Seanad debates

Wednesday, 12 March 2014

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: Statements

 

11:45 am

Photo of Denis O'DonovanDenis O'Donovan (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I welcome the Minister of State at the Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht, Deputy Dinny McGinley.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go raibh maith agat, a Chathaoirligh, agus mar Aire Stáit sa Roinn Ealaíon Oidhreacht agus Gaeltachta, fáiltím roimh an deis seo labhairt leis an Seanad faoi chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Ar ndóigh tá an Taoiseach agus an Tánaiste gan trácht ar cheannairí na bpáirtithe polaitiúil eile ag tabhairt dea-shampla dúinn ó thaobh úsáid na Gaeilge de sna tithe seo. Is cinnte gur féidir linn uile féachaint ar an dóigh gur féidir linn féin níos mó úsáide a bhaint as ár gcuid Gaeilge le linn ár gcuid oibre laethúil sa tSeanad agus sa Dáil.

Photo of Fiach MacConghailFiach MacConghail (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabh mo leithscéal. Just mar phointe eolais, a Leas-Chathaoirligh, agus níl mé droch-mhúinte, ach an bhfuil cóip de léacht an Aire le fáil? Go raibh maith agat.

Photo of Denis O'DonovanDenis O'Donovan (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar aghaidh leat.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an Ghaeilge ar cheann de na hacmhainní is nádúrtha agus is luachmhara atá againn. Creideann an Rialtas go bhfuil tábhacht ag baint le pobail labhartha láidir Gaeilge agus Gaeltachta a chothú chun saibhreas oidhreachta na teanga a choinneáil beo agus a thabhairt slán don chéad ghlúin eile.
San aiteas seo tá sé i gceist agam léargas a thabhairt ar an obair atá ar bun ag an Rialtas seo chun leas na Gaeilge a chur chun cinn tríd an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm. Ní miste a mheabhrú dúinn féin go bhfuil iomaí dul chun cinn déanta le roinnt blianta anuas ó thaobh na teanga de lena n-áirítear bunú RTÉ Raidió na Gaeltachta, bunú TG4, achtú Acht na dTeangacha Oifigiúla agus Acht na Gaeltachta, bunú Oifig an Choimisinéir Teanga, Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta. An t-aitheantas don Ghaeilge faoin Chomhaontú Aoine an Chéasta i dTuaisceart Éireann agus tá an t-aitheantas don Ghaeilge mar theanga oifigiúil agus mar theanga oibre san Aontas Eorpach.
Ba mhaith liom anois díriú ar an Straitéis 20 Blain don Ghaeilge. Tá sé ráite i gClár an Rialtais go dtacóidh Rialtas leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus go ndéanfar spriocanna indéanta atá molta inti a sheachadadh. Mar is eol don Teach is ag mo Roinnse atá an fhreagracht ar a ghabhála an Straitéis a chomhordú agus a chur i bhfeidhm i gcomhar le réimse mhór de pháirtithe leasmhara. Aithnítear san Straitéis féin go bhfuil gá le cur chuige céimneach chun beartais na straitéise a chur i gcrích. I gcomhréir leis an gcur chuige seo. Tá dul chun cinn á dhéanamh maidir le raon leathan gníomhaíochtaí faoin Straitéis a chur i bhfeidhm de réir a chéile ar bhealach chórasach laistigh de na hacmhainní teoranta atá ar fáil. Mar chuid den phróiseas sin, d’fhoilsíodh na tuarascáil i Mí Iúil 2013 inar léiríodh an dul chun cinn foriomlán atá déanta maidir le feidhmiú na Straitéise le linn na tréimhse 2010-2013. Ina theannta sin, d’fhoilsigh na Ranna Rialtais ábhartha 11 acu san iomlán a gcuid pleananna forfheidhmithe faoin Straitéis ag an am chéanna. Dá bhrí sin, is léir domsa go bhfuil cur chuige soiléir ann maidir le cur i bhfeidhm na straitéise agus go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh go staidéartha agus go stuama taobh istigh de na hacmhainní atá ar fáil. Ní miste a luadh a Chathaoirligh go bhfuil sé i gceist agam Coiste Comhairleach a bhunú i gcomhar leis na heagraíochta ábhartha Gaeilge agus Gaeltachta chun plé go sonrach le cur i bhfeidhm na straitéise agus an próiseas pleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta. Is i gcomhthéacs an róil comhordaithe atá ag mo Roinn maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise atá an Coiste Comhairleach á bhunú agam. Tá mé ag súil go dtabharfaidh bunú an coiste comhairleach deis do na heagraíochtaí ábhartha Gaeilge agus Gaeltachta plé le mo Roinn maidir leis an mbealach is fearr an straitéis agus an próiseas pleanála teanga a chur i bhfeidhm. Táim ag súil fosta go gcothóidh an Coiste Comhairleach comhoibriú agus comhthuiscint níos fearr idir na páirtithe éagsúla i dtaca leis an Straitéis agus an próiseas pleanála teanga.
Is léiriú follasach é an €0.5m atá curtha ar fáil i gcomhar allúntas ar leith don Straitéis ar mheastacháin acmhainní mo Roinne do 2014 ar thiomantas an Rialtais i leith na Gaeilge. Cuirfidh an maoiniú seo ar chumas mo Roinne tabhairt faoi ghníomhaíochtaí éagsúla a thacóidh leis an phróiseas pleanála teanga ar an talamh. Áirítear anseo tacaíocht do eagraíochtaí pobail chun cabhrú leo, tabhairt faoi phleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú na Gaeltachta faoi Acht na Gaeltachta 2012.
Le hAcht na Gaeltacht tá céim shuntasach tógtha chun dúshraith reachtúil chuí a bhunú ionas go mbeifear in ann déileáil ar bhealach níos éifeachtaí agus níos córasaí agus níos éifeachtaí ar chur i bhfeidhm na straitéise as seo amach. Cuireann Acht na Gaeltachta 2012 an chreatlach reachtúil ar fáil chun tabhairt faoi phróiseas pleanála teanga ar bhonn comhordaithe. Táthar ag súil go mbeidh an pobail an earnáil dheonach, an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach ag obair as lámha a chéile chun tacú lena cheile sna ceantair éagsúla a bheidh aitheanta faoin Acht. Is tríd pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú ag leibhéal an phobail a thugtar tacaíocht don Ghaeilge mar theanga an phobail agus teaghlaigh i gceantar Gaeltachta agus i gceantair eile taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá an próiseas pleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta 2012 á chur i bhfeidhm ag mo Roinn i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus le Foras na Gaeilge. Táthar ag tabhairt tús áite don 26 limistéir pleanála teanga Gaeltachta atá aitheanta chun críche an Achta. Foilsíodh na céad fhógraí faoin Acht i Mí na Nollag 2013 i gcás Chiarraí thiar, Cois Fharraige, Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Luch an Úir. Táthar ag súil go mbeidh 10 fógraí eile foilsithe i mbliana agus go ndéanfar na fógraí eile ina dhiaidh sin. Ar ndóigh, tá Údarás na Gaeltachta freagrach faoin Acht as na tacaíocht a thabhairt do eagraíochtaí maidir le hullmhú agus le feidhmiú pleananna teanga sa limistéar pleanála teanga Gaeltachta.
Maidir leis na bailte seirbhíse Gaeltachta tá sé i gceist ag mo Roinn próiseas comhairliúcháin a reáchtáil i mbliana maidir le roghnú na mbailte is oiriúnaí le bheith aitheanta faoin Acht mar bhailte seirbhíse Gaeltachta. I gcás na líonraí Gaeilge tuigtear dom go bhfuil sé i gceist ag Foras na Gaeilge scéim na líonraí Gaeilge a fhógairt ag tús na bliana seo chugainn. Déanann mo Roinn líon leathan scéimeanna agus tionscnaimh agus bearta a reáchtáil ar bhonn leanúnach atá dírithe ar chúnamh reatha agus caipiteal a chur ar fáil do thograí teanga láraithe taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht.
Is faoi scáth Clár Tacaíochta Teaghlaigh mo Roinne a sheol mé i Mí Aibreáin 2012 a bhíonn cuid mhaith de na scéimeanna seo á n-eagrú agus iad dírithe go sonrach ar theaghlaigh atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge go háirithe sa Ghaeltacht. I measc na mbearta faoi leith atá ar siúl tá an pacáiste tacaíocht teanga seolta chuig breis agus 2,000 teaghlach chun cabhair phraiticiúil a chur ar fáil dóibh ina gcuid iarrachtaí a bpáistí a thógáil le Gaeilge. Tá breis airgid curtha ar fáil agam chun forbairt a dhéanamh ar scéim na gcúntóirí teanga i mbunscoileanna Gaeltachta. Tá leasuithe déanta ar scéim na gcampaí samhraidh le cur lena n-éifeacht sa Ghaeltacht agus tá bearta faoi leith atá dírithe go sonrach ar aos óg na Gaeltachta maoinithe ag mo Roinn.
Ag cur san áireamh gurb iad na blianta tosaigh i saol an pháiste na cinn is tábhachtaí ó thaobh sealbhaithe agus saibhrithe na teanga de, is fiú go mór treisiú a dhéanamh ar an obair fhónta atá ar bun sa réimse seo sa Ghaeltacht le go mbeidh cúnamh breise ar fáil do theaghlaigh Gaeltachta atá ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge.
Chuige sin, is údar áthais dom a chur in iúl don teach inniu go bhfuil mé ag fógairt scéim nua inniu dar teideal an Scéim Seirbhísí Réamhscoile agus Iarscoile. Tá sé mar fheidhm ag an scéim tacú le teaghlaigh Gaeltachta chun a bpáistí a thógáil le Gaeilge.

Tá €120 míle curtha ar fáil don scéim nua seo atá ag teacht as an allúntas ar leith atá ag mo Roinn don Straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Faoin scéim, cuirfear conradh reatha gur fiú suas le €15 míle in aghaidh na bliana ar fáil do na hionaid tacaíocht teaghlaigh agus do ionad cúram leanaí atá lonnaithe sa Ghaeltacht chun cuidiú dóibh gníomhaíochtaí breise faoi leith a reáchtáil a bheidh mar fheidhm acu deiseanna breise sealbhaíochta agus saibhrithe teanga a chur ar fáil do na teaghlaigh Gaeltachta. Is faoi Chlár Tacaíochta Teaghlaigh mo Roinne, a bhí an scéim seo á reáchtáil agus í mar chuid de chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus an phróiseas pleanála teanga faoi Acht na Gaeltacht 2012.

Táim an-shásta a Chathaoirligh, a bheith in ann an scéim nua seo a fhógairt inniu. Cabhróidh an scéim go mór le dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann lena chinntiú go dtéann an Ghaeilge ar aghaidh go bisiúil mar theanga bheo ó ghlúin go glúin sa Ghaeltacht. Luíonn an scéim go rathúil leis an obair dheonach atá ar bun i réimsí na réamhscolaíochta ag a leithéidí Comhar Naíonraí na Gaeltachta.

Aithnímid ar ndóigh, go bhfuil go bhfuil go leor le déanamh faoin straitéis. Ach is trua liom a Chathaoirligh, go ndéantar beag is fiú den obair fhiúntach agus dáiríre atá ar siúil ar fud an Stát Chórais agus go leor den tráchtaireacht atá déanta ar an Straitéis le tamaill anuas. Tugann an Straitéis an chreatlach pholasaí do na páirtithe leasmhara éagsúla idir an Stát agus an pobal chun obair as lámha a chéile ar bhonn comhpháirtíochta chun fheidhmeanna fiúntacha a bhaint amach ar bhonn céimneach. Sa chomhthéacs seo, tá súil agam gur féidir le baill Thithe an Oireachtais comhoibriú ar bhonn traspháirtí chun treoir agus dea-shampla a thabhairt maidir leis an cheist thábhachtach seo.

Ba mhaith liom a Chathaoirligh cúpla focal a rá anois maidir le ceann de na héilimh atá tagtha chun cinn ar na mallaibh maidir le ceart lucht labhartha na Gaeilge. Is é sin an gá atá le níos mó daoine le Gaeilge líofa a fhostú, chun gur féidir leis an Státchóras freastal níos fearr a dhéanamh ar riachtanais teanga pobail na Gaeltachta ach go háirithe. Is fheidhm lárnach pholasaí de chuid an Rialtais é úsáid na Gaeilge a threisiú agus tá sé ina ghné thábhachtach den pholasaí sin go mbeidh baill foirne atá inniúil sa Ghaeilge ar fáil sa Státchóras. Ar ndóigh, tá an cheist maidir le cumas comhaltaí poiblí seirbhísí a sholáthair trí Ghaeilge agus ceist na hearcaíochta sa Státchóras fite fuaite lena chéile.

Mar thoradh ar chinneadh a thóg an Rialtas sa mhí Dheireadh Fómhair 2013 chun cumas na Gaeilge sa Státseirbhís a threisiú tá an Roinn Caiteachas Poiblí agus Athchóirithe ag iarraidh ar Ranna Rialtais agus ar Oifigí Rialtais sainaithint a dhéanamh ar phoist agus ar réimsí oibre ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge mar chuid den phróiseas pleanála teanga don nós oibre. Táthar ag iarraidh ar Ranna aird ar leith a thabhairt ar phoist faoi leith atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta nó a dhéanann freastal ar cheantair Ghaeltachta. Beidh an próiseas seo lárnach chun a chinntiú go ndéanfar foráil dhóthanach i gcomórtas earcaíochta amach anseo do cheapacháin i bpoist ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge.

Ina theannta sin, sonrófar na poist sin ina dteastaíonn Gaeilge ina scéimeanna teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 amach anseo. Mar chéad chéim sa phróiseas seo, cuirfear na socruithe nua i bhfeidhm don Chomórtas earcaíochta do Oifigigh Feidhmiúcháin. Tá sé beartaithe fo-pháinéal do dhaoine atá inniúil sa Ghaeilge a chruthú ar a bheidh 6% de líon an phainéil; iomlán air.

Chomh maith leis na beartais seo, tá comhaontú seirbhíse sínithe ag mo Roinn leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, chun oiliúint sa Ghaeilge agus tástáil inniúlachta do sholáthair an Stát sheirbhís do ghníomhaíochtaí poiblí ar leith. Is comhartha dóchais é, go bhfuil ó mhí na Samhna 2011 i leith os cionn 300 seirbhíseach poiblí atá tar éis páirt a ghlacadh i gcúrsaí oiliúna atá eagraithe ag an gcomhlacht oiliúna Gaelchúltúr, a bhfuil Conradh acu le Foras na Gaeilge chun cúrsaí oiliúna a sholáthair don tseirbhís phoiblí.

Tá an t-athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 críochnaithe anois agus cuirfear na dréacht chinn den Bhille chun an tAcht a leasú faoi bhráid an Rialtais go luath. Tá sé i gceist na dreacht chinn de Bhille a chur faoi bhráid an Choiste um Chomhshaoil, Cultúir agus an Ghaeltacht agus iad a fhoilsiú ar shuíomh idirlín mo Roinne i dteannta le torthaí an phróisis comhairliúcháin chomh luath agus atá an cead an Rialtais faighte chuige sin.

Agus an Coimisinéir Teanga úr, an tUasal Ronán Ó Domhnaill ar tí a shéala a fháil ón Uachtarán mar a tharlaíonn sé inniu. Ba dheas liom gach rath a ghuí air ina chuid oibre.

A Chathaoirligh, mar fhocal scoir, ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl arís as an deis a fháil léargas a thabhairt don tSeanad ar an méid atá ar siúl faoi láthair chun fheidhmeanna na Straitéise 20 bliain a bhaint amach. Is gnéithe fíor thábhachtach í an Ghaeilge den Oidhreacht agus den Ghaeltacht agus is onóir agus is pribhléid domsa an deis a fháil mo cheann féin a dhéanamh mar Aire Stáit sa Rialtas seo chun tacú le caomhnú agus le forbairt na hoidhreachta sin. Aithním agus tuigim go maith gur ag obair i gcomhairle le chéile is fearr a bhainimid torthaí fónta amach chun an oidhreacht bheo seo a thabhairt ar aghaidh slán don chéad ghlúin eile. Cé go bhfuil an Rialtas tiomanta gach a dhéanamh laistigh dá chumhachtaí chun an Ghaeilge a chur chun cinn, tá todhchaí na teanga, nuair atá an deireadh ráite ag brath go príomha ar an bpobal féin. Tá a fhios againn go bhfuil tromlach an phobail dearfach i leith na teanga. Tá orainn timpeallacht a chothú ina mbraitheann daoine muiníneach chun a gcuid Gaeilge a úsáid, is Cuma cén leibhéal cumais atá acu inti. Tá sé riachtanach go leanfar ag baint leas as an teanga mar theanga pobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht agus go gcuirfear an teanga chun cinn ar bhonn níos forleithne taobh amuigh den Ghaeltacht, mar atá luaite in san Straitéis 20 Bliain agus ag deireadh an lae mar a deir an seanfhocal is beatha teanga í a labhairt agus arís bheirim buíochas libh as bhur n-éisteacht.

11:55 am

An Leas-Cathaoirleach:

Go raibh maith agat. An Seanadóir Labhrás Ó Murchú, tá ocht nóiméad agat.

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go raibh maith agat, a Leas-Chathaoirligh, agus tá fáilte romhat a Aire anseo inniu agus tá an-áthas orm freisin go bhfuil an díospóireacht seo ag tarlú agus tá sé thar a bheith suimiúil go bhfuil díospóireacht ag siúl ar feadh tamaill fada le déanaí maidir leis an Ghaeilge. Ní hamháin san Oireachtas ach lasmuigh ar na sráideanna, ar shráideanna Bhaile Átha Cliath, Béal Feirste, Conamara agus áiteanna eile. Tá an díospóireacht ar siúl chomh maith in sna meáin chumarsáide, rud a chruthaíonn go bhfuil an Ghaeilge bheo go bhfuil grá ann don Ghaeilge agus go bhfuil daoine thar a bheith dáiríre maidir leis an Ghaeilge freisin.

An tábhachtach is mó a bhaineann le Straitéis na Gaeilge, ná go raibh an-réamh ullmhúchán déanta, go raibh an-chóras comhairliúchán ann le cinntiú go raibh seans ag gach duine tuiscint a bheith acu ar cad a bheadh in san straitéis féin. Chomh maith leis sin is dócha, bhí gach páirtí ar thaobh na Straitéise agus bhí sé sin tábhachtach freisin mar ní le haon pháirtí an Ghaeilge is le pobal na tíre an Ghaeilge sin mar atá sé agus chomh maith leis sin is dócha bhí géar gá le taispeáint go rabhamar dáiríre maidir le cur chun cinn na Gaeilge. Go mór mhór go mbeadh na seirbhísí chuí ann maidir le húsáid na Gaeilge agus tá sé sin an-shoiléir in san straitéis féin.

Tá sé tábhachtach is dócha a aithint go bhfuil Seachtain na Gaeilge ar siúl i láthair na huaire agus nuair a thosaigh Seachtain na Gaeilge i dtosach bhí sé beag agus b’fhéidir go raibh sé lag. Ach má fhéachann tú ar Seachtain na Gaeilge anois, tá sé amuigh i measc an phobail tá sé i ngach cuimhne. Fiú amháin tá sé thíos in san seomra bhia san Oireachtas don tseachtain ar fad. Taispeánann sé sin cad díreach is féidir a dhéanamh má tá daoine dírithe ar cad go díreach atá ag teastáil uathu. Tá sí le clos ar an raidió ar an teilifís tá daoine mórálach as an Ghaeilge agus caithfimid tréaslú leis na daoine óga a bhí chun tosaigh le Seachtain na Gaeilge a bhunú. Níl aon cheist anois ach go bhfuil níos mó dea-thola ann anois don Ghaeilge ná mar a bhí in sna caogaidí, na seascaidí nó fiú na seachtóidí tá an dea-thoil ann. Ach bhí mé ag éisteacht leis an Aire ar maidin bhí sé ag labhairt ag ócáid eile maidir le stádas na Gaeilge lasmuigh den tír agus caithfidh mé a rá gur chuaigh an óráid go mór i bhfeidhm orm. Bhí sé spreagúil agus bheadh sé an-deacair na fíricí a chur sé amach ar maidin a shéanadh. Na bun rudaí féin, conas is féidir le duine freastal ar scoil ar feadh ceithre bliana déag de bheith ag foghlaim na Gaeilge gach uile lá agus gan a bheith in ann nó gan an muinín a bheith aige nó aici an Ghaeilge a labhairt sin buncheist atá an-thábhachtach.

Bhí sé spreagúil agus bheadh sé an-deacair na fíricí a chur sé amach ar maidin a shéanadh, na bun rudaí féin. Conas is féidir le duine freastal ar scoil ar feadh ceithre bliana déag, bheith ag foghlaim na Gaeilge gach uile lá agus gan a bheith in ann nó gan an muinín a bheith aige nó aici an Ghaeilge a labhairt sin buncheist tá sí an-thábhachtach. Do labhair sé faoi an dúshlán a bhí ann don Ghaeltacht. Ní bheadh sé cóir ná cheart é sin a shéanadh, mar tá sé fíor. Tá dúshlán ann don Ghaeltacht agus más rud é go dteipfidh ar an Ghaeltacht, is féidir glacadh leis go dteipfidh ar chur chun cinn na Gaeilge. Agus tá sé tábhachtach dúinne a bheith ag caint faoi na rudaí sin. Conas is féidir na rudaí sin a fheabhsú agus a cheartú, sin na bun rudaí go gcaithfimid a bheith ag caint faoi.

Tugaim faoi ndearadh anseo sa teach seo na daoine a labhraíonn Gaeilge liomsa tá an-áthas ormsa go bhfuil roinnt mhaith daoine a labhraíonn Gaeilge anseo gach lá in san teach seo. Ní duine nó beirt ach b’fhéidir go bhfuil dáréag ar fad a labhraíonn Gaeilge. Is ionainn é sin agus a rá go bhfuil an timpeallacht anseo fabhrach don Ghaeilge agus caithfimid féachaint ar na samplaí, conas mar a tharlaíonn sé sin.

Tá na mór cheisteanna ann níl aon amhras. Is trua gur tharla an conspóid mar gheall ar an gcoimisinéir, duine macánta ab ea Sean Ó Cuirreáin. Ní raibh sé ag iarraidh a bheith pearsanta.Jjust bhí sé ag taispeáint nach bhfuil an státchóras ag déanach go leor, maidir le Straitéis. Now, tá fhios againn go léir go bhfuil sé sin fíor. Bíonn leisce orm go minic labhairt le duine mar shampla sa Roinn Oideachais. Mar ní thugaim faoi deara go bhfuil siad mar a déarfá, ag tabhairt cuiridh dom labhairt na Gaeilge nó ag tabhairt cuiridh dom labhairt na Gaeilge. Ach suimiúil go leor is a mhalairt atá ann leis na Revenue Commissioners leis na Coimisinéirí Ioncaim déanaim mo ghnó i gcónaí trí Ghaeilge leo siúd agus tá siad ar fheabhas, ar fheabhas. So, conas is féidir leis na Coimisinéirí Ioncam é a dhéanamh agus fios maith agat ma chuireann tú glaoch agus má bhíonn seirbhísí as Gaeilge ag teastáil tá sé ann. Ba chóir go mbeadh sé díreach mar in gceanna leis na Ranna Stáit agus leis na comhlachtaí poiblí ar fad, sin atá i gceist sa Straitéis.

Más rud é go bhfuil laigeacht ann agus go bhfuil easpa ann maidir le foireann nó aon rud, caithfimid tabhairt faoi sin go práinneach, go bunúsach agus caithfimid a bheith cinnte, ní hamháin go bhfuil riail sa Straitéis nó sa reachtaíocht ach caithfimid a bheith sásta go bhfuil na daoine seo báúil agus go bhfuil siad sásta seirbhís iomlán, croíúil a tabhairt dúinn trí Ghaeilge. Sin iad na buncheisteanna go gcaithfimid a fhreagairt. Ní thugaim féin faoi deara aon naimhdeachas faoi deara anois faoin Ghaeilge.

Fiú amháin na litreacha a thagann, a bhí in sna páipéir nuair a bhí na conspóidí ar siúl agus na léirsithe ar siúl. Ní raibh mórán daoibh ann i gcomparáid leis na seascaidí agus cuid de na litreacha sin a bhí i gcoinne na Gaeilge caithfimid a rá ní dóigh liom go gcuirfidís eagla ar aon duine. Tromlach des na daoine tuigeann siad nach bhfuil aon teanga chomh breá, chomh healaíonta, chomh stairiúil leis an Ghaeilge. Téann sí siar i bhfad, tá litríocht iontach ann sa Ghaeilge agus gach uile duine lasmuigh den tír seo, bíonn áthas orthu a chlos go bhfuil ár dteanga féin againn Sin na fíricí agus na mór ceisteanna a thagann chun tosaigh in sna díospóireachtaí anseo, in sna Coistí Oireachtais agus mar sin. Caithfimid dar ndóigh iad sin a phlé, ach caithfimid teacht thar nais go dtí na bun deacrachtaí agus na buncheisteanna. Agus mar chríoch caithfidh mé é seo a rá. Is beag rud a thug spreagadh domsa le tamaill anuas ná na daoine óga a bheith chun tosaigh maidir le chur chun cinn na Gaeilge. Daoine breátha iad, daoine cumasacha iad , daoine le hoideachas iad. So mar sin bá chóir dúinn inniu, níl me chun dul isteach ins na mórcheisteanna, mar is ceiliúradh atá ar siúl le Seachtain na Gaeilge agus caithfimid díriú ar an gceiliúradh. Tá an Ghaeilge bheo. Tá sí bríomhar in ana-chuid áiteanna tá grá ann don Gaeilge, tá an-chuid imeachtaí ann trí Ghaeilge. Tá daoine dar ndóigh ag fanacht le freagra ar cheisteanna áirithe, ach seo Seachtain na Gaeilge ceiliúradh don Ghaeilge, ceiliúradh dar bhféiniúlacht náisiúnta, ceiliúradh dár chine agus go mór mhór le bheith cinnte go bhfuilimid dílis don traidisiúin a sheas linn agus a chabhraigh linn ar feadh na céadta agus na mílte bliain. Go raibh maith agat a Aire agus go raibh maith agat, a Leas-Chathaoirligh.

12:05 pm

Photo of Terry BrennanTerry Brennan (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go raibh maith agat, a Leas-Chathaoirligh.

Ar dtús báire ba mhaith liomsa, agus tá áthas ormsa fáilte a chuir romhat, a Aire, go dtí an tSeanaid.Bíonn tú anseo linn go minic agus molaim thú an tseachtain atá inniu ann, “Seachtain na Gaeilge”. Bhí tú anseo linn an bhliain seo caite, sa seachtain céanna.

A Aire, mar a dúirt mé cheana sa Seanad, nuair a bhí mise i scoil náisiúnta i gCáirlinn, Contae Lú, cúpla bliain ó shin nó mar sin bhí gach buachaill agus gach cailín ábalta a theanga féin a labhairt go flúirseach. Gach aon duine ábalta a theanga féin a labhairt go flúirseach. Bhí an-suim ag an múinteoir, na múinteoirí a bhí agam ar ár teanga féin. D’fhoghlaim mé Stair, Tír Eolas, Matamaitic gach rud, gach rud trí Ghaeilge ó rang a dó go dtí rang a sé gach aon rud ach amháin an Béarla. Sin mar a bhí sé sna scoileanna náisiúnta a bhí i mo cheantar. Bhí cúig scoileanna náisiúnta sa cheantar agus sin mar a bhí sé i ngach scoil i mo cheantar féin. Áfach, a Aire ní mar atá sé anois i mo cheantar féin. Ceapaim nach bhfuil an locht ar na múinteoirí go léir caithfimid agus na múinteoirí béim níos mó a chur ar, níl mé ábalta mo scríbhneoireacht a léamh béim níos mó a chur ar na bun-chlocha ár teanga sna scoileanna náisiúnta. Béim níos mó ar na hainmfhocail, na haidiachtaí, na briathra, an aimsir chaite, an aimsir láithreach, an modh coinníollach, níl siad acu.

Tá triúr gar phaistí agam, ceann amháin i scoil náisiúnta, duine eile sa mheánscoil. Níl siad ábaltalabhairt abairt amháin, a verb, a noun, a pronoun, an adjective. Níl siad, níl siad, tá mise ag déanamh iarrachta iad a mhúineadh na briathra na rudaí simplí, níl siad acu. Muna mbíonn na bunúsachtaí ag na páistí óga ag na páistí ag fágáil na scoileanna náisiúnta muna mbíonn siad acu beidh siad an- lag i nGaeilge ag dul go dtí na meánscoileanna beidh siad an-lag agus go minic, go minic caileann siad a teanga féin. Caileann siad ní bhíonn áthas orthu a theanga féin a labhairt. It’s not fun for them to speak their own language.

Tá brón orm é sin a rá sa Seanad an seachtain atá ann, an Seachtain na Gaeilge. Is é mo thuairimse nach bhfuil an cuid is mo de na páistí ábalta abairt a chur le chéile.

Go minic sa Teach seo, go minic sa Teach seo, bíonn cuairteoirí ó scoileanna ó ar fud na tíre. Uaireanta tosaím ag caint leo. "Cad as sibh? Cá cónaíonn tú? Cén scoil a bhfuil tú? Cad é an rang?" Féachann siad orm agus na súile oscailte, mar sin. Uaireanta an múinteoir iarann siad ar Oliver nó Traolach caint liom i nGaeilge cúpla focal. Ní féidir leo freagra a thabhairt dom nuair a chuirim ceist orthu, anois is arís sa Teach seo creid é nó ná creid a Aire. Sin mar a bhíonn siad liomsa.

Tá Gaeilge an-mhaith ag an cuid is mó de na Seanadóirí sa teach seo Labhrás agus iad sin. Caithfimid a rá nach bhfuilimid go léir chomh maith ag labhairt le Seanadóir Ó Murchú agus Seanadóir Ó Clochartaigh. Níl mise abalta caint chomh maith leo ach táim ag déanamh iarrachta gach lá is féidir liom. Ach is é mo thuairim go bhfuil oibleagáid orainn go léir cúpla focal a rá le chéile mar a dúirt Lábhrás chomh minic agus is féidir linn sa teach seo agus a bheith bródúil as ár teanga. Ní bheidh mé ró-fhada, tá mé críochnaithe.

Scéal beag a Aire, cúpla seachtain ó shin taobh amuigh den teach seo taobh amuigh ar an sráid chonaic visitor cuairteoir ó na Sáit Aontaithe mo fáinne airgid an fáinne óir i mo chóta agus thosaigh sé ag caint liom. Bhí áthas an domhain orm, duine a rugadh agus a tógadh suas i Nua Eabhrac beagnach seasca bliain d’aois agus d’iarr mé air, how are you able to speak so good of Irish agus dúirt sé liom gur duine a imigh thar sáile ó Chontae na Gaillimhe beagnach 20 bliain ó shin agus thosaigh sé ag cónaí ina aice comharsa dó agus d’fhoghlaim sé an Ghaeilge ón fear sin. Fear a bhí ar scoil roimh mé féin, bhí múinteoir aige, bhí an Ghaeilge go flúirseach agus thosaigh fear ó Nua Eabhrac ag caint liom taobh amuigh den Teach seo bhí mé an-bhródúil. Go raibh maith agat a Leas-Chathaoirligh.

12:15 pm

Photo of Fiach MacConghailFiach MacConghail (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit.

Photo of Denis O'DonovanDenis O'Donovan (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl ach fiche nóiméad fágtha.

Photo of Fiach MacConghailFiach MacConghail (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Fiche nóiméad agamsa, a Leas Chathaoirligh? Níl mé ach ag magadh.

Photo of Denis O'DonovanDenis O'Donovan (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá daoine anseo nach féidir leo caint mar tá ach fiche nóiméad fágtha.

Photo of Fiach MacConghailFiach MacConghail (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cé méid nóiméad atá agam?

Photo of Denis O'DonovanDenis O'Donovan (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ocht nóiméad.

Photo of Fiach MacConghailFiach MacConghail (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhuel, ní úsáidfidh mé an ocht nóiméad. Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit agus fáilte roimh agus muid ag comóradh agus ag ceiliúradh Seachtain na Gaeilge. Go minic, is dócha bíonn sé ina raic eadrainn ar fad agus muid ag plé cúrsaí na Gaeilge agus cúrsaí na Gaeltachta ach rud amháin a dhearfaidh mé fút a Aire is breá liom do phaisean agus is breá an tslí go n-insíonn tú an fhírinne agus go minic téann tú ar ais ag caint faoi do am i do mhúinteoir agus do am i do Ghaeltacht fhéinig. Agus an caint a thug tú ar maidin aontaím leis an Seanadóir Ó Murchú, an caint a thug tú ar maidin faoi an fhírinne maidir le labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht an géarchéim é sin. Is rud tábhachtach é sin a luadh agus a ath-luadh mar tá géarchéim mhór ann ní saghas luxury atá againn maidir leis an Ghaeilge is cuid dar saol é. Is cuid dar DNA atá ann, níl fhios agam cad é an Ghaeilge atá ar DNA agus an bhfuil fhios agat táim anseo ag labhairt i nGaeilge toisc mo thuismitheoirí, Beirt as Baile Átha Cliath a chinneadh mé a thógáil le Ghaeilge i mBaile Átha Cliath tríd an Oideachas nó Ghaelscolaíocht oideachais san ard chathair agus ba mhaith liom mar a deirféar mo bhuíochas a ghabhail leo. Mar is sa teaghlach a thosaíonn moladh agus meas na Gaeilge agus go háirithe don Ghaeltacht chomh maith.

Mar sin, cuirim fáilte roimh an Aire Stáit go dtí an Teach agus muid ag díospóireacht Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge mar le saoránach is tuismitheoir cuireann sé i gcónaí ísle brí orm agus muid ag déanamh mo dhíchill mo chearta daonna a choimeád agus a láidriú, go háirithe maidir le labhairt na Gaeilge. Molann an Óige agus tiocfaidh sí agus is minic a chuala mé an tAire ag díospóireacht go fireannach faoi staid labhartha na Gaeilge agus go háirithe sa Ghaeltacht mar a dúirt mé leat ar maidin. Is i laige atá an Ghaeilge i gcónaí ag dul agus is ollmhór an jab atá aige, agatsa a Aire agus againne ar fad iarracht an Ghaeilge a threisiú go práinneach. Ar bhealach tá muid nó b’fhéidir mise ró-bhéasach faoi an umar na haimléise seo. Tá meas ag formhór pobail na tíre ar an Ghaeilge ach an éiríonn leis an mheas sin aon dul chun cinn a dhéanamh agus a chuidíonn le slánú na Gaeilge. Ní dóigh liom é. Chuir sé gliondar orm go raibh suas le 10,000 duine páirteach i lá mór na Gaeilge coicís ó shin. Molaim na sluaite a tháinig ón Ghaeltacht agus ón Ghalltacht chun a bhá agus a dtacaíocht a thabhairt don Ghaeilge. Is cuimhin mo mhuintir féin fadó ag caint faoi eachtra scoil Dhún Caoin nuair déanadh iarracht slaod a dhéanamh ar phobal na Gaeltachta agus an scoil sin a dhúnadh i gceart lár Chorca Dhuibhne. Tháinig brú agus gluaiseacht as sin a chur brú ar an Rialtas an scoil a choimeád ar oscailt agus bhí Rialtas Fhine Gael ansin agus páirtí an Lucht Oibre a choimeád an scoil sin ar oscailt i 1974. Chaith mé féin ráithe sa scoil sin agus chuir sé go mór leo mo dhíograis agus mo dhílseacht don Ghaeltacht agus mé ag plé agus ag caint le muintir an Bhlascaod a bhí beo ag an am agus an choimhlint a bhí idir muintir an Bhlaoscaod agus muintir Dhún Caoin ag an am. D’fhéadfá an difríocht a dhéanamh idir Gaeltacht nó d’fhéadfá aithint an difríocht chanúint idir Ghaeltacht an Bhlascaod agus Gaeltacht Dhún Caoin cé nach raibh ann ach tréimhse 3 mhíle farraige ina measc.

Chuir lá mór na Gaeilge é sin ar fad i gcuimhne dom agus an difríocht anois ná go bhfuil Aire againn go bhfuil paisean aige agus go bhfuil bríomhar ag baint leis agus is féidir leatsa rud éigin a dhéanamh nó tacaíocht a thabhairt do slánú na Gaeilge.

Is í an Ghaeltacht ar dtús bun agus barr réiteach na géarchéime seo . Níl aon dabht faoi sin. Tá sí ag fáil bháis ar bhealach agus ní maith liom easaontú ar bhealach leis an Seanadóir Ó Murchú agus muid i seachtain na ceiliúradh seo ach is gá dúinn chomh maith a bheith fireannach faoin géarchéim seo. Agus is cuimhin liom féinig fiche bliain ó shin nuair a bhí mo iníon ar scoil i gConamara bhí sí i rang na naíonán bheaga nó naíonán shóisearach mar a ghlaotar anois uirthi agus bhí sí mar cheann den mhionlach go raibh an Ghaeilge mar theanga baile aici agus ba é sin fiche bliain ó shin. Níor mhaith liom an scoil lua agus bhí sí i gceart lár Gaeltacht Chonamara agus ba é sin fiche bliain ó shin. So níl fhios agam conas atá ag eirí leis anois ach tá an Ghaeilge mar a déarfá ag creimeadh i measc teaghlaigh Gaeltachta agus luaigh tú é sin maidir le do Ghaeltacht fhéinig a Aire agus muid ag plé ar maidin.

So gan aon dabht, le go mbeadh aon seans ag sábháil na Gaeilge, tá gearga don Státchóras tacaíocht den scoth a thabhairt do lucht na Gaeltachta ar dtús báire agus lucht na Gaeilge ansin ar fud na tíre. Mar phrionsabail aontaím le Straitéis 20 Bliain. Mar phrionsabail aontaím le Straitéis 20 Bliain ach ar nós aon straitéis nó plean is gá iniúchadh rialta agus córas monatóireachta a bheith soiléir, neamhspleách agus reatha. Ní dóigh liom in aon chor gur féidir linn brath ar aon Státchóras nó brath ar Státseirbhísigh amháin leis an scrúdú nó an monatóireacht seo a dhéanamh orthu féinig.

Fáiltím dar ndóigh roimh ainmniúchán Ronán Ó Domhnaill agus guím gach aon rath air agus tá sé go maith go ndeachaigh sé go dtí Áras an Uachtaráin inniu lena shéala, leis an Uachtarán bronnadh a shéala air.