Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 18 June 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022: Plé

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá feasachan ann, ar bhealach, ó thaobh cur chuige an Stáit leis na coláistí ullmhúcháin a bhí ann fadó. D'aithin an Stát go gcaithfeadh múinteoirí le Gaeilge a bheith acu má bhí siad ag dul Ghaeilge a mhúineadh sna scoileanna ar fad, agus ghníomhaigh siad go láidir chun déileáil leis sin. Sin scéal eile.

Tá an cheist an-simplí.

Tá líon áirithe Gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta ann, agus ó thaobh múinteoirí a bheith oilte ar mhúineadh trí Ghaeilge, ní dhéanann sé aon difríocht an Ghaelscoil nó scoil Ghaeltachta í. Tá líon áirithe scoileanna ann, agus chomh maith leis sin, tá mé cinnte go bhfuil a fhios ag an Roinn Oideachais agus Scileanna cén t-éileamh breise a bheas ann ar oideachas trí Ghaeilge. Tá sé éasca a oibriú amach mar sin cé mhéad múinteoir a theastófaí.

An bhfuil plean ag an Roinn a dhéanamh cinnte de go mbeidh dóthain soláthair múinteoirí leis an éileamh a shásamh? Sin an cheist mar cloisim daoine ag caint mar gheall ar Ghaelscoileanna a bhunú anseo agus ansiúd. An cheist atá ann ná an mbeidh na múinteoirí ann nó an bréagscoileanna Gaeilge a bheas ann mar nach mbeifear in ann na múinteoirí a fháil? Níl mé ag cur milleán ar na scoileanna ach tá mé ag rá mura mbeidh na múinteoirí ar fáil, beifear idir dhá chomhairle. Tá sé sin ina ghéarchéim sa bhunscolaíocht ach tá sé ina ghéarchéim i bhfad níos measa sa mheánscolaíocht mar tá siad ag lorg múinteoirí Fraincise, Béarla, matamaitice, ceimice, fisice agus gach uile shórt eile atá inniúil ar mhúineadh trí Ghaeilge.

An bhfuil aon staidéar déanta ar céard é an t-éileamh a mheastar a bheas ann as seo go ceann deich mbliana? Má leantar mar atá, cén soláthar a bheas ann? Céard iad na céimeanna nach mór a ghlacadh le freastal ar an éileamh? Chomh maith leis sin, cén chaoi a ndéanfar an earcaíocht?

Is sa chomhthéacs mór seo ar fad a thagann na liúntais i gceist. Is é sin le rá go raibh liúntas ann do mhúinteoirí a bhí ag múineadh trí Ghaeilge agus ansin bhí liúntas eile ann do mhúinteoirí Gaeltachta le daoine a mhealladh ó thiar, ó theas nó ó thuaidh, de réir mar a tharla sé, le dul ag múineadh sna Gaeltachtaí. Ansin, bhí liúntais oileánda chomh maith. Ní fiú an tsábháil a bhí ann don Roinn a áireamh.

An cheist atá ann ná an bhfuil aon obair ar bun sa Roinn nó an bhfuil aon taighde ar bun sa Roinn leis an rud sin ar fad a oibriú amach agus a rá gurb é seo an t-éileamh, gurb iad seo na cúrsaí oiliúna a bheas ann, agus gurb í seo an chaoi ina meallfaimid daoine go dtí na háiteanna seo ar fad agus na cúrsaí oiliúna seo a ghlacadh, ionas go mbeimid in ann a aithint an bealach go bhfuil muid ag dul ag múineadh sna scoileanna seo amach anseo?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.