Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 19 September 2013

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Cur i nGníomh Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030: Plé le Conradh na Gaeilge

2:35 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh ionadaithe Chonradh na Gaeilge.

Mar atá ráite ag baill an choiste, caitheadh go leor ama ar réiteach na straitéise. Bhí baint nach beag ag coiste an Oireachtais a bhí ann ag an am i bhfaomhú na straitéise agus glacadh le moltaí uaidh. Go deimhin, cuireadh na moltaí sin amach imeasc an phobail chun tuairimí an phobail a lorg. Bhí coiste Gaeilge ann ag an am agus glacadh le tuairimí uaidh sin.

Is féidir liom dhá rud a rá faoin straitéis. A haon, réitíodh í agus faomhadh í ag am go raibh an géarchéim airgid ann. Tá rudaí, b'fhéidir, a bhéadh indéanta ach nach bhfuil ann de bharr gur ceapadh nach bhféadfaí iad a chur isteach de dheascaibh cúrsaí airgid, agus deineadh iad a bhaint. An dara rud, agus thuig an comhchoiste Oireachtais a scrúdaigh an straitéis i 2010, é seo. Ba é tuairim an Rialtais ag an am go gcaithfidh iomlán na straitéise, ón gcéad leathanach go dtí an focal deiridh, a chur i bhfeidhm leis an sprioc ollmhianach atá ann a bhaint amach. Bhíomar soiléir go raibh muid tar éis gach rud a bhaint as a creideadh nach bhféadfaí a dhéanamh. Thug an Taoiseach, Brian Ó Cúáin, an-tacaíocht don straitéis ach bhí dúshlán amháin againn, mar Airí. Faomhadh an straitéis ag státseirbhísigh agus ní bhéadh aon rud ansin a dúirt siadsan nach bhféadfaí a dhéanamh. Go deimhin, bhí roinnt Ranna áirid sách diúltach faoi agus bhí go leor ollúna san ollscoil a chaith anuas air. Sa gcás go raibh muid meáite nach bhféadfaí rud a dhéanamh baineadh as é. Mar sin, cuireann sé scannradh croí orm nuair a chloisim daoine ag caint faoi thosaíochtaí sa straitéis. Is é an straitéis na tosaíochtaí, mar tá go leor rudaí eile a d'fhéadfaí a dhéanamh don Ghaeilge dá mbéadh na hachmhainní, an deis, an t-am, an cur chuige agus gach uile short againn.

Caithfidh an coiste seo a thógáil air féin a rá gur seo an straitéis. An Rialtas deiridh a cheadaigh é seo ach chuir muid an-dua tacaíocht iomlán an Oireachtais a fháil dó. Rinne muid é sin mar thuig muid go raibh gach seans nach mbéadh muid i gcumhacht agus theastaigh uainn go mbéadh úinéireacht ag an Rialtas a bhéadh ag teacht isteach ar an straitéis agus a d'fhéachfadh siar ar an bplé a rinneadh ar an straitéis nuair a bhí an Rialtas atá ann anois mar fhreasúra. Gheofaí amach go rabhadar iomlan fábharach do gach uile ní beo a bhí ann agus nach raibh einne ag rá, "Tá géárchéim airgid sa tir na deanaigí é".

Caitheadh go leor ama ar struchtúr na straitéise. Tuigeann éinne a bhí ag plé le Ranna Rialtais ariamh go bhfuil a saol féin ag gach Roinn Rialtais. Tá cuid acu i bhfad níos naimhdí agus níos diúltaí don Ghaeilge ná a chéile. Tarlaíonn sé in aon Chomh-aireacht go bhfuil Airí atá níos dílse agus níos dúthrachtaí don dualgas bunreachtúil atá ar gach Aire i leith na Gaeilge ná a chéile. Is é sin an fáth nuair a chuir muid ailtireacht na straitéise le chéile go raibh an Taoiseach - ní duine ar bith eile - mar chathaoirleach ar an gcoiste. Is é an Taoiseach an t-aon duine sa Rialtas gur féidir leis a rá le chuile duine "is é seo an rud atá mé ag iarraidh, agus is é seo an rud a dhéanfar". Tá siad ann mar gur cheap sé iad. Thóg muid údarás an Taoisigh isteach sa scéal mar bhí faitíos orainn ag an am go mbeadh Ranna éagsúla faillíoch. Dá mba rud é go mbeadh Aire sinsearach - nó, níos measa fós, Aire Stáit - seachas an Taoiseach i bhfeighil, b'fhéidir nach dtabharfadh a chomhghleacaithe trasna an bhoird an oiread aird don ábhar seo agus a chaithfidh siad a thabhairt go bunreachtúil agus go praiticiúil. Is fiú a rá sa chomhthéacs sin go bhfuil sé ráite sa straitéis gur cheart go mbeadh Aire sinsearach i bhfeighil na Gaeilge go laethúil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.