Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 18 June 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022: Plé

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Níl. Tuigim go bhfuil athruithe déanta maidir le cúntóirí teanga agus go bhfuil siad ag tosú níos luaithe sa bhliain. Níl poist bhuana acu. B'fhéidir go mbeidh siad imithe arís nó nach mbeidh siad ar fáil.

An bhfuil plean chuige sin? Nuair atá duine maith ann agus go dteastaítear go leanfadh sé nó sí ar aghaidh agus go mbeadh an buntáiste sin ag na páistí a bheadh ag teacht isteach sa scoil, an bhfuil aon phlean maidir leis sin?

Tá ceist eile agam mar gheall ar an bpainéal agus caighdeán na Gaeilge atá ag na múinteoirí atá ag teacht isteach. Luadh liom nach mbíonn scoileanna sásta ó am go chéile go mbíonn orthu daoine a ghlacadh nach mbraitheann siad go bhfuil láidir go leor. Cén sórt meastóireacht a dhéantar ar an bpainéal sin ó thaobh teanga de? An bhfuil aon phlé déanta ag an Roinn air sin?

Bhí deis againn bualadh le múinteoirí sna Gaeltachtaí ar fud na tíre nuair a raibh baill an choiste ag dul mórthimpeall. Tháinig a lán de na hábhair chéanna chun cinn. Cé go bhfuil réimse leathan áiseanna ar fáil, tá siad ag díriú ar bhearnaí éagsula go mbraitheann siad go mbíonn ag cur isteach ar a gcuid gnó. Mar shampla, maidir le Gluais go Maith, Gluais go Minic, luadh go bhfuil clár maith ann ach nach bhfuil na hacmhainní ann, go bhfuil na hacmhainní ar fad i mBéarla agus go bhfuil deacracht ag scoileanna leis an teagasc Críostaí chomh maith - braitheann na múinteoirí go bhfuil sé róchasta. Cé chomh forleathan agus a bhfuil na háiseanna ar fáil? An mbaineann sé le 90%, 99% nó 70% de na téacsleabhair? An bhféadfadh an Roinn tuairim a thabhairt air sin nó cé chomh mór nó beag agus atá na bearnaí atá na múinteoirí ag tarraingt ár n-aird orthu?

Tá na meánscoileanna go léir sa scéim agus tá sé sin go hiontach. Ach níl na bunscoileanna go léir ann fós. Tuigim go bhfuil an deis acu chun teacht isteach. Cad a tharlóidh amach anseo do na scoileanna sin? Mura theastaíonn uathu teacht isteach, agus gan dabht beidh mic léinn sna scoileanna sin a theastaíonn uathu a ghnó a dhéanamh trí Ghaolainn, cad a tharlóidh leo siúd? Cén saghas plean atá ann? An mbeidh deis acu aistriú chuig scoileanna eile? An mbeidh córas taistil ann chuige sin? Cad a tharlóidh? An mbeidh an Roinn ag cur iallach ar na scoileanna páirt a ghlacadh?

Tagraím do na scoileanna nua. B'fhéidir nach mbaineann sé go díreach leis an bpolasaí seo ach nuair atá an Roinn anseo tá sé níos fearr dom an cheist a chur. Tá éileamh ar Ghaelscolaíocht ar fud na tíre. Feicimid go bhfuil polasaithe ann i gcomhair pátrúnacht a chur ar fáil agus go mbraithimid go bhfuil claonadh ann in aghaidh Gaelscolaíochta. Cé go bhfuil an t-éileamh ann agus cé go bhfuil an Economic and Social Research Institute, ESRI, ag rá go bhfuil 23% den daonra á héileamh, níl sí sin le feiceáil. Caithfear níos mó bunscoileanna nua a bheith ann agus tá catch-up le déanamh ansin. An bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ar an bpolasaí sin faoin bpátrúnacht? Tuigim go bhfuil beart eile scoileanna le scaoileadh thar cheann bliana agus ba chóir go mbeadh treo eile ullmhaithe chun nach mbeadh faillí á dhéanamh ar mhuintir na Gaolainne ar fud na tíre nuair a bheidh na scoileanna nua sin ag teacht chun cinn?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.