Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 18 June 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022: Plé

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na baill uilig. Os ár gcomhair inniu tá an Roinn Oideachais agus Scileanna. Faoi chaibidil tá an Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 agus an dul chun cinn atá déanta ina leith. Bhí mé chun a rá gurb é an t-aon tuar dóchais ó thaobh na Gaeilge de ach b'fhéidir go bhfuil sé seo beagáinín dian. Cuirim céad míle fáilte roimh na finnéithe. Táimid ag tnúth lena gcur i láthair. Ba mhaith liom céad míle fáilte a chur roimh an Dr. Harold Hislop, príomhchigire; an Dr. Treasa Kirk, príomhchigire cúnta agus ceannasaí an aonad um oideachas Gaeltachta; an tUasal Róisín McCauley, príomhoifigeach cúnta; agus an tUasal Adele Gannon; ardoifigeach feidhmiúcháin san aonad um oideachas Gaeltachta. Inár gcomhluadar freisin tá an tUasal Dónal Ó hAiniféin, cathaoirleach An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG, agus an tUasal Muireann Ní Mhóráin, príomhfheidhmeannach sa chomhairle, atá ar ais arís. Cuirim fáilte rompu.

Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe go bhfuil, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thabharfaidh siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste dóibh, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt amhlaidh, ní bheidh siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cháilithe i leith na fianaise seo acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear díobh cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina n-ainm, ina hainm nó ina ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar an eolas freisin go ndéanfar na ráitis tionscnaimh seo a gcuirfidh na finnéithe faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó maidir le hoifigeach ina ainm, nó ina hainm, ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Gabhaim buíochas as an ráiteas tosaigh. Tá sé cuimsitheach. Tá sé léite againn.

Dr. Harold Hislop:

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus leis an gcoiste ar fad as an gcuireadh a bheith i láthair ag an gcruinniú inniu. Fáiltímid roimh an deis chun labhairt leis an gcomhchoiste mar gheall ar an dul chun cinn atá déanta againn i gcur i bhfeidhm an pholasaí. Mar a luaigh an Cathaoirleach, táimid anseo ón Roinn. Ón aonad um oideachas Gaeltachta tá an Dr. Treasa Kirk, atá mar cheannasaí ar an aonad. Tá comhghleacaithe ó COGG linn freisin - an tUasal Dónal Ó hAiniféin, atá ina cathaoirleach, agus an tUasal Muireann Ní Mhóráin, atá mar phríomhfheidhmeannach.

Mar is eol don choiste, foilsíodh an Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 in 2016. Is iad príomhaidhmeanna an pholasaí ná a chinntiú go mbeidh oideachas ar ardcháilíocht trí mheán na Gaeilge ar fáil do pháistí na Gaeltachta agus úsáid na Gaeilge a chur chun cinn sna scoileanna sin. Déantar sin trí acmhainní breise a sholáthar agus tacaíochtaí éagsúla a thabhairt do na scoileanna.

Tá cur i bhfeidhm an pholasaí á threorú ag an aonad taobh istigh den Roinn. Chomh maith leis sin tá ról lárnach ag COGG ina chur i bhfeidhm. De bharr sin, ó 2017 ar aghaidh tá buiséad bliantúil breise agus beirt oifigeach breise curtha ar fáil do COGG chun an ról seo a chomhlíonadh. Sin an fáth go bhfuil an tUasal Ó hAiniféin agus an tUasal Ní Mhóráin linn inniu. Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun ár mbuíochas a ghabháil le COGG as an tacaíocht agus as an gcomhoibriú a chuireann sé ar fáil don Roinn i gcur i bhfeidhm na hoibre seo. Is mian liom freisin mo bhuíochas a ghabháil le baill éagsúla an choiste chomhairligh um polasaí don oideachas Gaeltachta. Cuireann siad comhairle agus aiseolas ar fáil dúinn. Buaileann an coiste le chéile trí huaire sa bhliain. Bhí cruinniú againn le déanaí ar an gCeathrú Rua. Tá na cruinnithe seo agus an cabhair a thugann an coiste dúinn an-úsáideach ar fad.

Ó thaobh chur i bhfeidhm an pholasaí go dtí seo, cuireadh buiséad de €1 milliún dúinn sa chéad bhliain. Tá an buiséad sin ag dul i méid ó shin go dtí thart ar €5 milliún i mbliana. Tá dul chun cinn suntasach déanta againn i gcur i bhfeidhm an pholasaí. Ceann de phríomhghníomhartha an pholasaí ná an scéim aitheantais scoileanna Gaeltachta. Cuireann an scéim deis ar fáil do scoileanna i limistéir phleanála teanga Gaeltachta aitheantas a ghnóthú mar scoileanna Gaeltachta. Bíonn an t-aitheantas sin bunaithe ar chritéir theanga-bhunaithe a chomhlíonadh agus ar an mbonn go mbíonn na scoileanna páirteach sa phróiseas phleanáil teanga faoi Acht na Gaeltachta. Is é príomhchuspóir na scéime ná líon na scoileanna sa Ghaeltacht a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge a mhéadú agus oideachas ar ardcháilíocht a sholáthar iontu. Go dtí seo tá 80% de na bunscoileanna agus gach ceann de na hiarbhunscoileanna Gaeltachta páirteach sa scéim aitheantais. Tugadh an deis do na scoileanna eile nach bhfuil sa scéim a bheith rannpháirteach ann in 2017, 2018 agus 2019. Tháinig iarbhunscoil amháin, an ceann deireanach, isteach i mbliana agus tá áthas an domhain orainn gur tháinig.

Tá pacáiste tacaíochtaí á sholáthar do gach scoil. San áireamh sa phacáiste seo tá deontas de €1,200 gach bliain chun acmhainní teagaisc trí mheán na Gaeilge a cheannach; uaireanta breise do mhúinteoirí chun tacaíocht teanga a thabhairt, a chosnóidh níos mó na €2.6 milliún i mbliana; agus forbairt ghairmiúil a sholáthraíonn COGG. Dearann agus soláthraíonn oifigigh COGG clár leathan d'fhorbairt ghairmiúil leanúnach do scoileanna atá sa scéim.

Déanann an cigireacht cuairteanna comhairleacha ar na scoileanna. Ó thús na scéime tá níos mó ná 500 cuairt déanta againn ar na scoileanna sa scéim. Cuireann na cigirí comhairle ar na múinteoirí agus ar na príomhoidí faoin tumoideachas agus faoi na critéir theanga-bhunaithe sna scoileanna. Anuas air sin, foilsíodh treoirlínte ar dhea-chleachtas don tumoideachas do bhunscoileanna agus d’iarbhunscoileanna, i gcomhoibriú le COGG, agus raon de threoirlínte eile. Tá treoir á ullmhú ag COGG faoi láthair maidir leis an aistriú ón naíonra go dtí an bhunscoil do naíonáin. Tá athrú mór le déanamh ag daltaí ag an aois sin.

Go dtí seo, tá dul chun cinn feicthe againn sna scoileanna. Tá úsáid rathúil ag scoileanna ar an bpróiseas féinmheastóireachta chun spriocanna feabhsúcháin a rianú agus monatóireacht a dhéanamh orthu. Feicfimid go bhfuil cur i bhfeidhm an luath-thumoideachais i ranganna na naíonán ag tosú agus go bhfuil sé ar siúl i ngach bunscoil atá páirteach sa scéim. Tá úsáid na Gaeilge ag treisiú mar mheán teagaisc agus mar mheán cumarsáide sna scoileanna. Tá dearcadh maith ag lucht na scoileanna ar an scéim. Faighfimid litreacha agus eolas ó na scoileanna go bhfuil ag éirí leo múineadh trí mheán na Gaeilge a chur chun cinn.

Tá gnéithe eile den scéim luaite sa nóta a thugamar don choiste. Ceann amháin ná an tionscadal píolótach ríomh-mhoil nó e-hub. Seo scéim atá bunaithe againn ar bhonn píolótach chun ábhair nach bhfuil ar fáil sna scoileanna a mhúineadh ar an Idirlíon chun iad a chur ar fáil do scoileanna nach bhfuil fáil acu orthu faoi láthair. Bhaineamar triail as sa bhliain scoile atá ag críochnú anois. Chuireamar ceachtanna ar siúl don idirbhliain. Bhain roinnt mhaith scoláirí i sé iarbhunscoileanna éagsúla triail as. Beidh scoláirí ag tabhairt faoin bhfisic ar ardleibhéal san ardteistiméireacht an bhliain seo chugainn don chéad uair. Tá sé iarbhunscoil againn sa scéim sin. Beidh 14 scoláire ag tabhairt faoin ábhar sin. Mheall na ceachtanna a fuair siad san idirbhliain isteach iad.

Tionscadal eile ná Forás. Is tionscadal a bhunaíomar in dhá scoil ar bhonn píolótach. Tugann an scéim seo beirt mhúinteoir sa bhreis do scoileanna chun tacú le scoláirí nach bhfuil mórán de Ghaeilge acu ach atá ag tabhairt faoin gcuraclam trí mheán na Gaeilge chun Gaeilge na daltaí sin a fheabhsú.

Tá staidéar taighde agus meastóireachta fad-téarmach bunaithe againn leis an bhForas Taighde ar Oideachas, ERC, agus leis an gcigireacht. Beidh measúnú fad-téarmach á dhéanamh ar dul i bhfeidhm na scéime.

Chomh maith leis an obair sin atá luaite agam, chuireamar pacáiste tacaíochta breise ar fáil do na scoileanna ar na hoileáin. D'ardaigh baill den choiste seo ceist faoi sin nuair a bhíomar anseo cheana agus bheartaíomar beart tacaíochta breise, anuas ar na tacaíochtaí eile a fhaigheann siad faoin scéim, a thabhairt do na hiarbhunscoileanna ar na hoileáin. Clúdaíonn an pacáiste sin uaireanta agus airgead sa bhreis.

Ceist mhór a luadh anseo cheana ná an easpa múinteoirí le cumas sa Ghaeilge. Tá obair tosaithe againn ar roinnt céimeanna chun déileáil leis an bhfadhb sin. Tá dhá chúrsa nua bunaithe do mhúinteoirí. Ceann dóibh ná an mháistreacht san oideachas i gColáiste Mhuire gan Smál i Luimneach. Tá an mháistreacht sin dírithe ar mhúinteoirí atá ag obair sna scoileanna faoi láthair. Díríonn sé ar an tumoideachas, ar a cur i bhfeidhm, agus ar thuiscint na múinteoirí sin ar na dúshláin a titeann amach nuair a mbítear ag obair i scoileanna Gaeltachta nó lán-Ghaeilge a fheabhsú. Bhí an Roinn sásta 30 áit a chur ar fáil ar an gcúrsa sin. Chuaigh 23 isteach ar an gcúrsa. Tharraing beirt siar ar fáthanna éagsúla pearsanta so tá 21 ar an gcúrsa faoi láthair.

Tá cúrsa baitsiléara san oideachas le tosú i gColáiste Mhuire, Marino. Tosóidh an chéad rang i mí Mheán Fómhair seo chugainn. De réir dealraimh, tá éileamh maith ar na háiteanna sin. Arís, beidh suas le 30 áit le fáil ar an gcúrsa.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil an figiúr socraithe go fóill?

Dr. Harold Hislop:

Ní bheidh go dtí go mbeidh an próiseas CAO críochnaithe.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá próiseas ar siúl.

Dr. Harold Hislop:

Tá. Caithfidh na mic léinn seo na háiteanna a fháil tríd an gcóras CAO.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is é sin an gnáthchóras.

Dr. Harold Hislop:

Is ea. Ó thaobh an dá chúrsa sin, ceann amháin de na fadhbanna a phléamar nuair a bhíomar anseo cheana ná caighdeán Gaeilge na múinteoirí, fiú na múinteoirí atá díreach ag fágáil na gcoláistí. Tá ardchaighdeán le baint amach ag na mic léinn agus iad ag fágáil na cúrsaí sin. Caithfear leibhéal C1, is é sin "úsáideoir oilte", ar an gcreatlach a bhaineann le teangacha na hEorpa a bhaint amach.

Chomh maith leis sin, thugamar dhá phost léachtóra sa bhreis ar fáil don chúrsa máistreacht ghairmiúil san oideachas in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Oileann an cúrsa sin múinteoirí a mhúineann ábhair éagsúla ag an meánleibhéal. Tá leathnú amach déanta ar na múinteoirí atá ag teacht as an gcúrsa sin dá bharr.

Táimid anseo chun ceisteanna na mball a fhreagairt. Táimid sásta aon eolas is féidir linn a thabhairt a roinnt leis an gcoiste, nó é a fháil tar éis an tseisiúin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaím buíochas le Dr. Hislop. An bhfuil éinne ó COGG ag iarraidh focal a rá ag an bpointe seo?

Mr. Dónal Ó hAiniféin:

Ceapaim go raibh an ráiteas tosaigh cuimsitheach go maith, ball ó Dhia air.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na hionadaithe. Tá an-chuid sa tuairisc sin. Ar an gcéad dul síos, fáiltímid go léir roimh an bpolasaí. Is céim mhaith chun cinn é. Tá sé soiléir ón gcur i láthair go bhfuil céimeanna chun tosaigh á dtógáil. Tá scata ceisteanna gur mhaith liom díriú isteach orthu le Dr. Hislop. Bhí deis agam an tuairisc a léamh roimhe seo agus thug mé faoi deara nach raibh cúntóirí teanga luaite ann. Luaitear níos déanaí sa chaipéis go mbeidh tacaíocht teanga, agus uaireanta breise chuige sin, ar fáil. An bhfuil na cúntóirí teanga i gceist ansin?

Dr. Harold Hislop:

Níl.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl. Tuigim go bhfuil athruithe déanta maidir le cúntóirí teanga agus go bhfuil siad ag tosú níos luaithe sa bhliain. Níl poist bhuana acu. B'fhéidir go mbeidh siad imithe arís nó nach mbeidh siad ar fáil.

An bhfuil plean chuige sin? Nuair atá duine maith ann agus go dteastaítear go leanfadh sé nó sí ar aghaidh agus go mbeadh an buntáiste sin ag na páistí a bheadh ag teacht isteach sa scoil, an bhfuil aon phlean maidir leis sin?

Tá ceist eile agam mar gheall ar an bpainéal agus caighdeán na Gaeilge atá ag na múinteoirí atá ag teacht isteach. Luadh liom nach mbíonn scoileanna sásta ó am go chéile go mbíonn orthu daoine a ghlacadh nach mbraitheann siad go bhfuil láidir go leor. Cén sórt meastóireacht a dhéantar ar an bpainéal sin ó thaobh teanga de? An bhfuil aon phlé déanta ag an Roinn air sin?

Bhí deis againn bualadh le múinteoirí sna Gaeltachtaí ar fud na tíre nuair a raibh baill an choiste ag dul mórthimpeall. Tháinig a lán de na hábhair chéanna chun cinn. Cé go bhfuil réimse leathan áiseanna ar fáil, tá siad ag díriú ar bhearnaí éagsula go mbraitheann siad go mbíonn ag cur isteach ar a gcuid gnó. Mar shampla, maidir le Gluais go Maith, Gluais go Minic, luadh go bhfuil clár maith ann ach nach bhfuil na hacmhainní ann, go bhfuil na hacmhainní ar fad i mBéarla agus go bhfuil deacracht ag scoileanna leis an teagasc Críostaí chomh maith - braitheann na múinteoirí go bhfuil sé róchasta. Cé chomh forleathan agus a bhfuil na háiseanna ar fáil? An mbaineann sé le 90%, 99% nó 70% de na téacsleabhair? An bhféadfadh an Roinn tuairim a thabhairt air sin nó cé chomh mór nó beag agus atá na bearnaí atá na múinteoirí ag tarraingt ár n-aird orthu?

Tá na meánscoileanna go léir sa scéim agus tá sé sin go hiontach. Ach níl na bunscoileanna go léir ann fós. Tuigim go bhfuil an deis acu chun teacht isteach. Cad a tharlóidh amach anseo do na scoileanna sin? Mura theastaíonn uathu teacht isteach, agus gan dabht beidh mic léinn sna scoileanna sin a theastaíonn uathu a ghnó a dhéanamh trí Ghaolainn, cad a tharlóidh leo siúd? Cén saghas plean atá ann? An mbeidh deis acu aistriú chuig scoileanna eile? An mbeidh córas taistil ann chuige sin? Cad a tharlóidh? An mbeidh an Roinn ag cur iallach ar na scoileanna páirt a ghlacadh?

Tagraím do na scoileanna nua. B'fhéidir nach mbaineann sé go díreach leis an bpolasaí seo ach nuair atá an Roinn anseo tá sé níos fearr dom an cheist a chur. Tá éileamh ar Ghaelscolaíocht ar fud na tíre. Feicimid go bhfuil polasaithe ann i gcomhair pátrúnacht a chur ar fáil agus go mbraithimid go bhfuil claonadh ann in aghaidh Gaelscolaíochta. Cé go bhfuil an t-éileamh ann agus cé go bhfuil an Economic and Social Research Institute, ESRI, ag rá go bhfuil 23% den daonra á héileamh, níl sí sin le feiceáil. Caithfear níos mó bunscoileanna nua a bheith ann agus tá catch-up le déanamh ansin. An bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ar an bpolasaí sin faoin bpátrúnacht? Tuigim go bhfuil beart eile scoileanna le scaoileadh thar cheann bliana agus ba chóir go mbeadh treo eile ullmhaithe chun nach mbeadh faillí á dhéanamh ar mhuintir na Gaolainne ar fud na tíre nuair a bheidh na scoileanna nua sin ag teacht chun cinn?

Dr. Harold Hislop:

Is féidir linn na ceisteanna a thógáil ceann ar cheann más mian leis an gcoiste. Ar dtús, tagraím don cheist mar gheall ar na huaire breise. Tá an ceart ag an Teachta go bhfuil na huaire bhreise tugtha do na scoileanna. I mbliana, rinneamar solúbthacht eile ar an scéim ionas gur féidir leis an scoil uaire a bhaineann leis an scéim aitheantais agus uaire a bhaineann leis an oideachas speisialta a chur le chéile chun post iomlán a dhéanamh. D'iarr na scoileanna orainn agus bhí sé luaite ag an gcoiste comhairleach cúpla uair, go mbeadh sé sin an-úsáideach do na scoileanna agus chuireamar an solúbthacht sin isteach. Níl na postanna buan áfach, toisc go bhfuil polasaí cúig bliana againn. Sin an méid atá againn faoi láthair.

D'iarr an Teachta orainn an bhfuil aon phlean againn chun é sin a athrú agus ag an bpointe seo níl. Tá eolas againn go bhfuil ag éirí go maith leis na múinteoirí sin. Bhí cur i láthair againn ag an gcoiste chomhairleach. Bhí cruinniú den choiste comhairleach againn coicís ó shin ar an gCeathrú Rua agus bhí cur i láthair ó cheann amháin de na múinteoirí sin ar an méid oibre atá ar siúl aici agus an sórt oibre atá ar siúl aici agus a comhghleacaithe sna scoileanna. Bhíomar thar a bheith sásta leis sin agus bíonn na cigirí an-fhabhrach don obair atá ar siúl. Is ceist í a bheidh le scrúdú againn nuair atáimid ag teacht chuig deireadh an pholasaí, agus tá tréimhse cúig bliana sa pholasaí.

Tagraím do na painéil agus caighdeán Gaeilge na múinteoirí. Luadh an cheist seo roimhe seo. Bhí eagla ar na scoileanna Gaeltachta go mbeadh orthu glacadh le múinteoirí, go háirithe múinteoirí ó lasmuigh den Ghaeltacht, ón bpainéal agus gan Gaeilge láidir a bheith ag an múinteoir nó fiú nach mbeadh dúil ag an múinteoir a bheith ag obair i scoil Ghaeltachta. An uair dheireanach a bhí mé anseo, bhí cás amháin inar tháinig sé sin suas agus níor bhog an Roinn an múinteoir sin isteach sa Ghaeltacht. Thógamar gach ceann cás ar chás, scrúdaíomar an cás, agus níor bhogamar an múinteoir istigh sa Ghaeltacht mar bhí eagla ar an múinteoir nach mbeadh sí in ann an jab a dhéanamh sa scoil agus bhí an eagla chéanna ar an scoil. Ní minic a tharlaíonn sé sin. Chuir an scoil muid ar an eolas mar gheall ar an gcás agus shocraíomar an fhadhb. Beidh muid sásta an rud céanna a dhéanamh amach anseo, ach iad a thabhairt cás ar chás nuair a tharlaíonn sé.

Tagraím d'áiseanna teagaisc agus aon bhearna a bheadh ann. Fágfaidh mé an cheist sin faoin Uasal Ó hAiniféin agus faoin Uasal Ní Mhóráin.

Mr. Dónal Ó hAiniféin:

Mar is eol don Teachta, tá an t-uafás acmhainní Gaolainne curtha ar fáil thar na mblianta ag COGG agus ag dreamanna eile. Nuair a bhíonn daoine ag ceistiú faoin réim acmhainní teagaisc atá ar fáil agus mar sin de, déanann siad comparáid i gcónaí leis na milliúin atá ar fáil sa Bhéarla. Dá réir, is fiú cur i gcuimhne do mhúinteoirí go bhfuil liosta de na háiseanna go léir, ábhar ar ábhar, ón réamhscolaíocht agus ón mbunscolaíocht, suas chuig an iarbhunscolaíocht ar fáil ar shuíomh COGG agus go gcuirtear amach go rathúil go dtí na scoileanna liostaí uasdátaithe nuashonraithe de na hacmhainní, cá bhfuil siad ar fáil, cad iad na hábhair agus mar sin de ionas gur féidir leo rochtain a dhéanamh ar na hábhair sin.

Tá sé suimiúil gur luaigh an Teachta Gluais go Maith, Gluais go Minic. Mar eolas, beidh a leithéid de cheacht ar siúl ag scoil samhraidh Dhún Chaoin ag tús mí Iúil ag príomhoide óg fuinniúil ansin as iarthar Duibhneach. Tá an clár ama déanta amach aige agus i measc na nithe a bheidh ar siúl ag an bpríomhoide óg sin tá Gluais go Maith, Gluais go Minic. Breathnaíonn COGG ar aon iarratas a thagann isteach. Breathnaíonn coiste neamhspleách atá ag COGG ar na hiarratais, déantar measúnú orthu, tagann siad os comhair an bhoird agus tugtar maoiniú do nithe atá fiúntach do bhearnaí atá aitheanta.

Go deimhin féin, nuair a bhíonn an scéim á fógairt againn gach aon bhliain, bímid ag féachaint ar cá bhfuil na bearnaí. Braitheann sé sin ar an aiseolas atá ag teacht ó bhunscoileanna agus ó iarbhunscoileanna. Fáiltímid roimh aon aiseolas a thagann chugainn faoi bhearnaí atá aitheanta ag an earnáil Gaeltachta nó earnáil na Gaelscolaíochta maidir le hacmhainní agus déanaimid gach aon iarracht iad sin a chlúdach. Déarfainn go bhfuil raidhse ábhair ar fáil. Ní bheadh muidne i gCOGG sásta riamh go bhfuil go leor ábhair ar fáil mar táimid ag déanamh comparáid le mórtheanga an Bhéarla.

Caithfimid leanúint orainn ag iarraidh na bearnaí sin a aithint agus a dhúnadh. Bheinn an-sásta dá mbeadh na hacmhainní go léir atá ar fáil in úsáid go laethúil sna hiarbhunscoileanna agus i ngach aon seomra ranga. Sin bearna gur gá dúinn a líonadh chomh maith. Caithfimid deimhniú go bhfuil na hacmhainní maithe atá ar fáil in úsáid agus go bhfuil na daltaí ag baint tairbhe astu.

B'fhéidir go bhfuil breis eolais ag an Uasal Ní Mhóráin ar an ábhar sin.

Ms Muireann Ní Mhóráin:

Le freagra a thabhairt ar an gceist a cuireadh maidir le céatadáin. Tagraím do sholáthar na dtéacsleabhar ag leibhéal na bunscoile. Ó thaobh na gnáthábhair de, tá soláthar 100% ann. Ní hamháin sin, i roinnt ábhar ar nós na matamaitice agus an oideachas sóisialta, imshaol agus eolaíochta, tá rogha ábhar ann ó thaobh an tsoláthair sin. Táimid ag cur leis an soláthar leabhair léitheoireachta an t-am ar fad. Tá clár luathléitheoireachta, clár fónaic agus mar sin de.

Maidir leis an teagasc Críostaí, bhíodh fadhbanna leis an sraith Beo go Deo ach tá muidne tar éis a bheith ag obair ar an tsraith I nGrá Dé agus tá an-chúram déanta d'oiriúnacht na teanga ansin lena chinntiú go bhfuil sé aoisoiriúnach agus go mbeadh na páistí agus a gcuid múinteoirí in ann déileáil leis. Ag leibhéal na hiarbhunscolaíochta, tá an scéal níos dúshlánaí mar go bhfuil na hábhair ar fad sa tsraith shóisearach tar éis athrú le cúpla bliain anuas. Táimid ag iarraidh coimeád suas leis na hathruithe sin. Do na príomhábhair, tá leabhair nua ag dul leis na sonraíochtaí nua ar fáil. Tá gach iarracht déanta an Ghaeilge iontu a bheith aoisoirúnach agus gan a bheith róchasta. Ag an am céanna, caithfidh na scoláirí teanga na n-ábhar sin a fhoghlaim, níl aon dul as.

Maidir leis an nGaeilge í féin, tá sonraíocht faoi leith tagtha isteach do na scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge agus tá cúrsa ann. Don chéad uair riamh, beidh téacsleabhair agus cúrsa faoi leith ar fáil do na scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge. Beidh sé sin ar fáil i gceann cúpla seachtain don téarma nua.

Tagraím don ardteistiméireacht. De bharr go bhfuil athbhreithniú ar siúl ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, tá moill ansin mar bhíomar chun tabhairt faoi leabhair eolaíochta - fisic, ceimic agus bitheolaíocht - a fhorbairt ach tá moill ar thabhairt isteach na sonraíochtaí nua. Mar a sheasann cúrsaí don ardteistiméireacht, tá leabhair nuashonraithe ann do na príomhábhair ar fad.

Dr. Harold Hislop:

Luaigh an Teachta ceist eile, is é sin na bunscoileanna nár tháinig isteach sa scéim. Tá 27 scoil nár tháinig isteach sa scéim go dtí seo. An dearcadh atá againne ná go bhfuil muid chun gach rud a dhéanamh chun iad a mhealladh isteach sa scéim. Rinneamar cuairteanna speisialta orthu i mbliana. Thugamar litir speisialta dóibh agus bhí an deis acu na hacmhainní sa bhreis a bhí ag na scoileanna eile a fháil an-tapa ar fad. Nuair a tháinig na gnáthscoileanna isteach sa scéim, bhí orthu an chéad bliain a chaitheamh ag ullmhú roimh theacht na n-acmhainní isteach sa scoil. Ní raibh sé sin le déanamh ag na scoileanna seo. Is dócha gurb é sin cuid den fáth a mheallamar isteach meánscoil amháin, an ceann deireanach. D'eagraigh COGG cruinnithe ceantair chun na tuismitheoirí agus muintir na háite a chur ar an eolas faoin scéim, faoin bpolasaí agus faoi cad a bhí ag titim amach sna scoileanna atá sa scéim.

Táimid dóchasach fós go dtiocfaidh níos mó de na scoileanna sin isteach nuair a fheiceann siad na buntáistí atá á mbaint amach ag na scoileanna eile.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar tháinig aon scoil isteach ó thús na scéime?

Dr. Harold Hislop:

Níor tháinig aon bhunscoil.

Dr. Treasa Kirk:

Ón tús, bhí 80% de na bunscoileanna istigh sa scéim, mar sin bhíomar an-sásta go deo leis sin ag an mbunleibhéal. Ó shin i leith, níor tháinig aon bhunscoil sa bhreis isteach cé go ndearnamar a lán iarrachtaí chuige sin, mar a dúirt an Dr. Hislop, i gcomhair leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta agus oifigigh COGG.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil cinneadh déanta d'aon ghnó acu nach bhfuil siad chun páirt a ghlacadh?

Dr. Treasa Kirk:

Tá fiosrúcháin déanta againn air sin bunaithe ar na cuairteanna comhairliúcháin a rinneamar le cigirí chun a chinntiú nach raibh bearnaí san eolas maidir leis an tumoideachas agus an tábhacht a bhaineann leis an tumoideachas. Tá cúiseanna ar leith léirithe ag na scoileanna a bhí foilsithe, mar is eol don gcoiste, i dtuarascáil arú inné. Mar shampla, tá cultúr agus traidisiún láidir ag cuid de na scoileanna seo atá ag sleamhnú-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabh mo leithscéal as cur isteach ach tá fón ag cur isteach ar an gcóras, sa chúinne dána b'fhéidir. Tá faoiseamh againn anois, lean ar aghaidh.

Dr. Treasa Kirk:

Mar a dúirt mé, tá traidisiún láidir ag cuid de na scoileanna a bheith ag teagasc trí mheán an Bhéarla agus is dócha gurb é sin ceann de na cúiseanna is mó atá i gceist anseo. Chomh maith leis sin, léirigh cuid de na scoileanna go bhfuil easpa muiníne acu féin ina chuid inniúlachta teanga féin agus sin cúis eile. Is dócha go raibh easpa tuisceana freisin ag cuid de na tuismitheoirí ar luach an tumoideachais agus céard a bhí i gceist. I gcásanna áirithe eile, bhí cuid de na tuismitheoirí an-bhuartha faoin luath-thumoideachas de bharr nach mbeadh Béarla á mhúineadh sa seomra ranga ar feadh dhá bhliain, mar shampla. Freisin, bhí imní ar cuid de na scoileanna go dtitfeadh uimhreacha agus rollú na scoileanna de bharr an luath-thumoideachas. Is iad na cúiseanna is mó.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tar éis cúpla bliain ag plé leo agus a bheith ag iarraidh iad a mhealladh isteach, cé chomh dóchasach agus a bheadh an Roinn go bhfuil tuilleadh díobh le teacht isteach sa scéim? Cén dul chun cinn a bheadh ann?

Dr. Treasa Kirk:

Táimid fós dóchasach. Tá sé tábhachtach a lua freisin go bhfuil bunscoil i ngach uile limistéir pleanála teanga ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge faoi láthair. Tá bunscoil i ngach uile limistéir istigh sa scéim agus is ábhar dóchais é sin. Chomh maith leis sin, táimid dóchasach go n-athródh meoin na scoileanna agus na tuismitheoirí.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níor thuig mé an méid a dúirt an Dr. Kirk ansin faoi gach scoil.

Dr. Treasa Kirk:

I ngach uile limistéir pleanála teanga Gaeltachta, tá ar a laghad bunscoil amháin-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cheap mé go ndúirt sí gur chuile scoil a bhí i gceist.

Dr. Treasa Kirk:

Níor dúirt. Ar a laghad bunscoil amháin, nó níos mó, i ngach uile limistéir pleanála teanga. Mar sin tá rogha ag tuismitheoirí i ngach limistéir pleanála teanga.

Mr. Dónal Ó hAiniféin:

Ar an ábhar sin, tá oifigigh COGG ag plé go leanúnach leis na pobail sin. Mhaígh an Teachta go mbeadh iallach á cur ar scoileanna cur isteach ann. Is rogha atá le déanamh ag scoileanna faoin bpolasaí agus táimid sásta go bhfuil an céatadán chomh hard sin ag an bpointe seo. Nílimid chun géilleadh agus tá bliain amháin eile ar a laghad ag na scoileanna sin. Anois, os rud é go bhfuil na hoifigigh pleanála teanga tosaithe ag feidhmiú ar an dtalamh sna pobail sin sna limistéir pleanála teanga atá luaite ag an Dr. Kirk, táimid níos dóchasaí anois go mbeidh deis ag scoileanna arís machnamh a dhéanamh. Beidh trí bliana imithe tharainn, beidh cuid de na daltaí bunscoile bogtha ar aghaidh go dtí an iarbhunscoil, beidh cohort nua de dhaltaí i ranganna na naíonán, beidh siad ag féachaint ar an gcóras rathúil atá ag tarlú sna scoileanna atá taobh leo síos an bóthair nó suas an bóthair agus táim dóchasach go gcífidh siad na buntáistí a bhaineann le bheith laistigh agus maolóidh sé sin pé imní a bhí orthu chun athruithe a dhéanamh ar na cleachtais teagasc a bhí acu sna scoileanna ar feadh na mblianta fada mar a dúradh. Bíonn na hathruithe seo mall. Is mian linn na scoileanna a mhealladh agus a spreagadh chun teacht linn ar an turas seo.

Ní bheimis i bhfabhar iallach a chur ar scoil ná ar phobal ar bith é sin a dhéanamh.

Dr. Harold Hislop:

Nuair a bhí an taighde á dhéanamh againn roimh bhunú an pholasaí, thángamar ar chásanna inar tháinig príomhoide nó ceannasaí nua isteach ar scoil agus inar d'athraigh an t-athrú sin meon na scoile i leith na Gaeilge. Ceann amháin de na gearáin a bhí ag muintir na Gaeltachta ná nach raibh múinteoirí le cumas acu sa Ghaeilge ar fáil. Píosa ar phíosa, nuair a tiocfaidh na múinteoirí as na cúrsaí traenála nua seo, táimid dóchasach go rachaidh cuid acu ag obair i gcuid de na háiteanna seo sa Ghaeltacht. Beidh an meon agus an cumas acu tabhairt faoin tumoideachas sna scoileanna seo. Ní féidir linn a bheith cinnte go dtiocfaidh gach ceann de na scoileanna seo isteach. Tá seans láidir ann nach dtiocfaidh. Táimid dóchasach go dtiocfaidh níos mó ná mar atá sa scéim faoi láthair.

Bhí ceist eile ag an Teachta mar gheall ar chúntóirí teanga. Tagann na cúntóirí teanga faoin Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Ní thagann siad faoin Roinn Oideachais agus Scileanna. Tá a fhios againn go ndéanann siad obair an-tábhachtach chun úsáid agus saibhreas na Gaeilge sna scoileanna a chur chun cinn. Is múinteoirí sa bhreis atá á dtabhairt ag an Roinn chun tacú le saibhreas agus le múineadh na Gaeilge na múinteoirí a fhaigheann na scoileanna.

Bhain ceist dheireanach an Teachta leis an nGaelscolaíocht lasmuigh den Ghaeltacht. Táimid anseo chun plé leis an bpolasaí Gaeltachta amháin ach tuigeann an Roinn gur gá athscrúdú a dhéanamh ar an bpolasaí mar gheall ar bhunú Gaelscoileanna. Cé nach bhfuil an t-eolas ar fad agam, tá a fhios agam go bhfuil obair ar siúl ar a leithéid taobh istigh den Roinn faoi láthair. Sin an méid atá ar eolas agam faoi láthair. D'fhéadfaí nóta a fháil don choiste más gá.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí an Seanadóir O'Reilly ag iarraidh teacht isteach ach tá vótáil ar siúl sa Seanad. Ligfidh mé do Theachta Ó Cuív teacht isteach.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Aontaím go láidir leis an Uasal Ó hAiniféin mar gheall ar scoileanna a mhealladh isteach. Is é an chúis a d'fhiafraigh mé an raibh an Roinn chun iachall a chur orthu ná chun eolas a fháil. Ní theastaíonn uaim go mbeidh daoine sa chóras nach theastaíonn uathu a bheith ann. Tá sé tábhachtach iad a mhealladh isteach. Más féidir liom nóta a fháil ar an bpolasaí sin, beidh sé sin úsáideach chun a chinntiú go mbeidh sé ann roimh an chéad bhearta eile scoileanna a scaoileadh.

Luadh Dr. Hislop go mbíonn éifeacht mhór ag ceannairí agus príomhoidí nua ar mheon na scoile. Tá roinnt athruithe tagtha ar scoileanna sa mhéid is atá múinteoirí agus príomhoidí nua ann. Luaigh cuid acu linn go raibh traenáil mar gheall ar an bpolasaí ann ag an tús ach go bhfuil foireann difriúil ann in áiteanna anois. An bhfuil deis ag na múinteoirí agus príomhoidí nua eolas agus traenáil a fháil sa pholasaí? Tá siad istigh i gcóras agus níl siad in ann an polasaí a chur i bhfeidhm.

Dr. Harold Hislop:

Ceann amháin de na freagraí air sin ná an mháistreacht san oideachas i Luimneach. Tá an cúrsa sin dírithe ar na riachtanais a bhíonn ag príomhoidí ach go háirithe. Taobh amuigh de sin, maidir le múinteoirí nach bhfuil ar a leithéid de chúrsa, tá an obair i leith forbartha gairmiúla atá á déanamh ag COGG dírithe ar chás an phríomhoide agus ar chonas an polasaí a chur i bhfeidhm. B'fhéidir gur mhaith leis an Uasal Ní Mhóráin agus an tUasal Ó hAiniféin labhairt faoi sin.

Mr. Dónal Ó hAiniféin:

Tá seiminéir á reachtáil do na príomhoidí nua atá ag feidhmiú sa Ghaeltacht. Bíonn oifigigh COGG ar fáil i gcónaí chun na seiminéir sin a reachtáil. Déanann siad an clár forbartha gairmiúla leanúnaí leis na múinteoirí tacaíochta teanga, leis na múinteoirí bunscoile iad féin, agus leis na príomhoidí bunscoile. Is clár leanúnach tacaíochta atá á chur ar fáil ag COGG sna ceantair éagsúla Ghaeltachta. Tá go leor mílte taistealta acu i gcaitheamh na bliana. Leanfaidh an tacaíocht sin ar aghaidh do na pobail go léir.

Dr. Harold Hislop:

Déanann na cigirí cuairteanna orthu nuair a bhíonn siad i mbunscoil don chéad uair chun comhairle a chur orthu.

Mr. Dónal Ó hAiniféin:

B'fhiú dom a lua go bhfuil cúrsaí samhraidh eagraithe i nGaoth Dobhair agus ar an gCeathrú Rua a dhíríonn air seo go speisialta do mhí Iúil na bliana seo.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An mbíonn na seiminéir sin sa Ghaeltacht?

Mr. Dónal Ó hAiniféin:

Bíonn i gcónaí. Reachtáltar iad go háitiúil i gcónaí. Gach uile cheann. Téann na hoifigí amach go dtí na ceantair.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na hionadaithe. Tá cúpla ceist agam. Tuigim ón méid a dúradh go bhfuil cuid de na scoileanna nár ghlac le stádas Gaeltachta ag múineadh trí Bhéarla. Ní bhraitheann múinteoirí sna scoileanna seo go bhfuil siad inniúil ar mhúineadh trí Ghaeilge. An bhfuil aon scéim curtha ar bun faoinar féidir na múinteoirí sin aistriú go scoil Béarla agus múinteoirí le Gaeilge a teacht isteach ina n-áit? Ceann de na fadhbanna le fada an lá ná go ndeireann an Roinn Oideachais agus Scileanna go bhfuil gach múinteoir oilte le múineadh trí Ghaeilge. Má chreideann duine é sin, creideann sé nó sí go leor rudaí aisteacha. Is í fhírinne an tsaoil ná nach mbeadh ar chumas go leor múinteoirí sa tír seo teacht isteach anseo agus an cruinniú a dhéanamh trí Ghaeilge.

Dr. Harold Hislop:

Le bheith soiléir, ní chreidim a leithéid.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Creidim go gcuideodh sé i gcásanna áirithe dá mbeadh polasaí ann a déarfadh gur féidir le múinteoirí aistriú agus a cearta ar fad a choinneáil agus go socrófaí post eile dó nó di chun dul ag múineadh trí Bhéarla. An bhfuil muid in ann liosta de na scoileanna nach bhfuil sa scéim a fháil?

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl an liosta sin againn inniu ach is féidir é a fháil le ceist pharlaiminte. Is ceist mhaith í.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Sílim féin gurbh fhiú comparáid a dhéanamh idir ceantar ina bhfuil líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge ard go leor, eolas atá ar fáil ón daonáireamh, agus na ceantar nár ghlac leis an gcuireadh. Mar shampla, sa Dáilcheantar s'againne, ghlac scoil amháin san áit is Gaelaí thart ar Mhaigh Cuilinn a bhí i gcónaí ag múineadh trí Ghaeilge leis an gcuireadh ach níor ghlac trí scoil eile leis. Bhí díomá orm nár ghlac, ar a laghad, dhá scoil leis. B'fhéidir gur tharla an méid a tharla i Maigh Cuilinn toisc gur ceantar uirbeach é atá ag fás. B'fhéidir go mbeadh éileamh ar Ghaelscoil - is é sin Gaelscoil Galltachta sa Ghaeltacht má thuigtear an rud atá i gceist agam - sa cheantar. Sílim gurbh fhiú dúinn é sin ar fad a scrúdú. Tá baile Mhaigh Cuilinn ag fás go mór. Má feictear ar an bhfás a tháinig ar Ghaelscoileanna ar imeall na Gaillimhe, is léir go bhfuil éileamh ar oideachas trí Ghaeilge i measc an phobail Bhéarla sa Ghaeltacht Galltachta in iarthar na cathrach. Tá an t-éileamh sin ann. Tá cúiseanna ann go bhfuil trí scoil in aghaidh scoil amháin leis an gcuireadh. Caithfear breathnú air sin. Bheadh sé spéisiúil breathnú ar áiteanna in oirthear na Gaillimhe ina bhfuil an Ghaeilge lagtha go mór, áiteanna ar nós Baile Chláir agus an Carn Mór.

Is féidir an rud céanna a dhéanamh i gContae Mhaigh Eo i mBéal an Mhuirthead agus mar sin de. Dá mbeadh comparáid déanta idir na scoileanna ar fhan siad amuigh as an scéim agus láidreacht na Gaeilge sna ceantair sin ón daonáireamh agus a sheiceáil nach bhfuil aon cheantar measartha láidir Gaeilge nach bhfuil scoil ar fáil atá ag múineadh trí Ghaeilge, beidh freagra againn, agus tá sé tábhachtach go mbeadh freagra air seo agus breathnú amach ar cheist seo na múinteoirí.

Níl locht ar bith agam ar mhúinteoir a ndeachaigh isteach i scoil ag múineadh an Bhéarla agus nár ceapadh riamh go dtiontódh an scoil go tobann ar an nGaeilge thar thréimhse cúig nó sé de bhlianta. Is é an rud is fearr is féidir a dhéanamh ná a bheith réalaíoch faoi seo agus a rá go bhfuil tuiscint againn ar an gcás agus go mbeidh deis ag múinteoir bogadh ar aghaidh má roghnaíonn scoil gach ábhair a mhúineadh trí Ghaeilge.

Tá rud spéisiúil ráite anseo-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá fadhb ann leis an taifeadadh.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl sé i mo cheantar anseo.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Comhairlím ar gach duine a ghuthán a mhúchadh mar níl sé indéanta taifeadadh a dhéanamh mura ndéanfar é sin.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl aon seirbhís agamsa agus bail ó Dhia orthu go bhfuil seirbhís acu thíos ansin. Níl seirbhís ag an gcuid eile againn.

Dr. Harold Hislop:

Mhúch mé arís é ar eagla na heagla ach bhí sé múchta cheana féin, tá brón orm.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Chuir mé an-spéis sa mhéid seo agus molaim COGG as é seo a dhéanamh. Ceapaim féin gur dul chun cinn mór é. Tá an chúrsa M.Oid. curtha ar bun le daoine a oiliúint le múineadh trí mheán na Gaeilge. Tá ceist agam maidir leis an duine atá sa Ghaeltacht agus ar bhealach ba mhaith liom é seo a fheiceáil a bheith bainteach le scoileanna atá ag múineadh trí mheán na Gaeilge. An bhfuil aon chaint ag an Roinn é a dhéanamh riachtanach - tógfaidh mé é i gcomhthéacs na Gaeltachta i dtosach ach creidim gur cheart go mbeadh sé á fheidhmiú sa Ghaeltacht agus i nGaelscoileanna i gcoitinne - go gcaithfeadh duine cáilíocht a bheith aige nó aice ar nós an C1 in úsáid oilte sa Common European Framework of Reference for Languages, CEFRL, a bheith acu chun dul ag múineadh i scoil lánGhaeilge? Fad mo chuimhne tá sé sin ráite mar chuid an-bhunúsach den straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Ag an am thuigimid go raibh fadhb faoin gceist sin ann. Slim go bhfuil sé in am, mura bhfuil sibh ag tabhairt aghaidh ar chuid de na finscéalta atá ann sa pholasaí seo, agus go bhfuil sé an-tábhachtach go dtabharfaimid aghaidh air sin agus nach bhféadfadh duine dul isteach i scoil lánGhaeilge in áit ar bith sa tír, go mór mór sa Ghaeltacht, gan a bheith inniúil agus compordach ag múineadh trí mheán na Gaeilge. B'fhéidir go mbeadh rud éigin le rá faoi sin.

Tagann an méid sin ar ais go dtí an cheist seo faoi oiliúint. Níl aon mhaith caighdeán a thabhairt isteach mura mbeidh an soláthar ann. Cén socrú atá ann lena chinntiú go mbéarfaimid ar dhóthain daoine a bheidh ag iarraidh a bheith ina n-oidí ag leibhéal fágáil na scoile nó fiú daoine fásta a raibh gairmeacha eile acu, le Gaeilge sách maith acu le go dtabharfaidís faoi mhúineadh na Gaeilge? Ag éirí as sin, an bhfuil aon chaint ar a laghad don dream sin ar dhul siar ar an bpolasaí sin ó thaobh na Roinne Oideachais agus Scileanna, maidir leis na hábhair oidí agus an Ghaeltacht. Ba cheart go mbeadh an tréimhse i bhfad Éireann níos faide agus chomh maith leis sin ba cheart go n-íocfaí as an gcúrsa. Is cuid den oideachas é.

Arís air sin, ba mhaith liom an cheist a chur - b'fhéidir nach mbeidh ár n-aíonna in ann í a fhreagairt go díreach inniu mar níl siad féin faoi deara pholasaí na Roinne - an bhfeadfadh COGG a dtuairim a thabhairt faoi inmhiantacht rudaí mar seo a dhéanamh, le bheith praiticiúil faoi rud atáimid ag tabhairt faoi.

Leagadh síos caighdeán cheana féin ach níor cinntíodh an soláthar agus ní féidir an soláthar a chinntiú mura ndéantar an earcaíocht a chinntiú agus daoine a chur thart ag na scoileanna a rá go bhfuil jab anseo agus gach aon dream a bheidh cáilithe le bheith ina múinteoirí, beidh siad réasúnta cinnte nach mbeidh siad gan lá oibre go deo na ndeor, mar beidh éileamh orthu. Creidim féin go bhfuil níos mo riachtanais sna scoileanna lánGhaeilge ná mar atá de líon múinteoirí i láthair na huaire.

Maidir le SNAs agus seirbhísí tacaíochta do na scoileanna seo, céard atá á dhéanamh lena dhéanamh cinnte go bhfuil foireann iomlán na scoile agus na seirbhísí tacaíochta ar fáil trí Ghaeilge? Ceann de na fadhbanna a thuigeann duine ar bith a thóg clann le Gaeilge, taobh istigh nó taobh amuigh den Ghaeltacht, nó an Ghaeilge a dhéanamh mar ghnáthrud a mbeifí ag súil léi, ní díreach ón múinteoir ach sa saol timpeall ar an duine, le go mbeadh an caidreamh idir mhúinteoirí agus rúnaithe scoileanna, SNAs agus chuile dhuine sa scoil trí Ghaeilge, agus mar an gcéanna nuair a thiocfadh strainséirí isteach gur Gaeilge a bheadh á labhairt acu seachas Béarla. Tá sé sin fíorthábhachtach mar tá tionchar ollmhór ar ghasúir ar an rud taobh amuigh agus timpeall orthu. Tuigeann siad an-sciobtha nuair a dhéantar bosca beag den Ghaeilge agus nuair a labhraíonn an múinteoir Gaeilge ach ní labhraíonn aon duine eile Gaeilge. Bíonn iontas orm i gcónaí ar an bhfeabhas a thagann ar dhaoine óga a thagann go dtí an Ghaeltacht, má tá an coláiste láidir agus má tá cumas sna tithe ó thaobh na teanga de araon, in imeacht trí seachtaine as an tumoideachas a fhaigheann siad agus an tum-chur chuige maidir leis an maireachtáil laethúil trí mheán na teanga, a dhéanann fíordhifríocht go deo. Mura bhfuil sé sin sna scoileanna is céim ar aghaidh agus dhá chéim siar atá ann.

Thar aon rud eile a tharla le cúig nó sé de bhlianta, creidim féin go bhfuil an polasaí seo ar cheann de na rudaí is tábhachtaí a rinneadh. Tá sé an-mhaith agus an-dearfach agus ba mhaith liom a bheith dearfach faoi. Tugadh aghaidh ar fhadhb a bhí ann le fada.

Maidir leis na scoileanna ar na hoileáin, go mór mór na meánscoileanna, rinneadh riar anuraidh lena gcás a fheabhsú agus cuireadh thart ar leath de na rudaí a d'iarr siad ar fáil. Tá rath ar na scoileanna ach d'fhéadfadh rath níos fearr a bheith ar na scoileanna sin. Rud amháin a thugim faoi deara nuair a théim ar chuairt chuig na scoileanna ná ní hamháin go bhfuil siad ag coinneáil daoine óga ar na hoileáin agus a dhéanamh cinnte de go bhfuil scoileanna ann mar ar bhunáite na n-oileán ní bheadh dóthain ann le scoil foirfe a choinneáil ar bun, ach chomh maith leis sin tá siad ag tabhairt togha na Gaeilge agus taithí agus grá don Ghaeilge agus taithí ar shaol na Gaeltachta do dhaoine ó thaobh amuigh den Ghaeltacht. Beidh tionchar an mhéid sin le feiceáil síos an bóthar ar bhealaí nach dtuigimid fiú sa lá atá inniu ann. Chas mé le tuismitheoirí duine atá ag freastal ar scoil oileáin ar Inis Meáin, áit a ndeachaigh a n-iníon ann ar feadh bliana. Chas mé cupla uair leí ar an oileán. Tá sí ag déanamh a meanscolaíocht beagnach ar fad istigh ar an oileán agus togha na Gaeilge aici agus an dealramh nach raibh cúlra Gaeilge dá laghad aici ach go bhfuil chuile rud tiontaithe acu. Tá cás faoi leith le déanamh do na scoileanna oileánacha agus b’fhéidir go bhféadfaidh scéim mar í a leathnú amach go dtí a leithéidí Ros Muc, atá gann ar uimhreacha, agus scoileanna beaga eile Gaeltachta atá gann ar uimhreacha agus scéim scoláireachta den chineál céanna a chur ar bun. Tá fhios agam go gcuireann an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta na scoláireachtaí sin ar fáil. Ní hamháin go mbíonn sé seo tairbheach don Ghaeltacht agus d'eacnamaíocht na Gaeltachta agus don scoil Ghaeltacht ach tá tionchar aige ar an bpobal agus ar dhaoine ó thaobh amuigh den Ghaeltacht.

Bheadh sé an-spéisiúil - tá Muireann Ní Mhóráin anseo agus tuigfidh sí an fáth a luaim í - an tionchar a d'imir na scoláireachtaí trí mhí a bhí ann fadó ar an nGaeilge.

Bheadh sé spéisiúil chomh maith a fheiceáil cén céatadán de na daoine a chuaigh ar na scoláireachtaí sin a d'fhan leis an nGaeilge i ndiaidh sin i gcaitheamh saol agus a thug an Ghaeilge go maith leo. Bheadh sé réasúnta ard.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé nó seacht gceist ansin.

Dr. Harold Hislop:

Tá, ar a laghad. An chéad cheist atá le breacadh síos ná na múinteoirí atá ag múineadh trí mheán an Bhéarla sna scoileanna nach bhfuil sa scéim agus an mbeadh cead acu athrú go scoil eile. Sin an méid a thuig mé ón gceist.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An mbeadh socrú gníomhach déanta go n-éireoidh leo sa chás go roghnaíonn an scoil seo dul leis an nGaeilge agus nach bhfuil an múinteoir compordach leis sin? An ndéanfar socrú dearfach sa chás sin?

Dr. Harold Hislop:

An chéad cheist atá ann ar dtús ná an scoil a mhealladh isteach sa scéim agus toil na scoile a athrú ionas go bhfuil siad sásta an Ghaeilge a chur chun cinn agus tabhairt faoin nGaeilge agus faoin tumoideachas. Níl aon scéim socraithe againn na múinteoirí a athrú mar a léirigh an Teachta. An freagra ar an gceist ná nach bhfuil aon phlean againn scéim mar sin a réiteach ag an bpointe seo. Níor tháinig sé suas dúinn, seachas i gcás amháin nuair a cuireadh ceist orainn. Níor tháinig an cheist dhíreach ón múinteoir ach cuireadh ceist orainn ó scoil amháin, an mbeadh an Roinn sásta córas éigin a oibriú amach chun ligean don mhúinteoir athrú. Ní raibh aon fhianaise againn go raibh an múinteoir féin sásta athrú agus níor lean an scoil leis an gceistiú nó rud ar bith.

Tagraím do na scoileanna nach bhfuil sa scéim. Tá liosta de na scoileanna sin againn agus is féidir linn an liosta sin a thabhairt do na baill más mian leo. Tá 27 scoil nach bhfuil sa scéim ag an mbunleibhéal. Tá cúig scoil as an ngrúpa sin atá ag gníomhú trí mheán na Gaeilge ach nach bhfuil chun tabhairt faoin scéim, rud atá ait go leor. Tá deich scoil eile ag gníomhú trí Ghaeilge agus trí Bhéarla, de réir a tuairisc féin. Seo an t-eolas a thugann na scoileanna dúinn. Tá 12 scoil as na 27 scoil ag gníomhú go hiomlán trí mheán an Bhéarla, seachas múineadh na Gaeilge.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An mbeidh an Roinn in ann an rangú sin a thabhairt dúinn?

Dr. Harold Hislop:

Is féidir, cinnte. Tabharfaimid na figiúirí seo do na baill agus déanfaimid nóta go bhfuil sé sin ar fáil le tabhairt dóibh. Tá na scoileanna sin i gContae Mhaigh Eo, i gContae na Gaillimhe, i gContae na Mí agus i gContae Dhún na nGall. An bhfuil an coiste ag iarraidh go rachainn tríd an liosta ag an bpointe seo?

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Lean ar aghaidh leis na ceisteanna agus is féidir leis an Teachta teacht ar ais.

Dr. Harold Hislop:

Tagraím don cheist faoina bheith ag múineadh trí mheán na Gaeilge agus an cháilíocht lena bheith ag múineadh trí mheán na Gaeilge a dhéanamh riachtanach do na scoileanna lán-Ghaeilge. Níl sé i gceist againn é sin a dhéanamh ag an bpointe seo. Ar an gcéad dul síos, caithfear seans a thabhairt do na cúrsaí sin teacht ar an bhfód agus ligean do na múinteoirí dul tríd an B.Oid trí mheán na Gaeilge agus an M.Oid trí mheán na Gaeilge ar an gcéad dul síos. Mar a dúirt mé, beidh 30 áit ar an gcúrsa B.Oid i mbliana. Ní thiocfaidh na mic léinn as an gcúrsa sin agus isteach sna scoileanna go ceann ceithre bliana, agus is cúrsa dhá bhliain dóibh siúd atá ag obair san M.Oid. Tá na múinteoirí sin ag gníomhú ag an bpointe seo mar oidí nó mar phríomhoidí ar scoileanna. Ní bheadh go leor múinteoirí ann agus na cáilíochtaí sin acu chun gur féidir linn dlí nó riail a dhéanamh gur gá a leithéid de chéim a bheith acu ag an bpointe seo.

Ar an lámh eile, tá na cúrsaí sin bunaithe toisc go dtuigimid nach bhfuil an cumas sa Ghaeilge ag na múinteoirí. Ní hamháin nach bhfuil an cumas sa Ghaeilge acu ach níl tuiscint acu ar an tumoideachas agus ar conas Gaelscoil nó scoil Ghaeltachta a chur in ord agus í a eagrú. Tá níos mó ná an Ghaeilge féin ann. Caithfear Gaeilge den scoth a bheith acu gan dabht ach caithfear tuiscint a bheith acu ar an tumoideachas agus ar na dúshláin atá roimh thuismitheoirí agus roimh dhaltaí agus iad ag teacht isteach sna scoileanna sin. Seo iad na hábhair atá á gclúdach ar na cúrsaí sin. Tá súil againn, nuair a thiocfaidh na mic léinn as na cúrsaí sin, go mbeidh tuiscint i bhfad níos fearr acu agus go mbeidh an cumas acu an taithí sin agus an t-eolas sin a roinnt le múinteoirí eile sna scoileanna ina bhfuil siad ag obair. Beidh orthu cuid den chleachtadh múinteoireachta a dhéanann siad ar an B.Oid a dhéanamh i nGaelscoileanna nó i scoileanna Gaeltachta chomh maith. Caithfear taithí a bheith acu a bheith ag obair sa Ghaeltacht le linn dóibh an cúrsa a dhéanamh.

Bhíomar ag caint mar gheall ar chumas Gaeilge na múinteoirí sin agus caithfear B1 ar an CEFRL a bheith acu agus iad ag dul isteach ar na cúrsaí. Tugann sé sin spiorad dóibh feabhas a chur ar a chuid Gaeilge roimh thabhairt faoi na cúrsaí sin fiú. B'fhéidir go míneoidh an Dr. Kirk an cheist sin.

Dr. Treasa Kirk:

Tá sé sin anuas ar na gnáthcháilíochtaí a bhíonn ag teastáil uathu. Sin rud as an nua. Tá sé tábhachtach a rá freisin go bhfuil an B.Oid trí mheán na Gaeilge an chéad B.Oid trí mheán na Gaeilge atá sa tír, agus is rud stairiúil é sin. Mar chritéir fhágála den M.Oid, caithfidh siad C1 a bhaint amach. Sin dúshlán an-mhór freisin do na hinstitiúidí ardoideachas chun an C1 sin a bhaint amach. Tá an-chuid obair le déanamh ag na hinstitiúidí féin agus, dar ndóigh, ag na mic léinn atá ag tabhairt faoi na cúrsaí seo. Chomh maith leis sin, tá sé tábhachtach a lua freisin, maidir leis an M.Oid trí mheán na Gaeilge, go bhfuil sé sin ar fáil saor in aisce do na gnáthmhúinteoirí. I ndáiríre, is dúshlán é múinteoirí ón nGaeltacht a spreagadh chun tabhairt faoin gcúrsa seo de bharr go bhfuil an chritéir sa bhreis sin ag teastáil uathu. Sin dúshlán do na hinstitiúidí freisin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil an cúrsa sin páirtaimseartha ar líne?

Dr. Treasa Kirk:

Tá.

Dr. Harold Hislop:

Bhí ceist ag an Teachta freisin mar gheall ar an oideachas speisialta, na SNAs agus na daoine eile a bhíonn ag obair chun tacú leis na mic léinn. Tá roinnt obair déanta ar sin ag COGG-----

Mr. Dónal Ó hAiniféin:

Ba mhaith liom teacht isteach ar an ábhar sin. Tagraím don fhoireann tacaíochta breise nach múinteoirí iad a bhíonn ag scoileanna. Táimid ag caint mar gheall ar na cúntóirí riachtanais speisialta, agus d'fhéadfaimis a bheith ag caint mar gheall ar an rúnaí scoile chomh maith nó an feighlí scoile nó duine ar bith. Is faoi na boird bhainistíochta go huile agus go hiomlán a dheimhniú, nuair a bhíonn na ceapacháin sin á dhéanamh, go bhfuil siad ag fáil daoine agus ag lorg daoine go bhfuil Gaeilge acu agus go bhfuil Gaeilge riachtanach do na poist sin. Ní féidir a bheith ag feidhmiú mar chúntóir riachtanais speisialta i suíomh lán-Ghaeilge gan Gaeilge a bheith ag duine, agus is faoi na boird bhainistíochta é sin. Tá cead ag na boird sin a chinntiú go bhfuil Gaeilge líofa ag na daoine atá á gceapadh sna poist sin.

Tagraím d'oideachas speisialta i gcoitinne. Bíonn seimineár laethanta fhorbairt ghairmiúil leanúnacha don luath-thumoideachas, don fhóineolaíocht nó don fhoghraíocht trí mheán na Gaeilge, agus don sealbhú scileanna litríochta trí mheán na Gaeilge. Is rud nua é seo do go leor scoileanna Gaeltachta mar go raibh siad ag sealbhú a gcuid scileanna litríochta trí Bhéarla roimhe seo. Mar a deirim, beidh an tacaíocht sin ar fáil go leanúnach do na scoileanna sin. Is gá é seo a thógáil céim ar chéim leis na scoileanna chun a chinntiú go bhfuil a gcuid muiníne ag méadú an t-am ar fad agus go bhfuil siad á n-oiliúint chomh maith agus gur féidir leo ar an ábhar seo.

Gan dabht, bíonn gá le tuilleadh taighde agus forbairt sa bhreis a dhéanamh ar an ábhar sin mar is ceist thar a bheith leochaileach atá ann maidir le sealbhú teanga do dhaltaí go bhfuil riachtanais speisialta acu. Bíonn ar na scoileanna agus na tuismitheoirí díriú go príomha ar an rud is fearr don dalta. Breathnaítear ar gach uile dhalta mar dhalta aonar agus déantar plean aonar amach don dalta sin agus don suíomh ina bhfuil sé nó sí.

Dr. Harold Hislop:

Luaigh an Teachta na hoileáin agus na scoileanna ar na hoileáin chomh maith. Glacaim go hiomlán leis an méid a bhí á rá aige mar gheall ar an bhfeabhas a chuireann sé ar Ghaeilge na mic léinn nach as an nGaeltacht iad. Tá cara de chuid an teaghlaigh agam féin agus tá a hiníon ag freastal ar an scoil ar na hoileáin. Arís, níl an Ghaeilge ina theaghlach sa bhaile ach tá an-suim aici sa Ghaeilge agus is iontach an jab atá déanta aici agus ag an scoil chun feabhas a chur ar a cuid Gaeilge.

Chomh maith leis sin, tugann sé seans do na scoileanna ar na hoileáin. Ós rud é go bhfuil níos mó mic léinn acu, tá seans acu réimse níos leithne d'ábhair a chur ar fáil do na mic léinn. Tá buntáistí ag baint leis na scoileanna ar na hoileáin, ní hamháin do na mic léinn atá ag teacht isteach ar na hoileáin chomh maith. Cuid mhaith de na scoileanna atá ag gníomhú linn ar an scéim e-hub ná ceann de na scoileanna atá ar na hoileáin. Ní raibh an fhisic le fáil sa scoil sin riamh roimhe ach anois beidh sé ar fáil don ardteistiméireacht ag an ardleibhéal an bhliain seo chugainn. Tá an cuma ar an scéal go bhfeidhmeoidh an scéim sin, agus tá beirt mhúinteoir againn, duine lonnaithe i gCorca Dhuibhne agus duine eile i nGaillimh. Tá siad ag múineadh na ceachtanna seo ar líne. Tá súil againn go gcuirfear feabhas ar réimse na n-ábhar agus ar an réimse eolais atá ar fáil ag na mic léinn, fiú ar na hoileáin agus ar scoileanna beaga iargúlta cosúil leo thart timpeall na Gaeltachta.

Tabharfaidh an Dr. Kirk an t-eolas ar líon na ndaltaí agus araile atá ar na hoileáin sin don Teachta.

Dr. Treasa Kirk:

Mar is eol don Teachta, tá líon na scoláirí íseal go leor sna scoileanna seo. Cruthaíonn sé sin dúshláin, ach é sin ráite, maidir leis na huaire breise atá tugtha dúinn faoin scéim aitheantais, thógamar sin san áireamh. Mar shampla, sna hiarbhunscoileanna, do na múinteoirí tacaíochta don Ghaeilge, fuair siad seacht n-uaire in aghaidh na seachtaine i ngach iarbhunscoil ar na hoileáin. Sin rud maith do na scoileanna sin de bharr go bhfuil rollú íseal go leor acu. Chomh maith leis sin, mar a dúirt an Dr. Hislop ansin maidir leis an tionscadal ríomh-mhol, tá trí iarbhunscoil lánpháirteach sa tionscadal sin. Is ionann an scéim sin agus faigheann siad ceithre huaire bhreise in aghaidh na seachtaine freisin, anuas ar na tacaíochtaí eile atá ar fáil dóibh. Mar is eol don choiste, faigheann gach iarbhunscoil an deontas sin a luaigh an Dr. Hislop de €1,200, ach má tá siad páirteach, agus tá siad páirteach, sa tionscadal ríomh-mhol seo, faigheann siad €5,000 anuas air sin chun áiseanna teicneolaíochta a cheannach. Mar is eol don choiste freisin, tugadh pacáiste do na hiarbhunscoileanna de bharr go bhfuil cás ar leith ann agus fuair gach scoil €15,000 chun tacú leo le córais iompair agus cúrsaí mar sin de. Is rud maith é sin agus tá leithghabháil fhabhrach freisin ó na bunscoileanna ar na hoileáin.

Dr. Harold Hislop:

Ceist amháin a bhí luaite ag an gCathaoirleach féin an uair dheireanach a bhíomar anseo ná an t-aitheantas a bhí á lorg ag ceann amháin de na scoileanna sin ar na hoileáin. Bhí sé sin luaite aici agus thugamar aitheantas iomlán don scoil agus tá príomhoide agus araile ag an scoil sin anois.

Photo of Joe O'ReillyJoe O'Reilly (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na finnéithe. Is dea-scéal é go bhfuil an scéim aitheantais scoileanna Gaeltachta ag feabhsú an chaighdeáin agus ag déanamh forbairt mhaith ar an Ghaeilge agus ar labhairt na teanga. Is cosúil go bhfuil sé ag déanamh jab maith. Bhí mé chun ceist a chur ach bhí an Teachta Aindrias Moynihan ag plé leis an gceist chéanna níos luaithe. Bhí mé chun an cheist a chur ar na finnéithe cén cineál dearcadh a bhfuil ag na tuismitheoirí agus ag an tsochaí go léir faoin scéim, conas a éiríonn leo leis agus an bhfuil siad sásta glacadh leis. Tá sé sin tábhachtach ar bhealach go mbeidís ar an taobh céanna.

Is iontach an rud é go bhfuil an Institiúid Oideachais Marino ag cur an B.Oid lán-Ghaeilge ar fáil an bhliain seo chugainn. Mar a dúirt an Dr. Kirk cheana, tá sé stairiúil ar bhealach. An mbeidh an rogha ag na mic léinn nuair a théann siad isteach sa choláiste nó nuair a chláraíonn siad tar éis an CAO? Níor chuala mise faoin scéim seo go dtí seachtain ó shin nuair a bhí mé ag léamh an chláir nua. An mbeidh an rogha acu níos déanaí agus an mbeidh oiliúint acu air? Bheadh sé deacair dóibh an rogha sin a dhéanamh anois. An mbeidh siad istigh sa choláiste sula ndéanann siad an rogha sin? Cad a dúirt na finnéithe faoin chaighdeán Gaeilge a bheadh riachtanach dóibh? Tá a fhios agam go bhfuil 60% riachtanach go ginearálta ach an mbeidh sé seo níos airde sa Ghaeilge? Cathain a dhéanfaidh siad an rogha chun é a dhéanamh? B'fhearr go mbeadh cúpla coicís nó mí acu chun smaoineamh air, chun oiliúint a dhéanamh air agus chun caint faoi sula ndéanfaidís an rogha sin.

Tá scéim nua chun mic léinn ó na cúrsaí ollscoile a sheoladh chun na Gaeltachtaí. Bhí sé fógartha cúpla mí ó shin. Conas a bheadh sé sin eagraithe? Cén sórt mic léinn a rachaidh? Cathain a rachaidh siad? Cén córas a mbeidh ann chun na mic léinn a phiocadh amach chun dul go dtí na Gaeltachtaí? Is rud iontach é sin. Is é sin an eochair chun daoine a mhealladh go dtí na Gaeltachtaí, chun an caighdeán a ardú agus chun an spéis san oidhreacht agus a leithéid a ardú, a fheabhsú agus a fhorbairt.

An bhfuil go leor áiseanna agus acmhainní sna scoileanna chun an scéim aitheantais a chur i bhfeidhm? An bhfuil go leor acu agus an bhfuil siad sásta leis na hacmhainní agus na háiseanna sin chun an jab a dhéanamh?

Ón méid atá ráite ag na finnéithe, tuigim go bhfuil Foras na Gaeilge chun teagasc, cúrsa agus comhrá speisialta a chur ar bun i nGaoth Dobhair agus i bPort Láirge. An bhfuil sé sin ag dul ar aghaidh go maith? Cén sórt monatóireachta atá déanta ar an scéim phíolótach sin? An bhfuil sé beartaithe an scéim sin a leathnú do scoileanna eile? Is fiú é sin a dhéanamh. An mbeidh méadú ar líon na múinteoirí do na scoileanna atá páirteach sa scéim?

Cathain a bhfaighidh siad múinteoirí breise chun an scéim ginearálta aitheantais sa Ghaeltacht a chur i bhfeidhm? Is cosúil go raibh cuid de na ceisteanna seo pléite agus mé as an seomra.

Dr. Harold Hislop:

Gabhaim buíochas leis an Seanadóir. Ní fhreagróidh mé na ceisteanna san ord inar cuireadh iad. Déanfaimid na ceisteanna mar gheall ar an gcúrsa baitsiléara san oideachas, B.Oid, i gColáiste Mhuire, Marino a scrúdú. Tá gnáth B.Oid fós ar siúl i Marino. Is féidir cur isteach ar an gcúrsa sin cosúil le haon B.Oid eile in aon choláiste eile.

Photo of Joe O'ReillyJoe O'Reilly (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé tábhachtach go mbeidh a fhios ag gach duine é sin.

Dr. Harold Hislop:

Múintear an cúrsa sin trí mheán an Bhéarla. Beidh cúrsa speisialta sa bhreis ar siúl i Marino an bhliain seo chugainn.

Photo of Joe O'ReillyJoe O'Reilly (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl an Dr. Hislop ag caint faoin mbliain atá ag teacht anois, an bhfuil?

Dr. Harold Hislop:

Beidh sé ag tosú i Meán Fómhair na bliana seo. Déantar iarratas ar an gcúrsa sin tríd an gcóras CAO. Caithfidh na mic léinn an rogha sin a chur síos ar an bhfoirm CAO.

Photo of Joe O'ReillyJoe O'Reilly (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí na foirmeacha sin curtha isteach cheana.

Dr. Harold Hislop:

Bhí. Bhí sé sin déanta acu i mí Feabhra.

Photo of Joe O'ReillyJoe O'Reilly (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

B'fhéidir nach bhfuil an ceart agam. B'fhéidir go bhfuil sé fógartha sna scoileanna ach-----

Dr. Harold Hislop:

Rinne Coláiste Mhuire, Marino roinnt mhaith margaíochta. Bhí a fhios ag an gcoláiste an fómhar seo caite-----

Photo of Joe O'ReillyJoe O'Reilly (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níor chuala mise faoi go dtí an cruinniú seo.

Dr. Harold Hislop:

Ceart go leor. Rinneamar cinneadh an fómhar seo caite go mbeadh an cúrsa sin ar siúl i gColáiste Mhuire, Marino an fómhar seo chugainn. Rinne an coláiste an-obair chun eolas a scaipeadh i measc na scoileanna. Tá na sonraí ag an Dr. Kirk mar gheall ar an obair a rinneadh.

Dr. Treasa Kirk:

Tá dhá ghrúpa monatóireachta againn sa Roinn - ceann don B.Oid agus ceann don M.Oid. Tugann sé an-léargas dúinn ar an obair atá ar siúl ag an dá institiúid. Maidir le Marino agus an cheist a chur an Seanadóir, tá straitéis mhargaíochta nó bholscaireachta ar siúl ag Marino. Tá sé an-láidir ar fad. Tá oifigeach margaíochta ag Marino chun é seo a dhéanamh. Tá a lán cuairteanna déanta aici ar iarbhunscoileanna. Chomh maith leis sin, bíonn sí i gcónaí ar na meáin shóisialta. Tá an-chuid oibre déanta. Tá Marino an-sásta go deo leis an líon duine a bhfuil spéis acu sa chúrsa.

Photo of Joe O'ReillyJoe O'Reilly (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé sin iontach.

Dr. Harold Hislop:

Ní féidir le daoine a thagann isteach chun an gnáth B.Oid a dhéanamh athrú taobh istigh de sheachtain nó dhá sheachtain. Dhá chúrsa dhifriúil atá i gceist. Chuir an Seanadóir ceist mar gheall ar Ghaeilge na n-ábhar oidí ag teacht isteach agus ag fágáil na cúrsaí. Is féidir leis an Dr. Kirk é sin a mhíniú.

Dr. Treasa Kirk:

Anuas ar na gnáthriachtanais, bíonn orthu leibhéal B1 ar Theastas Eorpach na Gaeilge, TEG, a bhaineann leis an gcreatlach Eorpacha do theangacha, a bhaint amach roimh dhul isteach ar an gcúrsa. Bíonn ar na mic léinn é sin a dhéanamh go neamhspleách. Ag teacht amach as an gcúrsa, bíonn orthu leibhéal C1 a bhaint amach.

Dr. Harold Hislop:

Socraíodh é sin ionas go mbeidís ar a chompord leis an nGaeilge agus go mbeadh an cumas sa Ghaeilge acu chun a bheith ag obair i nGaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta. Tá an scéim nua do mhic léinn chun dul chuig an nGaeltacht foilsithe ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Ní bhaineann sé leis an Roinn Oideachais agus Scileanna. Níl na sonraí agam mar gheall ar conas a oibríonn an cúrsa nó na deontais do na mic léinn. Is faoin Roinn eile a thagann an córas sin.

Photo of Joe O'ReillyJoe O'Reilly (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé dírithe ar dhaoine atá ag déanamh céimeanna san oideachas-----

Dr. Harold Hislop:

Tá sé dírithe ar dhaoine atá ag déanamh ábhair éagsúla sna hollscoileanna.

Photo of Joe O'ReillyJoe O'Reilly (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is é sin Gaeilge agus ábhar eile.

Dr. Harold Hislop:

Is ea. Luaigh an Seanadóir cúrsaí eile i nGaoth Dobhair agus Port Láirge. Níl eolas againn faoi na cúrsaí sin. Arís tagann siad faoi chúram an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Tá brón orm mar gheall air sin.

Dr. Treasa Kirk:

B'fhéidir gurb é an rud atá i gceist ag an Seanadóir ná Forás.

Dr. Treasa Kirk:

Baineann sé sin le scoláirí an teastais shóisearaigh. Tá sé ar fáil in dhá iarbhunscoil.

Dr. Harold Hislop:

Tuigim an cheist anois. Tá brón orm.

Photo of Joe O'ReillyJoe O'Reilly (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil sé ag éirí go maith?

Dr. Treasa Kirk:

Seo an chéad bhliain de chur i bhfeidhm chlár Forás. Táimid ag déanamh monatóireachta air trí na cuairteanna comhairleacha.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl i gceist faoi láthair ach scéim phíolótach.

Dr. Treasa Kirk:

Scéim phíolótach atá i gceist. Tá monatóireacht leanúnach ar siúl againn.

Photo of Joe O'ReillyJoe O'Reilly (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil sé i gceist é a leathnú amach ansin?

Dr. Harold Hislop:

Tá.

Dr. Treasa Kirk:

Braitheann sé ar cé chomh maith is atá sé ag dul ar aghaidh. Fuair an dá iarbhunscoil sin múinteoir sa bhreis chun an scéim a chur i bhfeidhm.

Dr. Harold Hislop:

Bhí an scéim sin bunaithe ar an taithí a fuaireamar i bPobalscoil Chorca Dhuibhne, áit a chuir an Roinn roinnt múinteoirí sa bhreis isteach chun tacú le daltaí nach raibh Gaeilge ar bith acu. Tháinig na daltaí sin ó theaghlaigh a bhí ag gníomhú trí mheán an Bhéarla ach bhí orthu freastal ar scoil lán-Ghaeilge. Múineadh an Ghaeilge dóibh ionas go rabhadar in ann na gnáthábhair a fhoghlaim. Tá brón orm. Níor thuig mé an cheist a bhí ag an Seanadóir.

B'fhéidir gur féidir leis an Uasal Ní Mhóráin nó an tUasal Ó hAiniféin an cheist faoi áiseanna scoile a fhreagairt.

Mr. Dónal Ó hAiniféin:

Bhí muid ag caint maidir le háiseanna. Luaigh an Seanadóir áiseanna do na múinteoirí tumoideachais agus na múinteoirí naíonán sna scoileanna Gaeltachta. Tá réimse áiseanna ar fáil dóibh, ina measc ábhar léitheoireachta i gcomhair tús agus forbairt na léitheoireachta ag an leibhéal sin agus áiseanna a bhaineann le cúrsaí fóineolaíochta, cúrsaí teanga, agus mar sin de. Mar a dúirt mé cheana, bíonn tacaíocht leanúnach ar fáil ó oifigigh COGG do na scoileanna sin chun cabhrú leo le forbairt ghairmiúil leanúnach agus chun cabhrú leo an luath-thumoideachas a chur i bhfeidhm.

Ba mhaith liom filleadh ar cheist níos leithne. Is scéim chúig bliana é sin. Ní éireodh linn gach uile ní a dhéanamh laistigh den tréimhse sin. Is deas cuid de na smaointí seo a chloisteáil ón gcoiste. B'fhéidir gur féidir muid iad a chur san áireamh sa chéad scéim eile. Tá roinnt rudaí suimiúla agus suntasacha ráite gur féidir iad a chur san áireamh nuair a bheimid ag machnamh. Táim cinnte go mbeidh an Roinn ag pleanáil don chéad chéim eile i ndiaidh na scéime seo nuair a bheidh an tríú bliain istigh. Tá roinnt rudaí luaite.

Inseoidh mé don Teachta Ó Cuív go bhfuil deis ann. Má tá scoil ar tí múinteoir a chailleadh de bharr uimhreacha ag titim, tá deis ag aon oide sa scoil sin a lámh a chur in airde agus iarraidh ar an mbord bainistíochta dul ar an bpainéal seachas an duine is sóisearaí sa scoil. Tá solúbthacht áirithe ann. Tá an deis sin ag oide ar bith sa scoil. Ní gá gurb é an té is sóisearaí an té a bheidh ag dul ar an bpainéal. Tá solúbthacht áirithe ag baint leis na painéil. Chun a bheith macánta, is dóigh liom go bhfuil an tsolúbthacht sin ag méadú. Tá an Roinn ag féachaint ar na ceisteanna sin cás ar chás, mar a luadh. Is rud maith é sin.

Dr. Harold Hislop:

Luaigh an Seanadóir na tuismitheoirí agus d'fhiafraigh sé an bhfuil siad sásta leis an scéim. Roimh dhul isteach sa scéim, bhí ar na scoileanna tuairimí na dtuismitheoirí a fháil. Bhí orthu a fháil amach an raibh comhluadar na scoile, is é sin múinteoirí, tuismitheoirí agus pobal na scoile uile, sásta dul isteach sa scéim. Bhí sé sin an-tábhachtach. Ba bhunphrionsabal sa scéim é. Go bhfios dúinn ón bhfianaise atá ar fáil dúinn faoi láthair, tá na tuismitheoirí sásta leis. Tuigeann siad an luach a bhaineann leis an tumoideachas níos fearr ná mar a thuig siad é roimhe seo. D'fhoilsíomar paimfléid éagsúla mar gheall ar an tumoideachas agus na buntáistí a bhaineann leis agus le Gaeilge sna scoileanna Gaeltachta. Bhí siad scaipthe i measc na dtuismitheoirí sna ceantair éagsúla.

Socraíodh cruinnithe faoi stiúradh inar labhair COGG agus ar a raibh tuismitheoirí agus muintir na háite i láthair.

Mr. Dónal Ó hAiniféin:

Nuair a bhíonn na hoifigigh ag feidhmiú sna scoileanna sin, fanann siad siar le bheith ar fáil do na tuismitheoirí chun bualadh leo sna tráthnónta freisin. Seachas cruinnithe speisialta uathúla do thuismitheoirí a bheith ar fáil, rud a dhéantar ná go mbíonn na hoifigigh ar fáil chun aon cheist a bhíonn ag tuismitheoirí a phlé chomh maith nuair a bhíonn siad ar cuairt ar na scoileanna. Is próiseas leanúnach é sin chun cabhrú agus tacú le tuismitheoirí.

Dr. Harold Hislop:

Pointe eile a éiríonn as ceisteanna an tSeanadóra O'Reilly agus an Teachta Uí Chúiv chomh maith is ea éifeacht agus tionchar na scéime agus conas atá ag éirí leis. Beidh taighde leanúnach á dhéanamh air sin agus is féidir leis an Dr. Kirk na sonraí sin a thabhairt, lena toil.

Dr. Treasa Kirk:

Is féidir. Tá an staidéar taighde agus meastóireachta fógartha againn leis na scoileanna agus is staidéar taighde trí bliana atá i gceist anseo. Tagann rud éigin i mo chloigeann ina leith freisin faoi láthair agus baineann sé leis na tuismitheoirí agus leis an luath-thumoideachas, is é sin an tionchar is mó a bhíonn ar na tuismitheoirí. Feiceann na tuismitheoirí na páistí óga ag dul abhaile le Gaeilge agus tá an-tionchar go deo aige sin ar na tuismitheoirí.

Tá plean déanta againn i gcomhar leis an bhForas Taighde ar Oideachas agus leis an gcigireacht maidir leis an staidéar taighde agus meastóireachta. Beimid ag obair as lámh a chéile agus ag féachaint ar úsáid, an teagasc agus foghlaim trí Ghaeilge, an cheannaireacht agus an bhainistíocht i bhfeidhmiú an tumoideachais, agus an chomhpháirtíocht le pobail agus le páirtithe eile i bhfeidhmiú na scéime. Beidh fócas grúpaí agus ceistneoirí á scaipeadh ar na tuismitheoirí, ar na pobail, agus ar na múinteoirí éagsúla, bídís múinteoirí ranga, príomhoidí, múinteoirí tacaíochta don Ghaeilge nó múinteoirí oideachais speisialta chomh leis sin.

Ó Mheán Fómhair go dtí mí na Nollag beidh staidéar cáis ag an mbunleibhéal i 12 scoil, agus ag an iarbhunleibhéal beidh seacht scoil i gceist leis. Beidh 19 scoil pháirteach sa staidéar cáis ar siúl i sa tréimhse sin chun eolas domhain a fháil ar cé chomh maith is atá ag éirí leis an scéim sna scoileanna. Táimid ag iarraidh an dea-chleachtas agus na bearnaí atá fós sa scéim a aithint chomh maith leis sin ar nós an bhfuil forbairt bhreise ag teastáil, mar shampla.

Ansin tá sé i gceist againn dul ar ais chuig na scoileanna arís, trí bliana amach anseo, chun a fháil amach an bhfuil aon dul chun cinn déanta nó cén dul chun cinn atá déanta. Is é an tréimhse ó Mheán Fómhair go dtí mí na Nollag an bhunlíne chun féachaint ar an dul chun cinn atá á dhéanamh i gcomhpháirt le Foras Taighde ar Oideachas.

Mr. Dónal Ó hAiniféin:

Beifear ag súil, nuair a bheidh an taighde seo críochnaithe, go mbeidh fianaise ann leis an gcéad chéim agus tréimhse eile a threorú. Tá sé sin an-tábhachtach.

Dr. Harold Hislop:

D'iarr an Seanadóir O'Reilly ina cheist dheireanach cathain a bhfaighfidh na scoileanna na múinteoirí sa bhreis. Tá siad faighte acu agus tá siad ann faoi láthair ón mbliain seo caite.

Dr. Treasa Kirk:

Tá sé tábhachtach a rá freisin go bhfuil 35 múinteoir breise ag na scoileanna Gaeltachta bunaithe ar na huaireanta tacaíochta sin.

Dr. Harold Hislop:

Tá siad bunaithe ar an scéim.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá roinnt de na ceisteanna a bhí le cur agam curtha agus freagraí cuimsitheacha tugtha cheana féin dóibh. Molaim an díograis atá á taispeáint ag an Roinn inniu agus tá súil agam go n-éireoidh leis na haidhmeanna atá leagtha amach sa pholasaí i gcoitinne. Glacaim go bhfuil ceann amháin díobh ann chun déileáil leis an 27 mbunscoil nach bhfuil ag teacht faoin scéim. Luaigh an Dr. Hislop ansin go raibh cúig cinn ag gníomhú trí Ghaeilge nach bhfuil sa scéim agus tá súil agam go mbeidh an Roinn in ann iad a mhealladh isteach sa scéim agus nach mbeidh fágtha ansin ach 22 cinn chun díriú isteach a dhéanamh orthu. Glacaim freisin go dtarlóidh athrú faoi 2022, dáta deireanach don scéim. Táim ag tnúth go mbeidh an Roinn in ann, más féidir linn in aon chor, na cúig scoil a mhealladh mar go bhfuil sé an-ait go bhfuil cúig scoil atá ag gníomhú trí Ghaeilge nach bhfuil sásta teacht faoin scéim. Caithfimid teacht timpeall ar pé fadhb atá ann sa mheon atá sa scoil, mar is cuidiú do na daltaí, do na scoileanna agus don Ghaeloideachas i gcoitinne má tá siad gafa laistigh sa scéim.

B'fhéidir nach mbeidh freagra na ceiste ag ár n-aíonna go fóill ach cé mhéad de na daltaí agus na páistí as na 27 mbunscoil nach bhfuil ag teacht faoin scéim atá ag freastal ar choláistí iarbhunscoile lánGhaeilge atá faoin scéim? Uaireanta, feictear ansin go mbíonn daltaí ann agus is toisc go bhfuil an scoil in aice láimhe nó córas taistil nó a leithéid. Ní hé go bhfuil na tuismitheoirí ag diúltú na páistí a chur chuig scoileanna atá faoin scéim ach go bhfuil fadhbanna eile nó rud éigin eile ag cur bac orthu. Déanann siad na páistí a chur chuig coláiste iar-bhunscoile nuair a thagann an deis chucu agus na páistí 11 nó 12 bhliain d'aois.

Tá ceist eile agam faoin obair iontach atá á déanamh ag COGG. Cad go díreach iad na bearnaí? An cuidiú é dá mbeadh níos mó maoinithe nó airgid ar fáil chun na bearnaí sin a leigheas le go mbeadh níos mó áiseanna ar fáil agus go mbeadh na háiseanna ag teacht beagnach comhuaineach? Tá a fhios agam nach dtagann siad comhuaineach uaireanta mar go mbíonn aistriú i gceist agus go mbítear ag fanacht ar théacsanna nó ar áiseanna as Béarla ar dtús agus go ndéantar aistriú orthu ansin. An cheist airgid nó foirne é nó an bhfuil COGG ag obair flat out faoi láthair agus nach mbeidh orainn ach fanacht tamall eile?

Is é sin an méid atá agam go fóill mar go bhfuil freagraí tugtha ar na ceisteanna eile a bhí agam. Díreoidh mé isteach orthu amach anseo.

Dr. Harold Hislop:

Gabhaim buíochas leis an Teachta as na ceisteanna sin. Is deacair dúinn tuiscint a fháil ar na cúig scoil sin atá ag gníomhú trí mheán na Gaeilge agus ar an bhfáth nach bhfuil siad sa scéim. Tá buntáistí móra ag baint leis an scéim ar nós múinteoirí, airgead sa bhreis agus nithe eile. Leanfaimid ar aghaidh ag obair leo, le cuairteanna a dhéanamh orthu agus iad a mhealladh isteach aon slí gur féidir linn. Tá seans láidir nach dtiocfaidh gach ceann de na 27 scoil sin isteach sa scéim toisc nach bhfuil Gaeilge ar bith sa cheantar nó ag na tuismitheoirí nó nach bhfuil suim ar bith acu inti. Déanfaimid iarracht scoileanna sa bhreis a mhealladh isteach, más féidir.

Ar an gceist faoi líon na daltaí, go bhfios dúinn tá 7,600 de pháistí bunscoile ag freastal ar scoileanna atá sa scéim.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Iarraim ar an Dr. Hislop é sin a rá arís, lena thoil.

Dr. Harold Hislop:

Tá níos mó ná 7,600 páistí ag freastal ar na bunscoileanna atá sa scéim sa Ghaeltacht agus tá níos mó ná 6,600 de scoláirí iarbhunscoile. Cinnteoimid na huimhreacha sin agus déanfaimid scrúdú orthu, ach is iad sin na figiúirí atá againn faoi láthair.

An í an cheist ná an bhfuil paistí ag freastal ar bhunscoil atá ag gníomhú trí mheán an Bhéarla agus nach bhfuil sa scéim a fhaigheann áit in iarbhunscoil agus í ag gníomhú trí mheán na Gaeilge?

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is í.

Dr. Harold Hislop:

Níl an t-eolas sin againn faoi láthair.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé spéisiúil, fiú amháin ó na figiúirí a thug COGG dúinn, go bhfuil 1,000 á chailleadh ag Gaeloideachas. Tarlaíonn sé sin-----

Dr. Harold Hislop:

Tarlaíonn sé sin fiú amháin lasmuigh den Ghaeltacht chomh maith.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim.

Dr. Harold Hislop:

Tá áiteanna ann agus níl meánscoil sa cheantar. Tá an mheánscoil a dhéanann freastal ar na daltaí i roinnt de na ceantair sin lasmuigh den Ghaeltacht. Tá ceantar Gaeltachta amháin nó dhó go bhfios dom ar an gcaoi sin, ar aon nós.

Freastalaíonn na mic léinn ar an meánscoil lasmuigh den Ghaeltacht. Míneoidh sé sin cuid den titim sin don Teachta. Faoi láthair níl freagra na ceiste sin atá ag an Teachta againn. B'fhéidir go mbeidh an tUasal Ní Mhóráin in ann an cheist a fhreagairt faoi na háiseanna teagaisc agus an cheist airgid nó foirne atá i gceist leo.

Mr. Dónal Ó hAiniféin:

B'fhéidir go dtógfaidh an tUasal Ó hAiniféin an ceann sin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cé mhéad dalta atá sa 21 bhunscoil nach bhfuil páirteach sa scéim?

Mr. Dónal Ó hAiniféin:

Sin ceist mhaith.

Dr. Treasa Kirk:

Níl sé againn ach is féidir linn-----

Dr. Harold Hislop:

Gheobhaimid an uimhir sin.

Mr. Dónal Ó hAiniféin:

Gabhaim buíochas as an gceist sin maidir le háiseanna. Is fíor a rá go bhfuil na héilimh agus na freagrachtaí atá ag COGG ag méadú le roinnt blianta anuas. Fáiltímid roimhe sin agus táimid an-sásta leis sin. Dá réir, bíonn cásanna gnó á réiteach againn go rialta le haghaidh acmhainní breise a fháil ón Roinn. Tá foireann COGG méadaithe thar na blianta chun freastal ar na héilimh bhreise atá air. Is é an bealach a chímid chun an rud a fhorbairt sna blianta atá romhainn ná an córas sin a leanúint agus go mbeidh méadú ar na héilimh. Ní gá ach an clár comhtháite de scoileanna Béarla le scoileanna Gaeilge a lua, agus an fhoghlaim chomhtháite ábhar agus teangacha, FCÁT, atá luaite ag an Aire cheana féin, atá ann chun cabhrú le scoileanna atá ag feidhmiú trí Bhéarla. Tá freagrachtaí breise mar sin ag méadú ar COGG an t-am ar fad.

Nílim chun a rá go bhfuil dóthain acmhainní againn. Bímid i gcónaí ag éileamh acmhainní breise chun freastal agus chun cur ar ár gcumas na freagrachtaí atá orainn a chomhlíonadh chomh maith agus is féidir. Táimid buíoch den mhéadú agus leanfaimid ar aghaidh ag lorg a thuilleadh.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Uasal Ó hAiniféin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá Teachtaí Dála ag iarraidh teacht isteach ach cuirfidh mé féin cúpla ceist.

Gabhaim buíochas leis na haíonna arís. Mar a dúirt mé, bhí an ráiteas tosaigh thar a bheith cabhrach. Tá sé tábhachtach a rá gur eascair an polasaí seo ón ngéarchéim a bhí ann agus atá ann fós. Is scéim iontach é, ní mór dom é sin a rá. Tá 21 scoil agus formhór díobh i nGaillimh, faraor, agus tá naoi scoil i Maigh Eo thuaidh. Bheadh sé thar a bheith tábhachtach anailís ghéar a dhéanamh ar na scoileanna sin chun foghlaim cén fáth é sin. Dúirt an Dr. Kirk go bhfuil easpa tuisceana ann ó thaobh tumoideachais agus na buntáistí agus tuigim é sin ach an bhfuil an acmhainn ag an Roinn anailís ghéar mar sin a dhéanamh chun foghlaim agus chun iad a mhealladh isteach? Is rud tromchúiseach go bhfuil trí as ceithre scoil i Maigh Cuilinn amháin i gceist.

Gabhaim buíochas le COGG as a chuid oibre. An féidir le COGG díriú isteach ar na bearnaí, ní ó thaobh na heagraíochta de ach ó thaobh na Gaeilge ar an talamh? Cad iad na bearnaí atá aitheanta ag COGG a bhfuil gá dul i ngleic leo? Ó mo thaithí féin tá easpa leabhar nó tá drochleabhair i nGaeilge. An bhfuil sé sin feabhsaithe? Tuigim go bhfuil ach cad iad na bearnaí? Luaigh amach go sonrach iad.

Luaigh COGG na rudaí atá le déanamh aige mar eagraíocht. Tá an-suim agam maidir le daoine faoi mhíchumas. Tá COGG chun polasaí nó plean forbartha-----

Dr. Harold Hislop:

Treoirlínte.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá treoirlínte le réiteach ag COGG. An bhfuil siad réitithe nó cén uair a bheidh siad réitithe? Bhí dhá shraith threoirlínte i gceist, nach raibh? Tá treoir ullmhaithe ag COGG maidir leis an aistriú ón naíonra go dtí an bhunscoil. Tá an dara treoir le forbairt maidir le riachtanais speisialta. Céard é stádas na bpleananna sin?

Tá dul chun cinn iontach déanta maidir le caighdeán na múinteoireachta. Tá cúrsaí nua i mBaile Átha Cliath agus i Luimneach. De réir mar a thuigim bhí níos mó éilimh ná mar atá an coláiste i Marino in ann freastal air. An bhfuil sé sin ceart? Chuaigh neart daoine ann, rinne siad na hagallaimh, agus ansin tá na spásanna srianta do 30 mac léinn. Bhí níos mó éilimh ann ná mar a bhí an coláiste in ann freastal a dhéanamh air. Leanfaidh mé ar aghaidh leis na ceisteanna.

Dr. Harold Hislop:

Tá brón orm.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an Dr. Hislop ceart go leor. Tá tréimhse ó 2017 go dtí 2022 ag an bpolasaí. Is rud maith a chloisteáil go bhfuil taighde le déanamh ag an Roinn agus tús á chur leis i mí Mheán Fómhair na bliana seo agus go mbeifear ag díriú ar chuid de na scoileanna. Dúradh ansin, áfach, go mbeidh trí bliana eile i gceist. An mbeidh torthaí an taighde ar fáil go sciobtha?

Ag an tús thosaigh mé lena rá go bhfuil géarchéim ann. Ceann de phríomhaidhmeanna an pholasaí don oideachas Gaeltachta is ea an líon múinteoir ar féidir leo oideachas ardcháilíochta trí mheán na Gaeilge a sholáthar i mbunscoileanna agus in iarbhunscoileanna a mhéadú. Is aidhm iontach é sin. Cad é an tslat tomhais ar an méadú sin? Cén chaoi is féidir é sin a dhéanamh? An mbeidh an Roinn sásta agus muiníneach go mbeidh a dhóthain múinteoirí ar ardchaighdeán le fáil sna scoileanna faoi 2022? Níor thuig mé é sin i gceart.

An bhfuil tuairim ag an Roinn faoin liúntas Gaeltachta a bhí ann tráth agus é a thabhairt ar ais chun múinteoirí a mhealladh? Bhí ceist eile agam do COGG ach tá dearmad déanta agam faoi.

Dr. Harold Hislop:

Tá sé cinn nó mar sin de cheisteanna luaite ag an gCathaoirleach cheana féin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil sé cinn? Is é sin mo dhóthain.

Dr. Harold Hislop:

Tagraím don cheist faoi anailís a dhéanamh ar an 27 scoil nach bhfuil sa scéim. Tá na ceisteanna céanna againn is atá ag an gCathaoirleach. Rinneamar iarracht díriú isteach ar na scoileanna sin i mbliana. Ba sin an fáth gur chuireamar cuairteanna speisialta ón gcigireacht-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Chuala mé é sin. Tá sé déanach agus níl athrá i gceist anseo. Chuaigh an Roinn ar ais agus rinne sí a dícheall agus níor éirigh léi fós. Cad atá foghlamtha? Tá gá le hanailís faoi leith a dhéanamh agus gan dul ar ais agus arís leis an bpacáiste céanna.

Dr. Harold Hislop:

Tá a fhios agam é sin. Ba mhaith linn na ceachtanna as sin a scrúdú agus, mar a deir an Cathaoirleach, anailís a dhéanamh orthu. Ba mhaith linn chomh maith labhairt leis na scoileanna sin nuair a bheidh an anailís sin déanta. Céard iad na hathruithe a mheallfadh isteach iad?

Fágfaidh mé an cheist faoi na bearnaí mar gheall ar na leabhair agus mar sin de ar leataobh do COGG ach lena rá go bhfuil an-obair déanta ag COGG, agus in éineacht le Gaeloideachas chomh maith, nár luaigh mé roimhe seo, mar gheall ar oideachas speisialta. Bhí tionól speisialta á reáchtáil i mí Mheán Fómhair nó Deireadh Fómhair na bliana seo caite mar gheall ar an oideachas speisialta.

Gabh mo leithscéal ach tá dearmad déanta agam ar an gceist shonrach faoi chaighdeán na múinteoirí agus na múinteoireachta agus an t-éileamh atá orthu.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim go bhfuil cúrsa nua ann, agus cé gur rud dearfach é sin-----

Dr. Harold Hislop:

Tagraíonn ceist an Chathaoirligh d'éileamh ar áiteanna.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

----- tá sé srianta maidir leis an méid spáis.

Dr. Harold Hislop:

Ag an bpointe seo, chuir roinnt mac léinn isteach ar an gcúrsa seo, ach caithfidh siad na bunriachtanais a bhaint amach.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim é sin, ach de réir mar a thuigim, bhí mórán daltaí ag iarraidh spás a fháil ar an gcúrsa. D'éirigh siad sna hagallaimh ach tá na spásanna srianta do 30 mac léinn. Tá níos mó éilimh ann. B’fhéidir nach bhfuil an ceart agam. An bhfuil gá le tuilleadh cúrsaí?

Dr. Harold Hislop:

Má tá agus má leanann an t-éileamh sin ar aghaidh, bheadh sé sin go hiontach. Is féidir linn an cheist sin a scrúdú.

Ar an bpointe seo, níl a fhios againn cé mhéad duine as an méid a chur isteach ar áiteanna a bheadh na pointí faighte acu sa CAO, nó cé mhéad a bheadh D1 bainte amach acu.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim, ach-----

Dr. Harold Hislop:

Sílim go bhfuil sé róluath chun an cheist sin a fhreagairt. Beidh an taighde ag tosú i mí Meán Fómhair agus ní gá fanacht trí bliana chun na tuairiscí a fháil, mar beidh tuairiscí á bhfoilsiú as an taighde sin go leanúnach.

Dr. Treasa Kirk:

Ní bheidh tuairiscí á bhfoilsiú ar scoileanna aonar. Beidh an chéad tuairisc ilchodach á fhoilsiú i 2020.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim.

Dr. Harold Hislop:

Beimid ag féachaint ar na ceachtanna a bheidh ag teacht amach as cur i bhfeidhm an pholasaí.

Mr. Dónal Ó hAiniféin:

Tá taighde ar siúl faoi láthair ar an trasnaíl ón naíonra go dtí an bhunscoil. Tá muid ag obair i gcomhpháirt leis an Dr. Máire Mhic Mhathúna ar sin agus táimid dóchasach go mbeidh an taighde sin, ar an deáchleachtas is fearr maidir le trasnaíl ón naíonra go dtí an bunleibhéal, ar fáil san fhómhar.

Is ábhar thar a bheith casta agus leanúnach na riachtanais oideachas speisialta. Bíonn muid ag plé leis an tseirbhís síceolaíochta, an National Educational Psychological Service, NEPS, go leanúnach ar an ábhar sin. Luadh bearnaí, agus tá easpa ann ó thaobh caighdeán na trialacha diagnóiseach, ó thaobh cúrsaí urlabhraíochta agus cúrsaí teanga, agus go leor nithe eile. Nuair atá muid ag caint faoi oideachas speisialta, tá ceisteanna uathúla agus aonar i gceist.

Chun cumas a chur ar na scoileanna, is gá an plean oideachais is fearr a aontú le tuismitheoirí agus é a chur i bhfeidhm sna scoileanna ar mhaithe leis an dalta. Tá gort nua á dtreabhadh againn sa suíomh sin, agus beidh obair leanúnach i gceist. Mar sin, níl freagra ró-éasca agam ar an gceist sin. Is obair leanúnach a bheidh ar siúl agus beidh comhairle á cur ar fáil go leanúnach arís do na múinteoirí tacaíochta nó na múinteoirí oideachas speisialta atá ag feidhmiú sna scoileanna cheana féin. Bhí bearna eile ansin.

Ms Muireann Ní Mhóráin:

Maidir leis na bearnaí, luaigh mé ceist na dtéacsleabhar cheana, ach ag fágáil sin, is dócha gur na héilimh is mó a thagann chun cinn ná na pacáistí teagaisc agus a leithéid a thagann ó áisíneachtaí eile. Luaigh an Teachta Moynihan níos luaithe cuid de na rudaí a thagann ag scoileanna, agus cuireann áisíneachtaí eile Stáit pacáistí acu maidir le bulaíocht, ealaín, nó sláinte, mar shampla, an t-am ar fad, agus go minic ní chuirtear ar fáil iad as Gaeilge. Braitheann na scoileanna go mór go bhfuil siad faoi mhíbhuntáiste mar, cé gur féidir linn déileáil leis an mbunsoláthar ó thaobh na dtéacsleabhar, tá an-chuid rudaí eile atá-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An mbíonn siad i mBéarla?

Ms Muireann Ní Mhóráin:

Bíonn siad ar fáil i mBéarla, agus roghnaíonn roinnt scoileanna na rudaí seo a dhéanamh trí Bhéarla agus taispeánann siad póstaeir "anti-bullying", póstaeir faoi pholasaithe, agus mar sin de, as Béarla. Sin bearna an-mhór.

Tá an soláthar leabhar léitheoireachta sa Ghaeilge tar éis feabhsú agus tá leabhair nua ag teacht amach beagnach gach lá atá ar ardchaighdeán. An áit eile atá muid ag féachaint air ó thaobh na léitheoireachta de ná na h-ardranganna sna bunscoileanna agus an chéad agus dara bliain sna hiarbhunscoileanna. Stopann a lán daoine ag léamh ar aon nós ag an aois sin, ach is measa atá an fhadhb sa Ghaeilge, mar ní bhíonn aon fhonn orthu a bheith ag léamh as Gaeilge ach amháin má bhíonn ábhair tarraingtiúil ar fáil. Tá folús an-mhór ann maidir le dream eile, taobh amuigh den chóras oideachais, ag cur rudaí ar fáil.

Dr. Harold Hislop:

An cheist dheireanach a bhí ann-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil na finnéithe ag rá anois go bhfuil téacsleabhair ar fáil i nGaeilge? Níl bearna ar bith ansin?

Ms Muireann Ní Mhóráin:

Níl mé ag rá nach bhfuil bearnaí ann.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cad iad na bearnaí? Sin an cheist a chuir mé.

Ms Muireann Ní Mhóráin:

Ag leibhéal na bunscoile, tá téacsleabhair ar fáil do na hábhair ar fad, ó ranganna na naíonáin suas go rang a sé. Tá bearna ann sa mheánscoil de bharr na sraithe sóisearaí nua, na teangacha Eorpacha, na folláine, agus na hábhair nua seo mar pholaitíocht nó corpoideachas agus mar sin de atá ag teacht isteach. Tá na hábhair mhór, an cuid is mó a dhéantar, á gclúdach nó clúdaithe againn, ach anois táimid ag iarraidh na bearnaí eile sin a líonadh, agus beidh bearnaí mór ann. Níl siad ann faoi láthair leis an ardteistiméireacht, ach tá na sonraíochtaí ar fad chun athrú i mblianta beaga romhainn. Mar a luaigh an Teachta Ó Snodaigh ansin, is saghas catch-up a bhíonn i gceist nuair a thagann leabhair i mBéarla amach, ach ní féidir linne nó aon duine eile, fiú na foilsitheoirí Béarla, bogadh ar chor ar bith go dtí go dtagann na siollabais nua amach. Ní féidir linne leabhair nua a chur amach ós rud é go dtéann siad as dáta laistigh de bhliain nó dhó. Sin iad na bearnaí atá ann, ach más mian leis an gCathaoirleach, is féidir liom liosta iomlán cruinn a sheoladh ag an gcoiste.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bheadh sé sin cabhrach.

Dr. Harold Hislop:

Bhain an cheist dheireanach leis an liúntas Gaeltachta do mhúinteoirí.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí dhá cheist agam ar an liúntas.

Dr. Harold Hislop:

Tá a fhios agam. Cuireadh an cheist sin mar gheall ar an liúntas Gaeltachta, orainn roimhe seo, agus baineann sé ní amháin le múinteoirí ach le gach státseirbhíseach sa Ghaeltacht. Nuair a thit an tóin as an saol ar fad anseo, baineadh na liúntais sin as an gcóras agus cuireadh deireadh leo ar fad in 2012. Baineann sé go ginearálta leis an bpolasaí atá ag an Roinn Airgeadais ó thaobh liúntais sa chóras.

An cheist eile atá ar mo pháipéar anseo ná conas gur féidir linn a bheith sásta go bhfuil ár ndóthain múinteoirí againn nuair atá an polasaí críochnaithe?

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cén tslat tomhais atá ann, taobh amuigh den uimhir a mhéadú?

Dr. Harold Hislop:

Tá ganntanas múinteoirí go ginearálta sa chóras, agus tá aidhm againn go mbeadh múinteoirí ar fáil do na scoileanna atá in ann gníomhú trí mheán na Gaeilge sna scoileanna Gaeltachta agus sna Gaelscoileanna. Ní féidir liom a rá go bhfuilimid lán cinnte go mbeidh gach uile fholúntas i ngach Gaelscoil líonta taobh istigh de chúig bliana, ach táimid ag dul sa treo sin, agus tá feabhas ag teacht ar an scéal.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim é sin. Is deáscéal amach is amach é, agus tá obair na gcapall déanta ag na finnéithe. Glacaim leis sin.

Dr. Harold Hislop:

Ba mhaith liom go mbeadh-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní amháin sin, ach tá an tipping point sroichte againn. Cuirim an cheist arís. Cad é an tslat tomhais chun dul i ngleic leis an ngéarchéim?

Dr. Harold Hislop:

Roimh thús an pholasaí, bhí na scoileanna ar fad ag déanamh gearáin nach raibh múinteoirí le Gaeilge ar fáil chun folúntais a líonadh, agus bhí sé sin ráite ag formhór na scoileanna linn. Ba mhaith liomsa go mbeadh feabhas ar an scéal sin, chun nach mbeadh formhór na scoileanna ag rá linn nach bhfuil múinteoirí le Gaeilge ann chun na poist sin a líonadh. Más féidir, ba mhaith liom gach folúntas sa Ghaeltacht a líonadh le múinteoirí a bhfuil cumas sa Ghaeilge acu go tapa.

Dr. Treasa Kirk:

Chun cur leis an méid atá ráite ag an Dr. Hislop ansin, beidh cohort nua ag teacht isteach sa mháistreacht nua atá ar siúl i gColáiste Mhuire Gan Smál i Luimneach i mbliana, agus beidh an dara cohort ag teacht isteach chuig an gcúrsa sin an bhliain seo chugainn.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Sin múinteoirí atá fostaithe cheana féin.

Dr. Treasa Kirk:

Sea, ach beidh an scéal céanna i gceist maidir leis an B.Oid, áit atá an chéad cohort ann i mbliana, agus beidh cohort nua ann an bhliain seo chugainn.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim.

Dr. Harold Hislop:

Ó thaobh na múinteoirí atá sna scoileanna faoi láthair, tá sé an-tábhachtach díriú isteach orthu, mar níl an cumas sa Ghaeilge atá ag teastáil ag cuid acu. Tá an cúrsa i gColáiste Mhuire Gan Smál dírithe ar conas Gaeilge a mhúineadh agus conas an tumoideachas a chur ar fáil, ach tá cuid mhór den chúrsa dírithe ar feabhas a chur ar chumas Gaeilge na múinteoirí freisin. Sin an fáth go bhfuil orthu C1 a bhaint amach ag deireadh an chúrsa.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim, agus sin croí na ceiste i ndáiríre. Cé mhéad múinteoir atá ag teastáil, laistigh de cén tréimhse ama, chun dul i ngleic leis an ngéarchéim, agus an bealach eile a thógáil?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá feasachan ann, ar bhealach, ó thaobh cur chuige an Stáit leis na coláistí ullmhúcháin a bhí ann fadó. D'aithin an Stát go gcaithfeadh múinteoirí le Gaeilge a bheith acu má bhí siad ag dul Ghaeilge a mhúineadh sna scoileanna ar fad, agus ghníomhaigh siad go láidir chun déileáil leis sin. Sin scéal eile.

Tá an cheist an-simplí.

Tá líon áirithe Gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta ann, agus ó thaobh múinteoirí a bheith oilte ar mhúineadh trí Ghaeilge, ní dhéanann sé aon difríocht an Ghaelscoil nó scoil Ghaeltachta í. Tá líon áirithe scoileanna ann, agus chomh maith leis sin, tá mé cinnte go bhfuil a fhios ag an Roinn Oideachais agus Scileanna cén t-éileamh breise a bheas ann ar oideachas trí Ghaeilge. Tá sé éasca a oibriú amach mar sin cé mhéad múinteoir a theastófaí.

An bhfuil plean ag an Roinn a dhéanamh cinnte de go mbeidh dóthain soláthair múinteoirí leis an éileamh a shásamh? Sin an cheist mar cloisim daoine ag caint mar gheall ar Ghaelscoileanna a bhunú anseo agus ansiúd. An cheist atá ann ná an mbeidh na múinteoirí ann nó an bréagscoileanna Gaeilge a bheas ann mar nach mbeifear in ann na múinteoirí a fháil? Níl mé ag cur milleán ar na scoileanna ach tá mé ag rá mura mbeidh na múinteoirí ar fáil, beifear idir dhá chomhairle. Tá sé sin ina ghéarchéim sa bhunscolaíocht ach tá sé ina ghéarchéim i bhfad níos measa sa mheánscolaíocht mar tá siad ag lorg múinteoirí Fraincise, Béarla, matamaitice, ceimice, fisice agus gach uile shórt eile atá inniúil ar mhúineadh trí Ghaeilge.

An bhfuil aon staidéar déanta ar céard é an t-éileamh a mheastar a bheas ann as seo go ceann deich mbliana? Má leantar mar atá, cén soláthar a bheas ann? Céard iad na céimeanna nach mór a ghlacadh le freastal ar an éileamh? Chomh maith leis sin, cén chaoi a ndéanfar an earcaíocht?

Is sa chomhthéacs mór seo ar fad a thagann na liúntais i gceist. Is é sin le rá go raibh liúntas ann do mhúinteoirí a bhí ag múineadh trí Ghaeilge agus ansin bhí liúntas eile ann do mhúinteoirí Gaeltachta le daoine a mhealladh ó thiar, ó theas nó ó thuaidh, de réir mar a tharla sé, le dul ag múineadh sna Gaeltachtaí. Ansin, bhí liúntais oileánda chomh maith. Ní fiú an tsábháil a bhí ann don Roinn a áireamh.

An cheist atá ann ná an bhfuil aon obair ar bun sa Roinn nó an bhfuil aon taighde ar bun sa Roinn leis an rud sin ar fad a oibriú amach agus a rá gurb é seo an t-éileamh, gurb iad seo na cúrsaí oiliúna a bheas ann, agus gurb í seo an chaoi ina meallfaimid daoine go dtí na háiteanna seo ar fad agus na cúrsaí oiliúna seo a ghlacadh, ionas go mbeimid in ann a aithint an bealach go bhfuil muid ag dul ag múineadh sna scoileanna seo amach anseo?

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí ábhar amháin faoi leith gur theastaigh uaim fiafraí ar na finnéithe faoi níos luaithe ach shleamhnaigh an t-am. Tá a fhios agam go bhfuil siad tar éis na fisice agus an rang ar an Idirlíon a phlé, ach an féidir píosa eolais sa bhreis a fháil air sin? Má tá sé pléite cheana féin, tá sin ceart go leor, ach tá cúpla ceist agam faoi.

An é an scéal é go mbeidh ar an Roinn co-ordination a dhéanamh ar an tráthchlár i sé scoil amach anseo? An bhfuil aon bhaol go mbeidh an rang sin á rith tar éis na scoile nó an chuid den lá scoile atá i gceist? Conas a fheidhmíonn sé ansin? An mbeidh múinteoir ag seasamh os comhair an cheamara nó an mbeidh rang faoi leith le cúigear nó seisear ann agus múinteoirí agus an broadcast isteach? Ritheadh scéim phíolótach i gcomhair na hidirbliana. Ar tháinig aon deacrachtaí chun solais ansin maidir le canúintí, cur i gcás? An bhfuil ceacht foghlamtha as sin i gcomhair an ranga ardteistiméireachta anois?

Tagraím do chruinnithe le tuismitheoirí, mar is cuid an-tábhachtach é sin den ullmhú don ardteistiméireacht do na mic léinn. Conas a dhéanfaí láimhseáil ar sin nuair nach mbeidh aithne ag múinteoirí, daltaí agus tuismitheoirí ar a chéile mar ba ghnách?

Dr. Harold Hislop:

B'fhéidir go dtógfaimid ar dtús an cheist a bhí ag an Teachta Ó Cuív mar gheall ar na múinteoirí. Tá coiste bunaithe ag an Roinn atá dírithe ar sholáthar múinteoirí. Tá ceist líon na múinteoirí ar fad á plé ag an gcoiste sin agus tá obair ar bun aige feabhas a chur ar sholáthar múinteoirí. Níl muidne ag déileáil ach le píosa beag den obair sin leis an M.Oid agus an B.Oid. Ní mór cuimhneamh ar na háiteanna sa bhreis atá bunaithe in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh chomh maith. Tá dian taighde á dhéanamh ag an Roinn faoi láthair ar cheist soláthair múinteoirí go ginearálta. Níl na sonraí ar fad agam um thráthnóna mar gheall ar líon na múinteoirí.

Tagraím don e-hub. An rud is fearr b'fhéidir ná eolas sa bhreis scríofa a thabhairt do na baill mar tá cur síos déanta againn ar an scéim a bhí againn i mbliana agus na ceachtanna a d'éirigh as sin. Rinneamar taighde i dtíortha eile ar dtús conas a leithéid a chur ar fáil. Tá scéim cosúil leis seo in Albain, san Astráil agus i gCeanada. D'fhoghlaimíomar roinnt mhaith ceachtanna ó na daoine sin. Bhíomar ag plé leo ar an Idirlíon agus araile. Rinneamar iarracht i mbliana ceachtanna a chur ar siúl don idirbhliain. D'éirigh go maith linn. Bhí fadhbanna ann agus d'fhoghlaimíomar roinnt mhaith ceachtanna, ach tá na múinteoirí dírithe ar na mic léinn amháin. Níl rang eile acu, tá siad ar fad ar an idirbhliain ach tá bileog agus nóta eolais agam air gur féidir liom seoladh chuig an Teachta nó chuig rúnaí an choiste agus tabharfaidh sin na sonraí ar fad don Teachta.

Dr. Treasa Kirk:

Mar eolas, ar an suíomh Idirlín, tá gach píosa eolais a bhaineann leis an tionscadal seo ar fáil. Mar atá ráite ag an Dr. Hislop, tá obair leanúnach ar siúl an t-am ar fad. Tá coiste monatóireachta againn sa Roinn agus bíonn plé leanúnach againn le H2 Learning, an comhlacht atá ag obair linn, chun bainistiú agus comhordú a dhéanamh ar an tionscadal seo. Mar sin, bíonn comhoibriú an-dlúth againn leis na scoileanna seo.

An rud is tábhachtaí faoin scéim phíolótach seo ná go bhfuil an clár ama ríthábhachtach. Tá am ar leith gach seachtain ina mbeidh an rang speisialta seo ar siúl sna scoileanna. Tá ocht scoileanna pháirteach ann san iomlán, na sé scoil atá ina ghlacadóirí ar an tionscadal agus ansin an dá ríomh-mhoil, áit ina bhfuil an bheirt múinteoir. Tá múinteoir amháin i gceannas ar chuid den siollabas ardteistiméireachta agus tá múinteoir eile i gceannas ar an gcuid eile de. I ngach uile scoil glacadóra, tá meantóir acu agus tá uaire sa bhreis faighte acu chun a chinntiú go bhfuil duine fásta i gcomhluadar na scoláirí éagsúla atá sna scoileanna agus atá ag freastal ar an rang ar líne seo.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil an teagmháil leis na tuismitheoirí ag cruinniú chomh maith nó conas a dhéanfar láimhseáil air sin?

Dr. Harold Hislop:

Beimid in ann iad a dhéanamh. Braitheann sé ar chás na dtuismitheoirí, ach más mian leo iad a dhéanamh ar an Idirlíon, cosúil le Skype, is féidir leo é sin a dhéanamh nó tabharfaimid am do na múinteoirí dul chuig gach scoil atá páirteach sa scéim agus cuairt a dhéanamh ar na scoileanna sin.

Dr. Treasa Kirk:

Chomh maith leis sin, tá eolas ar leith curtha le chéile do na tuismitheoirí. Tá pacáiste eolais ar leith do na tuismitheoirí agus tá conradh sínithe againn idir na scoileanna éagsúla chun a chinntiú go dtuigeann gach páirtí céard go díreach atá i gceist agus cad iad na freagrachtaí éagsúla. Tá freagracht ar leith ag na scoláirí féin sa tionscadal seo chomh maith mar tá na stakes an-ard.

Dr. Harold Hislop:

Cuirfimid an nóta sin chuig rúnaí an choiste.

Mr. Dónal Ó hAiniféin:

Mar eolas, chun cabhrú leis an ngéarchéim atá luaite maidir le cúrsaí iarbhunscoile, tá institiúidí eile ag cur oiliúint ar fáil do mhúinteoirí iarbhunscoile atá ag plé leis an nGaeilge agus le hábhair eile sa chathair seo, i Luimneach agus in áiteanna eile.

Tagraím don chur chuige seo a bhí idir lámha don pholasaí oideachais Gaeltachta agus an chomhairliúcháin a rinneadh. Aithníodh an ghéarchéim sa chomhairliúcháin a rinneadh agus is as sin a tháinig an taighde atá idir lámha anois. Is teimpléad an-mhaith é sin don obair mhór atá le déanamh maidir leis an nGaeilge sa chóras oideachais i gcoitinne. Is féidir linn foghlaim ón gcuid seo agus féachaint ar an gceist ar bhonn níos leithne.

Is féidir linn an teimpléad céanna a úsáid maidir leis an gcomhairliúchán chun féachaint ar an nGaeilge, ar mhúineadh na Gaeilge sa chóras oideachais i gcoitinne, cá bhfuil ár dtriall, agus cad is gá a dhéanamh sna blianta atá romhainn. Molaim an cheannródaíocht atá déanta ag ardoifigigh na Roinne maidir leis an bpolasaí oideachais Gaeltachta. Nuair a luaigh mé ó chianaibhín go mbeadh tuilleadh oibre á leagan ar an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG, fáiltím roimh a leithéid, más é sin a bheidh ar siúl maidir leis an nGaeilge i gcoitinne sa chóras oideachais amach anseo.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I leith na ceiste a chuir mé maidir le cúrsaí, is iad sin an ceann i Marino agus an ceann eile páirtaimseartha, an pointe a bhí mé ag iarraidh a dhéanamh ná, sa chás go mbeadh níos mó éilimh ann - níl, mar a tharlaíonn, i leith an chúrsa i Luimneach, mar níl ach 21 curtha isteach ann – b’fhiú breathnú ar cé mhéad a chuireann isteach ar an gcúrsa chun a fheiceáil agus a fháil amach. Tá géarchéim agus easpa múinteoirí ann. Níl an t-am againn, i ndáiríre.

Dr. Harold Hislop:

Táim lánsásta breathnú ar an gceist sin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé tábhachtach breathnú air sin, chomh tábhachtach fiú amháin is atá sé breathnú ar an mbreis is 20 scoil nach bhfuil taobh istigh den scéim aitheantais.

Dr. Harold Hislop:

Tá an ceart ag an gCathaoirleach.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Maidir leis an bhfreagra a thug na finnéithe ó COGG i dtaca le daoine faoi mhíchumas, thuig mé ón ráiteas tosaigh go raibh COGG ag obair ar phlean. Ba chóir go mbeadh tréimhse ama i gceist. Tá sé thar a bheith tábhachtach i leith daoine faoi mhíchumas a bhfuil ag dul isteach go mbeadh treoir acu. Maidir leis an gceist dheireanach maidir leis an bhfisic, is dul chun cinn iontach é. Tá sé sin bunaithe ar thogra píolótach, agus beidh an cúrsa á chur ar fáil ó mhí Mheán Fómhair.

Dr. Treasa Kirk:

Tá sé i gceist againn ábhair eile a thabhairt isteach taobh istigh de dhá bhliain eile.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim. Feicim go bhfuil Coláiste na Coiribe i nGaillimh luaite. Ní ceantar iargúlta é sin, agus cé gur iontach go bhfuil sé ann agus níl mé ag gearán, cheap mé go raibh an córas sin dírithe isteach ar cheantair iargúlta i dtús.

Dr. Treasa Kirk:

Is é an rud a bhí i gceist ná go raibh orainn múinteoir fisice ardleibhéil a aithint agus níl mórán múinteoirí fisice ardleibhéil le Gaeilge sa chóras. Bhí an togra sin bunaithe ar chóras iarratais a bhí i gceist. Fuair an bheirt mhúinteoir is fearr na poist mar ríomhmhúinteoirí. Is é sin an fáth go bhfuil múinteoir amháin fisice lonnaithe i gColáiste na Coiribe agus go bhfuil an múinteoir eile lonnaithe i bPobalscoil Chorca Dhuibhne.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl an múinteoir sin ach lonnaithe-----

Dr. Treasa Kirk:

Beidh an múinteoir ag múineadh go díreach.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níor thuig mé an méid sin.

Dr. Treasa Kirk:

Níl scoláirí i gceist sa dá scoil sin.

Dr. Harold Hislop:

Tá na scoláirí i scoileanna eile, na scoileanna glacadóra.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí míthuiscint ar mo thaobhsa. Gabhaim buíochas lenár n-aíonna. Ar mhiste leis an Uasal Ó hAiniféin nó an Uasal Ní Mhóráin teacht isteach anois?

Ms Muireann Ní Mhóráin:

Aontaím go hiomlán leis an gCathaoirleach maidir le tábhacht na ceiste faoi pháistí agus daoine óga le riachtanais speisialta oideachais. Is iad na ceisteanna is minice ar tháinig chun cinn, áit a raibh fadhbanna ann nuair a bhíomar amuigh faoin tír ag cruinnithe, ná na ceisteanna ó thuismitheoirí, ó mhúinteoirí, agus ó lucht bainistíochta. Bhí siad ag rá, cé go bhfuilimid in ann a lán rudaí a dhéanamh, gurb í an áit nach bhfuil an taighde nó saineolas ar fáil ná an plé le páistí le riachtanais speisialta oideachais atá ag fáil a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge, go háirithe sna luathbhlianta, nuair is tumoideachas atá ann. Táimid ag tabhairt faoi, ach le bheith iomlán macánta leis an gCathaoirleach, ní féidir liom a rá go cinnte anois cén fad a thógfaidh sé. Táimid tosaithe ag obair le saineolaithe, ach níl mórán saineolaithe ann atá tar éis a bheith ag plé le riachtanais speisialta oideachais.

Ba é an rud traidisiúnta in Éirinn, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di, má bhí fadhb ag páiste duine, ná give up that old Irish. Maidir leis na scoileanna speisialta a bhí ann go traidisiúnta, cuireadh páistí ó Chonamara isteach go Gaillimh agus dúradh le teaghlaigh éirí as an nGaeilge agus Béarla ceart a bpáistí a chosaint agus a labhairt leo.

Ní dhearnadh an obair seo cheana. Táimid tosaithe anois ar obair anois le saineolaithe ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Coláiste na hOllscoile Corcaigh. Is iad seo daoine atá ag plé le forbairt teanga. Níl mé ag caint faoi fhorbairt gramadaí nó rud ar bith mar sin ach faoi pháistí a bhfuil fadhbanna urlabhra agus cumarsáide acu. Táimid ag obair agus tá áiseanna tacaíochta curtha ar fáil againn do mhúinteoirí le húsáid sna scoileanna leis na páistí sin. Is é sin an tús.

Anois caithfimid taighde agus saineolaithe eile a fháil sa réimse seo. Ní hamháin go dteastaítear go mbeadh saineolas acu chun déileáil leis na páistí agus leis na daoine óga seo, ach go dtuigfidís na casachtaí a thugann an dara teanga isteach léi. Tá taighde idirnáisiúnta ann agus tá sé an-dearfach maidir le gabháil teanga páistí, is é sin go bhfuil siad lánábalta an dara nó an tríú teanga a fhoghlaim, is cuma cén cumas atá acu, má tá teanga amháin acu. Táimid ag plé leis an gceann faoin aistriú leis na naíonraí ach níl aon cheist ann ach go dtuigimid go bhfuil sé an-phráinneach.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Uasal Ní Mhóráin. Beidh COGG ag teacht ar ais chugainn maidir leis na rudaí a fhoilsiú.

Dr. Harold Hislop:

Tiocfaimid cinnte.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl aon cheist eile ag an bpointe seo. Gabhaim buíochas mór leis an Dr. Harold Hislop, an Dr. Treasa Kirk, an Uasal Roisín McCauley, an Uasal Adele Gannon, an Uasal Dónal Ó hAiniféin, agus an Uasal Muireann Ní Mhóráin. Bhí sé thar a bheith cabhrach dúinn agus is iontach an rud go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ó thaobh na Gaeilge de. Gabhaim buíochas mór lenár n-aíonna go léir as a gcuid oibre uile.

Chuaigh an comhchoiste isteach i seisiún príobháideach ar 6.26 p.m. agus cuireadh ar athló é ar 6.35 p.m. go dtí 4 p.m. Dé Máirt, 2 Iúil 2019.