Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 13 April 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Ms Caitríona Ní Chonaill:

Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an deis chun labhairt leis mar gheall ar an iris Breacagus iriseoireacht do lucht an tríú leibhéil araon. Is mise príomheagarthóir na hirise agus in éineacht liom inniu tá Antóin Ó Trinliún, ball den mheitheal eagarthóireachta le Breac, agus Seán Ó hUallacháin, scríbhneoir leis an iris chéanna. Ba mhaith liom an taithí atá agam i dtaobh cúrsaí iriseoireachta trí mheán na Gaolainne i gcoláiste tríú leibhéal a roinnt leis an gcoiste inniu.

Tosaíodh an iris anuraidh mar chomhoibriú idir chumann Gaelach Coláiste na hOllscoile Corcaigh, An Chuallacht, agus iris eile de chuid na hollscoile, Motley. De bharr srianta Covid agus an chuid ba mhó de na mic léinn a bheith ag cianfhoghlaim, cuireadh an chéad eagrán den iris amach ar líne amháin. An príomh-dhifríocht idir iris na bliana seo caite agus an t-eagrán i mbliana ná go raibh an iris curtha i gcló don chéad uair i mbliana. Ceann de na cúiseanna is mó go raibh rath ar an iris ná an dearadh fíor-mhealltach atá uirthi. Tá gach alt difriúil ó chéile agus tá an iris ildaite agus snasta, rud a tharraingíonn aird uirthi. Táimid an-bhuíoch dár ndearthóir Max Callanan, atá sa dara bliain i gColáiste na hOllscoile Corcaigh, as cabhrú linn chomh mór sin.

Bua eile atá againn ná réimse ár n-ábhar scríbhneoireachta. Tá a lán Gaeilgeoirí gníomhacha i measc lucht na Cuallachta agus mar sin bhí sé éasca go leor scríbhneoirí a fháil don iris. Chabhraigh ár bhfógraí ar na meáin shóisialta linn chomh maith, go háirithe ar Instagram, aip lena mbíonn an-chuid mic léinn tógtha. Chuireamar ceist ar roinnt daoine píosaí a scríobh, rud a chabhraigh go mór chun suim a mhúscailt i measc na mic léinn i gCorcaigh. Rud iontach faoin iris seo ná gur bhailigh sé mic léinn éagsúla le chéile, dream nach mbeadh nasc ar bith eatarthu murach an iris. Tá ailt scríofa ag mic léinn atá ag déanamh staidéir ar an dlí, gnó, bainistíocht agus sláinte, mar shampla. Is léir go bhfuil na hailt sin scríofa ag ógánaigh le haghaidh lucht léitheoireachta ar chomhaois leo féin. Tá an Ghaolainn á úsáid mar mhodh cumarsáide san iris agus ní díreach mar ábhar díospóireachta, rud atá go hiontach le feiscint agus todhchaí na Gaolainne go mór i mbéal an phobail na laethanta seo. Seo an chéad uair do roinnt de scríbhneoirí Breacpeann a chur le pár. Ábhar mórtais do chách is ea a leithéid, mar aon lena gcuid saothar a bheith i gcló, rud a chabhraíonn go mór le meanma scríbhneoirí nua. Beidh Antóin Ó Trinliún agus Seán Ó hUallacháin ag caint níos mó faoi seo i gceann tamaill.

Tar éis dúinn go leor cóipeanna a scaipeadh timpeall an champais, bhíodar go léir imithe tar éis cúpla lá agus bhí orainn níos mó a scaipeadh ansin. Léiríonn a leithéid an tsuim mhór atá ag mórán mic léinn sa Ghaolainn i gCorcaigh, agus an tábhacht a bhaineann le glóir na mic léinn céanna a bheith i mbéal an phobail i gColáiste na hOllscoile Corcaigh. Chomh maith leis sin, dhein an fhoireann cinnte de go raibh an iris scaipthe ar fud gach campas sa choláiste. Fágadh cóipeanna den iris i ngach fhoirgneamh, gach bialann agus gach caifé san ollscoil chun an méid is mó mic léinn a shroicheadh, seachas díreach í a chur ag roinn na nua-Ghaeilge sa choláiste. Chuireamar roinnt cóipeanna chuig siopaí lasmuigh den choláiste chomh maith.

Spreagann foilseacháin mar seo daoine óga a bheith ag scríobh leo trí mheán na Gaolainne agus meallann siad Gaeilgeoirí le suim i réimse leathan ábhair chun peann a chur le pár. Tá roinnt smaointe agam féin i dtaobh cúrsaí iriseoireachta trí mheán na Gaolainne a fheabhsú sna coláistí amach anseo, go háirithe lucht na n-irisí Béarla atá sna coláistí cheana féin agus lucht na Gaolainne a thabhairt le chéile. Is léir ón iris seo go bhfuil beocht agus spéis ag lucht an tríú leibhéal dul i mbun pinn trí mheán na Gaolainne. Maidir le todhchaí na hiriseoireachta trí mheán na Gaolainne sna coláistí, caithfear ardán a thabhairt do dhaoine chun a gcuid scríbhneoireachta a fhoilsiú i gcomhpháirt lena gcomhghleacaithe, i bhfoilseacháin mealltach agus snasta.

Gabhaim buíochas leis na baill go léir as ucht éisteacht liom.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.