Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 23 March 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Cruthú Pobal Gaeltachta: Plé

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Leanfaidh an cruinniú seo ar aghaidh go dtí 4.30 p.m. más gá ach tá súil agam nach mbeidh gá. Tá leithscéal faighte againn ón Teachta Ó Cathasaigh. Cuirim fearadh na fáilte roimh chomhaltaí an chomhchoiste, roimh na Comhaltaí eile a bheidh ag freastal ar an gcruinniú, roimh na finnéithe atá chun labhairt os ár gcomhair inniu agus roimh an lucht féachana atá ag breathnú ar sheirbhís teilifíse an Oireachtais. Cuirim fáilte roimh na finnéithe atá anseo thar ceann Coiste Forbartha Charn Tóchair: Joe Ó Dochartaigh, oifigeach óige; Niall Ó Catháin, rúnaí comhlachta; agus Pádraig Ó Mianáin, ball coiste. Anseo mar ionadaithe thar ceann Glór na Móna, tá an Dr. Feargal Mac Ionnrachtaigh, stiúrthóir feidhmiúcháin; Gearóidín Nic Chathmaoil, oifigeach forbartha Gaeilge; agus an Dr. Orla Nic Oirc, oifigeach forbartha gnó. Gabhaim buíochas leis na finnéithe as teacht anseo chun cúnamh a thabhairt dúinn inár bplé ar cheisteanna pleanála Gaeltachta agus a leithéid. Tá na finnéithe uilig ag freastal ar an gcruinniú istigh i seomra coiste 4, laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais.

Sula leanfaidh mé ar aghaidh, tá dualgas orm na rialacha agus na treoracha a leagan faoi bhráid na ndaoine atá ag freastal ar an gcruinniú seo. Meabhraím do chomhaltaí, fhinnéithe agus bhaill foirne cinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar gur féidir leis na gléasanna seo cur as do chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá rogha ag comhaltaí agus finnéithe a bheith anseo go fisiciúil i seomra an choiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams, ar an gcoinníoll i gcás na gcomhaltaí gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar seo. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Agus comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh an físeán a bheith ar siúl an t-am go léir agus a bheith le feiceáil ar an scáileán. Baineann an coinníoll seo leis na finnéithe chomh maith, ach níl aon fhinné ag freastal go fíorúil inniu. Ba chóir dóibh siúd atá ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil a chinntiú go bhfuil a micreafóin múchta acu nuair nach bhfuil siad ag caint.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Molaim d'fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, beidh orthu amhlaidh a dhéanamh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach mbaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuirtear faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus do chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, duine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon ní a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar do na finnéithe éirí as na ráitis sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad leis an ordú sin láithreach má thugtar é.

Iarraim anois ar Phádraig Ó Mianáin ó Choiste Forbartha Charn Tóchair labhairt os comhair an choiste.

Mr. Pádraig Ó Mianáin:

Gabhaim buíochas as an gcuireadh a bheith i láthair inniu. Is ceantar iar-Ghaeltachta tuaithe i ndeisceart Chontae Dhoire é Carn Tóchair. Nuair a bunaíodh Coiste Forbartha Charn Tóchair in 1992, ní raibh ach cúpla duine sa cheantar a raibh Gaeilge acu. Bhí sé mar chuspóir ag an gcoiste forbartha an Ghaeilge a athbhunú mar theanga bheo, in éineacht le forbairt shóisialta, forbairt eacnamaíochta agus caomhnú na timpeallachta sa cheantar.

In 1992, bunaíodh Naíscoil Charn Tóchair, an chéad naíscoil Ghaeilge tuaithe áit ar bith in Éirinn taobh amuigh den Ghaeltacht. An bhliain dár gcionn, bunaíodh Bunscoil Luraigh, an chéad Ghaelscoil tuaithe sa tír mar an gcéanna, agus bunaíodh an dara naíscoil freisin. D’ainneoin dian-streachailt na blianta tosaigh, gan aitheantas ná maoiniú oifigiúil, tháinig fás leanúnach ar líon na bpáistí ag dul tríd an ghaeloideachas sa cheantar. Le deich mbliana anuas, tá tromlach na bpáistí sa cheantar ag dul tríd an chóras gaeloideachais agus sa lá atá inniu ann, tá 35 páiste sa dá naíscoil Ghaeilge, 182 dalta sa bhunscoil Ghaeilge - le taobh 80 sa bhunscoil Bhéarla - agus 272 dalta i nGaelcholáiste Dhoire, atá in aice láimhe, a d’oscail in 2015.

Bhí gá le bonneagar sóisialta agus eacnamaíochta a chruthú le síol an ghaeloideachais a chur ag bláthú mar phobal Gaeilge. Céim ar chéim leis an ngluaiseacht teanga, thug an coiste forbartha faoi réimse cuimsitheach de thograí agus fiontair shóisialta, timpeallachta agus gnó. I measc na dtograí atá curtha i gcrích, tá scéim tithíochta pobail, ionad pobail, ionad ealaíne agus ilúsáide, siopa ceardaíochta agus leabhar, caifé, tithe saoire féinfhreastail agus dhá mhuileann gaoithe, chomh maith le tearmann dúlra pobail breis is 200 acra ina bhfuil meascán de ghnáthóga dúchasacha agus feirm chaomhantais. Tá an Ghaeilge fite fuaite leis na tograí sin go léir agus cuireann siad deiseanna fostaíochta ar fáil do Ghaeilgeoirí óga agus do mhuintir an cheantair i gcoitinne. Cabhraíonn siad le forbairt an aosa óig agus tacaíonn siad le tuismitheoirí atá ag tógáil a gclanna le Gaeilge. Tá an-bhéim fosta ar an gcumarsáid leanúnach le mórphobal an cheantair agus tá a thoradh sin le feiceáil sa mhéadú leanúnach atá ar líon rolla an ghaeloideachais.

Bhí pleanáil straitéiseach fhadtéarmach mar bhonn do ghluaiseacht athbhunaithe na Gaeilge sa cheantar ón tús. In 2008, d’fhoilsigh an coiste straitéis teanga 50 bliain. Rinneadh nuashonrú air in 2015 agus go gearr ina dhiaidh sin, tháinig scéim líonraí teanga Fhoras na Gaeilge agus chuir an coiste forbartha plean saindeartha le chéile dá iarratas. Tá Carn Tóchair anois ar cheann den chúig cheantar sa tír a bhfuil stádas líonra acu agus táimid an tnúth le tabhairt faoi fheidhmiú ár bplean teanga sna seacht mbliana amach romhainn.

Ní fhéadfaí an dul chun cinn atá déanta le hathbhunú na Gaeilge i gCarn Tóchair a bhaint amach gan tacaíocht leanúnach mhaoinithe Fhoras na Gaeilge go háirithe, agus rannóga Rialtais eile. Ní fhéadfaí clár cuimsitheach d’ardchaighdeán a riar ar bhonn leanúnach atriallach gan acmhainní foirne agus maoiniú cláir, go háirithe nuair a bhíonn éiginnteacht ag baint leis an maoiniú ó Thuaidh amanna. Is léiriú ar na torthaí gur féidir a bhaint amach le diansaothar agus maoiniú tacaíochta an méid atá curtha i gcrích i gCarn Tóchair le 30 bliain. Iarraimid go láidir go gcuirtear bunmhaoiniú agus buan-mhaoiniú ar fáil do na tionscadail, na grúpaí agus na hionaid Ghaeilge ar fud na tíre chun a chinntiú nach gcailltear an méid atá baint amach acu go dtí seo.

Dr. Feargal Mac Ionnrachtaigh:

Go raibh maith agaibh as cuireadh a thabhairt dúinn a bheith anseo inniu. Gabhaim leithscéal thar ceann phobail Bhóthar Seoighe. Bhí Séamus Mac Seáin le bheith linn ach tá sé ag dul in aois agus ní raibh sé in ann a theacht, ar an drochuair.

Ba mhaith liom tús a chur le mo ráiteas tríd ardmholadh a thabhairt do mhuintir Bhóthar Seoighe. Is iadsan a leag síol na hathbheochana ó Thuaidh. Thóg siad naoi dteach thar tréimhse naoi mbliana gan pingin de mhaoiniú stáit agus rinne siad é seo i gcomhthéacs coraíocht fhíochmhar ina raibh foréigean ag dul ar siúl thart timpeall orthu. Nuair a bhunaigh siad an chéad Ghaelscoil in 1971, cuireadh bagairt príosúnachta orthu. Bíonn muid féin ag mealladh cuid mhór spreagadh as an dream seo.

Nuair a chríochnaigh siad an scéim in 1969, thosaigh na Trioblóidí ó Thuaidh. An samhradh sin, rinne siad Sráid Bombay a atógáil, in ainneoin go raibh an stát ag diúltú é sin a dhéanamh agus go raibh siad faoi ionsaí míleata oíche i ndiaidh oíche agus faoi bhagairt cúirte ó chomhairle Bhéal Feirste. Nuair a chríochnaigh siad ansin, tháinig siad ag an gceantar s’againne, ceantar Uachtar Chluanaí. An fear a bhí taobh thiar de sin ná Seán Mac Goill, a bhí mar ailtire. Dúirt sé gurb as ceantar dó a bhí ar an gceantar is boichte ó Thuaidh. Ní raibh an stát ag tabhairt tacaíochta ar bith do cheantar Bhaile Uí Mhurchú agus tháinig seisean aníos leis an moladh go dtig leis comharchumann oibrithe a thógáil sa bhaile. Thóg siad Ionad Tionsclaíochta na Carraige Báine agus Comharchumann Bhaile Uí Mhurchú. An t-aon rud a chuir as dó seo ná ionradh arm na Breataine sa cheantar. In 1977, dhóigh arm na Breataine an comharchumann go talamh. Cuireadh 44 Gael áitiúil as poist agus ní raibh rogha againne, nó ag Seán Mac Goill, sa tréimhse sin ach cíos a ghearradh ar arm na Breataine idir 1977 agus 2000. Chuir sé an t-airgead ar fad a tháinig i dtreo an chomhlachta ó na hiarrachtaí sin ar ais isteach i saol na Gaeilge, chun Bunscoil an tSléibhe Dhuibh a thógáil inár gceantar féin agus chun Iontaobhas na Gaelscolaíochta a bhunú in 1999. Táimid go mór faoi chomaoin ag an dream seo. Bíonn muid i gcónaí ag rá go bhfuilimid ag seasamh ar ghuaillí na bhfathach agus gur seo an dream a thugann spreagadh dúinn. Inár gceantar féin, is iarchimí poblachtacha a rinne an cinneadh an dá Ghaelscoil a thógáil agus a bhunú sa cheantar, sé sin, Bunscoil an tSléibhe Dhuibh i mBaile Uí Mhurchú agus Gaelscoil na Móna i Loiste na Móna féin. Tá sé spéisiúil go bhfuil páistí na n-iarchimí seo ina suí thart orainn inniu agus ag obair le Glór na Móna go dtí an lá atá inniu ann.

In 2004, bunaíodh Glór na Móna mar bhaicle do dhíograiseoirí teanga, mé féin ina measc, a bhí ar an ollscoil sa tréimhse sin agus a bhí ag iarraidh cur leis an dúshraith a thóg na ceannródaithe seo romhainn. Thosaigh muid amach ag déanamh corr imeacht agus cúpla rang sa cheantar agus d’fhás an uaillmhian.

Sa bhliain 2008, fuair muid maoiniú Fhoras na Gaeilge don scéim phobal Gaeilge. Don chéad uair bhíomar ábalta oifigeach forbartha teanga a fhostú sa cheantar agus tús a chur le hinfreastruchtúir de chineál éigin a fhorbairt ann. Sa bhliain 2009, d’aithin muid go raibh an obair óige trí Ghaeilge mar bhearna ollmhór san athbheochan seo againne agus thosaigh muid ag gníomhú dá réir. Mheall muid na daoine cuí agus sa lá atá inniu ann tá ceithre cumainn óige á reachtúil againn. Tá 23 ball foirne ag obair sa togra seo, beirt acu go lánaimseartha agus táimid ag freastal ar 450 duine óg in aghaidh na seachtaine thar seacht n-oíche de sheirbhís.

Mar is eol don choiste, agus b’fhéidir go mbeimis ábalta filleadh air seo sna ceisteanna, tá an tseirbhís seo faoi bhagairt faoi láthair, mar a tharlaíonn sé, sa bhliain 2022. Táimid go fóill ag plé le hiarmhairtí na biogóideachta ó Thuaidh agus a lán de na húdaráis ó Thuaidh nár bhog isteach sa mhílaois nua nó sa todhchaí roinnte a gealladh dúinn. Mar sin féin, sílim go bhfuil socrú le teacht ar an scéal sin go luath. Fosta, ón chéad lá, d’aithin Glór na Móna gurbh é úsáid shóisialta na teanga a bhí mar bhunsprioc againn. Bíonn muid ag plé le tumúsáid na teanga. Bíonn Gearóidín Nic Cathmhaoil ag obair ar thionscadail teaghlaigh, scéim na dteaghlach agus suí is scíth, ag iarraidh spás a thabhairt dóibh siúd atá ag tógáil páistí le Gaeilge. Lena chois sin, bhunaigh muid club Chumann Lúthchleas Gael in 2017, Laochra Loch Lao. Is í an bhunsprioc atá ag na Laochra Loch Lao ná infreastruchtúr sochtheangeolaíochta a thógáil ina bhfuil an Ghaeilge ceannasach mar mháthairtheanga. Bíonn muid i gcónaí ag rá - táim féin ag cailleadh na traenála anocht mar go bhfuil muid anseo don óg cumainn - má tháinig tú anuas ó ingearán ó phláinéid eile, ní bheadh ach an teanga Ghaeilge le cloisteáil ag na seisiúin.

Fosta, tá muid an-ardallach go bhfuilimid ag feidhmiú i gceantar atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíochta. Táimid i gceantar atá ag fulaingt de bharr iarmhairtí cogaidh ó Thuaidh. Tá fadhbanna ollmhóra againn i dtaobh sláinte meabhrach sa cheantar agus amharcann muid ar an obair a dhéanann muid mar obair acmhainneach agus obair chumhachtaithe pobail trí chéile. Tá dhá fhéile a bhíonn muid ag reáchtáil in aghaidh na bliana, Féile na gClóigíní Gorma i mí na Bealtaine, atá ag plé le Sláinte is Folláine, agus Féile na Carraige i mí Dheireadh Fómhair, atá ag plé le polaitíocht, páirteachas, agus pobal. Is í Gearóidín Nic Cathmhaoil a bhíonn ag plé leis sin.

In 2016, d’éirigh linn maoiniú caipitil a fháil chun Gael-Ionad Mhic Goill a thógáil agus d'ainmnigh muid an foirgneamh i ndiaidh Seán Mac Goill, an fear ar labhair mé faoi níos luaithe. Fuair muid £400,000 de mhaoiniú. Thar thréimhse chúig bliana, bhíomar ag obair ar an togra seo agus faoin am gur chríochnaigh muid é, bhí an spás i bhfad róbheag. Táimid ag plé leis sin ó shin agus muid faoi bhrú ollmhór spáis. I mbliana, bhíomar in ann Orla Nic Oirc a fhostú mar oifigeach forbartha gnó. Tá sí ag cuidiú lenár bpleananna úra chun céim a dó den tógáil seo a fhorbairt. Táimid ina dhiaidh £50,000 a chur i dtreo botháin gearrthréimhseach a chur ann mar gheall ar líon na ndaoine óga atá ag freastal ar an gcumann óige. Fosta, i mí Eanáir na bliana, fuair muid scéal ón gcrannchur náisiúnta go bhfuair muid £400,000 thar thréimhse cheithre bliana chun togra a dhéanamh do pháistí a bhfuil uathachas orthu agus do pháistí le riachtanais bhreise fhoghlama. Is dóigh liom gurb é sin an chéad uair go raibh clár nuálach den chineál seo maoinithe ag na seirbhísí seo ó Thuaidh.

Bhí Glór na Móna lárnach i líonra Gaeilge iarthar Bhéal Feirste agus roghnaíodh muid mar cheanneagraíocht chun riar a dhéanamh ar an scéim sin in iarthar na cathrach, agus táimid iontach bródúil as an deis é sin a dhéanamh. Is í an sprioc atá againn ná mais chriticiúil de chainteoirí Gaeilge a fhorbairt chun pobal inmharthana teanga a bhuanú sa sprioc-cheantar sa tréimhse atá amach romhainn. Déanfar todhchaí na teanga a chinntiú tríd bhuanú agus neartú ar na forbairtí rathúla thart orainn, atá rud beag casta in iarthar na cathrach sa chaoi is go bhfuil cuid mhór ag dul ar aghaidh. Tá an plean seo a scríobhadh in 2018 ag iarraidh an cur chuige comhtháite, comhpháirteach sin a bhuanú agus a neartú chun an méid is mó a bhaint as.

Taobh istigh de thrí mhíle chearnaithe, an méid atá á phlé againn in iarthar na cathrach, tá cúig bhunscoil lán-Ghaeilge agus sé naíscoil; an Ghaelcholáiste is mó in Éirinn, Coláiste Feirste le 900 dalta; trí chumann óige faoi stiúir ag Glór na Móna; dhá eagraíocht phobail atá maoinithe ag an scéim phobal Gaeilge ag Foras na Gaeilge in Ionad Uibh Éachach agus Glór na Móna; dhá chúram lae rathúil mar atá Ionad Uibh Éachach agus Teach Mhamó; lárionad cultúrtha agus ealaíne i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich; raidió pobail lánaimseartha le Raidió Fáilte; lárionad foghlama Gaeilge le Cumann Chluain Árd; comhlacht traenála agus gairmoideachais darb ainm GaelChúrsaí; agus áisíneacht forbartha Gaeilge atá lonnaithe in Áras na bhFál ar Bhóthar na bhFál. Ina measc tá Forbairt Feirste, Iontaobhas na Gaelscolaíochta, Comhairle na Gaelscolaíochta agus Conradh na Gaeilge. Sin í an cineál sprice atá againn chun iarracht a dhéanamh é sin a thabhairt le chéile. Tá Glór na Móna bródúil as a bheith lárnach sa phróiseas seo. Tá an togra caipitil fadtréimhseach atá beartaithe againn, Croí na Carraige, ag iarraidh foirgneamh saintógtha óige, teaghlaigh, agus oidhreachta a thógáil sa cheantar a chuimsíonn scéal na staire seo agus a mhúnlaíonn an t-am atá i láthair agus na bunspriocanna atá againn a bhogadh chun cinn.

Táimid an-sásta gur thug an coiste cuireadh dúinn a bheith anseo inniu agus táimid ar bís go bhfuaireamar an deis an t-ardán seo a roinnt lenár gcomrádaithe ó Charn Tóchair a bhíonn ag obair linn go dlúth sa chineál seo oibre. Tá dhá líonra pleanála teanga againn ó Thuaidh, mar atá ag an Charn Tóchair agus iarthar na cathrach, agus táimid ag iarraidh oibriú le chéile go dlúth san am atá amach romhainn.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is é ceann de na fáthanna a thugamar cuireadh don dá dream a bheith os ár gcomhair ná go bhfuilimid tar éis pleanáil tithíochta agus pleanáil Ghaeltachta a phlé le tamall de mhíonna anuas. Sin ábhar atá gafa le pleanáil na comhairle contae. I gcás Glór na Móna agus Coiste Forbartha Charn Tóchair agus, mar a luadh, an cás spreagúil Bhóthar Seoighe, níor fhan na trí dream ar aitheantas stáit chun an obair a dhéanamh. Beidh ceisteanna ag na Teachtaí agus ag na Seanadóirí faoi conas ar éirigh leo an spreagadh sin dhéanamh, conas is féidir linn cabhrú leo, agus an bhfuil tuairimí acu maidir le pleanáil tithíochta ach go háirithe don tuairisc seo. Tá gnéithe eile á bplé againn chomh maith mar choiste. Téann an t-aitheantas sin i dtreo na bhfinnéithe ar fad agus a leithéidí Seán Mac Goill agus iad siúd a bhí gafa leis an togra sin nuair a tosaíodh é ar Bhóthar Seoighe. Tugadh spreagadh do a lán ceantair agus dreamanna eile ó shin i leith. Iad siúd atá os ár gcomhair, tá sibh fós ag tabhairt spreagadh do eagrais i gceantair uirbeacha agus thuaithe a bhíonn ag féachaint ar conas is féidir leo tabhairt faoin dúshlán mór, pobal a Ghaelú agus a hathghiniúint ag an am céanna.

Féadfaidh baill an choiste ceisteanna a chur. Aithním go bhfuil an Teachta Calleary agus an Seanadóir Ward ar líne. Bhí na Teachtaí Aindrias Ó Muimhneacháin agus Ó Dubhda ann, chomh maith leis an Seanadóir Kyne. Tá súil agam go mbeidh siad ar ais linn sula i bhfad.

Photo of Pa DalyPa Daly (Kerry, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Léigh mé na haighneachtaí a thug na finnéithe dúinn. Léiríonn siad go bhfuil scéim tithíochta cónaithe déanta acu. Cén sórt córais a bhí acu chun é sin a dhéanamh? An leis an gcomhairle contae nó comhlacht príobháideach a bhí sé? Conas a bunaíodh an scéim? I gCiarraí, cloisim ó dhaoine i nGaeltacht Uíbh Ráthach agus Chorca Dhuibhne go bhfuil fadhbanna acu tithíocht a chruthú. Is fiú é do na daoine atá ag maireachtáil ann na rudaí sin a fháil. Conas a bhunaigh siad an scéim sin?

Mr. Niall Ó Catháin:

Is mar gheall ar bánú tuaithe gur tháinig muid le chéile mar ghrúpa ar an gcéad dul síos. Sin an fáth ar thosaigh muid amach ar an fhadhb sin mar bhí daoine ag bogadh amach as an gceantar, go háirithe daoine óga. Bíodh daoine ag dul ar an ollscoil, ag bualadh le daoine agus ag imeacht go háiteanna eile agus ní raibh siad ag teacht ar ais chuig an cheantar. Sin é an fáth gur shocraigh muid ar dhíriú air sin. Mar shampla, i m'aoisghrúpa, ní raibh muid ábalta foireann mionúr a chur le chéile sa chlub.

Is é sin chomh holc is a bhí rudaí an t-am sin.

Is é an chéad rud a bhíomar ag iarraidh baint amach ná forbairt tithíochta a bhaint amach sa cheantar. Ag an am sin bhí an polasaí go hiomlán in éadan tithe a thógáil faoin tuath agus rinneamar iarracht dul i bhfeidhm ar an gcomhairle áitiúil. Ní raibh sí sásta ligean dúinn forbairt tithíochta a dhéanamh sa cheantar toisc go raibh sí faoin tuath agus mar nach raibh aon aitheantas mar shráidbhaile againn. Thosaíomar ag dul i bhfeidhm orthu agus toisc go bhfuil aitheantas ann do dispersed rural settlement, mar a ghlaotar air i mBéarla, dhíríomar isteach air sin agus rinneamar iarracht aitheantas a fháil mar dispersed rural settlement. Ní raibh an chomhairle sásta é sin a thabhairt dúinn ar an gcéad dul síos. Mar sin, d’aontaíomar le feirmeoir áitiúil suíomh a fháil ar an gcrosbhealach agus chuireamar iarratas pleanála isteach. Dhiúltaigh na pleanálaithe é agus chuireamar é chuig próiseas an Planning Appeals Commission. Bhaineamar an cead amach as sin agus bhíomar ábalta dul tríd an bpolasaí agus a chur in a luí gur dispersed rural settlement a bhí ann agus go rabhamar ag teacht leis na critéir uile a bhí leagtha amach sa pholasaí. Ba é sin an chéad rud a rinneamar in éineacht leis gur bhunaíomar an naíscoil ag an am céanna. Ba iad sin ann dá rud a rinneamar ag an tús. Ghlac sé ocht mbliana, ámh, leis an aitheantas sin a bhaint amach agus leis an gcead a fháil don tithíocht.

Photo of Pa DalyPa Daly (Kerry, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cé mhéad teach a bhí ann?

Mr. Niall Ó Catháin:

Bhí ocht gcinn acu ann. Mar gheall go bhfuaireamar aitheantas don mhórcheantar, bhí daoine ábalta teach eile a thógáil eatarthu, dá mbeadh dhá theach cóngarach le chéile. Bhí i bhfad níos daoine óga ábalta fanacht sa cheantar dá réir. Bhíadh sé doiligh teach a thógáil i lár na tuaithe ach bhíodh sé i bhfad níos fusa teach a thógáil a bhí béal dorais le teach na muintire seo acu, nó idir cúpla teach. Tógadh cúpla forbraíocht tithíochta beag sa cheantar. Bhí daoine ábalta fanacht sa cheantar mar gheall air sin agus is muidne an t-aon cheantar amháin sa mhórcheantar a fuair an t-aitheantas sin toisc gur throideamar ar a son. Is rud é sin a chuidigh go mór leis an gceantar agus leis an gclub agus is cuid den fháth é go bhfuil an club chomh láidir sin.

Photo of Pa DalyPa Daly (Kerry, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An raibh comhlacht nó co-op ag Coiste Forbartha Charn Tóchair nó conas ar éirigh leis é sin a bhaint amach?

Mr. Niall Ó Catháin:

Is trí Choiste Forbartha Charn Tóchair a rinneamar an rud uile.

Photo of Pa DalyPa Daly (Kerry, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Céard faoi na suíomhanna le seirbhísí nó serviced sites?

Mr. Niall Ó Catháin:

Rinneamar é leis an Rural Housing Association. Thóg an association, a bhí sé ina chomhpháirtí linn, na tithe agus fuaireamar an cead dóibh. Bhí dhá cheann phríobháideacha agus bhí sé gcinn ann atá ligthe amach ar cíos i gcónaí ann ag an Rural Housing Association.

Photo of Pa DalyPa Daly (Kerry, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar ceannaíodh an talamh ó fheirmeoir?

Mr. Niall Ó Catháin:

Ceannaíodh. Is é an chéad rud a bhíomar ag iarraidh a dhéanamh ná daoine a choinneáil sa cheantar, daoine eile a mhealladh ar ais chuig an gceantar agus réimse seirbhísí a sholáthar sa cheantar sa dóigh is go mbeadh sé tarraingteach do dhaoine clann a thógáil agus teacht ar ais ann. Is é sin an rud a tharla ó shin. Tá líon an daonra sa cheantar ardaithe ó shin, cinnte.

Photo of Pa DalyPa Daly (Kerry, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim míle maith le Niall Ó Catháin. Bhí sé sin an-suimiúil ar fad. Tá fáilte roimh ár n-aíonna ar fad.

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhaith liom ar dtús mo dhea-ghuí a thabhairt do mhuintir Bhóthar Seoighe. Mar atá ráite acu, breis is 50 bliain ó shin is iad siúd an splanc a las an tine bheo. Is é dea-shampla na bhfinnéithe atá os ár gcomhair inniu atá acu siúd atá ag fíorú na físe sin a bhí ag lucht Bhóthar Seoighe, agus é sin á dhéanamh acu thar a bheith éifeachtach fosta.

Is é an rud a léiríonn ceacht Ghlór na Móna agus Charn Tóchair ná gur féidir le ceantar ar bith a bheith ina cheantar Gaeltachta má tá an toil, an díograis, an fhís agus an gníomh ann fosta. Cé go bhfuilimid ag díriú isteach ar chúrsaí tithíochta, a bhfuil thar a bheith suntasach, is é an taithí atá againn i mBéal Feirste ná go raibh ceantar uirbeach againn ina raibh tithe againn ach ní raibh siad sáite uile le chéile, taobh amuigh de Rosgoill ar Bhóthar Seoighe. Is í an cheist atá agam, go háirithe ach ní hamháin do Ghlór na Móna ach dóibh siúd go léir atá anseo, ná cé chomh tábhachtach is a bhfuil an cineál tum-shaol sin a luaigh an Dr. Mac Ionnrachtaigh? Tá an tithíocht ann ach tá seirbhísí de dhíth fosta, mar atá seirbhísí oideachais, pobail, sláinte, agus sóisialta freisin. Cé chomh tábhachtach é, cén ceacht atá ag ár bhfinnéithe, agus cad a tharlaíonn nuair a dhíríonn siad isteach ar thithíocht amháin gan na seirbhísí uile atá de dhíth ar phobal ar bith?

Chun críoch a chur le mo cheisteanna, mar atá ráite agam, cé go bhfuil Bóthar Seoighe againn i mBéal Feirste, bhí plean ann cúpla bliain ó shin, deirim leis an Dr. Mac Ionnrachtaigh, faoin triantán ansin ag bun Ard na Bhá. Níl a fhios agam ach cá bhfuil an plean sin faoi láthair? Tá súil agam nach ceist mhíchothrom í sin-----

Dr. Feargal Mac Ionnrachtaigh:

Ní hí sin atá i gceist.

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

-----ach bheadh sé suimiúil i gcomhthéacs an phlé seo cloisteáil faoi staid an phlean sin. Bheadh sé thar a beith úsáideach dúinn go rachadh toscaireacht ón gcoiste seo chun ha háiseanna agus fíorú na físe seo, mar a dúirt mé, a fheiceáil agus é curtha i bhfeidhm i nDoire agus i mBéal Feirste fosta. Is é sin an méid uaim ag an bpointe seo.

Dr. Feargal Mac Ionnrachtaigh:

Is ceist leanúnach í seo maidir le lonnaíochtaí, go háirithe sa phleanáil teanga agus sa bhunfhealsúnacht atá le cúrsaí sochtheangeolaíochta. Tá ceist ann idir na lonnaíochtaí a bhfuil ciall leo ar bhonn geografach agus na líonraí úra seo atá ag forbairt istigh sna gréasáin teanga nach féidir leo tarlú go praiticiúil ach atá ag tógáil infreastruchtúir bhuana a mhaireann agus a chinntíonn, chomh fada agus is féidir, go mbogann an teanga ó ghlúin go glúin. Is ceist chiotach í sin, go háirithe dúinn anseo in iarthar na cathrach nuair atá na sluaite ag fanacht ar thithe agus nach féidir leo tithe a fháil, i nGaeilge nó Béarla.

Ar ndóigh, tá a fhios agam go bhfuil an cheist ansin freisin faoin triantán agus níl mé cinnte, leis an fhírinne a rá, cá seasann an tionscadal sin. Sílim go raibh sprioc ann ag an am chun tithe sóisialta a thógáil dóibh siúd le Gaeilge ach go raibh fadhbanna dleathacha a bhí ina n-éadan.

I gcás muidne féin, táimid ag plé mar a bhí mé ag rá ní ba luaithe, le bochtanas agus le cuid mhór fadhbanna socheacnamaíochta. Táimid ag iarraidh an teanga a bheith ag dul i ngleic leis sin. Bím i gcónaí ag smaoineamh ar infreastruchtúr a thógáil a bhuanódh na gréasáin sin. Má úsáidim mo pháistí féin mar shampla, téann siad ar naíscoil, ar bhunscoil agus tá súil agam go rachaidh siad ar mheánscoil. Tá cumann óige acu trí mheán na Gaeilge san oíche agus ceithre nó cúig oíche sa tseachtain. Thig leo dul ann chun drámaíocht agus ealaín a dhéanamh sa chultúrlann agus tá an Cumann Lúthchleas Gael ann trí mheán na Gaeilge.

Bhí an Cumann Lúthchleas Gael thar a bheith conspóideach ar fad againn sa chaoi is go bhfuil a lán againn bainteach le cumainn go stairiúil agus is rud ollmhór é scaradh ó do chumann féin. Is é an fáth gur shíleamar go raibh loighic leis sin ná go rabhamar ag cur togra pleanála teanga le chéile ina raibh bunsprioc an chumainn go mbeadh an Ghaeilge mar theanga an chumainn seachas í a bheith mar fhonóta nó mar chineál afterthought mar a bhfuil sé sa mhórchumann.

Is é sin an cineál sprice a bhí againn chun na gréasáin sin a bhuanú i rith na bliana. Tuigimid nach bhfuil siad sin chomh láidir agus nach mbeidh siad go deo chomh láidir le lonnaíochtaí geografacha ina bhfuilimid uile le chéile ach in éagmais na lonnaíochtaí sin, tá dualgas orainn iarracht a dhéanamh.

I gcás Bhéal Feirste, caithimid iarracht a dhéanamh daoine sa trí mhíle cearnógach sin a bhuanú agus a bheith cinnte go bhfuilimid ag déanamh measúnaithe cruinne ar mheas criticiúil de chineál éigin a thógáil thar tréimhse ama. Caithimid a bheith iontach eolach cá bhfuil na Gaeil seo ina gcónaí agus cé chomh minic agus a dtagann siad le chéile. Deirtear nach gréasán é más rud nach dtagann sé le chéile ach uair amháin sa mhí cuirim i gcás so caithimid iarracht a dhéanamh go bhfuil muid ábalta deiseanna a chur ar fáil ionas go dtiocfadh le sciar measartha láidir den phobal saol iomlán s’acu a chaitheamh trí mheán na Gaeilge. Sin an bunsprioc atá againne leis an phlean teanga atá againn in iarthar na cathrach. Tuigim go bhfuil teorainneacha ann leis sin agus go mbeadh sé i bhfad ní ba láidre dá mbeadh na lonnaíochtaí geografacha ann mar chur chuige mar a bhí ann le Bóthar Seoighe.

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cad é an taithí atá ag na finnéithe maidir leis na seirbhísí sin a bheith níos leithne ná an tithíocht amháin? Luaigh an Dr. Mac Ionnrachtaigh, agus tá an ceart aige, na fadhbanna atá againn ach tá fadhbanna ar leith ann i gcomhthéacs ceantair tuaithe. Tá spéis agam sa cheist sin fosta.

Mr. Niall Ó Catháin:

Tá seirbhísí óige ann go príomha. Nuair a bunaíodh Coiste Forbartha Charn Tóchair, ní raibh aon chumann forbartha eile sa mhórcheantar; mar sin, ní raibh aon seirbhísí ann. Is muidne an t-aon ghrúpa amháin a bhí ag soláthar seirbhísí don chomhphobal. Buntáiste a bhí ansin go pointe mar bhíomar ábalta díriú ar riachtanais a bhí ann sa cheantar agus an Ghaeilge a chur ag croílár achan rud. Tá muid giota beag difriúil ó Bhóthar Seoighe. Ní hé gur tháinig grúpa Gaeilgeoirí le chéile agus gur thosaigh muid Gaeltacht mar tá na seirbhísí atá muid ag iarraidh a sholáthar difriúil. Táimid ag tabhairt faoi riachtanas na bpáistí atá ag freastail ar an nGaeloideas go príomha agus ansin stuif eile a dhéanamh. Déanaimid seirbhísí eile a sholáthar, trí mheán an Bhéarla chuid mhór acu, do dhaoine fásta chun iad a mhealladh isteach agus a bheith páirteach. Táimid ag soláthar cuid mhór de na seirbhísí sin trí mheán an Bhéarla mar sin. Ó thaobh na Gaeilge de, táimid ag díriú isteach ar sheirbhísí óige agus b'fhéidir go labhróidh Joe Ó Dochartaigh fá dtaobh de. Bímid ag soláthar seirbhísí do dhaoine óga go príomha ach anois tá an tarna glún ag teacht tríd agus tá an chéad ghrúpa a chuaigh tríd an gcóras Gaeloidis ag tosú ag tógáil clainne. Déanaimid scéim meantóireachta do dhaoine atá ag iarraidh an Ghaeilge a bheith sa teach s'acu. Uaireanta tá Gaeilge ag an bheirt acu, uaireanta níl Gaeilge ach ag duine amháin agus uaireanta bíonn daoine gan mórán Gaeilge ag iarraidh giota beag Gaeilge a bheith sa teach s'acu. Tá réimse leathan seirbhísí ann ó thaobh na Gaeilge de. Déanann Joe cuid mhór oibre leis na daoine óga so tiocfadh leis labhairt faoi sin.

Mr. Joe Ó Dochartaigh:

Cuirfidh mé leis an méid atá ráite ag Niall Ó Catháin ansin. Lasmuigh den chóras tithíochta nó an infreastruchtúr sin, is fiú a bheith ag smaoineamh ar an teanga mar chineál glao don chomhphobal. Mar shampla, beidh club leabhar ar siúl againn anocht. Tagann Pól isteach, duine atá ag freastail ar mheánscoil Béarla ach a bhí ar an bhunscoil sa Ghaeloideas. Tá Peadar ann freisin agus tá seisean i nGaelcholáiste Dhoire. Tá na leaideanna seo ag teacht ag an chlub óige; níl siad sna scoileanna céanna agus ní imríonn siad leis na clubanna Cumainn Lúthchleasa Gaeil céanna; mar sin, an t-aon cheangal atá eatarthu ná an teanga. Mar sin, an t-amharc atá againn air ná gur comhphobal féin atá sa Ghaeilge. Is í sin atá ag ceangail na daoine seo le chéile. Toisc gur an teanga féin atá ag ceangal an chomhphobail le chéile mar Ghaelphobal, tá raon iontach leathan gur thig linne a sholáthar. Ag na clubanna óige, an t-aon chritéir atá ann ná an teanga agus mar sin tig linn a bheith ag tabhairt faoin pheil, faoin iománaíocht, faoin cheol, faoi bushcraft, faoi bádóireacht, faoi treodóireacht, nó faoi rud ar bith a táimid ag iarraidh déanamh. Tugann sin deiseanna sa bhreis do na Gaeilgeoirí uilig b'fhéidir nach bhfuil ar fáil in earnáil an Bhéarla. Toisc go bhfuil na daoine óige ag iarraidh teacht le chéile faoin teanga, tuigeann siad go bhfuil siad páirteach i rud éigin.

Ag leibhéal níos airde ná sin arís, tagraím do cheannairí óige, rud atá Glór na Móna ag déanamh oibre iontach air faoi láthair. Má chuirim téacs amach ag grúpa ceannairí óige ag rá go bhfuil cuid acu de dhíth orm anocht ag an chlub óige, tagann cuid mhór acu ar ais ag rá go bhfuil siad ag iarraidh a bheith ag cuidiú. Seo déimeagrafach nach mbíonn ag iarraidh cuidiú le rud ar bith. Ní bhíonn déagóirí ag iarraidh rud ar bith a dhéanamh ach tá siadsan iontach sásta a bheith ag teacht ag cuidiú le rudaí agus aithnímid anois i ndiaidh 20 nó 40 bliain an fáth go mbíonn siad ag iarraidh cuidiú ná go mothaíonn siad go bhfuil siad páirteach ann. Aithníonn siad go bhfuil ról acu sa chomhphobal. Sin atá i gcomhphobal; cá háit a bhfuil tú sa chomhphobal, cén ról atá agat ann agus cad atá á dhéanamh agat ann. Sa dóigh sin is fiú a bheith ag amharc ar an teanga féin nó ar an nglao sóisialta sin mar chomhphobal.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá cathú mór orm a rá go bhfuil an t-uafás déanta ag na finnéithe agus go bhfuil siad níos fearr as gan Acht teanga. Dírímid isteach ar Acht teanga agus tá an t-uafás bainte amach ag na finnéithe gan Acht teanga. B'fhéidir go bhfuil ceacht dúinn ansin. Bhí de phribhléid agam cuairt a thabhairt ar Charn Tóchair cúpla bliain ó shin. Tá mearbhall orm anois cén bhliain a bhí ann, 2018 nó 2019, ach chaith mé seachtain i mBéal Feirste agus chuaigh mé ar chuairt go Sleacht Néill agus chuaigh an turas go mór i bhfeidhm orm. Bhí mo dheirfiúr as Toronto in éindí liom agus d'fhreastail sise ar an scoil samhraidh Craiceann agus thaisteal mise timpeall na cathrach ag breathnú agus ag foghlaim. Chuaigh sé go mór i bhfeidhm orm agus tá comhghairdeas tuillte ag an dá dhream. Ní mór dom a rá go bhfuil éagsúlacht mór ann idir an dá dhream. Táim ag súil, le cead an Chathaoirligh, go rachaimid suas ar chuairt ar na finnéithe mar ní fhéadfaí cur síos a dhéanamh ar an méid atá bainte amach acu gan é a fheiceáil. Gabhaim buíochas leis na finnéithe. Thug an cuairt sin ardú meanma domsa mar ag an am bhíomar sáite le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 agus nuair a dheachaigh mé suas ansin chonaic mé an méid a bhí le feiceáil. Ní mór dom a rá freisin gur fhreastail mé ar ionad Linda Ervine. Tá dearmad déanta agam ar ainm an ionaid.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Seanadóir. Bhí sé sin thar a bheith suimiúil freisin. B'fhéidir go mbeidh na finnéithe in ann teacht ar ais maidir le cumarsáid idir na dreamanna éagsúla i mBéal Feirste agus cén chaoi atá ag éirí leo leis sin.

Bhí mé i gCarn Tóchair 30 bliain ó shin agus ní raibh Gaeilge ann ag an am. Tá Coiste Forbartha Charn Tóchair ar an bhfód 30 bliain agus bhí beirt cainteoir ag an am agus anois cé mhéad atá ann? Chomh maith leis sin, tagraím do chúrsaí tithíochta agus chuir mo chomhghleacaí ceist air sin. Fuair Carn Tóchair aitheantas mar dispersed rural settlement ach ní raibh coinníollacha teanga i gceist ansin beag ná mór. Nuair a fuair Carn Tóchair an t-aitheantas sin bhí buntáiste ann don cheantar uilig mar d'éascaigh sé é tithe a thógáil sa cheantar ach ní raibh aon bhaint ag an nGaeilge leis. Cuirfidh mé cúpla ceist agus ligfidh mé do na finnéithe iad a fhreagairt. Tá an cur síos, an ráiteas gearr agus an ráiteas fada, léite agam. Cé mhéad cainteoirí atá ann faoi láthair? Bunscoil Béarla atá sa bhunscoil in aice le Carn Tóchair agus anois tá níos mó cainteoirí Gaeilge ann. Thosaigh Coiste Forbartha Charn Tóchair mar aonad Gaeilge agus ní raibh ach cúpla gasúr i gceist ag an am. A mhalairt atá i gceist anois de réir mar a thuigim agus tá an rud iompaithe os cionn. Cén chaoi ar éirigh leis na finnéithe é sin a dhéanamh agus an bhfuil aon teannas ann idir na Béarlóirí agus na Gaeilgeoirí? Tá na finnéithe ag gáire; mar sin, tá súil agam nach bhfuil aon teannas ann. Cén chomhairle atá ag na finnéithe dúinne? Tá muidne in ainm gach rud a bheith againne agus tá an teanga mar an chéad teanga oifigiúil anseo.

Buntáiste mór atá ansin agus tá sin sa Bhunreacht.

Tagann mise as Gaillimh, an contae leis an nGaeltacht is mó sa tír ach ag an am céanna tá teipthe orainn daoine a mhealladh chun an Ghaeilge a úsáid. Tá rudaí dearfacha i gceist ach tá méadú suntasach ar líon na scoileanna atá ag feidhmiú trí Bhéarla. An tseachtain seo chaite díríodh m'aird ar scoil bheag atá ar tí dúnadh i gcroílár na Gaeltachta i gConamara. Sin sampla amháin agus tá teipthe orainn an buntáiste atá ag baint le dhá theanga a bheith againn a chur i bhfeidhm. Is bronntanas é agus is mór an buntáiste é. An bhfuil aon chomhairle ag na finnéithe dúinne as a gcuid taithí?

Mr. Niall Ó Catháin:

Chuir an Teachta ceist faoin Ghaeilge agus faoin scéim tithíochta. Thiocfadh leis a bheith cineál conspóideach. Dá mbeadh muidne ag tógáil tithe nó ag ligean tithe amach ar chíos, thiocfadh leis a bheith conspóideach - sin an fáth gur cheangail muid isteach leis an Rural Housing Association sa dóigh is go mbeadh sé ábalta é sin a dhéanamh. Ní raibh aon chritéir ann ó thaobh teanga de. An rud a bhíomar ag iarraidh a dhéanamh ón tús ná an mórphobal uilig a mhealladh isteach i dtreo an Ghaeilge agus thiocfadh leis sin a bheith conspóideach go leor dá mbeadh muid ag tabhairt tithe do na Gaeilgeoirí amháin. Ní raibh an oiread sin Gaeilgeoirí ann ag an am pé scéal é; mar sin, rinne muid iarracht fanacht ar shiúl ó Ghaeilgeoirí a chur sna tithe.

Thosaigh muid an naíscoil i Sleacht Néill in 1992 agus ansin thosaigh muid le scoil neamhspleách gan aitheantas ón Stát. Bhí orainn an t-airgead uilig a bhailiú don scoil ar feadh seacht mbliana sular cheangal muid isteach leis an scoil Bhéarla. Ag an am sin bhí gá le 20 páiste in aghaidh na bliana ag teacht isteach chun aitheantas a bhaint amach ón Roinn Oideachais agus ní raibh muid ag fáil sin. Sin an fáth gur cheangal muid isteach leis an scoil Bhéarla agus ó shin d'fhás an scoil. Tá an scoil ar an tuiscint nuair atá an scoil mór go leor go mbeidh sé ina scoil scartha leis féin, rud nár tharla go dtí seo. Tá breis agus 180 páiste san aonad leis an scoil Bhéarla. Tá 78 ag an scoil Bhéarla. Chuir an Teachta ceist ar líon na gcainteoirí sa cheantar. Bhí muid ag amharc air seo agus idir iardhaltaí bunscoile, daltaí bunscoile, daoine fásta a bhfuil Gaeilge foghlamtha acu agus daoine a d'fhoghlaim an Ghaeilge ar scoil, déarfainn go bhfuil 300 cainteoirí as daonra cúpla míle sa mhórcheantar. Sin daoine a bhfuil líofacht measartha ard Gaeilge acu. Bheadh daoine eile le roinnt Gaeilge de chineál éigin ar bharr leis sin.

Tagraím do chomhairle. Tá a fhios againn nach leor Gaeloideas amháin. An dóigh is fearr leis an Ghaeilge a chur ar ais i mbéal an phobail ná go mbeadh comhphobail thart ar na bunscoileanna. Tá cuid mhór Gaelscoileanna ann agus níl comhphobail thart orthu. Is fiú go mór díriú isteach air sin mar pholasaí. Is fiú díriú ar lárionad a thógáil sna ceantair ina bhfuil na bunscoileanna Gaeilge acu mar sin an comhphobal atá againn agus sin an daonra ina bhfuil an Ghaeilge is fearr sa tír acu. Caithfear díriú isteach ar obair óige ach go háirithe agus comhphobal a thógáil ón bhun aníos. Sin a rinne muid agus atá á dhéanamh againn. Táimid ag díriú isteach ar dhaoine óga atá ag dul ar bhunscoil. Chaith muid na blianta ag teagasc Gaeilge do dhaoine fásta sa cheantar seo s'againn sular thosaigh muid amach ar an nGaeloideas ach ní raibh muid pioc chun tosaigh. Bhí leathdhosaen sa cheantar a raibh an Ghaeilge acu ach leis an nGaeloideas tá deis ann comhphobal a thógáil ón bhun aníos agus obair óige an rud is mó. Sin an rud a bhíonn muid uilig ag díriú isteach air agus sin an rud a bhíonn Glór na Móna ag díriú isteach air mar tá a fhios againn gur sin an rud is fearr leis an Ghaeilge a chur chun cinn. Comhphobal Gaelach ag dul i bhfeidhm ar dhaoine sa dóigh is go mbíonn siad ag úsáid na Gaeilge mar chéad teanga s'acu; sin an rud is fearr le déanamh chun cumas Gaeilge agus úsáid Gaeilge s'acu a ardú. Sin a bhfuilimid uilig ag díriú isteach air.

Tá níos mó síceolaíochta i gceist leis seo ná aon rud eile. Caithfear bród agus tine a chur i bholg na ndaoine óga sa dóigh is go bhfuil siad bródúil as an Ghaeilge a labhairt agus sásta Gaeilge a labhairt. Caithfear cumas teanga Gaeilge mhaith a bheith acu agus ansin beidh ceangal acu leis an chéad ghlún eile. Tá seans níos mó ann go mbeidh na daoine sin ag tógáil clainne trí mheán na Gaeilge. Is tionscadal cúpla céad bliain é an Ghaeilge a chur ar ais i mbéal an phobail; mar sin, caithfear smaoineamh ar an tréimhse sin. Táimid uilig ag smaoineamh ar an tréimhse 50 bliain ar dtús ach glacfaidh sé i bhfad níos faide ná sin comhphobal nó Gaeltacht a thógáil. Go pointe tá sé cosúil leis an bhforaois bháistí, nuair a imíonn an teanga agus an cultúir tá sé iontach doiligh iad a chur ar ais díreach chomh saibhir agus a bhí siad roimhe. Sin a táimid ag iarraidh a dhéanamh. D'imigh an Ghaeilge ón cheantar s'againn agus táimid ag iarraidh cibé oidhreacht atá againn ar nós logainmneacha, ainmneacha páirce agus stair na Gaeilge sa cheantar a bhailiú agus a chur chun cinn. Tá oidhreacht ann agus táimid ag ceangal isteach leis an ndúlra, leis an timpeallacht agus leis an stair ó thaobh Dlíthe na mBreithiúna agus an nádúr. Táimid ag ceangal na rudaí sin le chéile. An príomhrud ná díriú isteach ar na daoine óga, iad a dhéanamh bródúil as an nGaeilge agus iad a cheangal leis an timpeallacht, le forbairt comhphobal agus le achan rud a bhaineann leis an chomhphobal.

Dr. Feargal Mac Ionnrachtaigh:

Bheadh muid breá sásta camchuairt a éascú don choiste i mBéal Feirste agus níos faide i gcéin am ar bith. Tá mé ag aontú go hiomlán leis an mhéid a bhí le rá ag Niall Ó Catháin ansin. Agus muid ag caint ar dhaoine óga, an taithí atá againne ná go bhfuil teorainn ollmhór le hoideachas foirmiúil, ainneoin go bhfuil an Gaeloideas, mar a dúirt Niall Ó Catháin, thar a bheith tábhachtach mar chuisle na hathbheochana. Más rud é nach bhfuil spéis ag daoine óga san oideachas agus go bhfuil coimhlint acu sa scoil, sa chás sin bíonn dímheas iomlán acu ar an teanga agus déanann siad nasc idir an teanga agus an oideachas foirmiúil agus an brú a chuirtear orthu ar scoil. An ceacht a bhí againne sna cumainn óige ná níor bhrúigh muid labhairt na teanga ar pháistí ariamh. In amanna sa Ghaelscoil b'fhéidir go bhfuair siad marc sa dialann má labhair siad i mBéarla.

Tá cineál conscription ansin. Tá tú ag cur brú orthu go gcaithfear é a dhéanamh agus amanna troideann daoine óga ina éadan sin. Labhraíonn muid i nGaeilge leis na daoine óga i rith an ama agus de réir a chéile feiceann siad an luach atá leis an teanga agus úsáideann siad an teanga mar go bhfuil siad ag iarraidh í a úsáid. Is iomaí múinteoir a tháinig chugainn i gColáiste Feirste ag rá nár labhair an té sin focal Gaeilge sa bhunscoil ach go labhraíonn sé linne í an t-am ar fad. Níl muid ag cur brú orthu an teanga a úsáid ach bíonn muid ag iarraidh orthu an bród sin a thógáil aisti.

Mothaíonn muidne go dtéann na páistí ar aistear agus iad ar mheánscoil. Tosaíonn siad sa chéad chúpla bliain den mheánscoil ag troid in éadan na Gaeilge. Bíonn Béarla mar an chéad teanga don mhórchuid acu so labhraíonn siad Béarla i rith an ama. Trí na tionscail óige, tugaimid deis dóibh bheith páirteach i rudaí atá siadsan ag iarraidh bheith páirteach iontu. Cothaíonn sé sin bród agus muinín iontu agus ansin déanann siad cinneadh coinsiasach síceolaíochta chun an Ghaeilge a shealbhú agus a úsáid mar gur mhaith leo. Sin an sprioc mhór a bhí againn agus sin an chomhairle a bheadh againn. Is gá na caisleáin a thógáil san áit a bhfuil an pobal féin.

Sa chás againn féin, bhí muidne i gcónaí ag iarraidh bród a chothú sa phobal so bhíodh muid ag caint ar Gael-Ionad Mhic Goill, Gaeltacht Bhóthar Seoighe nó Fr. Des Wilson, sé sin, na ceannairí móra sa phobal. Tá muid ag iarraidh go mbeidh bród ag daoine. Cuireann muid an-bhéim ar oidhreacht sa chaoi gur mhaith le daoine fanacht sa phobal agus go bhfuil siadsan ag déanamh nasc idir an teanga, caomhnú an phobail féin agus na róil atá acu sa phobal sin. Sin ceann de na rudaí is mó a d’éirigh linn a dhéanamh agus atáimid i gcónaí ag iarraidh a dhéanamh.

Seo ceann de na fáthanna go raibh an t-ionsaí sin chomh marfach agus an fáth go raibh muid chomh tógtha faoi, mar gur ionsaí a bhí ann ar an gcéad ghlúin eile, ar an straitéis athghiniúna a bhí againn chun ceannairí úra a thógáil. Tá ceannairí againne atá ag feidhmiú sa chumann óige i láthair na huaire a bhí ag freastal ar an gcumann óige nuair a bhí muidne i seanbhothán ar Bhóthar na Carraige Báine. Bhí siad ag freastal ar an gcumann ó bhí siad seacht mbliana d’aois agus anois tá siad fostaithe go lánaimseartha mar cheannairí óige agus muidne á gcur trí chéimeanna máistreachta san obair óige. Seo daoine áitiúla ón gceantar féin. Feiceann daoine óga eile na piaraí seo acu féin ag dul tríd an aistear seo agus ba mhaith leo é sin a dhéanamh. Tá siad ábalta amharc aníos orthu mar rud éigin dearfach.

Bhí spéis agam sa mhéid a dúirt an Teachta maidir leis na teorainneacha a bhaineann le hAcht teanga agus béim a chur ar stádas. In 2017, nuair a thóg muid an Ghael-ionad, bhí an staraí Gearóid Ó Tuathaigh amuigh againn agus thug seisean an cineál rabhadh sin freisin. Dúirt sé má chuirtear an bhéim ar fad ar stádas a bhaint amach, rud a fuarthas ó Dheas, ní thiontaíonn rudaí mura n-úsáidtear an meán sóisialta ina bhfuil an teanga ceannasach ag daoine.

Bhí díospóireacht faoi lánseol sa tréimhse seo maidir le Cumann Lúthchleas Gael Laochra Loch Lao a bhunú mar chumann scartha, rud a bhí conspóideach. I ndiaidh dul tríd an díospóireacht seo, chinn muid go raibh sé seo ríthábhachtach mar go mbeadh muid ag cur an tseirbhís seo ar fáil. Bheadh muidne ag déanamh seirbhís bheag beann ar an Stát, ag tógáil seirbhísí againn féin gan pingin ón Stát agus ag iarraidh iad sin a bheith inmharthana. Sin ceann de na rudaí a d’fhoghlaim muid agus a d’oibrigh. Nuair a bhunaigh muid na cumainn shinsearacha, bhí imreoirí ag teacht chugainn nár labhair Gaeilge le 15 bliain anuas. Dúirt siad nár chuimhin leo Gaeilge ar bith ach taobh istigh de choicís bhí siad iomlán líofa. Níor thig linn creideamh an fhorbairt a bhí ag dul ar aghaidh. Is iad siúd anois a bheidh muiníneach a bpáistí féin a thógáil le Gaeilge agus tá muid ábalta an cineál athghiniúint sin a chur i bhfeidhm.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

D’fhiafraigh mé faoi chumarsáid freisin.

Dr. Feargal Mac Ionnrachtaigh:

Le Linda Ervine?

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Nó aon ionad eile mar sin.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cumarsáid idir na ceantair agus na heagrais Ghaeilge sa chathair.

Dr. Feargal Mac Ionnrachtaigh:

Sin an sprioc a bhí ann inár gcás féin leis an líonra pleanála teanga. Amanna an rud a tharlaíonn, agus beidh a fhios ag na comhaltaí ar fad é seo, nuair a bhíonn tú gafa le do chuid oibre féin, críochnaíonn tú ag feidhmiú i silo de do chuid féin. Cuireann muid an-bhéim ar chomhpháirtíocht agus obair chomhtháite agus bhí muid ábalta é seo a dhéanamh go mór mór tríd an líonra pleanála teanga. Beidh acmhainní ag dul leis sin, chun cur i dtreo na hoibre téamacha a bheidh ag dul ar aghaidh, mar obair ealaíne, obair óige, obair teaghlaigh nó obair spóirt. Cibé rud atáimid ag iarraidh a dhéanamh, beidh muid ag iarraidh straitéis comhtháite a chur le chéile. Sin an sprioc atá againn ach fosta b’éigin dúinn a bheith réadúil faoi sin agus muid ag caint ar ár bpleanáil teanga féin. Cuirimid béim ar iarthar Bhéal Feirste, in ainneoin go bhfuil obair den scoth ag tarlú i dtuaisceart Bhéal Feirste le Linda Ervine, mar a dúirt an Teachta. Go praiticiúil, ní oibreoidh plean teanga don chathair iomlán. Tá muidne ag moladh go mbeadh mionphleananna teanga i gceantair eile le go dtig leo an méid is mó a bhaint as an rud. Rinne muid teorainn ó Bhóthar na bhFál go Bóthar Seoighe agus thart i gciorcal. Sin an cineál sprioc-cheantar atá againn chun an méid is mó a fháil as an rud agus go mbeidh sé praiticiúil. Sin an cur chuige a bhí againne ar an mbonn sin.

Tá an feachtas atá faoi lánseol maidir le reachtaíocht teanga thar a bheith tábhachtach anseo. Nuair a bhí muid ag plé leis an Dream Dearg agus an tAcht sin, tugadh deis dúinn daoine eile a thabhairt isteach sa cheist. Bhí an feachtas siombalach fosta. Rinne sé polaitiú ar dhaoine. Fuair daoine an deis iad féin a eagrú agus a bheith mar chuid d’fheachtas. Go ríthábhachtach, bhí leithéidí Linda Ervine ábalta a theacht ar bord. Ar dtús, bhí leisce orthu theacht amach go poiblí ag tacú leis an bhfeachtas nó brú a chur ó thaobh aon fheachtas polaitiúil, ach de réir a chéile bhí sí féin ag seasamh linn le banners ag na mórshiúlta sin. Léirigh sé sin gur feachtas é gur féidir le achan duine a bheith páirteach ann, a bhaineann le cearta teanga agus cearta daonna ann féin.

Dr. Orla Nic Oirc:

Tá mise mar chuid d’fhoireann taighde ag Ollscoil na Banríona atá ag tabhairt faoi thionscadal maidir le haisghabháil teanga sa bhaile. Mar a luaigh an Dr. Mac Ionnrachtaigh níos luaithe maidir le gluaiseacht Bhóthar Seoighe, luíonn bunchloch na hathbheochana sa scoil, i dtithíocht Ghaelach agus sa chineál comhphobal sin a bhunú. Mar gheall ar thionchar na paindéime, agus tá a fhios agam féin é seo ó mo chuid oibre agus ó bheith ag obair sa phobal Gaeilge, tháinig neart dochair ar an dóigh a tógadh páistí. B’fhéidir nach raibh tuismitheoirí le Gaeilge acu sa bhaile agus scriosadh an cineál teagmháil sin idir an teanga, an baile agus an scoil. Bhí cuid mhór deacrachtaí i gceist leis sin. Tá muidne ag tabhairt faoi thaighde i mbliana agus tá sé díreach le tosú an mhí seo chugainn. Bheinn sásta cibé rud a roinnt leis an Teachta maidir le streachailt cumhachta agus aisghabháil teanga sa bhaile.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá neart ceisteanna eile agam ach ligfidh mé leis na comhaltaí eile teacht isteach.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an Teachta Ó Muimhneacháin ar líne.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas as an gcur i láthair. Bhíos ag éisteacht leis na ceisteanna. Tá an-shuim agam i ngach rud atá déanta ag na finnéithe. Tá éacht mór bainte amach acu thar na blianta. Thug siad tuairimí mhaithe agus eolas ar conas a thug siad faoi. Cuirfidh mé cúpla ceist thapa. Nuair a bhí an comharchumann ann mar fheithicil, an raibh laoch mór, oifigeach pleanála teanga nó duine lánaimseartha faoi leith ag tiomáint an rud seo go léir? Conas ar cuireadh é i gcríoch?

Luadh tithíocht. Tuigim go raibh na heagraíochtaí ag ceannach talaimh agus ag cur tithe ar fáil. Aontaím go láidir go bhfuil ról an-tábhachtach ag cúrsaí tithíochta i gcomhair pobal a chothú agus a fhorbairt. An í tithíocht do theaghlaigh nó do dhaoine aonair a bhí á thógáil? Sa bhaile, tá roinnt mhaith grúpaí ag tógáil tithe do sheanóirí, tithe beaga le seomra leapa amháin nó péire. Cén saghas tithíocht a bhí á thógáil? An tithíocht i gcomhair teaghlaigh nó i gcomhair grúpaí faoi leith a bhí ann? Ní fhéadfá coinníollacha teanga a chur ar na daoine ann ach an raibh agallaimh ann? An raibh na comharchumainn ag leagan béime ar Ghaeilgeoirí, nó conas ar deineadh a leithéid sin a láimhseáil?

Mr. Pádraig Ó Mianáin:

Maidir le ceist na gceannairí ar leith, an buntáiste a bhí i gCarn Tóchair ná go raibh an ceantar ag bánú san am. Bhí géarchéim daonra sa cheantar.

Nuair a bunaíodh an choiste forbartha, bhí an Ghaeilge ceangailte leis na forbairtí ar fad. Chuir muid san áireamh nach raibh ach an-bheagán Gaeilgeoirí sa cheantar agus ba léir don mhórphobal gur ar leas an phobal i gcoitinne an tionscal mór seo agus go raibh níos mó i gceist ná an Ghaeilge féin. Fuair muid maoiniú timpeall 2008 nuair a tháinig scéim pobal Gaeilge ó Fhoras na Gaeilge agus b'shin an chéad uair go raibh acmhainn lánaimseartha ann. Ceann de na rudaí atá tábhachtach i gcónaí, chun cur ar an taifead, ná nach féidir le daoine deonacha a bhfuil poist nó cúraimí eile orthu tabhairt faoi chlár mór cuimsitheach. Is féidir clár a bhunú ach tá sé an-deacair clár a choinneáil ag dul. De réir mar a théann an clár i méid agus le glún i ndiaidh glúin leis tá sé ar nós club le foireann faoi 12, faoi 14 nó faoi 16. Bíonn an-bhrú ar na hacmhainní agus tá sé an-tábhachtach go gcuirfí maoiniú ar fáil d'acmhainní foirne agus do mhaoiniú cláir chun gur féidir tógáil ar an iarracht atá daoine ag déanamh agus ar an díograis a léiríonn siad.

Ní hé go raibh aon cheannaire ar leith ann. Bhí meas sa phobal go ginearálta ar na daoine a bhí ag obair ar leas an phobail i gcoitinne. Ní raibh na daoine seo ag obair ar leas phobail na Gaeilge amháin. Thuill an meas sin muinín agus as an muinín sin tagann normalú. Ciallaíonn sé sin, cé nach mbeadh muid riamh san áit go mbeadh club neamhspleách Gaelach sa cheantar, agus ní bheadh muid á n-iarraidh ach oiread, an rud atá normálta sa chlub ná, má tá mise ag cóitseáil nó duine de na cóitseáilí eile a bhfuil Gaeilge acu, aon pháiste a bhfuil Gaeilge aige nó aici, is i nGaeilge a bheadh mé ag caint leis nó léi ag an traenáil, ag na cluichí nó ar an pháirc. Tá an t-ádh linn gur bhuaigh muid cúpla craobh na hÉireann sa chamógaíocht. Bhí leath na foirne sin ina nGaeilgeoirí agus ba as Gaeilge a labhair siad ar an pháirc go normálta. Ní dhearna siad é sin le pointe a dhéanamh ná mar gheall ar chúis ach toisc gur sin an modh cumarsáide atá acu. Bhí meas ag an phobal ar na hiarrachtaí agus chonaic gach duine sa mhórphobal go raibh an pobal i gcoitinne ag gníomhú ar na hiarrachtaí agus is as sin a tháinig an meas dá réir ar na tograí Gaelacha. Ansin, mar a dúirt mé, tháinig an muinín agus an normalú.

Caithimid a bheith réalaíoch nach raibh Gaeilge sa cheantar 30 bliain ó shin. Ní féidir aisiompú teanga a dhéanamh laistigh de ghlún amháin ná de dhá glún. An rud atá déanta agus go bhfuilimid an-sásta iarraidh leanúint leis ná an normalú seo go bhfeictear do dhaoine gur phobal dhátheangach atá ann. Táimid ag iarraidh cur leis an chéatadán daoine arbh í an Ghaeilge an ghnáth-theanga cumarsáide atá eatarthu. Is cinnte go bhfuil an teanga normalaithe sa cheantar agus go mbíonn daoine ag an pháirc nó i cibé áit a thagann an phobal le chéile ag labhairt na Gaeilge. Na daoine a bhfuil Gaeilge acu, labhraíonn siad Gaeilge gan scáth gan náire agus glactar léi mar chuid den timpeallacht sa cheantar.

Maidir leis an scéim tithíochta, is scéim do theaghlaigh a bhí ann. Ag an am sin, mar a bhíomar á rá, bhí sé thar a bheith deacair agus bhí sé ag sárú ar phobal na tuaithe cead a fháil tithe a thógáil sa cheantar. Mar sin, ar mhaithe leis an phobal a athghiniúint agus le mais chriticiúil an phobail a mhéadú, tithe do theaghlaigh a bhí i gceist. Ní raibh aon choinníoll teanga ann agus arís, siar 30 bliain ó shin ní raibh ach beirt nó triúr de chainteoirí Gaeilge sa cheantar. Dá ndéanfaí aon chinneadh a bheadh thar a bheith conspóideach, is mór an dochar a dhéanfadh sin don lasair nó don bhladhaire a raibh muid ag iarraidh séideadh fúithi. Is gá i gcónaí muinín an mhórphobail a chothú. Tá an gluaiseacht Gaeilge nó athbhunú na teanga ag braith ar dhea-thoil an mhórphobail i gcoitinne. Caithfimid a bheith cúramach i gcónaí nach gcruthaímid coimhlint idir leas an phobail Gaeilge agus leas an mhórphobail i gcoitinne. Is comhghuaillíocht lucht na comhthola atá i gceist agus táimid ag braith go mór ar dhea-thoil agus ar thacaíocht daoine nach bhfuil Gaeilge acu agus gur dócha nach mbeidh Gaeilge acu go deo. Is iad sin na tuismitheoirí nó na seantuismitheoirí a bheas ag treorú a gclainne i dtreo an Gaeloideachais agus is an an Ghaeloideachas sin a thagann an chéad ghlún eile de réir a chéile.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an bhfinné. Bhí sé sin an-suimiúil agus ba fhreagra breá cruinn a bhí ann.

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá na ceisteanna a bhí agam curtha. Tá an-suim agam i gcúrsaí tithíochta agus chuir an Teachta Ó Dálaigh an cheist sin. Aontaím leis an Teachta Ní Chonghaile go mbeadh sé iontach dul go dtí an dhá cheantar chun iad a fheiceáil go díreach agus chun rudaí a fheiceáil ar an talamh. Déanaim comhghairdeas leis na finnéithe. Bhí an-suim agam sna ráitis tosaigh a bhí acu, agus tar éis an cur i láthair a rinne siad, tá an-suim agam cuairt a thabhairt orthu. Dúirt Pádraig Ó Mianáin ansin agus é ag tabhairt freagra don Teachta Aindrias Moynihan go raibh an t-ádh leo gur bhuaigh siad cúpla craobh na hÉireann. Tá sé cosúil le fear as Ciarraí leis an attitude sin. Níl aon ádh ann. Tá an-obair déanta acu agus déanaim comhghairdeas leis na finnéithe as sin.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Caithfidh mé mo leithscéal a ghabháil toisc go raibh mé as láthair fá choinne an dá óráid. Tá brón orm faoi sin. Aithním an sárobair atá déanta ag na finnéithe agus déanaim comhghairdeas seo fá choinne sin. Tá tionchar suntasach imeartha acu i gceantar iargúlta atá scoite amach, b'fhéidir, mar a bhfuil Chonamara, agus i mBéal Feirste. Táim ag labhairt faoin tionchar ar dhaoine óga. Bhí mé obair mar oibrí óige blianta ó shin agus is léir go bhfuil na cúrsaí neamhfhoirmiúla taobh amuigh den scoil iontach tábhachtach dóibh agus tá sin nádúrtha.

Níl ceist agam ach dá mbeadh aon chomórtas peile ag bogadh ar aghaidh i mBéal Feirste nó i gCarn Tóchair, bheadh suim againn ann. Chuala mé go bhfuil cúpla imreoir i gCarn Tóchair fosta. Tá mise ag cuidiú le foireann faoi 13 Cumann Lúthchleas Gael Na Dúnaibh. Bhí muid thuas sa Tuaisceart cúpla seachtain ó shin i nDoire agus bhíomar taobh amuigh de Dhoire i ndiaidh na Nollag. Dá mbeadh aon chomórtas peile ag bogadh ar aghaidh trí Ghaeilge, bheadh suim againn ann. Tá mise i mo chónaí taobh amuigh de cheantar na Gaeltachta ach tá Na Dúnaibh, mar is eol do na finnéithe, i bparóiste Mhíobhaí. Le bheith ionraic tá muidne ag streachailt leis an Ghaeilge leis na daoine óga fosta. Tá trí bhunscoil sa pharóiste agus tá dhá cheann acu ag bogadh ar aghaidh leis an tumoideachas. Tá sárobair ag bogadh ar aghaidh leis sin. Dá bhféadfaí aon cheangal le déanamh idir na scoileanna sin agus na scoileanna i gceantar na finnéithe agus dá mbeadh tograí ar intinne na finnéithe, tá mise sásta teagmháil a dhéanamh leo. Ba cheart dúinn éisteacht lena chéile agus obair le chéile ar son na teanga, agus bheadh suim agam sa mhéid sin.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Sin jab tugtha do na finnéithe ar fad. Caithfidh siad foireann Joe a thógáil go dtí pé áit agus bua a fháil orthu.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá fáilte roimh na finnéithe. Bhí cailín iontach, Erin Burns, ag obair liom mar intern sna Tithe seo ar feadh scaithimh. Cúl báire camógaíochta as Sleacht Néill ab ea í agus bhí togha na Gaeilge aici. Bhí sí agam mar mhic léinn aistriúcháin in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Taispeánann sin toradh na hoibre atá ar bun ag na finnéithe.

Tá cuairt tugtha agam ar an dá áit. Is minic a bhí mé i mBéal Feirste agus bhí mé i gCarn Tóchair freisin. Chuaigh an obair atá ar bun ag na finnéithe i ngach aon áit go mór i gcion ar mo chuid smaointe. Ba mhaith liom dul siar ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich. Aon uair a théim go Béal Feirste, is cuma cé leo atá mé ag casadh, tá sé de nós agam casadh leo ansin. Áit iontach atá ann agus bhí seirbhísí trí Ghaeilge agus comhluadar i gcónaí ann.

D’úsáid mé an eiseamláir sin nuair a thug muid maoiniú i nDoire. Chomh maith le sin, ó Dheas san áireamh, ba cheart go mbeadh lárionaid mar sin ar fud na tíre, muna bhfuil lárionad láidir ann. Rud a thug mé faoi deara ná go raibh sé thar a bheith bríomhar. Bhí rudaí ar bun ann. Bhíodh daoine istigh ann i gcónaí. Ní oifigí a bhí iontu ach áiteanna ina raibh daoine ann mar phobal. Is é sin an dara rud a chuaigh i bhfeidhm orm, ná go raibh siad ag cruthú pobail.

Bhí plé spéisiúil ar bun anseo maidir le stádas. Tá tábhacht ag baint le stádas agus ní bhainfinn ón tábhacht sin riamh. Tá an t-ádh orainn ar an taobh seo den tír go bhfuil stádas na teanga, sa dlí agus sa Bhunreacht, i bhfad níos fearr ná mar atá sé ó Thuaidh. Ach ag deireadh an lae, is áis é le dul go dtí áit éigin eile, sé sin an Ghaeilge a chur ar aghaidh mar theanga pobail. Ar bhealach, thaispeáin na finnéithe an bealach. Ní shéanfainn gur ar an obair a rinne siad, go mór mór ar Bhóthar Seoige agus i gCarn Tóchair, a bunaíodh an smaoineamh sa straitéis 20 bliain go mbeadh líonra Gaeilge ó Dheas againn sna cathracha agus taobh amuigh den Ghaeltacht, sna ceantair thuaithe.

Bhí an-spéis agam nuair a dúirt na finnéithe gur ag tógáil pobail atá siad agus níl siad ag iarraidh iad féin a dheighilt ón bpobal nach bhfuil Gaeilge acu. Tá go leor lucht tacaíochta ansin. Admhaím go dtógann sé roinnt glúnta chun é a chur i gcríoch. Dearmad amháin a rinneadh ó Dheas ná gur ceapadh go n-éireodh leo é a dhéanamh sna 1930idí agus sna 1940idí in aon ghlúin amháin. Níl tiontú teanga chomh héasca leis sin, go mór mór nuair is mórtheanga idirnáisiúnta é an Béarla.

Tá dhá cheist agam do na finnéithe. An bhfuil gá le tuilleadh cuidithe ó thaobh airgid de, nó an leor an méid atá á fáil acu ó thaobh cúnaimh leis na pobail seo a thógáil? Is í an dara cheist atá agam ná an bhfuil plean físiúil ag na comhphobail don áit a bhfuil siad ag dul? Is é sin ná ó bhreith páiste, go dtí naíolann, naíonra, Gaelscoil agus Gaelcholáiste, agus go mbeadh cumainn spórt agus cumainn óige ar fáil trí Ghaeilge, ionas go bhféadfadh daoine óga agus fásta an chuid is mó dá saol iomlán a chaitheamh trí mheán na Gaeilge. Mar a dúradh, i gcás Carn Tóchair, tá sé i gceist go mbeadh an Ghaeilge fite fuaite i ngach uile rud a dhéanfadh pobal beag. An bhfuil fís mhór ag na finnéithe de na rudaí ar fad ar mhaith leo a bheith ar fáil sa phobal le go mbeadh saol iomlán ag daoine trí Ghaeilge seachas a dtarlaíonn go minic sa Deisceart nuair a bhunaítear Gaelscoil? Téann siad go dtí an scoil ach ní labhraítear aon Ghaeilge taobh amuigh di. An bhfuil tuilleadh acmhainní ag teastáil?

An mbíonn na finnéithe ag breathnú ar an scéal ó Dheas, áit a bhfuil suíomh difríochta polaitiúil ann? An bhfuil siad ag rá, má táimid ag tabhairt seasamh mar líonra teanga, gur cheart don Stát ar an taobh seo acmhainní speisialta a chur ar fáil do naíolanna, naíonraí - is iad na naíonraí a bhíonn ann níos minice ach is í an naíolann an áit a thosaítear - bunscoileanna agus meánscoileanna? Móide na rudaí seachtracha ar fad, ar nós na gclubanna óige, ar cheart go mbeadh ollphlean ann agus go mbeadh na rudaí seo ar fáil le go mbeadh líonra foirfe ann?

Ar bhain na finnéithe leas as an shared island fund go dtí seo? D’fhéadfadh comhpháirtíocht a bheith ann idir na líonraí ó Dheas agus ó Thuaidh. D’fhéadfaidís tarraingt ar an €500 milliún atá ann. Níl mé ag rá go bhfaigheadh siad an €500 milliún ar fad ach go bhfaigheadh siad sciar beag dó.

Mr. Niall Ó Catháin:

Glacfaimid leis an méid sin.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táim cinnte go mbainfidís leas as dá mbeadh sé acu. An bhfuil plean acu na líonraí ó Thuaidh agus ó Dheas a chur le chéile le plean ollmhór a dhéanamh a dhéanfadh leas don dá thaobh? Sa chás sin, bheadh idirphlé idir na pobail ó Thuaidh agus ó Dheas, móide an t-airgead a chuirfí ar fáil ón gciste faoi cheannas an Rialtais anseo chun na pobail seo a chur chun cinn.

Dr. Feargal Mac Ionnrachtaigh:

Mar a luaigh Pádraig Ó Mianáin ní ba luaithe, tá muid ag feidhmiú ar an ngannchuid agus níl aon amhras orm faoi sin. Glacaimis an plean teanga a scríobh muid in 2018, mar shampla. Thosaigh muid an togra maidir leis an phlean teanga in 2015 agus táimid ag fanacht le seacht mbliana chun tús a chur leis - moilleadóireacht i ndiaidh moilleadóireachta. Is é an rud a tharla do Ghlór na Móna, agus tá a fhios agam gur tharla an rud céanna i gCarn Tóchair, nuair a scríobh muidne an plean teanga bhí luach £120,000 sa bhliain ar an méid a chuir muidne isteach. Bhí nóta beartais againn agus maoiniú curtha leo i dtaobh na míreanna athbheochana ar fad a chur chun cinn. Faoin am a tháinig an litir thairisceana tríd, €72,000 in aghaidh na bliana a fuair muid. Mar sin bhíomar síos €50,000 láithreach bonn. Maidir leis an gcomhordaitheoir pleanála teanga, bhíomar síos £20,000 nó £30,000. Ciallaíonn sé go bhfuil orainn an nóta beartais a dhéanamh i ndeich mbeartas san iomlán, b'fhéidir. Sin é an cineál gannchuid ar a bhfuil muid. Tá muidne ag iarraidh go mór mór go mbeidh sé ceangailte le hacmhainní buana.

Tá a fhios agam go bhfuil Niall Ó Catháin ina bhall den bhord stiúrtha. Bhí an ciste infheistíochta Gaeilge mar cheann de na buanna is mó a tharla ó Thuaidh le 30 bliain anuas. Bhí £8 milliún ann chun infheistíocht chaipitil a dhéanamh. Maidir leis na hionaid phoiblí a luaigh an Teachta, tá os cionn 20 acu anois ar fud na Sé Chontae. Fuair muidne sciar den airgead don chéad fhoirgneamh a thóg muid in 2016 agus beidh muid ag bualadh ar an doras arís chun sciar eile den mhaoiniú sin a fháil don chéad chuid eile. Rud a mholfainn go mór ó Dheas ná go mbeadh ciste caipitil ann a ndíreofaí ar shaol na Gaeilge agus an t-infreastruchtúr sin a thógáil.

Bheadh an-suim againn fosta san shared island fund. An sprioc atá againn leis an dara togra, Croí na Carraige, ná go mbeidh an lárionad a thógfar mar one-stop shop. Bíonn muid i gcónaí ag caint faoin chliabhán go dtí an uaigh. Táimid ag iarraidh go mbeidh daoine in ann a saol iomlán a chaitheamh trí mheán na Gaeilge. Ba chóir go mbeadh an lárionad oscailte don phobal a theacht isteach, go mbeadh caifé ann agus daoine ábalta bualadh isteach ann, agus go gcuireadh fearadh na fáilte roimh Bhéarlóirí fosta. Tá muidne ag feidhmiú i gceantar le cuid mhór Béarlóirí, mar a luaigh Pádraig Ó Mianáin, atá báúil den teanga. Bíonn siad i gcónaí sásta cúpla punt a thabhairt nuair nach bhfuil pingin de mhaoiniú Stáit ann. Seo iad na daoine a chuidigh linn agus a sheas linn i rith an ama. Tá muid ag iarraidh tógáil ar an nasc sin. Chun an rud a dhéanamh mar is ceart, tá infreastruchtúr buan de dhíth.

Leis na cúig líonra in Éirinn, bhí muid ábalta comhchoiste náisiúnta a fhorbairt. In 2018, chuaigh na trí phlean ó Dheas ar aghaidh gan an dá phlean ó Thuaidh, ach sheas na trí líonra pleanála teanga ó Dheas linn ó Thuaidh. Dúirt siad muna dtagann an maoiniú tríd don na chúig cheantar le chéile, nach mbogfaidís ar aghaidh. Beidh an-spéis againn i gcur chuige náisiúnta i dtaobh tuilleadh maoinithe a thabhairt isteach sna ceantair. Le fírinne, níl sa mhéid a fuair muid ón bplean teanga ach síol. Beidh orainn i bhfad níos mó maoinithe a thógáil isteach chun an rud a dhéanamh. B’fhéidir go gcuirfidh Niall Ó Catháin tuilleadh leis sin.

Mr. Niall Ó Catháin:

Ó thaobh tuilleadh airgead de, tá an líonra iontach agus tá muid ag súil leis a thosú. Tá mé ar bhord an chiste infheistíochta. Mar a luaigh mé ní ba luaithe, ba mhaith linn go mbeadh lárionad teaghlaigh ann in aice le achan Gaelscoil agus club óige, agus go mbeadh réimse seirbhísí ar fáil thart ar na scoileanna sin sa dóigh is go bhfuil muid ag tógáil comhphobail. Tá sé déanta againn. Sa dóigh go bhfuil sé bainte amach againn, ní hé gur chraobh Chonradh na Gaeilge muid agus go bhfuil muid ag brath go hiomlán ar Fhoras na Gaeilge. Tá muid giota beag cosúil le comharchumann sa Ghaeltacht. Is gnáthchumann forbartha muid. Bíonn muid ag fáil i bhfad níos mó airgid ó fhoinsí Stáit eile ná ó Fhoras na Gaeilge amháin, nó ón gciste infheistíochta fiú. Sin é an dóigh ina mbíonn muidne ag tabhairt faoi.

Is é sin an dóigh ina mbíonn an ciste ag tabhairt faoi fosta agus an dóigh inar bunaíodh an ciste infheistíochta. Ón airgead uilig a fuair muid, cé nach bhfuair muid ach €8 milliún, tá tionscadal ar fiú breis agus €25 milliún tógtha ag an chiste. Nuair atá airgead agat in earnáil na Gaeilge agus airgead meaitseála ar fáil fá choinne thionscadal atá an Roinn talmhaíochta nó an Roinn pobal ag iarraidh é a dhéanamh, tá cineál leverage i gceist. Má tá 20% den airgead geallta duit ón chiste infheistíochta cheana féin, tá sé i bhfad níos fusa an t-airgead maitseála a fháil. Ba chóir don earnáil phobail díriú isteach air sin.

Cloistear faoin airgead caipitil atá tugtha amach ach is cinnte go bhfuil airgead reatha de dhíth leis na háiteanna seo ag coinneáil ar dul agus leis an obair óige a dhéanamh. Cé go bhfaighimid airgead ón Roinn Oideachais, tá i bhfad níos mó airgid de dhíth leis sin a sholáthar sna ceantair uilig. Níl mé ag rá gur mhún dreoilín san fharraige mhór an méid atá tugtha amach go dtí seo ach tá gá leis i bhfad níos mó agus an líon tionscadal atá ag dul faoi láthair. Tá muidne ag dul agus ag fáil airgid ach tá b'fhéidir deich n-áit eile a bheadh ag déanamh an rud céanna dá mbeadh an t-airgead ar fáil. Níl a fhios agam an bhfreagraíonn é sin ceist an Teachta.

Bhí rud éigin eile ann ó thaobh an phlean nó na físe atá againn. Ba é an plean a bhí againn breis agus deich mbliana ó shin ná meánscoil a bheith againn. Tá sé sin againn anois agus déanann sé an-difear don cheantar agus do chaighdeán na Gaeilge i measc na ndaoine óga. Tá sé dochreidte an difear a rinneadh. Beidh Joe Ó Dochartaigh ábalta caint faoin difear a rinneadh ó thaobh an chlub óige. Is é an chéad rud eile atáimid ag iarraidh a dhéanamh ná saoráid chúraim leanaí a bhunú sa dóigh agus go mbeidh daoine, fiú muna bhfuil mórán Gaeilge nó Gaeilge ar bith in úsáid acu sa bhaile, in ann cúram leanaí a bheith acu trí mheán na Gaeilge. Ó thaobh pleanáil agus forbairt teanga sa chomhphobal de, deis iontach a bheadh ann an Ghaeilge a thabhairt do na páistí beagnach ón chliabhán. Is é sin an fhís atá againn. Chomh maith leis sin, bhí an Dr. Mac Ionnrachtaigh ag caint faoi chaifé agus tá caifé bunaithe againn ó bhí an Teachta linn. Tá caifé, oifig an phoist, siopa agus lárionad álainn ann. Bíonn ceolchoirmeacha ann go rialta. Bíonn saol sóisialta ann, rud atá iontach tábhachtach.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá cúpla ceist agam féin sula gcuireann muid críoch leis an seisiún seo. Chonaic muid le déanaí figiúirí a dúirt go raibh titim mhór ann ó thaobh na Gaeilge de i measc scoileanna Béarla. Táimse ag tuairimíocht anseo. Níl aon fhigiúirí agam ach an bhfuil sé sin ag tarlú toisc go bhfuil lucht na Gaeilge ag bogadh isteach sna Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí? An fhadhb bhunúsach é? Aithním ón méid a dúirt na finnéithe go bhfuil sruth ann atá i bhfad Éireann níos mó ná an sruth Béarla ag an staid seo. Is comhartha maith é sin ach, muna bhfuil an Ghaeilge istigh sna scoileanna Béarla, tá srian ar an bhfás. Ó thaobh na hathbheochana de, táimid ag brath ar Ghaelscoileanna agus ar Ghaelcholáistí. D'fhoghlaim a lán daoine sa Deisceart atá líofa sa Ghaeilge, roinnt de chomhaltaí an choiste seo ina measc, a gcuid Gaeilge i scoileanna Béarla. Tá gá ann go mbeadh an Ghaeilge fite fuaite sna scoileanna Béarla chomh maith.

Tá ceist agam don Dr. Mac Ionnrachtaigh. B'fhéidir go mbeidh sé in ann eolas a thabhairt dúinn. Tá sé tar éis cur i láthair a dhéanamh ar an todhchaí. Tá Glór na Móna i mbun comhráite agus é ag iarraidh poist na n-oifigeach óige agus an t-airgead a bhí á fháil ag an eagraíocht a shábháil. Tá ciorruithe de £86,000 i gceist. Dá mbeadh ciorrú den saghas sin dírithe ar aon eagras anseo, bheadh fuadar faoi gach duine déileáil leis. Ní chloisim an oiread sin fuadair.

Tá dhá mhionrud eile le rá agam. Bhí ionadaithe an dá eagraíocht ag caint faoin óige den chuid is mó. Aontaím gur chóir díriú isteach uirthi ach tá níos mó ná sin i gceist. Tagraím do chothú fostaíochta do dhaoine atá níos sine. Is ceann de na fadhbanna a bhíonn ann go minic ná go mbíonn ar dhaoine atá níos aosta bogadh toisc nach bhfuil tithíocht nó poist sa cheantar. Tréigeann daoine óga ón tuath ach go háirithe a gceantar ná a dtír toisc nach bhfuil poist ar fáil dóibh. Le cúpla bliain anuas, tá daoine ag fanacht sa bhaile. Níl a fhios agam conas mar a bhíonn cúrsaí i gceantair na bhfinnéithe. An raibh daoine ag obair sa cheantar toisc na paindéime, rud a léiríonn gur féidir le daoine a bheith ag obair ina gceantair áitiúla fiú más ceantair iargúlta atá i gceist? Más fíor é sin, táimid ar ais ag an mbuncheist a bhfuil muid ag déileáil leis, ceist na tithíochta agus muna bhfuil áiteanna ann do dhaoine chun lonnú nó fanacht sa cheantar. D'éirigh leis na heagraíochtaí go dtí seo. An bhfuil brú ann go fóill níos mó tithíochta a chur ar fáil i gceantair thuaithe nó i gceantair sna cathracha? Tá ceithre cheist curtha agam ansin. Níl a fhios agam cé atá ag iarraidh tabhairt fúthu.

Mr. Pádraig Ó Mianáin:

B'fhéidir go dtógfaidh mé an ceann ar an ghéarchéim. Tá an ceart ag an Chathaoirleach; is géarchéim atá ann. Tá sé fíor go bhfuil céatadán níos mó de na daltaí ag déanamh an GCSE nó an A-leibhéal sa chóras Gaeloideachas ach tá titim shuntasach tagtha ar an líon scoileanna ar fud na Sé Chontae ina bhfuil an Ghaeilge ar fáil mar ábhar. Ar ndóigh, ar an taobh seo den Teorainn, tá an Ghaeilge mar ábhar éigeantach. Faigheann gach dalta an deis an teanga a fhoghlaim. Ní hamhlaidh an scéal ó Thuaidh ar chor ar bith. Fiú i gContae Dhoire, seachas Gaelcholáiste Dhoire, níl ach dhá mheánscoil fágtha idir cathair Dhoire agus Contae Dhoire ina bhfuil an Ghaeilge á teagasc suas go dtí A-leibhéal. Seachas lasmuigh den Ghaeltacht oifigiúil, is tríd an chóras Béarla a thagann formhór na ndaoine a chuireann spéis sa teanga. Is ansin a fhaigheann siad blaiseadh den teanga agus spéis inti. Fiú go straitéiseach don chóras Gaeloideachais, is riosca suntasach é sin mar, muna bhfuil na huimhreacha atá ag dul tríd le A-leibhéal a dhéanamh, ní bheidh siad ag déanamh céimeanna agus ní bheidh múinteoirí ar fáil i gceann deich mbliana ná 20 bliain.

Feicimid dhá chosc ach go háirithe atá ag dul i bhfeidhm go docharach, ní hamháin ar an Ghaeilge ach ar na teangacha i gcoitinne. Sa churaclam ó Thuaidh, le deich mbliana nó níos mó tá an-bhrú ar ábhair ar nós na matamaitice nó na heolaíochta. Tá a lán acmhainní curtha sa treo sin agus, ar bhealach, tá díspreagadh sa chóras i dtreo teangacha. Tá scoileanna ag éirí as teangacha a bheith éigeantach sa chéad, dara nó tríú bliain. Chomh maith leis sin, inár gcuid den tír, táimid scoilte ón Aontas Eorpach. Go síceolaíoch, tá sé le brath sa chóras oideachais nach bhfuil an tábhacht chéanna le teangacha eile i gcoitinne. Nílim ag caint faoin Ghaeilge amháin, ina bhfuil spéis againn, ach faoin bhFraincis agus faoin Spáinnis freisin. Tá na huimhreacha ag titim go tubaisteach sna teangacha go léir seachas an Béarla, ar ndóigh, atá mar ábhar gar le bheith éigeantach ó Thuaidh. Mar sin, is cinnte go bhfuil gá le beart. Tá mé féin agus Niall Ó Catháin ar Chomhairle na Gaelscolaíochta agus tá an cheist seo ar ár n-aird.

Beimid go mór i bhfabhar scéimeanna dreasachta agus scéimeanna a thabharfadh spreagadh i dtaca, i dtús báire, le páistí bunscoile sa chóras Bhéarla a spreagadh chun an Ghaeilge a ghlacadh sa chóras meánscolaíochta, agus sa bhreis sa mheánscoil, go mbeadh deiseanna acu iontu. Mar shampla, ba bhuille mór le cúpla bliain nach raibh cúrsaí Gaeltachta ann. Níl rud ar bith níos fearr ná trí seachtainí a chaitheamh sa Ghaeltacht le spéis daoine óga a tharraingt chun na teanga. Tá gá le beart, le dreasachtaí agus le tacaíocht ón earnáil seo mar is riosca atá ann a bheidh ag éirí laistigh de dheich mbliana murar féidir linn an taoide sin a aisiompú.

Dr. Feargal Mac Ionnrachtaigh:

Maidir leis an gceist sin i dtaobh an fheachtais óige atá faoi lán seoil i láthair na huaire, beidh deireadh leis an scéal maidin amárach mar táimid ag bualadh leis na húdaráis oideachais ag a 9 a chlog maidin amárach agus beimid ag fáil scéal dearfach nó diúltach an dtiocfaidh siad aníos leis an maoiniú.

Is é an rud a bhí spéisiúil faoin rud ar fad ná go raibh sé i bhfolach taobh thiar de chritéir agus den fhoirmle maoinithe nach dtugtar stádas ar leith d’athbheochan na Gaeilge ná don Ghaeloideachas. Is é an rud a bhí á rá acu ná go raibh an dualgas reachtúil atá i gComhaontú Aoine an Chéasta ag plé le Gaelscoileanna agus arbh as a d’eascair Comhairle na Gaelscolaíochta agus a lán de na forbairtí atá againn ó Thuaidh bainteach le muintir na scoileanna amháin, nár bhain sé leis an óige nó le cumainn óige agus gur rud difriúil a bhí ann. Bhí sé sin damanta agus craiceáilte ar fad. Bhíodar á rá go raibh na páistí ag cailleadh cearta teanga a úsáideann siad ag geataí na scoile agus nach raibh stádas ar bith acu i ndiaidh am scoile. Is í an loighic a bhí ann anseo ná go rabhthas ag iarraidh na cumainn óige Ghaeilge a chur isteach i mbosca an Bhéarla. Is í an chontúirt agus an chonstaic a bheadh leis sin ná go mbeadh eagraíochtaí Gaeilge ag cur isteach ar mhaoiniú coiteann amhail is gur gnáthchumainn iad agus, ar ndóigh, níl sé sin fíor. Táimid ag iarraidh an teanga a chur chun cinn ar bhonn thumoideachais ag leibhéal an óige. Bhí Joe Ó Dochartaigh ag cur síos ní ba luaithe gur rud sainiúil ar leith agus tá stádas sainiúil ar leith á iarraidh.

Leis an fhírinne a rá, bhí sé seo aontaithe acu anuraidh sna comhráite a bhí againn le heagraíocht réigiúnach darbh ainm Fóram na nÓg a bhíonn ag obair le cuid blianta agus a fuair an stádas agus an maoiniú ón stát den chéad uair riamh. Shíleamar gur thiontaíomar coirnéal i dtaobh na ceiste sin, ach nuair a tháinig sé go dtí mí Eanáir, tharraing siad an pluga ón rud agus dúirt siad nach raibh an maoiniú ann a thuilleadh. Ní bheadh siad ábalta maoiniú ar leith ar leibhéal áitiúil a thabhairt do chumainn óige Ghaeilge gan é sin a chur ar fáil do phobal na Polainne nó phobal na Liotuáine nó mar sin, agus is amaideach ar fad a bhí sé. Chuaigh na húdaráis siar taobh istigh de bhliain sa dioscúrsa agus sa chur chuige a bhí acu agus, ar an drochuair, b’éigean dúinn dul i mbun agóide agus dul i mbun feachtais maidir leis. Taobh istigh de sheachtain nó dhó, thosaigh an port ag athrú leo agus tá siad ag rá anois go bhfuil siad ag iarraidh teacht ar mhaoiniú do gach bliain chun an tseirbhís a choinneáil ar siúl agus ag glacadh cur chuige le go dtiocfaí leo stádas ar leith a thabhairt do mhaoiniú ar son pobal agus cumann óige Gaeilge. Ní bhfuaireamar aon chinnteacht faoi seo. Tá cruinniú againn maidin amárach agus tá súil againn go nochtfaidh sé an fhírinne dúinn.

Léiríonn sé fosta an géarghá atá ann chun an reachtaíocht a bheith ann agus leis an straitéis maoirsithe a bhí agus atá le teacht leis an reachtaíocht teanga ó Thuaidh. Mar a dúirt mé ag an tús, bhí siad ag dul i bhfolach taobh thiar de sin fosta agus á ag rá dá mbeadh aon ní san Acht teanga, bheadh sé iontach furasta é seo a dhéanamh. Bréag a bhí ann agus bhí sé seo ina leithscéal eile acu. Léiríonn sé seo an géarghá go mbogfaí é seo chun cinn sa tréimhse atá amach romhainn.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An é díreach na heagrais i Ghlór na Móna a bhí i gceist nó an raibh dainséar ann do na-----

Dr. Feargal Mac Ionnrachtaigh:

Mar a tharlaíonn sé, tá 24 chumann óige ó Thuaidh, Carn Tóchair san áireamh. Bhí scéim ann darbh ainm an Irish medium scheme a d’íoc sciar beag airgid do chumainn óige Gaeilge. Tá sé sin le críochnú fosta agus níl siad ag cur aon rud ina áit. Tá an chontúirt seo trasna an bhoird. An difear a bhí ann le Glór na Móna ar an ábhar ná go rabhamar ag plé leis an stuif go stairiúil. Bhí maoiniú ar leith bailithe againn thar, b’fhéidir, tréimhse de sheacht nó ocht mbliana agus, mar a bhí mé ag rá cheana, bhí siad ag tabhairt airgead beag de mhíle punt le haghaidh cúig fhoireann a bhí ag plé leis seo. Titfidh sé ina bhagairt anseo orainn mar go gcríochnóidh sé ar an 1 Aibreán. Táimid anois i ngéarchéim agus tá seachtain fágtha le go dtiocfaimid ar an maoiniú seo. Táimid dóchasach go n-éireoidh linn ach níl aon chinnteacht ann go fóill ar an drochuair.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beidh a fhios againn ar fad maidin amárach an mbeidh sibh i mbun agóide nó ag ceiliúradh. Bhí ceisteanna eile agam, ceann faoi thithíocht agus ceann faoi fhostaíocht.

Mr. Niall Ó Catháin:

Ó thaobh cúrsaí tithíochta de, caithfimid a bheith airdeallach air sin sna blianta atá romhainn mar tá na teaghlaigh mheánmhéide nó average household size sa cheantar seo againne ag breis agus a trí agus ar fud na hEorpa tá sé ag dul i dtreo a dó. Tarlóidh sé sin sa cheantar seo againne as seo amach. Má tharlaíonn sé sin taobh istigh de dheich mbliana nó 20 bliain, ciallaíonn sé sin go gcaithfimid 50% níos mó ionaid tithíochta a bheith sa teach ná mar atá ann faoi láthair. Táimid ag amharc air sin agus caithfimid tabhairt faoi sin. Má táimid ag iarraidh an daonra céanna atá againn faoi láthair a bheith ann sa cheantar, beidh orainn 50% níos mó aonaid tithíochta a bheith ann. Is rud mór atá ag teacht agus caithfimid tabhairt faoi sin as seo amach agus dul i bhfeidhm ar na polaiteoirí.

Tá fadhb ann leis an special development plan atá againn ó Thuaidh mar go bhfuil sé bunaithe ar achan rud a bheith dírithe ar an oirthear de na Sé Chontae nó sna bailte móra. Tá sé sin ag stiúradh achan rud agus ní thuigeann an chuid is mó de na comhairleoirí áitiúla mo bharúil faoin damáiste atá déanta aige sin. Bíonn na pleananna ceantair ó thaobh tithíochta de a bhíonn á chumadh acu ar fad bunaithe air sin. Mar shampla, tá baile beag in aice linn, an Suaitreach, agus níl siad ag zónáil tuilleadh tithíochta sa bhaile beag sin. Tá géarghá tithíochta ann cheana féin, agus tá sé mar an gcéanna achan áit toisc gur cheannaigh gach duine isteach ar an bplean seo. Caithfidh an Rialtas tabhairt faoi agus díriú isteach ar an rud seo, a rinneadh breis is deich mbliana ó shin anois.

Maidir leis an rud a bhí an Cathaoirleach ag rá faoi dhaoine a bheith ag obair ó bhaile, tá deis ann anois ath-fhócas a dhéanamh ar na ceantair thuaithe chun a bheith ag díriú isteach orthu, ag cur na seirbhísí ann. Caithfimid a dhéanamh cinnte de go bhfuil go leor tithíochta zónáilte sna bailte beaga agus sna sráidbhailte ionas go mbeidh tithe ar fáil ansin do dhaoine óga a bheidh ábalta obair a dhéanamh ón mbaile. Is rud é sin a gcaithfidh an Rialtas ó Thuaidh tabhairt faoi as seo amach agus táimid ag caint le cúpla polaiteoir ina leith sin go dtí seo ach ní dóigh liom gur thit an phingin go fóill leis an gcuid is mó díobh. Níl duine ar bith ag féachaint go dáiríre air ó thaobh polasaí de chun athamharc a dhéanamh ar an bplean a rinneadh cheana. Tá achan uile fhorbairt agus phlean ceantair bunaithe air ó Thuaidh. Má táimid ag iarraidh an rud céanna a dhéanamh is atá déanta i gCarn Tóchair, caithfidh tithíocht a bheith ar fáil sna ceantair seo. Tá go leor le bheith ag tabhairt faoin bhfadhb sin den average household size a bheith ag ísliú de réir a chéile. Is rud mór é sin agus b’fhéidir is í an chonstaic is mó atá ann in éadan cheantair thuaithe, bailte beaga agus sráidbhailte a bheith ag fás agus ag forbairt.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is é sin gach rud. An bhfuil aon rud eile le rá ag aon duine?

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá súil agam go bhfaighidh Glór na Móna an maoiniú amárach.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Coimeádfaidh mé réidh chuige sin, a Sheanadóir. Gabhaim buíochas leis na finnéithe ar fad as an gcur i láthair a rinne siad agus na freagraí a thug siad dúinn ar na ceisteanna ar fad. Beidh tuarascáil ón gcomhchoiste bunaithe air seo agus ar na cruinnithe eile a bhí againn maidir le tithíocht, agus tá súil againn go mbeidh sí sin foilsithe sar i bhfad. Tá Seán Ó Catháin, atá taobh thiar díobh, ag clóbhuaileadh ar aghaidh ansin agus b’fhéidir go mbeimid in ann é a chur ar aghaidh sula bhfoilseoidh an tAire na treoirlínte tithíochta a luaigh sé an bhliain seo caite mar go bhfuilimid chun tosaigh air go fóill.

Measaim go mbeidh sé réidh i mí Aibreáin. Tá súil againn go mbeidh sé sin déanta, go mbeidh éifeacht éigin ag an méid a bhí le rá ag daoine agus go n-éistfidh an tAire agus an Rialtas leis an méid atá á rá againn. Cuireann sé sin críoch leis an gcuid seo den chruinniú. Gabhaim buíochas leis na finnéithe ar fad a labhair linn: Joe Ó Dochartaigh, Niall Ó Catháin agus Pádraig Ó Mianáin ó Choiste Forbartha Charn Tóchair; agus an Dr. Feargal Mac Ionnrachtaigh, Gearóidín Nic Chathmaoil agus an Dr. Orla Nic Oirc ó Ghlór na Móna.

Tá deireadh leis an gcuid sin den chruinniú. Caithfidh mé dhá rud gasta eile a dhéanamh. Tá dréacht-tuairisc bhliantúil an chomhchoiste do 2021 agus dréacht-tuairisc an chomhchoiste ar an toscaireacht chuig ard-fheis Chonradh na Gaeilge curtha ar aghaidh chuig na comhaltaí. Déanfaimid breathnú orthu sin ag an gcéad chruinniú eile. Glacaim leis nach bhfuil aon ghnó eile ag aon duine anseo.

Beidh cruinniú príobháideach againn an Mháirt seo chugainn chun déileáil leis na tuarascálacha. Ansin, beidh dhá chruinniú againn ar an gCéadaoin seo chugainn, an 30 Márta. Beidh an tAire Dlí agus Cirt, Teachta McEntee, linn chun plé a dhéanamh ar an bhfáth a rinneadh fáil réidh leis an riachtanas bunriachtanach d’iarrthóirí an grád 50% a bhaint amach sa scrúdú inniúlachta béil sa Ghaeilge lena bheith incháilithe le hardú céime a fháil chuig céimeanna sáirsint nó cigire, ar chinneadh an Rialtais nach mbeidh Gaeilge riachtanach níos mó ag baill den Gharda Síochána agus ar pholasaí an Roinn Dlí agus Cirt i leith chur chun cinn na Gaeilge sa Roinn féin agus sna comhlachtaí reachtúla, comhlachtaí neamhreachtúla agus comhlachtaí achomhairc a thagann faoina cúram agus a thugann sí maoiniú dóibh.

Ansin, ar 4 p.m., beidh Robert Watt, Ard-Rúnaí an Roinn Sláinte, agus Paul Reid, príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, linn chun plé a dhéanamh ar fhíseán de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chun mná torracha a spreagadh chun an vacsaín in aghaidh an choróinvíris a fháil, físeáin nach raibh ar fáil i nGaeilge in ainneoin go raibh sé ar fáil in a lán teangacha eile agus ar na teangacha éagsúla ina soláthraíonn agus ina bhfógraíonn Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a gcuid seirbhísí don phobal. Thug an bheirt sin geallúint go dtiocfaidís os ár gcomhair cúpla mí ó shin agus beidh siad linn an tseachtain seo chugainn. Tá súil agam go bhfeicfidh mé na comhaltaí ar fad ansin.

Cuireadh an cruinniú ar athló ar 3.22 p.m. go dtí 1.30 p.m. Dé Céadaoin, an 30 Márta 2022.