Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 18 June 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022: Plé

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá roinnt de na ceisteanna a bhí le cur agam curtha agus freagraí cuimsitheacha tugtha cheana féin dóibh. Molaim an díograis atá á taispeáint ag an Roinn inniu agus tá súil agam go n-éireoidh leis na haidhmeanna atá leagtha amach sa pholasaí i gcoitinne. Glacaim go bhfuil ceann amháin díobh ann chun déileáil leis an 27 mbunscoil nach bhfuil ag teacht faoin scéim. Luaigh an Dr. Hislop ansin go raibh cúig cinn ag gníomhú trí Ghaeilge nach bhfuil sa scéim agus tá súil agam go mbeidh an Roinn in ann iad a mhealladh isteach sa scéim agus nach mbeidh fágtha ansin ach 22 cinn chun díriú isteach a dhéanamh orthu. Glacaim freisin go dtarlóidh athrú faoi 2022, dáta deireanach don scéim. Táim ag tnúth go mbeidh an Roinn in ann, más féidir linn in aon chor, na cúig scoil a mhealladh mar go bhfuil sé an-ait go bhfuil cúig scoil atá ag gníomhú trí Ghaeilge nach bhfuil sásta teacht faoin scéim. Caithfimid teacht timpeall ar pé fadhb atá ann sa mheon atá sa scoil, mar is cuidiú do na daltaí, do na scoileanna agus don Ghaeloideachas i gcoitinne má tá siad gafa laistigh sa scéim.

B'fhéidir nach mbeidh freagra na ceiste ag ár n-aíonna go fóill ach cé mhéad de na daltaí agus na páistí as na 27 mbunscoil nach bhfuil ag teacht faoin scéim atá ag freastal ar choláistí iarbhunscoile lánGhaeilge atá faoin scéim? Uaireanta, feictear ansin go mbíonn daltaí ann agus is toisc go bhfuil an scoil in aice láimhe nó córas taistil nó a leithéid. Ní hé go bhfuil na tuismitheoirí ag diúltú na páistí a chur chuig scoileanna atá faoin scéim ach go bhfuil fadhbanna eile nó rud éigin eile ag cur bac orthu. Déanann siad na páistí a chur chuig coláiste iar-bhunscoile nuair a thagann an deis chucu agus na páistí 11 nó 12 bhliain d'aois.

Tá ceist eile agam faoin obair iontach atá á déanamh ag COGG. Cad go díreach iad na bearnaí? An cuidiú é dá mbeadh níos mó maoinithe nó airgid ar fáil chun na bearnaí sin a leigheas le go mbeadh níos mó áiseanna ar fáil agus go mbeadh na háiseanna ag teacht beagnach comhuaineach? Tá a fhios agam nach dtagann siad comhuaineach uaireanta mar go mbíonn aistriú i gceist agus go mbítear ag fanacht ar théacsanna nó ar áiseanna as Béarla ar dtús agus go ndéantar aistriú orthu ansin. An cheist airgid nó foirne é nó an bhfuil COGG ag obair flat out faoi láthair agus nach mbeidh orainn ach fanacht tamall eile?

Is é sin an méid atá agam go fóill mar go bhfuil freagraí tugtha ar na ceisteanna eile a bhí agam. Díreoidh mé isteach orthu amach anseo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.