iad nuair atáimid ag cur tuarascála le chéile ag an deireadh.

Tá súil againn go mbeidh an obair seo ar fad críochnaithe roimh an samhradh agus go mbeidh tuarascáil againn i mí Mheán Fómhair nó i mí Dheireadh Fómhair. Beidh sé sin curtha faoi bhráid na Dála agus an Aire agus aon dream eile a síleann an coiste ag an stad sin gur chóir dúinn iad a chur faoina bhráid. Tosóimid leo siúd atá chun caint thar ceann Timire an Chroí Ró-naofa.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.