Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 19 September 2013

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Cur i nGníomh Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030: Plé le Conradh na Gaeilge

2:45 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tuigim é sin. Tuigeann an coiste an focal buille atá agam, agus cén fáth go bhfuil cúlra chomh fada ag teastáil. Fuair mé ríomhphost le dhá lá anuas ó Rinn ua gCuanach ag caint ar airgead. Dúirt príomhoide na scoile go bhfuil iarracht á dhéanamh ag an Roinn Oideachais duine a thógáil ón bpainéal chun dul ag múineadh i scoil Gaeltachta nach bhfuil innúil ar feidhmiú go laethúil trí Ghaeilge sa scoil sin. Ní airgead atá i gceist ansin. Tá sé sin ar fad clúdaithe sa straitéis. Tá sé ráite ansin gur cheart go mbeadh painéal faoi leith ann a cháileodh le múineadh trí Ghaeilge, seachas múineadh na Gaeilge nó múineadh i ngnáthbhunscoil.

Is dóigh liom go bhféadfadh an coiste seo an t-uafás a dhéanamh. Ba mhaith liom tuairimí an triúr atá anseo a fháil. Is dóigh liom gur an straitéis ina iomlán nó tada atá i gceist. Ba mhaith liom tuairim an choiste a fháil ar cur chuige áirithe. Dá mbeimid in ann scrúdú líne-ar-líne a dhéanamh ar thuarascáil an Aire Stáit atá curtha amach, chun í a chur i gcomparáid leis an doiciméid seo, bheadh a fhios againn cé mhéid den tuarascáil a bhaineann leis an straitéis a bhaineadh amach. Dá mbeadh liosta ar fáil de na moltaí fada a bhí sa straitéis, gach ceann in aice le colún leis an gcur i bhfeidhm go dáta agus colún eile leis an gcostas a bhainfeadh leis an gcur i bhfeidhm, déarfainn go bhfoghlaimeoimis gur eagar seachas costas atá i gceist i gcás 80% acu. I gcásanna ina bhfuil teipthe ar an gcur i bhfeidhm, ba cheart dúinn leithscéal na Roinne a fháil agus é sin a fhoilsiú os comhair an tsaoil, ach é a dhéanamh go cuimsitheach líne ar líne seachas bheith ag piocadh rud anseo agus rud ansiúd, nó ráiteas anseo agus ráiteas ansiúd. Tá sé sin tábhachtach le go bhféadfaimid iniúchadh cruinn - audit, mar a deirtear sa Bhéarla - ar an bhfuil nó nach bhfuil straitéis 20 bliain don Ghaeilge á cur i bhfeidhm. An cheapann na daoine atá anseo ó Chonradh na Gaeilge, a bhunaigh Eoin Mac Néill, go gcuideodh sé go mór leis an gcás dá n-úsáidfí cumhachtaí an Oireachtais chun soiléiriú a thabhairt ar céard atá ar bun, nó nach bhfuil ar bun, ar bhonn cuimsitheach a bheadh aontaithe ag an gcoiste?

Caithfidh mé "fair play" a rá i gcás an choiste talmhaíochta agus an cathaoirleach atá ar an gcoiste sin. Tá aontas iomlán an choiste agus chuile pháirtí ar an gcoiste faighte do riar mhaith tuarascálacha atá curtha le chéile againn atá sách cáinteach ar pholasaithe an Rialtais. Mar shampla, le gairid chuir muid tuarascáil le chéile a rá nár cheart cearta Coillte Teoranta a dhíol. Is dóigh liom go bhféadfadh an coiste seo comhaontas a fháil.

Is ar fhíricí a bheadh muid ag dul, ní ar chúramaíocht agus bheadh deis chuí tugtha don Roinn agus do Rannaí Stáit a dtuairimí a thabhairt nó leithscéal a ghabháil cén fáth nach bhfuil cur i bhfeidhm déanta. An gceapadh sibh go mbeadh tairbhe lena leithéad ó thaobh an cheist seo a chur i láthair an phobail?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.