Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 18 June 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022: Plé

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Chuir mé an-spéis sa mhéid seo agus molaim COGG as é seo a dhéanamh. Ceapaim féin gur dul chun cinn mór é. Tá an chúrsa M.Oid. curtha ar bun le daoine a oiliúint le múineadh trí mheán na Gaeilge. Tá ceist agam maidir leis an duine atá sa Ghaeltacht agus ar bhealach ba mhaith liom é seo a fheiceáil a bheith bainteach le scoileanna atá ag múineadh trí mheán na Gaeilge. An bhfuil aon chaint ag an Roinn é a dhéanamh riachtanach - tógfaidh mé é i gcomhthéacs na Gaeltachta i dtosach ach creidim gur cheart go mbeadh sé á fheidhmiú sa Ghaeltacht agus i nGaelscoileanna i gcoitinne - go gcaithfeadh duine cáilíocht a bheith aige nó aice ar nós an C1 in úsáid oilte sa Common European Framework of Reference for Languages, CEFRL, a bheith acu chun dul ag múineadh i scoil lánGhaeilge? Fad mo chuimhne tá sé sin ráite mar chuid an-bhunúsach den straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Ag an am thuigimid go raibh fadhb faoin gceist sin ann. Slim go bhfuil sé in am, mura bhfuil sibh ag tabhairt aghaidh ar chuid de na finscéalta atá ann sa pholasaí seo, agus go bhfuil sé an-tábhachtach go dtabharfaimid aghaidh air sin agus nach bhféadfadh duine dul isteach i scoil lánGhaeilge in áit ar bith sa tír, go mór mór sa Ghaeltacht, gan a bheith inniúil agus compordach ag múineadh trí mheán na Gaeilge. B'fhéidir go mbeadh rud éigin le rá faoi sin.

Tagann an méid sin ar ais go dtí an cheist seo faoi oiliúint. Níl aon mhaith caighdeán a thabhairt isteach mura mbeidh an soláthar ann. Cén socrú atá ann lena chinntiú go mbéarfaimid ar dhóthain daoine a bheidh ag iarraidh a bheith ina n-oidí ag leibhéal fágáil na scoile nó fiú daoine fásta a raibh gairmeacha eile acu, le Gaeilge sách maith acu le go dtabharfaidís faoi mhúineadh na Gaeilge? Ag éirí as sin, an bhfuil aon chaint ar a laghad don dream sin ar dhul siar ar an bpolasaí sin ó thaobh na Roinne Oideachais agus Scileanna, maidir leis na hábhair oidí agus an Ghaeltacht. Ba cheart go mbeadh an tréimhse i bhfad Éireann níos faide agus chomh maith leis sin ba cheart go n-íocfaí as an gcúrsa. Is cuid den oideachas é.

Arís air sin, ba mhaith liom an cheist a chur - b'fhéidir nach mbeidh ár n-aíonna in ann í a fhreagairt go díreach inniu mar níl siad féin faoi deara pholasaí na Roinne - an bhfeadfadh COGG a dtuairim a thabhairt faoi inmhiantacht rudaí mar seo a dhéanamh, le bheith praiticiúil faoi rud atáimid ag tabhairt faoi.

Leagadh síos caighdeán cheana féin ach níor cinntíodh an soláthar agus ní féidir an soláthar a chinntiú mura ndéantar an earcaíocht a chinntiú agus daoine a chur thart ag na scoileanna a rá go bhfuil jab anseo agus gach aon dream a bheidh cáilithe le bheith ina múinteoirí, beidh siad réasúnta cinnte nach mbeidh siad gan lá oibre go deo na ndeor, mar beidh éileamh orthu. Creidim féin go bhfuil níos mo riachtanais sna scoileanna lánGhaeilge ná mar atá de líon múinteoirí i láthair na huaire.

Maidir le SNAs agus seirbhísí tacaíochta do na scoileanna seo, céard atá á dhéanamh lena dhéanamh cinnte go bhfuil foireann iomlán na scoile agus na seirbhísí tacaíochta ar fáil trí Ghaeilge? Ceann de na fadhbanna a thuigeann duine ar bith a thóg clann le Gaeilge, taobh istigh nó taobh amuigh den Ghaeltacht, nó an Ghaeilge a dhéanamh mar ghnáthrud a mbeifí ag súil léi, ní díreach ón múinteoir ach sa saol timpeall ar an duine, le go mbeadh an caidreamh idir mhúinteoirí agus rúnaithe scoileanna, SNAs agus chuile dhuine sa scoil trí Ghaeilge, agus mar an gcéanna nuair a thiocfadh strainséirí isteach gur Gaeilge a bheadh á labhairt acu seachas Béarla. Tá sé sin fíorthábhachtach mar tá tionchar ollmhór ar ghasúir ar an rud taobh amuigh agus timpeall orthu. Tuigeann siad an-sciobtha nuair a dhéantar bosca beag den Ghaeilge agus nuair a labhraíonn an múinteoir Gaeilge ach ní labhraíonn aon duine eile Gaeilge. Bíonn iontas orm i gcónaí ar an bhfeabhas a thagann ar dhaoine óga a thagann go dtí an Ghaeltacht, má tá an coláiste láidir agus má tá cumas sna tithe ó thaobh na teanga de araon, in imeacht trí seachtaine as an tumoideachas a fhaigheann siad agus an tum-chur chuige maidir leis an maireachtáil laethúil trí mheán na teanga, a dhéanann fíordhifríocht go deo. Mura bhfuil sé sin sna scoileanna is céim ar aghaidh agus dhá chéim siar atá ann.

Thar aon rud eile a tharla le cúig nó sé de bhlianta, creidim féin go bhfuil an polasaí seo ar cheann de na rudaí is tábhachtaí a rinneadh. Tá sé an-mhaith agus an-dearfach agus ba mhaith liom a bheith dearfach faoi. Tugadh aghaidh ar fhadhb a bhí ann le fada.

Maidir leis na scoileanna ar na hoileáin, go mór mór na meánscoileanna, rinneadh riar anuraidh lena gcás a fheabhsú agus cuireadh thart ar leath de na rudaí a d'iarr siad ar fáil. Tá rath ar na scoileanna ach d'fhéadfadh rath níos fearr a bheith ar na scoileanna sin. Rud amháin a thugim faoi deara nuair a théim ar chuairt chuig na scoileanna ná ní hamháin go bhfuil siad ag coinneáil daoine óga ar na hoileáin agus a dhéanamh cinnte de go bhfuil scoileanna ann mar ar bhunáite na n-oileán ní bheadh dóthain ann le scoil foirfe a choinneáil ar bun, ach chomh maith leis sin tá siad ag tabhairt togha na Gaeilge agus taithí agus grá don Ghaeilge agus taithí ar shaol na Gaeltachta do dhaoine ó thaobh amuigh den Ghaeltacht. Beidh tionchar an mhéid sin le feiceáil síos an bóthar ar bhealaí nach dtuigimid fiú sa lá atá inniu ann. Chas mé le tuismitheoirí duine atá ag freastal ar scoil oileáin ar Inis Meáin, áit a ndeachaigh a n-iníon ann ar feadh bliana. Chas mé cupla uair leí ar an oileán. Tá sí ag déanamh a meanscolaíocht beagnach ar fad istigh ar an oileán agus togha na Gaeilge aici agus an dealramh nach raibh cúlra Gaeilge dá laghad aici ach go bhfuil chuile rud tiontaithe acu. Tá cás faoi leith le déanamh do na scoileanna oileánacha agus b’fhéidir go bhféadfaidh scéim mar í a leathnú amach go dtí a leithéidí Ros Muc, atá gann ar uimhreacha, agus scoileanna beaga eile Gaeltachta atá gann ar uimhreacha agus scéim scoláireachta den chineál céanna a chur ar bun. Tá fhios agam go gcuireann an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta na scoláireachtaí sin ar fáil. Ní hamháin go mbíonn sé seo tairbheach don Ghaeltacht agus d'eacnamaíocht na Gaeltachta agus don scoil Ghaeltacht ach tá tionchar aige ar an bpobal agus ar dhaoine ó thaobh amuigh den Ghaeltacht.

Bheadh sé an-spéisiúil - tá Muireann Ní Mhóráin anseo agus tuigfidh sí an fáth a luaim í - an tionchar a d'imir na scoláireachtaí trí mhí a bhí ann fadó ar an nGaeilge.

Bheadh sé spéisiúil chomh maith a fheiceáil cén céatadán de na daoine a chuaigh ar na scoláireachtaí sin a d'fhan leis an nGaeilge i ndiaidh sin i gcaitheamh saol agus a thug an Ghaeilge go maith leo. Bheadh sé réasúnta ard.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.