Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 13 April 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Fr. Frainc Mac BrĂ¡daigh:

Beidh mé gonta. Tá cás le déanamh go háirithe ag Timire an Chroí Ró-naofale maoiniú Stáit a fháil. Baineadh an maoiniú sin dúinn cúpla bliain ó shin. Tá roinnt mhaith á déanamh againn le léitheoireacht na Gaeilge a chur chun cinn. Foilsímid ceithre eagrán in aghaidh na bliana, le 48 leathanach i ngach ceann. Tá 800 síntiús againn agus níos mó ná sin, tá 100 eagrán eile á ndíol, scaipthe idir Ghaeltacht agus iar-Ghaeltacht, is é sin an Ghalltacht. Tá an cás sin láidir.

Tá líon mór léitheoirí againn. Táimid ag cur ábhar léitheoireachta ar fáil. Tá tacaíocht againn ónár léitheoirí agus ó Chumann Íosa a bhfuilimid ag brath uirthi. Tá ábhar leathan léitheoireachta atá soléite á fhoilsiú agus tá plean cuimsitheach cúig bliana á fheidhmiú againn. Tá pleananna againn tuilleadh spreagtha a thabhairt do léitheoireacht na Gaeilge trí chomhoibriú le suíomhanna Idirlín Íosánaigh agus suíomhanna eile, de réir mar is acmhainn dúinn a dhéanamh.

Chomh maith leis sin, tá gá le seiftiúlacht Thithe an Oireachtais agus Theachtaí Dála le teacht ar bhreis mhaoinithe d'fhoilsiú na Gaeilge. Tá gá ag Foras na Gaeilge ach go háirithe le tacaíocht na dTeachtaí Dála agus na gcomhaltaí. Tá baol ann, má dhéanann siad plean nua a fheidhmiú, go mbainfidh siad cuid den mhaoiniú de dhream amháin le tabhairt do dhream eile. Tá gá le Teachtaí cos a chur síos ansin agus cuidiú le breis mhaoinithe a chur i dtreo fhoilsitheoireacht na Gaeilge.

Nílimid ag iarraidh a bheith ag troid le haon dream eile. Má táimid ag iarraidh maoinithe, nílimid ag iarraidh go mbainfear de dhream eile é. Tá gá go ndéanfaidh na Teachtaí Dála breathnú ar an maoiniú atá ar fáil agus seifteanna a chumadh le breis mhaoinithe a thabhairt d'Fhoras na Gaeilge sa chaoi nach mbeidh aon chathú orthu muid a chur in éadan a chéile.

Tá cás ann go n-iarrfadh an comhchoiste go ndéanfaí iniúchadh cuimsitheach gach cúig bliana nó seacht mbliana ar an méid Ghaeilge a fhoilsítear agus a léitear idir ábhar chlóite agus leictreonach.

Tá miotas ann nach léann pobal na Gaeilge agus ní dóigh liomsa go bhfuil sé sin fíor. B’fhéidir go bhfuil mé aineolach anseo ach ní dóigh liom go bhfuil aon bhealach ag aon dream chun tuairisc chuimsitheach a chur ar fáil de gach rud atá á fhoilsiú agus á léamh, idir rudaí clóite, leictreonach agus suíomhanna gréasáin sóisialta. Tá na rudaí sin ag feidhmiú ach níl cur síos ag aon duine ar an méid Gaeilge atá á fhoilsiú gach bliain. B’fhiú go mbeadh tuairisc mar sin ann gach cúig bliana leis an méid Gaeilge atá á léamh a thaispeáint. Chomh maith leis sin, teastaíonn tacaíocht phearsanta ó Theachtaí agus Seanadóirí, agus iad a bheith ag rá lena chéile céard is fiú a léamh i nGaeilge. Má tá suim acu i rud agus má tá taitneamh agus tairbhe bainte as, ba chóir go mbeadh bealach ann é sin a chur in iúl sa chaoi go mbeidh an cheannaireacht sin le feiceáil ó Thithe an Oireachtais ó thaobh léamh na Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.