Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 19 September 2013

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Cur i nGníomh Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030: Plé le Conradh na Gaeilge

3:05 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Dar liomsa, níl fadhb ar bith an straitéis iomlán a chur i bhfeidhm. Níl impleachtaí gur fiú caint orthu i gceist i gcomhthéacs airgead an Stáit. Mar a mhol mé, is é an bealach is fearr leis sin a fháil amach ná dul trí chuile mhír agus costas a chur uirthi. Má déanfaimid é sin, gheobhaimid amach go mbaineann an fhadhb le toil, seachas airgead. I gcás formhór na rudaí atá sa straitéis, is é atá i gceist ná na hacmhainní a hiomrascáil sa chaoi is go ndéanfaidh siad tairbhe don Ghaeilge. Tabharfaidh mé sampla beag. Luaigh an Seanadóir Keane na coláistí Gaeilge. Fanann daltaí meánscoile, sa chuid is mó, i mo theachsa chuile bhliain. Tá sé deacair a thuiscint cén chaoi a bhféadfadh éinne a bheith ag foghlaim na Gaeilge ar feadh ocht mbliana sa bhunscoil, agus b'fhéidir dhá bhliain sa mheánscoil, gan bheith in ann dhá abairt a chur in éineacht lena chéile. Nuair a imíonn siad abhaile, tar éis trí seachtaine, tá siad in ann comhrá a dhéanamh agus iad a foghlaim na Gaeilge chuile lá chuile sheachtain sa scoil. Níl mé ag cáineadh cumas na ngasúir an teanga a fhoglaim, mar ní bhíonn fadhb ar bith acu í a fhoglaim sa Ghaeltacht. An fhadhb atá ann ná nach bhfuil ach an beagán a n-éiríonn lena muintir iad a chur chuig na coláistí Gaeilge mar gheall ar an gcostas a mbaineann leo. Is léir, dá bhrí sin, go bhfuil airgead ag dul amú sna scoileanna agus go bhfuil teip iomlán ar an gcuraclam, ar an gcóras agus mar sin de. Ní chosnódh sé aon rud é sin a chur ina gceart. Is é an chéad rud go gcaithfear a chinntiú ná nuair a fhágann muintir na coláistí oiliúna na hionaid sin, go mbeidís in ann an teanga a labhairt agus í a theagasc. Ní féidir le formhór mór na múinteoirí bunscoile atá sa tír seo anois comhrá Gaeilge a choinneáil. Tá sé in am aghaidh a thabhairt ar an bhfírinne.

Tá mé fós ag moladh matrix líne ar líne a dhéanamh amach ar an straitéis. Tá mé sásta go gcruthófar mo phointe nuair a dhéanfar é sin. Is féidir obair an Rialtas a cheartú ag an am sin. Dá gcosnódh sé an t-uafás airgid é a chur i bhfeidhm, glacfainn pointe an Seanadóra. Is dóigh liom go bhfaighfidh sí amach nach bhfuil difear ar bith idir na rudaí a chosnódh airgid agus na rudaí nach bhfuil ag cosnú airgid. Beidh sé soiléir dúinn nach bhfuil an straitéis ag feidhmiú. Tá a fhois ag na Státseirbhísigh sa Stát anois gur féidir leo an cos a chur ar an taca agus ní dhéanfaidh an Rialtas tada faoi. Má táimid ag iarraidh cruthúnas den mhéid atá le rá againn, ní gá ach a lua go bhfuil an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin - bail ó Dhia air - ag seasamh sa bhearna baoil agus ceist amháin a chur: céard atá sa chlár reachtaíochta don oifig sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.