Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 19 September 2013

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Cur i nGníomh Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030: Plé le Conradh na Gaeilge

2:10 pm

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Anois, déanfaimid breithniú ar an dul chun cinn atá déanta maidir le Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 a chur i ghníomh, lenár n-aíonna ó Chonradh na Gaeilge. Gabhaim buíochas leis an triúir finnéithe atá in éineacht linn anseo inniu. Is iad Julian de Spáinn, ard-rúnaí Chonradh na Gaeilge, Cóilín Ó Cearbhaill, tánaiste Chonradh na Gaeilge agus Feargal Ó Cuilinn. Tá fáilte romhaibh.

Iarraim anois ar ar an gcléireach an ghnáth fhógra a léamh, a tugtar do gach finné a thagann os comhair an choiste.

Clerk to the Committee:

Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe, de bhua Alt 17(2)(l) den Acht Um Chlúmhilleadh 2009, go bhfuil finnéithe faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste dóibh, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal dá éis sin ach pribhléide cáilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear díobh cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom iad a chur ar an eolas go ndéanfar na ráitis tionscnaimh a chuir siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó le hoifigeach ina ainm nó ina hainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Anois, iarraim ar Julian de Spáinn labhairt os comhair an choiste.

Mr. Julian de Spáinn:

Go raibh maith agat a Leas-Chathaoirligh agus go raibh maith ag an chomhchoiste as an deis a thabhairt dúinn labhairt inniu. Tá mé chun labhairt as Gaeilge ach táimid in ann glacadh le ceisteanna as Béarla, ar ndóigh, má thagann aon duine eile chuig an chruinniú níos déanaí. Tá a fhios agam go bhfuil Gaeilge againn ar fad atá anseo faoi láthair ach má thagann aon duine eile isteach is féidir liom ceist a fhreagairt as Béarla.

Tá Conradh na Gaeilge an-bhuíoch as an deis seo a fháil labhairt leis an gcoiste inniu. Tá nach mór gach moladh atá le déanamh agam inniu leagtha amach san aighneacht a cuireadh chuig an gcoiste níos luaithe sa tseachtain. Tá sé an-tábhachtach a rá go bhfuilimid anseo inniu le tuairimí phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur in iúl don fhochoiste, mar atá siad curtha in iúl dúinn le trí bliana anuas. Táimid anseo mar go gcreidimid go macánta go mbaineann fadhbanna dochreidte móra le cur i bhfeidhm na straitéise. Ba mhaith linn na fadhbanna sin a réiteach i bpáirt leis na húdaráis seachas i gcoimhlint leo.

Ba mhaith linn an Comhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht a mholadh as an bhfochoiste seo - an Fochoiste um an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara - a bhunú. Ní chóir go mbeadh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, nó aon Roinn Stáit eile, ag déanamh monatóireacht ar an dul chun cinn atá déanta acu féin. Ní bheadh sé cothrom orthu. Ní bheidís in ann tuairisc neamhspleách neamhchlaonta a chur ar fáil. Is maith an rud é, mar sin, go bhfuil an fochoiste seo ag cur tús leis an monatóireacht. Tá súil againn, mar atá molta againn san aighneacht, go bhfaighidh an coiste tacaíocht leanúnach dá gcuid oibre amach anseo ó leithéidí Oifig an Chiomisnéara Teanga, a bhfuil an taithí acu ar mhonatóireacht neamhspleách leanúnach a dhéanamh ar obair na Ranna.

Is dócha gur thug an coiste faoi deara ón aighneacht go bhfuil go leor moltaí á dhéanamh againn maidir le cur i bhfeidhm, nó easpa cur i bhfeidhm, na straitéise le trí bliana anuas. Ba mhaith liom díriú ar trí ábhar ach go háirithe - an struchtúr easnamhach atá curtha ar bun ag na húdaráis leis an straitéis a chur i bhfeidhm; an lagú atá déanta ar na hinstitiúid Gaeilge agus Gaeltachta le trí bliana anuas; agus na pleananna forfheidhmithe ó na Ranna Rialtais leis an straitéis a chur i bhfeidhm a foilsíodh i mí Iúil 2013. Tá céim bhunaithe na straitéise curtha i gcrích de réir cainte le déanaí ó Aire Stáit na Gaeltachta. Tá coistí idir-rannach bunaithe agus pleananna forfheidhmithe ag na Ranna Rialtais éagsúla. Tá, áfach, faillí dholeithscéil déanta ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta sa chéim bhunaithe seo trí na Gaeilge agus na Gaeltachta a fhágáil lasmuigh d'aon struchtúr oifigiúil leis an straitéis a chur i bhfeidhm.

Tuigeann muid in Éireann gurb é an cur chuige is fearr le dul chun cinn a dhéanamh ná comhpháirtíocht idir na húdaráis agus na geallshealbhóirí ar fad. Ta sé seo le feiceáil go forleathan in Éireann. Mar shampla, tá cur chuige comhpháirtíochta den chineál seo le feiceáil sa tríú leibhéal - bíonn ionadaíocht ar bhoird na húdaráis oideachais ó na mic léinn, ó na coláistí, ón earnáil ghnó agus ó gheallshealbhóirí eile. Tógann na grúpaí éagsúla na cinntí i bpáirt le chéile. Is féidir neart samplaí eile i sochaí na hÉireann a lua chomh maith. Mar sin, cén fáth nach bhfuil an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta sásta glacadh leis an bpríomhmholadh atá déanta againn le trí bliana anuas? Tá sé ráite againn gur chóir struchtúr ardleibhéil a bhunú idir na húdaráis agus na heagraíochtaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta, áit ina ndéanfar na moltaí sula gcuirtear ar aghaidh chuig na hAirí cuí iad.

Táimid ag moladh ionadaíocht ar na struchtúir seo ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, ó Fhoras na Gaeilge, ó Údarás na Gaeltachta, ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, ó shaineolaithe aitheanta pleanála teanga agus ó na heagraíochtaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta. In áit struchtúr mar seo a chur ar bun, tá sé i gceist ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta seimineár a eagrú leis na geallsealbhóirí. Ní leor é sin. Is léir ón taithí atá againn go dtí seo gur féidir éisteacht a fháil - cinnte - ó na húdaráis, ach ní ionann sin agus a rá go dtógfar ar bord na pointí a dhéanann muid. Mar shampla, mhol Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta 64 leasú ar an mBille Gaeltachta ach níor glacadh le haon cheann díobh. Tá an pobal Gaeilge agus Gaeltachta lánsásta bheith ag obair go dlúth leis an Stát leis an straitéis a bhaint amach, ach is gá struchtúr riachtanach ardleibhéil a chur ar bun eadrainn le cinntiú go mbeidh pleanáil éifeachtach agus éifeachtúil i gceist ón mbun aníos.

Ní féidir dul chun cinn feidhmiú na straitéise a mheas gan an lagú atá déanta ar institiúidí na Gaeilge agus na Gaeltachta le trí bliana anuas a thógáil san áireamh. Is é an lagú is bunúsaí atá déanta ar gach institiúid, eagraíocht agus gníomhaireacht Stát Gaeilge agus Gaeltachta ná go bhfuil laghduithe suntasacha tagtha ar a mbuiséid. Tuigeann Conradh na Gaeilge go maith go bhfuil an tír i dtrioblóid ó thaobh airgid de. Ba cheart don Rialtas dearcadh fadradharcach a ghlacadh. Mura éiríonn leis an Rialtas bunús ceart a chur leis an straitéis anois, déanfar dochar dochreidte, go háirithe don Ghaeltacht, dochar a chosnóidh i bhfad níos mó airgid lena chur i gceart amach anseo.

Aithníonn Conradh na Gaeilge go ndearna an Rialtas seo cinneadh dearfadh le hÚdarás na Gaeltachta a choinneáil. Céard is fiú gníomhaireacht Stát mar seo a choinneáil agus laghdú de 75% curtha i bhfeidhm ar a buiseád chaipitil ón mbliain 2008? Más é ceann de phríomhrólanna Údarás na Gaeltachta ná fostaíocht a chruthú sa Ghaeltacht, nár chóir maoiniú breise a chur ar fáil don údarás i rith na blianta deacra fostaíochta, mar a rinneadh i gcásanna Fiontraíocht Éireann agus IDA Ireland? In ionad é sin a dhéanamh, baineadh an bunús de bhuiséad an údaráis agus ag an am céanna, tugadh cúram ollmhór nua don údarás chun pleanáil teanga sa Ghaeltacht a eagrú. Is gá an buiséad caipitil a mhéadú agus maoiniú faoi leith a chur ar fáil don phleanáil ríthábhachtach seo a bheidh ar siúl idir na húdaráis agus na heagraíochtaí pobail sa Ghaeltacht.

Dar ndóigh, tá uafás leanúnach ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta mar gheall ar an bplean atá ann an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta a chónascadh leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. Tá sé i gceist freisin cónascadh a dhéanamh idir Oifig an Choimisinéara Teanga agus Oifig an Ombudsman, institiúidí lena mbaineann tábhacht faoi leith. Tá muinín ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta iontu. Níl aon buntáiste le baint as iad a chónascadh, ach a mhalairt de sin. Tá baol ann do éifeacht agus do chumas na n-institiúidí amach anseo. Ba chóir an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta a dícheangail ón gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta láithreach agus gan dul ar aghaidh le haon chónascadh idir Oifig an Choimisinéara Teanga agus Oifig an Ombudsman.

Tugadh gealltanas sa straitéis craoltóireacht na Gaeilge a láidriú, ach níl rian den ghealltanas sin le feiceáil sa mholadh a rinneadh sa tuairisc "Athbhreithniú 5 bliana ar Mhaoiniú Poiblí, a d'fhoilsigh Údarás Craolacháin na hÉireann le déanaí. Moltar sa tuairisc go bhfuil TG4 ag feidhmiú go héifeachtach, ach iarrtar orthu plean nua a chur le chéile gan breis maoinithe a lorg. Ag an am céanna, tá sé ráite sa thuairisc gur féidir le RTÉ breis maoinithe a lorg. Níl aon rud cóir ná ceart faoin idirdhealú atá déanta idir RTÉ agus TG4. Níl an moladh seo ag teacht leis an ngealltanas sa straitéis.

Is oth le Conradh na Gaeilge go bhfuil, ar an iomlán, easnaimh mhóra sna pleananna forfheidhmithe a foilsíodh i mí Iuíl 2013 chun an straitéis 20 bliain a chur i bhfeidhm. Is gá don Rialtas breis acmhainní a chur ar fáil. Ní mór dóibh a bheith níos uaillmhianaí sna spriocanna a leagann siad amach. Ba chóir é seo a chur san áireamh maidir leis na pleananna. Tá go leor sna pleananna atá ar siúl cheana féin ag na ranna éagsúla, cosúil le scéim na gcúntóirí teanga nó scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge. Tá easpa spriocanna dúshlánacha intomhaiste iontu. Mar shampla, ba chóir go mbeadh plean cuimsitheach le fáil réidh leis an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach faoi 2016. Ba chóir scéim phíolótach a bhunú in 2013 chun tús a chur le roinnt ábhair phríomhshrutha a theagasc trí Ghaeilge i ranganna na naíonán, sna blianta láir agus sna hardbhlianta sa bhunscoil.

Ba cheart fágadh ar lár aon tagairt do na drochchinntí a glacadh, ar nós deireadh a chur leis an deontas d'ábhar oidí le freastail ar chúrsaí sa Ghaeltacht nó an cinneadh gan cur leis an tréimhse sa Ghaeltacht go suntasach. Os rud é gur chuireadh bliain breise leis an tréimhse oiliúna d'ábhar múinteoirí, ar an iomlán tá an méid céanna ama á chaitheamh ag ábhair múinteoirí sa Ghaeltacht. Caitheann siad 3.33% den chúrsa iomlán sa Ghaeltacht agus ní leor sin. Níos measa ná sin, tá go leor tagairtí do spriocanna tábhachtacha a leagadh amach sa straitéis nach dóigh leis na Ranna éagsúla go mbeidh a leithéid indéanta sa ghearrthéarma go meántéarma. Níl aon ceann de na costais fhéideartha luaite leo agus ní fios dúinn an ndearnadh costáil orthu riamh. Ba chóir athmheas a dhéanamh ar spriocanna ar nós forbairt an ionaid acmhainní oideachais Ghaeilge i mBaile Bhúirne agus spriocdátaí a chur leo.

Tá 21 moladh le cur i bhfeidhm na straitéise a cur ina gceart leagtha amach san aighneacht a cuireadh chuig an gcoiste. Mar a luaigh mé ag an tús, tá sé ríthábhachtach aitheantas a thabhairt do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta mar gheallshealbhóirí i gcur i bhfeidhm na straitéise agus struchtúr ardleibhéal a chur ar bun idir na geallshealbhóirí ar fad. Is féidir linn na fadhbanna a a cruthaíodh go dtí seo a réiteach i bpáirt le chéile. Nil aon dabht againn ná go mbeadh cur chuige comhtháite i bhfad níos éifeachtaí amach anseo dá mbeadh a leithéid de struchtúr curtha ar bun. Thabharfadh sé seo seilbh na straitéise ar ais go dtí na geallshealbhóirí ar fad.

2:15 pm

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Uasal de Spáinn as ucht an ráiteas a thug sé dúinn. Is gluaiseacht stairiúil é Conradh na Gaeilge. Tá sé ag saothrú ar son na Gaeilge le breis is 120 bliain. Tá sé tábhachtach go bhfuil an conradh ag obair i measc an phobail go laethúil. Tá tuairimí na n-ionadaithe thar a bheith tábhachtach don fhochoiste seo. Tá mé cinnte go bhfuil an-suim ag na baill san ábhar seo agus go gcuirfidh siad go leor ceisteanna.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na finnéithe. Táimid thar a bheith buíoch dóibh as an obair mhór atá curtha isteach acu a réimse seo ar fad. Tá mé ag smaoineamh go háirithe ar na moltaí cuimsitheacha agus sonracha atá curtha ar aghaidh san aighneacht. Tiocfaidh mé go dtí croí na ceiste. Tá Conradh na Gaeilge tar éis cáineadh an-láidir a dhéanamh ar an Roinn agus an Aire Stáit maidir leis an gcur chuige atá acu. Léirigh an tUasal de Spáinn nach bhfuil cuid de na geallshealbhóirí is tábhachtaí - an dream atá ag plé leis an bpobal - istigh sa phróiseas cinnteoireachta. Má tá sé sin amhlaidh, an dóigh leis na finnéithe gur chóir an straitéis 20 bliain a chaitheamh amach ag an bpointe seo? Ar cheart dúinn tosú as an nua mar gheall go bhfuil daoine ag chnáimhseáil nach bhfuil an straitéis á cur i bhfeidhm ach ar bhealach mantach. Tá píosaí á bpiocadh anseo is ansiúd as an straitéis. Dá bhrí sin, ar chóir dúinn mar choiste a rá gurb fhearr an pláta a ghlanadh agus tosnú ó thús arís, agus muid ag iarraidh líon na gcainteoirí Gaeilge sa tír seo a mhéadú go dtí 500,000 nó pé rud? Ar chóir an straitéis a chaitheamh amach ar fad agus tosú as an nua? Ar chóir dul ar ais agus iarracht a dhéanamh an straitéis, mar a bhí aontaithe ag na páirtithe ar fad, a chur i bhfeidhm?

Nuair a bhíonn an tAire Stáit ag labhairt linn faoi na hábhair seo, is é an freagra is comónta a fhaigheann muid uaidh ná go bhfuil cúrsaí airgid teann agus go gcuirfear rudaí i gcrích de réir mar atá acmhainní ar fáil.

An féidir cur chuige àla cartea oibriú ar an mbunús seo? Dúirt an staidéar cuimsitheach teangeolaíochta linne go raibh 20 bliain againn leis an Ghaeilge a tharrtháil agus le sin a dhéanamh go gcaithfí an straitéis a chur i bhfeidhm ina iomlán. Má tá airgead gann, an oibreoidh cur chuige àla carteleis an straitéis? An féidir píosa anseo agus ansiúd a dhéanamh agus an oibreodh sé sin?

Níos tábhachtaí arís, tá acmhainní na Roinne gearrtha siar chomh maith. Labhraítear faoin údarás agus tá caint faoi pleanáil teanga a chur i bhfeidhm sna Gaeltachtaí agus mar sin de, ach an dóigh leis na toscairí anseo go bhfuil an cur chuige atá ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta maith go leor? An bhfuil an Roinn sách tiomanta don straitéis agus an bhfuil na hacmhainní foirne cuí agus araile acu leis an straitéis seo a chur i bhfeidhm nó an sin an fáth go bhfuil muid ag feiceáil go bhfuil rudaí ag tógáil chomh fada?

Tá an straitéis seo bunaithe ar chomhoibriú an Rialtais ar fad, ar chomhoibriú ó ghach Aire agus Aire Stáit agus ó ghach Roinn. An dóigh leis na toscaircí, mar dream atá ag plé leo ó lá go lá, go bhfuil na Ranna Stáit ar fad ag comhoibriú leis an straitéis go hiomlán mar ba chóir dóibh? Muna bhfuil, céard is cóir dúinn a dhéanamh fúthu? Caithfidh mé mo leithscéal a ghabháil mar caithfidh mé imeacht sula mbeidh na freagraí ar fad tugtha, ach coinneoidh mé súil ar an gcruinniú agus na freagraí. Cinnte, beidh muid ag labhairt arís go rialta mar chuid den phróiseas seo.

2:25 pm

Photo of Caít KeaneCaít Keane (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fíor fáilte roimh na toscairí chuig an cruinniú seo le labhairt faoin obair thábhachtach seo. Léigh mé sa léiriú a tugadh dúinn go bhfuil fadhbanna dochreidte ag baint leis an straitéis agus go bhfuil sibh ag iarraidh na fadhbanna sin a réiteach i bpáirtíocht leis na húdaráis. Tá sé an tábhachtach go n-oibreoidh muid le chéile chun na rudaí atá mícheart a cheartú.

Maidir le costais nó airgead atá ar fáil, tá sé ceart go leor straitéis bhreá a bheith ar pháipéar againn, ach ba chóir go mbeadh sí indéanta sa ghearrthéarma nó sa mhéantéarma. Le sin a dhéanamh, caithfidh go mbeidh airgead againn. Maidir le priorities, tá 20 moltaí leagtha amach ag na toscairí anseo. Cé go bhfuil na moltaí go léir tábhachtach, an féidir leis na toscairí na cúig moltaí is tábhachtaí agus an costas atá leo a leagaint amach dúinn? How long is our piece of string nó cén airgead atá ann le caitheamh in aghaidh na bliana? Ba chóir é sin a leagaint amach nó a scríobh síos mar níl na costais leagtha amach ag an Roinn. Tá sé tábhachtach na costais a leagaint amach. Dá mba rud é go raibh mise chun moladh a chur rud éigin a dhéanamh, ba chóir go mbeadh a fhios agam cén costas a bheadh ag baint le sin. Ní fhéadfainn rud a mholadh gan an t-eolas sin. Cé gur moltaí breátha iad seo, ní leor iad a dhéanamh, a chur ar pháipéar agus a fhágáil mar sin.

Tá a lán ráite againn anseo faoi pholasaí agus rud a chur i bhfeidm. Ní dóigh liom go bhfuil aon chumhacht ag an coiste seo rud a chur i bhfeidhm. Tá cumhacht againn moladh a dhéanamh ach maidir leis na pleananna cónascadh a dhéanamh idir an Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta agus an Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta agus Oifig an Choimisinéara Teanga a cónascadh le Oifig an Ombudsman, ceapaim go bhfuil sin leagtha amach mar polasaí anois. B'fhéidir go mbeidh an comhchoiste seo in ann moladh a dhéanamh faoi sin - caithfimid caint faoi sin agus faoin gcumhacht atá againn chun athruithe a dhéanamh ag an am seo. Tá sé an-deireannach anois chun na cinntí sin a athrú. Tá a lán le plé againn agus beidh níos mó le rá agam níos deireannaí.

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

B'fhéidir gur mhaith leis na toscairí freagra a thabhairt ar na pointí agus na ceisteanna a tháinig chun tosaigh go dtí seo.

Mr. Cóilín Ó Cearbhaill:

Ar an gceist a bhí ag an Seanadóir Ó Clochartaigh faoi ar gá fáil réidh leis an straitéis, ní dóigh liom gur fiú fáil réidh leis. An phríobh fhadhb atá againn ná nach bhfuil aon ionchur ag an pobal ar chur i bhfeidhm na straitéise. Bhí ionchur mór ag an pobal ó thaobh an straitéis a chur le chéíle agus bhí sin aontaithe traspháirtí agus bhí gach páirtí páirteach sa phróiseas. Anois le cur i bhfeidhm na straitéise, níl gach páirtí páirteach agus níl an pobal páirteach ann. Sin an fhadhb is mó atá againn leis an bpróiseas.

Mr. Feargal Ó Cuilinn:

D'ardaigh an Seanadóir Ó Clochartaigh ceist eile faoin Roinn a bheith tiomanta don straitéis. Bheadh muide agus pobal na Gaeilge den tuairim go bhfuil feidhmeannaigh agus iad siúd atá ag obair sa Roinn an-tiomanta don straitéis. Bhíodar an-lárnach maidir le dréacht na straitéise. Bhí gach duine páirteach ann agus thacaigh gach páirtí polaitiúil leis. Ach, conas is féidir fáil tríd in áit nach bhfuil aon airgead acu. Baineadh an buiséad uathu agus chun a bheith féaráilte dóibh, tá sé deacair dóibh an straitéis a chur i bhfeidhm gan tacaíocht ón Stát. Ní fiú dúinn straitéis a chur le chéile agus infheistíocht a dhiúltiú leis an straitéis sin a chur i bhfeidhm.

Maidir le plé an phobail leis na Ranna Stáit éagsúla agus an cheist faoi an bhfuil siad ar fad tiomanta don straitéis, an taithí atá ag pobal na Gaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh den Ghaeltacht leis na Ranna is mó lena mbíonn muid ag plé, ar nós an Roinn Oideachais agus Scileanna, ná go bhfuil fadhbanna ann. Tá a fhios againn ó thuairisc an Choimisinéara nach bhfuil ach líon fíor bheag de chainteoirí Gaeilge fostaithe sa Roinn Oideachais agus Scileanna. Caithfear breathnú ar sin agus caithfear sin a athrú. Maidir le tuismitheoirí Gaeltachta, níl aon dabht ach gur é an Roinn Oideachais agus Scileanna an Roinn is tábhachtaí dóibh maidir le sealbhú teanga a bpáistí. Tá ról ag scoileanna Gaeltachta, leagtha amach faoi An tAcht Oideachais, 1998, ina ndeirtear go bhfuil ról lárnach acu ag cothú an Ghaeilge mar theanga phobail sna Gaeltachtaí, ach ní féidir leis na scoileanna sin é sin a bhaint amach gan treoir ón Roinn Oideachais agus Scileanna.

Mholadh muide don Roinn scoileanna Gaeltachta a bhrú anois chun an cur chuige tumoideachas a bheith acu sna scoileanna, ionas go mbeidh an Ghaeilge amháin mar teanga cumarsáide. Faoi láthair, tá meascán de Bhéarla agus Gaeilge agus cuirtear aistriúcháin ar fáil do daltaí atá ag freastal ar na scoileanna ach nach bhfuil Gaeilge acu sa mbaile. Níl aon chostas ag baint leis na rudaí seo a dhéanamh agus níl aon leithscéal ag aon Roinn le rá go gcosnóidh seo airgead, mar ní chosnóidh sé pingean breise. Caithfimid seo a dhéanamh má táimid chun an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a shábháil. Tuigim go bhfuil muid go léir buartha faoi chostais na straitéise, ach tá an-chuid sa straitéis gur féidir linn a dhéanamh gan aon chostas breise. Ní cur chuige àla carte é sin. Is cur chuige é atá bunaithe ar an dea-chleachtas is fearr.

Mr. Julian de Spáinn:

Ba mhaith liom beagáinín a chur le sin. Chuir an Seanadóir Ó Clochartaigh ceist faoi an bhfuil na Rannaí Stáit ar fad ag tacú leis an straitéis. Tá rudaí áirithe a tharlaíonn go poiblí ó thaobh dearcadh agus íomhá na Gaeilge agus bhí deis ag Airí éagsúla rudaí fé leith a dhéanamh, ach níor éirigh linn dul i bhfeidhm orthu sin a dhéanamh. Chuireamar iarratais chucu, ach níor ghlac siad leo. Rudaí simplí a bhí i gceist, ar nós an comhartha nua atá ar ghach tacsaí. Don chuid is mó, is "Taxi" atá i gceist. D'iarramar go mbeadh comhartha dhátheangach ann nó, chun go mbeadh an tír seo difriúil ó thíortha eile an domhain, go mbeadh "Tacsaí" ar ghach tacsaí. Níor ghlac an tAire Stáit, Deputy Alan Kelly, leis an moladh sin ag an am.

Moladh simplí eile a bhí againn ná go mbeadh "Uisce Éireann" amháin mar ainm ar an chomhlacht nua, ach níor ghlacadh leis an moladh sin. Tuigim go bhfuil Uisce Éireann ceangailte le seo anois agus nuair atá an comhlacht ag plé leis na meáin as Béarla, úsáidtear "Water Ireland" i gcónaí. Deis bheag, ach deis mhaith, a bhí ag an Roinn ansin tacaíocht a thabhairt don straitéis nó do spiorad na straitéise. Chuir an Seanadóir Keane ceist faoi na cúig moltaí is tábhachtaí ach mar a luaigh an tUasal Ó Cuilinn maidir leis na moltaí, níl airgead ag baint le gach moladh. Mar sin, ní dóigh liom gur féidir linn ord mar sin a chur orthu. Mar a luaigh an Seanadóir, níl costais réamhdhéanta leagtha amach agus tá sé deacair sin a dhéanamh. Sin ráite, tá rudaí gur cóir díriú orthu, ar nós an rud is bunúsaí agus muid ag caint faoi struchtúr ardleibhéal, le ionadaíocht ón bpobal agus na húdaráis le chéile, a chur ar bun. Ní chosnódh sin pingean.

Chomh maith le sin, is féidir breathnú ar rudaí ar nós cúrsaí earcaíochta.

Nuair a thosóidh earcaíocht san earnáil phoiblí arís níl aon fáth nach mbeifí ag lorg daoine le Gaeilge, go mbéadh sin mar scil aitheanta amach anseo agus go leagfaí síos go mbéadh an scil sin ag céatadán faoi leith des na daoine a bhéas fostaithe san earnáil phoiblí amach anseo, chun go gceartófaí, mar shampla, an fíric sin nach bhfuil ach 1.5% d'oifigigh sa Roinn Oideachais agus Scileanna in ann seirbhís a chur ar fáil tré Ghaeilge. Nuair a thosóidh earcaíocht arís, dá ndéarfaí go mbeadh Gaeilge ag 30% des na daoine a thagann isteach san earnáil phoibhlí go ceann idir trí no cúig bliana, tá mé 100% cinnte go mbéadh dóthain daoine amuigh ansin leis na scileanna atá ag teastáil dos na postanna agus le scil breise na Gaeilge chomh maith. Thabharfadh sé sin teachtaireacht dearfach do scoileanna agus do dhaoine atá ag foghlaim na Gaeilge go bhfuil tábhacht agus buntáiste ag baint le Gaeilge a bheith acu. Tá sin feicthe againn, go pointe, leis an stádas breise san Aontas Eorpach agus leis na postanna atá amuigh ansin anois.

Bhéadh i bhfad níos mó postanna dá mbeimís ag fáil réidh leis an maolú. Níl plean ar an mbord faoi láthair fáil réidh leis an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach. Is trua sin mar dá mba rud é gur leagamar síos go rabhamar ag iarraidh 30 duine breise mar aistritheoirí agus 30 duine breise mar dlítheangeolaithe, de réir a chéile d'fhéádfaimid fáil réidh leis an maolú. Ní déirtear sa straitéis ach go ndéanfar é seo taobh istigh de thréimhse na straitéise, is é sin 20 bliaiin, nuair a d'fhéadfaí é a dhéanamh faoi 2016.

2:35 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Fáiltím roimh na finnéithe. Is iontach an rud go bhfuil siad anseo agus go bhfuil fo-choiste ar bun chun na rudaí seo a phlé. Ní féidir bainistíocht a dhéanamh muna bhfuil monatóireacht á dhéanamh freisin.

Tá an-chuid frustrachas ar an dtaobh seo den mbord mar gheall ar an tslí a bhfuil rudaí ag dul ar aghaidh. Aontaím le hionadaithe Chonradh na Gaeilge nach bhfuil aon costas ag baint leis an chuid is mó des na moltaí atá curtha os ár gcomhair. Is féidir rudaí a neartú gan aon airgead a chaitheamh. Tá sé dochreidte a léamh i dtuarascáil Chonradh na Gaeilge gur tháinig laghdú 76% ar bhuiséad Údarás na Gaeltachta le cúig bliana. Tá Oifig an Choimisinéara Teanga faoi bhrú. Ní bheidh aon airgead sa bhreis ag dul to TG4 sa bhliain seo chugainn ach beidh airgead nua le fáil ag RTÉ. Níl cothromaíocht idir Bhéarlóirí agus Gaeilgeoirí na tíre maidir leis na meáin cumarsáide. Tá Gaelscéal imithe agus gan aon rud ag teacht ina ionad.

Maidir le cúrsaí oideachais, nuair a chuirim ceisteanna faoi chur i ngníomh na straitéise sa chóras oideachais ní féidir leis an Aire Stáit a bhfuil cúram na Gaeltachta air na ceisteanna sin a fhreagairt. Bíonn sé deacair freagra beacht a fháil ar na ceisteanna sin ach sílim go mbéadh seans níos fearr ag Conradh na Gaeilge.

Tá 25% de thuismitheoirí na tíre ag éileamh gaelscolaíochta ach níl ach 5% de dhaltaí na tíre ag fáil scolaíocht tré Ghaeilge. Tá caighdeán an-íseal Gaeilge ag múinteoirí bunscoile. Chomh fada agus a fheicimse, níl an chuid is mó acu in ann comhrá a dhéanamh tré Ghaeilge agus níl siad líofa ar chor ar bith. Is rud uafásach é sin mar is iadsan atá ag tabhairt na teanga don chéad ghlúin eile. Tá mo dheirfiúr-sa ina múinteoir agus chuaigh sí go Corcha Dhuíbhne i mbliana. Tá an deontas a fhaigheann múinteoirí chun dul go dtí an Ghaeltacht ag laghdú in aghaidh na bliana. Níl an suim céanna ag múinteoirí dul go dtí an Ghaeltacht mar tá costas sa bhreis ag baint leis.

Tá seirbhís tré Ghaeilge ins na comhluchtaí poiblí ar bhonn hit and miss. Ní déantar bolscaireacht faoi na seirbhísí Gaeilge a cuirtear ar fáil don phobal ag na comhluchtaí seo.

Tá obair iontach á dhéanamh ag Conradh na Gaeilge. Cupla bliain ó shin cuireadh feachtas ollmhór ar siúl chun stádas a fháil don Ghaeilge mar theanga oifigiúil san Aontas Eorpach. Leis an méid brú atá ar an Ghaeilge, b'fhéidir go mba cheart dos na heagraíochtaí Gaeilge, agus do pholaiteoirí, feachtas a chur a bun chun na fadhbanna atá ar ár n-eolas a chur faoi bhráid an phobail go ginearálta, mar níl an t-eolas seo le fáil thart timpeall na tíre.

Tá bac a chruthú ag an Aire Stáit. Níl sé sásta labhairt le heagraíochtaí ar nós Chonradh na Gaeilge mar gheallshealbhóirí. Níl sé sásta iad a chur in áit lárnach i bpleanáil teanga nó i gcur i bhfeidhm na straitéise. Cad is féidir le Teachtaí Dála a dhéanamh chun an bac sin a bhriseadh? B'fhéidir go mbeidh na finnéithe in ann na ceisteanna sin a fhreagairt.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh ionadaithe Chonradh na Gaeilge.

Mar atá ráite ag baill an choiste, caitheadh go leor ama ar réiteach na straitéise. Bhí baint nach beag ag coiste an Oireachtais a bhí ann ag an am i bhfaomhú na straitéise agus glacadh le moltaí uaidh. Go deimhin, cuireadh na moltaí sin amach imeasc an phobail chun tuairimí an phobail a lorg. Bhí coiste Gaeilge ann ag an am agus glacadh le tuairimí uaidh sin.

Is féidir liom dhá rud a rá faoin straitéis. A haon, réitíodh í agus faomhadh í ag am go raibh an géarchéim airgid ann. Tá rudaí, b'fhéidir, a bhéadh indéanta ach nach bhfuil ann de bharr gur ceapadh nach bhféadfaí iad a chur isteach de dheascaibh cúrsaí airgid, agus deineadh iad a bhaint. An dara rud, agus thuig an comhchoiste Oireachtais a scrúdaigh an straitéis i 2010, é seo. Ba é tuairim an Rialtais ag an am go gcaithfidh iomlán na straitéise, ón gcéad leathanach go dtí an focal deiridh, a chur i bhfeidhm leis an sprioc ollmhianach atá ann a bhaint amach. Bhíomar soiléir go raibh muid tar éis gach rud a bhaint as a creideadh nach bhféadfaí a dhéanamh. Thug an Taoiseach, Brian Ó Cúáin, an-tacaíocht don straitéis ach bhí dúshlán amháin againn, mar Airí. Faomhadh an straitéis ag státseirbhísigh agus ní bhéadh aon rud ansin a dúirt siadsan nach bhféadfaí a dhéanamh. Go deimhin, bhí roinnt Ranna áirid sách diúltach faoi agus bhí go leor ollúna san ollscoil a chaith anuas air. Sa gcás go raibh muid meáite nach bhféadfaí rud a dhéanamh baineadh as é. Mar sin, cuireann sé scannradh croí orm nuair a chloisim daoine ag caint faoi thosaíochtaí sa straitéis. Is é an straitéis na tosaíochtaí, mar tá go leor rudaí eile a d'fhéadfaí a dhéanamh don Ghaeilge dá mbéadh na hachmhainní, an deis, an t-am, an cur chuige agus gach uile short againn.

Caithfidh an coiste seo a thógáil air féin a rá gur seo an straitéis. An Rialtas deiridh a cheadaigh é seo ach chuir muid an-dua tacaíocht iomlán an Oireachtais a fháil dó. Rinne muid é sin mar thuig muid go raibh gach seans nach mbéadh muid i gcumhacht agus theastaigh uainn go mbéadh úinéireacht ag an Rialtas a bhéadh ag teacht isteach ar an straitéis agus a d'fhéachfadh siar ar an bplé a rinneadh ar an straitéis nuair a bhí an Rialtas atá ann anois mar fhreasúra. Gheofaí amach go rabhadar iomlan fábharach do gach uile ní beo a bhí ann agus nach raibh einne ag rá, "Tá géárchéim airgid sa tir na deanaigí é".

Caitheadh go leor ama ar struchtúr na straitéise. Tuigeann éinne a bhí ag plé le Ranna Rialtais ariamh go bhfuil a saol féin ag gach Roinn Rialtais. Tá cuid acu i bhfad níos naimhdí agus níos diúltaí don Ghaeilge ná a chéile. Tarlaíonn sé in aon Chomh-aireacht go bhfuil Airí atá níos dílse agus níos dúthrachtaí don dualgas bunreachtúil atá ar gach Aire i leith na Gaeilge ná a chéile. Is é sin an fáth nuair a chuir muid ailtireacht na straitéise le chéile go raibh an Taoiseach - ní duine ar bith eile - mar chathaoirleach ar an gcoiste. Is é an Taoiseach an t-aon duine sa Rialtas gur féidir leis a rá le chuile duine "is é seo an rud atá mé ag iarraidh, agus is é seo an rud a dhéanfar". Tá siad ann mar gur cheap sé iad. Thóg muid údarás an Taoisigh isteach sa scéal mar bhí faitíos orainn ag an am go mbeadh Ranna éagsúla faillíoch. Dá mba rud é go mbeadh Aire sinsearach - nó, níos measa fós, Aire Stáit - seachas an Taoiseach i bhfeighil, b'fhéidir nach dtabharfadh a chomhghleacaithe trasna an bhoird an oiread aird don ábhar seo agus a chaithfidh siad a thabhairt go bunreachtúil agus go praiticiúil. Is fiú a rá sa chomhthéacs sin go bhfuil sé ráite sa straitéis gur cheart go mbeadh Aire sinsearach i bhfeighil na Gaeilge go laethúil.

2:45 pm

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

B'fhéidir go bhfuil ceisteanna ag comhaltaí eile.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá pointe an-tábhachtach á dhéanamh agam. Tá faitíos orm go bhfuil costas againn do chuile shórt sa tír seo anois, ach níl aon luach againn ar tada. Beidh an Ghaeilge ann, go deimhin, faoi cheann 100 bliain. B'fhéidir go mbeidh an Ghaeilge básaithe sa Ghaeltacht, áfach; mar shampla mura mbeidh aon phobal fágtha gurb í an Ghaeilge gnáththeanga an lae ann. Ní chosnódh sé ach €5 mhilliún nó €10 milliún leis an teanga, atá níos mó ná 2,000 bliain d'aois, a shábháil. An ea nach bhfiú do ghlúin na saoirse - glúin comórtha 100 bliain Éirí Amach na Cásca - an méid sin a chur i leataobh? Níl i gceist ach 0.02% den bhuiséad de €55 billiún a chaitheann an Rialtas in aghaidh na bliana. Is féidir liom a rá go hoscailte go ndúradh liom an bhliain deiridh ina raibh mé sa Rialtas go mbeadh €3 mhilliún ar fáil le tosú ar obair na straitéise. Is beag a bhféadfaí a chaitheamh mar sa bhliain sin, bhí sé mall airgead a chaitheamh. Is ceist é don Rialtas an t-airgead a chaitheamh. An fhéadfainn cúig nóiméad eile a fháil, a chathaoirligh? Is dóigh liom go bhfuil sé seo tábhachtach.

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ceart go leor.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tógadh an fhís atá ar an gcéad leathanach den straitéis as ráiteas a d'fhógair an Rialtas dhá bhliain roimhe. Ba ar an doiciméad beag sin a chuir muid amach a tógadh an straitéis ar fad. De réir na straitéise, is é aidhm pholasaí an Rialtais "a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge níos infheicthe sa tsochaí againn, mar theanga labhartha ag ár gcuid saoránach mar aon le bheith le feiceáil ar chomharthaí agus i litríocht". Go minic, feictear fíorchroí an duine sna siombail. Bhí an méid a luaigh an tUasal de Spáinn mar gheall ar "Tacsaí" agus "Uisce Éireann" thar a bheith spéisiúil. Taispeánann an sampla is déanaí de mheon seoiníneachta an Rialtais nach gceapann said gur fiú an sean-traidisiún Gaelach a choinneáil beo. Ní dóigh leo go bhfuil aon luach leis an rud Gaelach nó an rud a bhaineann le stair agus le sinsear. Tá mé ag caint faoin athrú polasaí maidir le báid an Chabhlaigh. Bhí nós ann ainmneacha Gaelacha - ainmneacha baineann, sa chuid is mó, ach úsáideadh ainmneacha fireann i dhá chás - a úsáid mar ainmneacha ar na báid. Mar is eol don choiste, bhí báid ar nós an LÉ Aoife, an LÉ Emer, an LÉ Aisling, an LÉ Niamh agus an LÉ Eithne in úsáid ag an gCabhlach ag dul ar fud na cruinne. Thaispeán na hainmneacha sin Gaelachas na tíre agus léirigh siad go bhfuil ár dteanga féin againn. Tá cinneadh déanta ag an Rialtas anois - is cosúil gurb é an Aire Cosanta atá freagrach as - go mbeidh na báid nua ainmnithe as Samuel Beckett agus James Joyce. Níl tada agam ina n-aghaidh. Tá go leor rudaí a bhféadfaí a ghlaoch i ndiaidh Beckett agus Joyce. Cén fáth an bhfuil athrú á dhéanamh ar an rud seo, a bhí chomh sainiúil lenár n-Arm agus le Fianna na hÉireann? Sa bhliain 1913, chum Eoin Mac Néill, a chabhraigh le Conradh na Gaeilge a bhunú, an t-ainm "Óglaigh na hÉireann", atá fós le breathnú ar chaipíní an Airm, chun íomhá Gaelach a thabhairt do na hóglaigh. Domsa, is iad na hóglaigh a bunaíodh sa bhliain 1913 an t-Arm céanna atá againne go dtí an lá atá inniu ann, ach táimid ag tréigean ár ndúchas anois. Ba mhaith liom rud eile a lua sula dtiocfaidh mé go dtí na moltaí.

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mé ag smaoineamh ar na rudaí atá le rá ag na finnéithe. Tá mé ag iarraidh a dtuairimí a bhailiú don fhochoiste seo.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim é sin. Tuigeann an coiste an focal buille atá agam, agus cén fáth go bhfuil cúlra chomh fada ag teastáil. Fuair mé ríomhphost le dhá lá anuas ó Rinn ua gCuanach ag caint ar airgead. Dúirt príomhoide na scoile go bhfuil iarracht á dhéanamh ag an Roinn Oideachais duine a thógáil ón bpainéal chun dul ag múineadh i scoil Gaeltachta nach bhfuil innúil ar feidhmiú go laethúil trí Ghaeilge sa scoil sin. Ní airgead atá i gceist ansin. Tá sé sin ar fad clúdaithe sa straitéis. Tá sé ráite ansin gur cheart go mbeadh painéal faoi leith ann a cháileodh le múineadh trí Ghaeilge, seachas múineadh na Gaeilge nó múineadh i ngnáthbhunscoil.

Is dóigh liom go bhféadfadh an coiste seo an t-uafás a dhéanamh. Ba mhaith liom tuairimí an triúr atá anseo a fháil. Is dóigh liom gur an straitéis ina iomlán nó tada atá i gceist. Ba mhaith liom tuairim an choiste a fháil ar cur chuige áirithe. Dá mbeimid in ann scrúdú líne-ar-líne a dhéanamh ar thuarascáil an Aire Stáit atá curtha amach, chun í a chur i gcomparáid leis an doiciméid seo, bheadh a fhios againn cé mhéid den tuarascáil a bhaineann leis an straitéis a bhaineadh amach. Dá mbeadh liosta ar fáil de na moltaí fada a bhí sa straitéis, gach ceann in aice le colún leis an gcur i bhfeidhm go dáta agus colún eile leis an gcostas a bhainfeadh leis an gcur i bhfeidhm, déarfainn go bhfoghlaimeoimis gur eagar seachas costas atá i gceist i gcás 80% acu. I gcásanna ina bhfuil teipthe ar an gcur i bhfeidhm, ba cheart dúinn leithscéal na Roinne a fháil agus é sin a fhoilsiú os comhair an tsaoil, ach é a dhéanamh go cuimsitheach líne ar líne seachas bheith ag piocadh rud anseo agus rud ansiúd, nó ráiteas anseo agus ráiteas ansiúd. Tá sé sin tábhachtach le go bhféadfaimid iniúchadh cruinn - audit, mar a deirtear sa Bhéarla - ar an bhfuil nó nach bhfuil straitéis 20 bliain don Ghaeilge á cur i bhfeidhm. An cheapann na daoine atá anseo ó Chonradh na Gaeilge, a bhunaigh Eoin Mac Néill, go gcuideodh sé go mór leis an gcás dá n-úsáidfí cumhachtaí an Oireachtais chun soiléiriú a thabhairt ar céard atá ar bun, nó nach bhfuil ar bun, ar bhonn cuimsitheach a bheadh aontaithe ag an gcoiste?

Caithfidh mé "fair play" a rá i gcás an choiste talmhaíochta agus an cathaoirleach atá ar an gcoiste sin. Tá aontas iomlán an choiste agus chuile pháirtí ar an gcoiste faighte do riar mhaith tuarascálacha atá curtha le chéile againn atá sách cáinteach ar pholasaithe an Rialtais. Mar shampla, le gairid chuir muid tuarascáil le chéile a rá nár cheart cearta Coillte Teoranta a dhíol. Is dóigh liom go bhféadfadh an coiste seo comhaontas a fháil.

Is ar fhíricí a bheadh muid ag dul, ní ar chúramaíocht agus bheadh deis chuí tugtha don Roinn agus do Rannaí Stáit a dtuairimí a thabhairt nó leithscéal a ghabháil cén fáth nach bhfuil cur i bhfeidhm déanta. An gceapadh sibh go mbeadh tairbhe lena leithéad ó thaobh an cheist seo a chur i láthair an phobail?

2:55 pm

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar mhaith leis na toscairí tagairt a dhéanamh do na phointí a d'ardaigh an Teachta Tóibín agus an Teachta Ó Cuív anois?

Mr. Feargal Ó Cuilinn:

D'ardaigh an Teachta Tóibín ceist faoi na meáin Gaeilge. Níl aon dabht ach gur buille ollmhór cailliúint na meáin clóite. Tá sé léirithe againn in ár moltaí go bhfuil imní ar phobal na Gaeilge chomh maith maidir leis an cur chuige atá le feiscint i dtaobh TG4. Is amhail agus a rá gur iontach an jab atá á dhéanamh aige ar phinginí beaga ach go gcaithfidh sé leanacht ar aghaidh ar na pinginí beaga. Ag an am céanna, tá sé ráite le RTE gur féidir leis breis airgid a lorg, agus gach seans go gcuirfer ar fáil é. An imní atá ar phobal na Gaeilge ná go bhfuil RTE ag iarraidh a dualgaisí reachtaíocht faoin Bille craolacháin a sheacaint tríd a rá go bhfuil sé ag cur an seirbhís nuachta ar fáil do TG4 i mBaile na hAbhann agus nach bhfuil aon craoladh eile i nGaeilge ar fáil.

Maidir le costais, nuair a tháinig an ardán digiteach chun cinn rinneamar moladh le RTE maidir le caighdeán, leibhéal nó céatadán áirithe maidir le Gaeilge a chur ar an ardán sin do leanaí - ní rabhamar á lorg fiú do Ghaeilgeoirí os cionn 12 bliain - diúltaíodh é sin, cé nach mbeadh aon costas breise leis an soláthar sin. Is ceist í seo faoi mheon agus dhearcadh. Dúradh go bhfuil cur chuige àla carte á thógaíl maidir leis an straitéis, ach creideann muid go láidir dá mba rud é go ndéanfadh an coiste seo soiléir go bhfuil an straitéis ceangailteach. Is dóigh linn nach mbeadh an leithscéal nó an dearcadh sin le feiscint ansin sna seirbhísí poiblí.

Ardaíodh ceist faoin ghaelscolaíocht. Tá sé ráite go bhfuil 25% de thuismitheoirí ag lorg gaelscolaíchta dá bpáistí. Tá an córas ó thaobh soláthar Gaelscolaíochta tar éis athrú agus tá an Roinn Oideachais agus Scileanna tar éis seilbh a thógaint ar an gcinneadh maidir le bunadh scoileanna nua agus na costais a bhaineann leo. D'éirigh le ceantair áirithe teacht ar an ngaelscolaíocht, ach níl aon freastal ar éilimh tuismitheoirí lasmuigh de pleananna na Roinne agus tá agus beidh an fhadhb sin ann go dian.

Maidir le deirfiúr an Theachta a chuaigh go Corca Dhuibhne ag cur feabhais ar a cuid Gaeilge, rud eile a eascraíonn as an gnó a bhaineann le cuairteoirí go dtí na Gaeltachtaí, más ábhar oide iad a théann ann chun Gaeilge a fhoghlaim nó daoine mar an 80 daoine a thógas ar saoire go Corca Dhuibhne i mí Lúnasa, ná gur buntáiste ollmhór é sin d'eacnamaíocht na Gaeltachta, ceantair atá fós imeallach agus faoi mhíbuntáiste eacnamaíochta agus sóisialta, toisc go bhfuileadar chomh imeallach ón chuid eile den tír. Má chreideann éinne go bhfuiltear ag sábhailt airgid trí gan daoine a chur go dtí an Ghaeltacht, beidh orthu an bearna sin san eacnamaíocht a líonadh agus teacht ar an airgead ó áit éigin eile sa Státchóras. Filleann seo arís freisin ar an gceist i dtaobh ábhar oidí agus an méid ama gur cóir dóibh a chaitheamh sa Ghaeltacht.

Mr. Julian de Spáinn:

Luaigh an Teachta Tóibín freisin an bac atá ann maidir leis an struchtúr a molann muide a chur ar bun agus céard is féidir le Teachtaí Dála agus an comhchoiste a dhéanamh le cabhrú lenár gcás. Má thagann an coiste amach go láidir agus go soiléir ag rá go n-aontaíonn sé go bhfuil géarghá le struchtúr a chur ar bun, bheadh sé deacair don Aire agus don Roinn an ráiteas sin a dhiúltiú agus gan cabhrú linn. Tagann seo ar ais go dtí an rud a bhí á rá ag an Seanadóir Cáit Keane freisin. Táimid anseo inniu agus le trí bliain anuas táimid ag ofráil ár gcuid cabhrach, ár gcuid acmhainní agus ár gcuid tacaíochta. Táimid ag iarraidh seo a dhéanamh le chéile, i bpáirt leis na húdaráis.

Mar a luaigh tánaiste Chonradh na Gaeilge níos luaithe, nuair a cuireadh an straitéis le chéile, bhíomar páirteach sa phróiseas sin. Bhí gach duine san earnáil páirteach sa phróiseas. Cuireadh leibhéil éagsúla ar bun chun go mbeadh muid ar fad páirteach, polaiteoirí, an pobal agus gach dream. Chomh maith le sin, cuireadh fóram ar bun chun go mbeadh na geallsealbhóirí timpeall an bhoird. B'shin sampla den cineál struchtúir a bhféadfaí a chur ar bun amach anseo. Cuireadh Fóram na Gaeilge ar bun roimhe seo chun go mbeadh na geallsealbhóirí timpeall an bhoird. Is féidir an struchtúr a molann muid a chur le chéile agus is féidir é a dhéanamh go simplí. Ní chosnódh sé airgid ach a mhalairt - sábhálfadh sé airgead, mar bheadh muid in ann na cinntí nó na moltaí a chur ar aghaidh go dtí na hAirí ar fad.

Maidir leis na ceisteanna faoi "Uisce Éireann" agus tacsaithe agus araile, táimid ag caitheamh i bhfad iomarca ama ag plé na ceisteanna sin laistigh de Chonradh na Gaeilge. Cloisim gearán i ndiaidh gearán ó daoine den phobal faoi nach bhfuil seo nó siúd ceart, mar gheall go bhfuil easpa cur chuige comhtháite ag an Rialtas seo maidir le húsáid na Gaeilge agus rudaí simplí ar nós "Uisce Éireann". Tá tionscadal eile ag teacht go luath - cód phoist na hÉireann - agus táimid ag súil go mbeidh sé ceart agus cóir, ach nílimid cinnte go mbeidh. Mar sin, is gá dúinn strucáil a dhéanamh. Tá na cóid phoist ag teacht, ach an mbeidh siad bunaithe ar na logainmneacha Gaeilge nó Béarla, mar tá siad le bheith bunaithe ar na logainmneacha? Arís, d'fhéadfaí ísliú stádais a thabhairt don Ghaeilge arís leis na cóid phoist. Ar an lámh eile, dá mbeadh muid ag feidhmiú le spiorad na straitéise, d'fhéadfaí spreagadh a thabhairt don Ghaeilge dá mbeadh na cóid phoist bunaithe ar na logainmneacha Gaelacha. Dá mbeadh gach Roinn ag déanamh a leithéid de rud ionas nach mbeadh orainne dul i ndiaidh gach Roinn chun an rud ceart a dhéanamh ó thaobh na teanga agus na straitéise de, táim cinnte go mbeadh muidne ag caitheamh i bhfad níos mó ama ag cruthú an éilimh do na seirbhísí atá ar fáil trí Ghaeilge agus ag spreagadh daoine le níos mó Gaeilge a úsáid.

Luaigh an Teachta Ó Cuív - is cinnte go bhfuil an ceart aige - gur gá dúinn an straitéis ina iomlán a chur i bhfeidhm. Níl aon amhras orm faoi sin. Nuair a foilsíodh an straitéis don chéad lá, ní hé gur cheap pobal na Gaeilge agus Gaeltachta go raibh sí foirfe nó gur í an rud is láidre a tháinig amach don Ghaeilge riamh. Ach thacaíomar leis an straitéis mar chonaiceamar go raibh sí mar bhunús nó bun straitéis a chabhródh leis an Ghaeilge a chur chun cinn agus na spriocanna atá luaite inti a bhaint amach. Ní sin le rá nach bhféadfaí feabhas a cur ar an straitéis nó níos mó a leagaint amach inti. Maidir le cuid den straitéis a fhágaint ar lár, ní dóigh liom gur féidir sin a dhéanamh. An moladh atá agam ná go mbreathnódh an comhchoiste seo ar an straitéis líne ar líne agus go n-oibreodh sé amach na costais a bhaineann leis an stratéis. Bheadh sé an-cabhrach dá mbeadh costáil déanta ar an straitéis ionas go bhféadfadh muid breathnú ar na costais a bhaineann léi agus conas gur féidir íoc astu sa chéad 20 bliain eile. Bheadh sé fiúntach a leithéid de rud a dhéanamh. Cabhródh sin go mór leis an straitéis a chur i gcrích.

Mar a dúirt mé, caithfimid obair i bpáirt le chéile. Sin an rud is tábhachtaí. Táimid anseo inniu ag ofráil ár gcuid tacaíochta agus ár gcuid seirbhísí chun cabhrú le cur i bhfeidhm na straitéise.

Photo of Caít KeaneCaít Keane (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá a lán ráite ag an tUasal de Spáinn ansin. Dúirt sé féin agus an Teachta Ó Cuív gur cóir an straitéis ar fad, ó bhun go barr, a chur i bhfeidhm - go hiomlán, nó tada. Tá sé ráite ag Ranna éagsúla nach mbeidh siad in ann A, B nó C a dhéanamh. An cheist atá i mo mheabhair ná céard a bheidh muid in ann a dhéanamh, an straitéis a chur i bhfeidhm ó bhun go barr nó tada. An siúlfaimid amach an doras seo anois gan tada a dhéanamh. Ba mhaith liomsa rud éigin a dhéanamh.

Tá a lán sa straitéis gur féidir a dhéanamh gan gá le airgead breise a chaitheamh. I mo thuairim, ba cheart dúinn a fháil amach céard atá sa straitéis gur féidir a dhéanamh gan airgead breise a chaitheamh nó ar bheagán airgid. Dúirt an Teachta Ó Cuív go bhfuil an straitéis iontach agus an-tábhachtach. Nuair a leagadh amach an straitéis ar dtús, bhí an tír i bhfad níos saibhre ná mar atá anois.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is i Mí na Nollag 2010 a sheol an Rialtas an straitéis, an tseachtain chéanna agus a tháinig an troika isteach.

Photo of Caít KeaneCaít Keane (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí a lán moltaí sa straitéis i 2010, ach táimid san áit ina bhfuil muid anseo inniu agus caithfimid rud éigin a dhéanamh.

Tá uaim go mbeimid realistic mar gheall ar cad is féidir linn a dhéanamh. B'fhéidir gur mbeimid in ann deich rud a chur i bhfeidhm in aon bhliain amháin. Ceapaim gurb é an oideachas an chaoi is fearr. Bhí mé ag breathnú ar na daltaí ó Choláiste Lurgan ar "The Late Late Show". Tá CD déanta ag níos mó ná 200 dalta a chanann as Gaeilge. Is breá liom an modh ina múineann Coláiste Lurgan an Ghaeilge. Is é sin an rud is tábhachtaí. Tá a lán ráite againn agus ag daoine anseo is ansiúd faoi oifigí, coistí agus foilsiúcháin, srl. Is iad na daltaí na daoine is tábhachtaí. Cuirfidh siad an teanga chun cinn.

Labhair daoine mar gheall ar an nganntanas Gaeilge atá ag an bhfoireann a oibríonn in oifigí éagsúla an Rialtais. Tá ranganna Gaeilge ar siúl le deich mbliana anuas. Molaim go mbeadh sé riachtanach go nglacfadh 10% d'fhoireann an Státseirbhís páirt sna ranganna sin. Tá ranganna déanta ag a lán daoine. Molaim an earnáil sin a thógann na ranganna atá ar fáil chun an Ghaeilhe a fhoglaim. B'fhéidir go mbeimid in ann níos mó a dhéanamh sa chomhthéacs sin.

Chuir mé féin agus an Seanadóir Ó Clochartaigh moladh chun cinn mar gheall ar Uisce Éireann. Tá sé glactha ag an Rialtas go mbeidh an dá ainm - "Uisce Éireann" agus "Irish Water" - in úsáid. Ceapann an tUasal de Spáinn gur "Irish Water" amháin atá i gceist.

3:05 pm

Mr. Julian de Spáinn:

Is "Irish Water" a bheidh in úsáid aon uair atá tagairt á dhéanamh ar an eagraíocht as Béarla, mar shampla i bpreasráiteas as Béarla nó nuair atá daoine ón eagraíocht ag labhairt leis na meáin as Béarla. Tá aithne ag an bpobal ar an eagraíocht mar "Irish Water", seachas mar "Uisce Éireann", anois.

Mr. Julian de Spáinn:

Tá aithne acu ar eagraíochtaí eile, ar nós Bord Gáis, lena n-ainmneacha Gaeilge.

Photo of Caít KeaneCaít Keane (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Nuair a bhí John Tierney istigh linn cúpla mí ó shin, chuir mé é sin in iúl dó nuair a labhair mé leis thuas staighre. Tá sé ráite san Acht anois gur "Uisce Éireann" an t-ainm atá ar an gcuideachta, ach tá "Irish Water" ann freisin.

Mr. Julian de Spáinn:

Chomh luath agus a dhéantar é sin, osclaítear an doras agus baintear úsáid as an leagan Béarla.

Photo of Caít KeaneCaít Keane (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá a fhios agam. Caithfimid rud éigin a dhéanamh faoi sin. Ní chosnódh sé aon airgead.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar eolas, a Chathaoirligh-----

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Caithfidh mé glaoch ar an Teachta Toibín, agus tiocfaidh mé ar ais chuig an Teachta Ó Cuív ina dhiaidh.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Caithfimid smaoineamh go bhfuil an straitéis 20 bliain bunaithe ar an staidéar cuimsitheach. Tagann a lán den eolas atá againn amach as an staidéar sin. Dar leis an staidéar sin, níl ach glúin amháin fágtha ag an nGaeilge mar teanga laethúil sa phobal. Is rud práinneach é sin. Nílimid ag caint faoi heritage park nach mbaineann leis an rud atá beo. Is é an rud práinneach atá i gceist anseo ná gur i gceann 20 bliain, ní bheidh an chéad ghlúin eile ag labhairt an Ghaeilge go laethúil sa Ghaeltacht . Is é sin an fáth gur cheart forálacha na straitéise a chur i bhfeidhm. Tá rudaí iontacha ag tarlúint i dtaobh na Gaeilge ag an bomaite. Tá Coláiste Lurgan luaite cheana sa chruinniú seo. Tá na rudaí éagsúla ag teacht ón ghnáthphobal - níl siad ag teacht ón Rialtas. Tá cur chuige an Rialtas ag déanamh laghdú ar iarrachtaí an phobail. Tá sé sin soiléir sa tuarascáil a fuaireamar inniu. Caithfimid féachaint ar an mBreatain Bheag sa chomhthéacs seo. Tá cúlú eacnamaíochta ag titim amach sa Bhreatain Bheag as an bomaite. Tá na húdaráis atá freagrach as scolaíocht trí mheán na Breatnaise ag díriú isteach ar "Gaeltachtaí" na Breataine Bige - na háiteanna ina bhfuil an Breatnais á labhairt - agus na scoileanna mórthimpeall. Tá siad ag athrú na scoileanna sin go dtí scoileanna lán-Bhreatnaise diadh ar ndiadh agus go straitéiseach. Nuair atá daoine ag iarraidh seirbhísí a fháil trí Bhreatnais ó na comhlachtaí poiblí, bíonn gach ceann de na seirbhísí ar fáil sa Bhreatnais. Tá go leor poiblíochta ar fáil do na seirbhísí seo ionas go mbeidh a fhios ag daoine go bhfuil siad ar fáil sa Bhreatnais. Tá na seirbhísí atá ar fáil trí Ghaeilge sa tír seo faoi cheilt agus i bhfolach. Níl an chuid is mó dóibh ar fáil trí Ghaeilge ar chor ar bith. Tá codarsnacht uafásach idir an mhéid atá ag titim amach sa tír seo agus an méid atá ag titim amach i dtíortha eile. Tá cúrsaí eacnamaíochta i ponc sna tíortha sin freisin. An bhfuil tosaíocht ag baint leis an nGaeilge agus an straitéis, nó nach bhfuil? Caithfimid solas a díriú isteach ar an dul chun cinn, nó an cúlú, atá ag tarlú mar gheall ar an straitéis.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Dar liomsa, níl fadhb ar bith an straitéis iomlán a chur i bhfeidhm. Níl impleachtaí gur fiú caint orthu i gceist i gcomhthéacs airgead an Stáit. Mar a mhol mé, is é an bealach is fearr leis sin a fháil amach ná dul trí chuile mhír agus costas a chur uirthi. Má déanfaimid é sin, gheobhaimid amach go mbaineann an fhadhb le toil, seachas airgead. I gcás formhór na rudaí atá sa straitéis, is é atá i gceist ná na hacmhainní a hiomrascáil sa chaoi is go ndéanfaidh siad tairbhe don Ghaeilge. Tabharfaidh mé sampla beag. Luaigh an Seanadóir Keane na coláistí Gaeilge. Fanann daltaí meánscoile, sa chuid is mó, i mo theachsa chuile bhliain. Tá sé deacair a thuiscint cén chaoi a bhféadfadh éinne a bheith ag foghlaim na Gaeilge ar feadh ocht mbliana sa bhunscoil, agus b'fhéidir dhá bhliain sa mheánscoil, gan bheith in ann dhá abairt a chur in éineacht lena chéile. Nuair a imíonn siad abhaile, tar éis trí seachtaine, tá siad in ann comhrá a dhéanamh agus iad a foghlaim na Gaeilge chuile lá chuile sheachtain sa scoil. Níl mé ag cáineadh cumas na ngasúir an teanga a fhoglaim, mar ní bhíonn fadhb ar bith acu í a fhoglaim sa Ghaeltacht. An fhadhb atá ann ná nach bhfuil ach an beagán a n-éiríonn lena muintir iad a chur chuig na coláistí Gaeilge mar gheall ar an gcostas a mbaineann leo. Is léir, dá bhrí sin, go bhfuil airgead ag dul amú sna scoileanna agus go bhfuil teip iomlán ar an gcuraclam, ar an gcóras agus mar sin de. Ní chosnódh sé aon rud é sin a chur ina gceart. Is é an chéad rud go gcaithfear a chinntiú ná nuair a fhágann muintir na coláistí oiliúna na hionaid sin, go mbeidís in ann an teanga a labhairt agus í a theagasc. Ní féidir le formhór mór na múinteoirí bunscoile atá sa tír seo anois comhrá Gaeilge a choinneáil. Tá sé in am aghaidh a thabhairt ar an bhfírinne.

Tá mé fós ag moladh matrix líne ar líne a dhéanamh amach ar an straitéis. Tá mé sásta go gcruthófar mo phointe nuair a dhéanfar é sin. Is féidir obair an Rialtas a cheartú ag an am sin. Dá gcosnódh sé an t-uafás airgid é a chur i bhfeidhm, glacfainn pointe an Seanadóra. Is dóigh liom go bhfaighfidh sí amach nach bhfuil difear ar bith idir na rudaí a chosnódh airgid agus na rudaí nach bhfuil ag cosnú airgid. Beidh sé soiléir dúinn nach bhfuil an straitéis ag feidhmiú. Tá a fhois ag na Státseirbhísigh sa Stát anois gur féidir leo an cos a chur ar an taca agus ní dhéanfaidh an Rialtas tada faoi. Má táimid ag iarraidh cruthúnas den mhéid atá le rá againn, ní gá ach a lua go bhfuil an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin - bail ó Dhia air - ag seasamh sa bhearna baoil agus ceist amháin a chur: céard atá sa chlár reachtaíochta don oifig sin?

Mr. Julian de Spáinn:

Tá an triúr cainteoir tar éis tagairt a dhéanamh den mhéid a tharla le TG Lurgan, a bhí ar "The Late Late Show". Tá ceachtanna le foghlaim as na coláistí samhraidh Gaeilge. Nuair a fhaigheann páistí tumadh sa teanga, úsáideann siad an teanga i slí taitneamhach. Is léir dóibh go bhfuil an Ghaeilge praticiúil mar theanga. Tá a leithéid molta sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Bhíomar an-shásta an moladh sin a fheiceáil sa straitéis mar go raibh sé curtha chun cinn againn. Má léann muid an moladh atá ann sa phlean forfheidhmithe ó thaobh cad atá le déanamh leis an páirt-tumoideachas sna scoileanna, is léir dúinn nach dtarlóidh mórán sa gearrthréimhse nó sa meánthréimhse.

Caithfimid rud praiticiúil a dhéanamh ionas gur féidir linn dul síos an bóthár céanna atá na coláístí samhraidh ag dul sna cathracha agus lasmuigh de na Gaeltachtaí. Caithfimid aithint go bhfuil gá tús a chur nó cúrsa píolótach a chur ar bun an bhliain seo chugainn, gan teip, ar an pháirt den straitéis a bhaineann le tumoideachas, ionas go mbeidh muid ag múineadh ábhar - ceol, corpoideachais, ealaíon agus drámaíocht - trí Ghaeilge i roinnt scoileanna. Ansin, d'fhéadfadh muid sin a fhás, de réir a chéile, i ngach scoil. Mar sin, bheadh muid ag cabhrú le gach scoil de réir a chéile chun páistí a spreagadh leis an Ghaeilge a úsáid.

Caithfear cur chuige comhtháite a ghlacadh maidir leis an oideachas. Ní féidir linn breathnú ar an straitéis agus a rá go bhfuil an moladh sin ann do na bunscoileanna. Ní féidir a sheacaint go gcaithfidh muid rud éigin i dtaobh oiliúint múinteoirí. Tá sé molta sa straitéis go mbeidh tréimhse níos faide ag ábhar múinteoirí sa Ghaeltacht. Cuireadh seachtain leis an tréimhse sin, ach cuireadh bliain leis an tréimhse traenála d'ábhar múinteoirí san iomlán. I ndáiríre mar sin, níor cuireadh aon am breise don Ghaeilge d'ábhar múinteoirí. Is gá sin a aithint agus is gá cur leis. Is gá freisin an deontas a thabhairt thar nais dóibh chun go mbeadh siad in ann íoc as an tréimhse sin, mar is dlúthchuid den chúrsa traenála é. Ba chóir freisin go mbeadh siad ag foghlaim conas na hábhair eile a mhúineadh trí Ghaeilge ionas go mbeidh siad in ann dull isteach sna bunscoileanna agus tabhairt faoi ábhair eile a mhúineadh trí Gaeilge.

Maidir leis an dara leibhéal -----

3:15 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabh mo leithscéal a chathaoirligh, tá nós ag na coistí iad a chur ar athló nuair atá vóta ar siúl sa Dáil.

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ceapaim go bhfuil an vótáil thart.

Mr. Julian de Spáinn:

Maidir leis an dara leibhéal, ba chóir go mbeadh dhá ábhar Gaeilge ann don ardteist, ceann amháin ag díriú ar an Ghaeilge mar teanga fheidhmeach agus ba chóir go dtabharfadh gach dalta faoin ábhar sin. Ag an am céanna, ba chóir go mbeadh cúrsa eile ann a bheadh bunaithe ar an litríocht agus araile. Bheadh an cúrsa sin ann do Ghaelcoláistí agus sna Gaeltachtaí agus i scoileanna in ar mhaith leo an cúrsa sin a dhéanamh. Sa tslí sin, bheadh cur chuige comhtháite againn ó thaobh oideachas na Gaeilge le daoine óga a spreagadh sa Ghaeilge chun rudaí ar nós an rud atá ar siúl i gColáiste Lurgan le ceol, a dhéanamh. Cén fáth nach ndéanfadh muid é sin i mbunscoileanna na tíre ar fad? Tá seo luaite sa straitéis, ach níl aon rud uaillmhianach luaite sa phlean forfheidhmithe atá ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Is gá sin a athrú, ach conas is féidir é a athrú? Má tá struchtúr ann gur féidir leis na geallsealbhóirí ar fad a bheith páirteach ann, cuirfidh muide na pointí sin chun tosaigh in áit nach bhfeicfidh stát seirbhísigh, b'fhéidir, an tábhacht a bhaineann leis na moltaí sin.

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas arís leis na finnéithe ó Chonradh na Gaeilge. Níl aon amhras faoi ná go raibh cur i láthair an-chuimsitheach agus an phroifisiúnta go deo acu. Tá an fo-choiste an-sásta leis na pointí a dhein siad agus bíodh siad cinnte go dtabharfar aird orthu. Níl amhras faoi ná go bhfuil an náisiún go mór faoi chomaoin ag Conradh na Gaeilge as ucht an saothar atá déanta aige leis na blianta ar son na Gaeilge.

The joint sub-committee adjourned at 3.45 p.m. until Thursday, 3 October 2013.