Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 19 September 2013

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Cur i nGníomh Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030: Plé le Conradh na Gaeilge

2:35 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Fáiltím roimh na finnéithe. Is iontach an rud go bhfuil siad anseo agus go bhfuil fo-choiste ar bun chun na rudaí seo a phlé. Ní féidir bainistíocht a dhéanamh muna bhfuil monatóireacht á dhéanamh freisin.

Tá an-chuid frustrachas ar an dtaobh seo den mbord mar gheall ar an tslí a bhfuil rudaí ag dul ar aghaidh. Aontaím le hionadaithe Chonradh na Gaeilge nach bhfuil aon costas ag baint leis an chuid is mó des na moltaí atá curtha os ár gcomhair. Is féidir rudaí a neartú gan aon airgead a chaitheamh. Tá sé dochreidte a léamh i dtuarascáil Chonradh na Gaeilge gur tháinig laghdú 76% ar bhuiséad Údarás na Gaeltachta le cúig bliana. Tá Oifig an Choimisinéara Teanga faoi bhrú. Ní bheidh aon airgead sa bhreis ag dul to TG4 sa bhliain seo chugainn ach beidh airgead nua le fáil ag RTÉ. Níl cothromaíocht idir Bhéarlóirí agus Gaeilgeoirí na tíre maidir leis na meáin cumarsáide. Tá Gaelscéal imithe agus gan aon rud ag teacht ina ionad.

Maidir le cúrsaí oideachais, nuair a chuirim ceisteanna faoi chur i ngníomh na straitéise sa chóras oideachais ní féidir leis an Aire Stáit a bhfuil cúram na Gaeltachta air na ceisteanna sin a fhreagairt. Bíonn sé deacair freagra beacht a fháil ar na ceisteanna sin ach sílim go mbéadh seans níos fearr ag Conradh na Gaeilge.

Tá 25% de thuismitheoirí na tíre ag éileamh gaelscolaíochta ach níl ach 5% de dhaltaí na tíre ag fáil scolaíocht tré Ghaeilge. Tá caighdeán an-íseal Gaeilge ag múinteoirí bunscoile. Chomh fada agus a fheicimse, níl an chuid is mó acu in ann comhrá a dhéanamh tré Ghaeilge agus níl siad líofa ar chor ar bith. Is rud uafásach é sin mar is iadsan atá ag tabhairt na teanga don chéad ghlúin eile. Tá mo dheirfiúr-sa ina múinteoir agus chuaigh sí go Corcha Dhuíbhne i mbliana. Tá an deontas a fhaigheann múinteoirí chun dul go dtí an Ghaeltacht ag laghdú in aghaidh na bliana. Níl an suim céanna ag múinteoirí dul go dtí an Ghaeltacht mar tá costas sa bhreis ag baint leis.

Tá seirbhís tré Ghaeilge ins na comhluchtaí poiblí ar bhonn hit and miss. Ní déantar bolscaireacht faoi na seirbhísí Gaeilge a cuirtear ar fáil don phobal ag na comhluchtaí seo.

Tá obair iontach á dhéanamh ag Conradh na Gaeilge. Cupla bliain ó shin cuireadh feachtas ollmhór ar siúl chun stádas a fháil don Ghaeilge mar theanga oifigiúil san Aontas Eorpach. Leis an méid brú atá ar an Ghaeilge, b'fhéidir go mba cheart dos na heagraíochtaí Gaeilge, agus do pholaiteoirí, feachtas a chur a bun chun na fadhbanna atá ar ár n-eolas a chur faoi bhráid an phobail go ginearálta, mar níl an t-eolas seo le fáil thart timpeall na tíre.

Tá bac a chruthú ag an Aire Stáit. Níl sé sásta labhairt le heagraíochtaí ar nós Chonradh na Gaeilge mar gheallshealbhóirí. Níl sé sásta iad a chur in áit lárnach i bpleanáil teanga nó i gcur i bhfeidhm na straitéise. Cad is féidir le Teachtaí Dála a dhéanamh chun an bac sin a bhriseadh? B'fhéidir go mbeidh na finnéithe in ann na ceisteanna sin a fhreagairt.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.