Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 19 September 2013

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Cur i nGníomh Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030: Plé le Conradh na Gaeilge

2:45 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tógadh an fhís atá ar an gcéad leathanach den straitéis as ráiteas a d'fhógair an Rialtas dhá bhliain roimhe. Ba ar an doiciméad beag sin a chuir muid amach a tógadh an straitéis ar fad. De réir na straitéise, is é aidhm pholasaí an Rialtais "a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge níos infheicthe sa tsochaí againn, mar theanga labhartha ag ár gcuid saoránach mar aon le bheith le feiceáil ar chomharthaí agus i litríocht". Go minic, feictear fíorchroí an duine sna siombail. Bhí an méid a luaigh an tUasal de Spáinn mar gheall ar "Tacsaí" agus "Uisce Éireann" thar a bheith spéisiúil. Taispeánann an sampla is déanaí de mheon seoiníneachta an Rialtais nach gceapann said gur fiú an sean-traidisiún Gaelach a choinneáil beo. Ní dóigh leo go bhfuil aon luach leis an rud Gaelach nó an rud a bhaineann le stair agus le sinsear. Tá mé ag caint faoin athrú polasaí maidir le báid an Chabhlaigh. Bhí nós ann ainmneacha Gaelacha - ainmneacha baineann, sa chuid is mó, ach úsáideadh ainmneacha fireann i dhá chás - a úsáid mar ainmneacha ar na báid. Mar is eol don choiste, bhí báid ar nós an LÉ Aoife, an LÉ Emer, an LÉ Aisling, an LÉ Niamh agus an LÉ Eithne in úsáid ag an gCabhlach ag dul ar fud na cruinne. Thaispeán na hainmneacha sin Gaelachas na tíre agus léirigh siad go bhfuil ár dteanga féin againn. Tá cinneadh déanta ag an Rialtas anois - is cosúil gurb é an Aire Cosanta atá freagrach as - go mbeidh na báid nua ainmnithe as Samuel Beckett agus James Joyce. Níl tada agam ina n-aghaidh. Tá go leor rudaí a bhféadfaí a ghlaoch i ndiaidh Beckett agus Joyce. Cén fáth an bhfuil athrú á dhéanamh ar an rud seo, a bhí chomh sainiúil lenár n-Arm agus le Fianna na hÉireann? Sa bhliain 1913, chum Eoin Mac Néill, a chabhraigh le Conradh na Gaeilge a bhunú, an t-ainm "Óglaigh na hÉireann", atá fós le breathnú ar chaipíní an Airm, chun íomhá Gaelach a thabhairt do na hóglaigh. Domsa, is iad na hóglaigh a bunaíodh sa bhliain 1913 an t-Arm céanna atá againne go dtí an lá atá inniu ann, ach táimid ag tréigean ár ndúchas anois. Ba mhaith liom rud eile a lua sula dtiocfaidh mé go dtí na moltaí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.