Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 13 April 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)
Mr. Cathal Goan:
Táimid buíoch de bhaill an chomhchoiste as cuireadh a thabhairt dúinn theacht ina láthair thar ceann Comhar. Is mór againne spéis an chomhchoiste sa téama seo, sé sin, spreagadh foilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge. I mo chuideachta anseo tá Elly Shaw, feidhmeannach gnó agus riaracháin Comhar. Tá súil againn go mbeidh muid in ann ceist ar bith a ritheann leis na baill faoina bhfuil ar siúl ag Comhar a fhreagairt go sásúil.
Is ceart agus is cóir a bheith buíoch den choiste as a ról lárnach i bhforbairt fhorálacha an Achta teanga leasaithe. Níl amhras orainn ach go mbeidh tionchar nach beag ag na forálacha sin ar thacaíocht na bhforas Stáit d’fhoilsitheoireacht na Gaeilge.
Mar atá a fhios ag an gcoiste faoin am seo - nó tá súil agam go bhfuil a fhios - beidh Comhar ag ceiliúradh 80 bliain bunaithe an mhí seo chugainn. Ó mhí na Bealtaine 1942 i leith, tá Comhar tar éis a bheith chun tosaigh maidir le foilsiú scoth na scríbhneoireachta, idir scríbhneoireacht chruthaitheach, iriseoireachta agus critice. Is ar éigean go bhfuil scríbhneoir fiúntach ar bith le 80 bliain anois nach bhfuil saothar leo foilsithe ar leathanaigh Comhar.
San aighneacht a chuir muid isteach ag an gcomhchoiste, leag muid amach struchtúr na cuideachta agus rinne muid cur síos ar ghníomhaíochtaí na cuideachta, idir an míosachán den teideal céanna, LeabhairCOMHAR, COMHARTaighde, “Portráidí Scríbhneoirí na Gaeilge”, an t-imphrionta acadúil nua CLÓ agus an togra píolóta “Léitheoirí na Gaeilge”. Is léiriú an méid sin ar an tiomantas a bhaineann le Comhar i dtaca le cothú agus cothabháil cultúr na léitheoireachta i measc lucht na Gaeilge sa bhaile agus i gcéin. Braitheann forbairt an chultúir sin ar chruthaitheacht, ar shamhlaíocht agus ar mhisneach scríobhneoirí Gaeilge, idir óg agus aosta. Creidimid go gcuireann Comhar tacaíocht agus misneach ar fáil do scríbhneoirí agus léitheoirí araon agus tá súil againn go bhfuil léargas éigin ar an méid sin le feiceáil sna staitisticí a cuireadh ar fáil don choiste.
Ní gan dua a fheidhmíonn muid mar sin féin agus is trí obair dheonach an bhoird stiúrtha agus cúntóirí eile gur beart leis an bhfoireann lánaimseartha de bheirt na gníomhaíochtaí seo uilig a choinneáil sa siúl. Aontaíonn Comhar leis an méid a dúirt Tuairisc, Nósagus Feasta leis an gcoiste i bhFeabhra, agus an méid atá ráite ag an Athair Frainc Mac Brádaigh anois thar ceannTimire an Chroí Ró-naofa. Ní leor an maoiniú a chuireann Foras na Gaeilge ar fáil, sé sin, €500,000 in aghaidh na bliana, chun críche na bhfoilseachán seo a thabhairt slán. Ba mhór againn tacaíocht ar bith a léireodh an coiste seo chun tabhairt ar Fhoras na Gaeilge a theacht ar mhalairt cur chuige.
No comments