Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 19 September 2013

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Cur i nGníomh Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030: Plé le Conradh na Gaeilge

2:15 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na finnéithe. Táimid thar a bheith buíoch dóibh as an obair mhór atá curtha isteach acu a réimse seo ar fad. Tá mé ag smaoineamh go háirithe ar na moltaí cuimsitheacha agus sonracha atá curtha ar aghaidh san aighneacht. Tiocfaidh mé go dtí croí na ceiste. Tá Conradh na Gaeilge tar éis cáineadh an-láidir a dhéanamh ar an Roinn agus an Aire Stáit maidir leis an gcur chuige atá acu. Léirigh an tUasal de Spáinn nach bhfuil cuid de na geallshealbhóirí is tábhachtaí - an dream atá ag plé leis an bpobal - istigh sa phróiseas cinnteoireachta. Má tá sé sin amhlaidh, an dóigh leis na finnéithe gur chóir an straitéis 20 bliain a chaitheamh amach ag an bpointe seo? Ar cheart dúinn tosú as an nua mar gheall go bhfuil daoine ag chnáimhseáil nach bhfuil an straitéis á cur i bhfeidhm ach ar bhealach mantach. Tá píosaí á bpiocadh anseo is ansiúd as an straitéis. Dá bhrí sin, ar chóir dúinn mar choiste a rá gurb fhearr an pláta a ghlanadh agus tosnú ó thús arís, agus muid ag iarraidh líon na gcainteoirí Gaeilge sa tír seo a mhéadú go dtí 500,000 nó pé rud? Ar chóir an straitéis a chaitheamh amach ar fad agus tosú as an nua? Ar chóir dul ar ais agus iarracht a dhéanamh an straitéis, mar a bhí aontaithe ag na páirtithe ar fad, a chur i bhfeidhm?

Nuair a bhíonn an tAire Stáit ag labhairt linn faoi na hábhair seo, is é an freagra is comónta a fhaigheann muid uaidh ná go bhfuil cúrsaí airgid teann agus go gcuirfear rudaí i gcrích de réir mar atá acmhainní ar fáil.

An féidir cur chuige àla cartea oibriú ar an mbunús seo? Dúirt an staidéar cuimsitheach teangeolaíochta linne go raibh 20 bliain againn leis an Ghaeilge a tharrtháil agus le sin a dhéanamh go gcaithfí an straitéis a chur i bhfeidhm ina iomlán. Má tá airgead gann, an oibreoidh cur chuige àla carteleis an straitéis? An féidir píosa anseo agus ansiúd a dhéanamh agus an oibreodh sé sin?

Níos tábhachtaí arís, tá acmhainní na Roinne gearrtha siar chomh maith. Labhraítear faoin údarás agus tá caint faoi pleanáil teanga a chur i bhfeidhm sna Gaeltachtaí agus mar sin de, ach an dóigh leis na toscairí anseo go bhfuil an cur chuige atá ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta maith go leor? An bhfuil an Roinn sách tiomanta don straitéis agus an bhfuil na hacmhainní foirne cuí agus araile acu leis an straitéis seo a chur i bhfeidhm nó an sin an fáth go bhfuil muid ag feiceáil go bhfuil rudaí ag tógáil chomh fada?

Tá an straitéis seo bunaithe ar chomhoibriú an Rialtais ar fad, ar chomhoibriú ó ghach Aire agus Aire Stáit agus ó ghach Roinn. An dóigh leis na toscaircí, mar dream atá ag plé leo ó lá go lá, go bhfuil na Ranna Stáit ar fad ag comhoibriú leis an straitéis go hiomlán mar ba chóir dóibh? Muna bhfuil, céard is cóir dúinn a dhéanamh fúthu? Caithfidh mé mo leithscéal a ghabháil mar caithfidh mé imeacht sula mbeidh na freagraí ar fad tugtha, ach coinneoidh mé súil ar an gcruinniú agus na freagraí. Cinnte, beidh muid ag labhairt arís go rialta mar chuid den phróiseas seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.