Seanad debates

Wednesday, 12 March 2014

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: Statements

 

11:55 am

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail) | Oireachtas source

Go raibh maith agat, a Leas-Chathaoirligh, agus tá fáilte romhat a Aire anseo inniu agus tá an-áthas orm freisin go bhfuil an díospóireacht seo ag tarlú agus tá sé thar a bheith suimiúil go bhfuil díospóireacht ag siúl ar feadh tamaill fada le déanaí maidir leis an Ghaeilge. Ní hamháin san Oireachtas ach lasmuigh ar na sráideanna, ar shráideanna Bhaile Átha Cliath, Béal Feirste, Conamara agus áiteanna eile. Tá an díospóireacht ar siúl chomh maith in sna meáin chumarsáide, rud a chruthaíonn go bhfuil an Ghaeilge bheo go bhfuil grá ann don Ghaeilge agus go bhfuil daoine thar a bheith dáiríre maidir leis an Ghaeilge freisin.

An tábhachtach is mó a bhaineann le Straitéis na Gaeilge, ná go raibh an-réamh ullmhúchán déanta, go raibh an-chóras comhairliúchán ann le cinntiú go raibh seans ag gach duine tuiscint a bheith acu ar cad a bheadh in san straitéis féin. Chomh maith leis sin is dócha, bhí gach páirtí ar thaobh na Straitéise agus bhí sé sin tábhachtach freisin mar ní le haon pháirtí an Ghaeilge is le pobal na tíre an Ghaeilge sin mar atá sé agus chomh maith leis sin is dócha bhí géar gá le taispeáint go rabhamar dáiríre maidir le cur chun cinn na Gaeilge. Go mór mhór go mbeadh na seirbhísí chuí ann maidir le húsáid na Gaeilge agus tá sé sin an-shoiléir in san straitéis féin.

Tá sé tábhachtach is dócha a aithint go bhfuil Seachtain na Gaeilge ar siúl i láthair na huaire agus nuair a thosaigh Seachtain na Gaeilge i dtosach bhí sé beag agus b’fhéidir go raibh sé lag. Ach má fhéachann tú ar Seachtain na Gaeilge anois, tá sé amuigh i measc an phobail tá sé i ngach cuimhne. Fiú amháin tá sé thíos in san seomra bhia san Oireachtas don tseachtain ar fad. Taispeánann sé sin cad díreach is féidir a dhéanamh má tá daoine dírithe ar cad go díreach atá ag teastáil uathu. Tá sí le clos ar an raidió ar an teilifís tá daoine mórálach as an Ghaeilge agus caithfimid tréaslú leis na daoine óga a bhí chun tosaigh le Seachtain na Gaeilge a bhunú. Níl aon cheist anois ach go bhfuil níos mó dea-thola ann anois don Ghaeilge ná mar a bhí in sna caogaidí, na seascaidí nó fiú na seachtóidí tá an dea-thoil ann. Ach bhí mé ag éisteacht leis an Aire ar maidin bhí sé ag labhairt ag ócáid eile maidir le stádas na Gaeilge lasmuigh den tír agus caithfidh mé a rá gur chuaigh an óráid go mór i bhfeidhm orm. Bhí sé spreagúil agus bheadh sé an-deacair na fíricí a chur sé amach ar maidin a shéanadh. Na bun rudaí féin, conas is féidir le duine freastal ar scoil ar feadh ceithre bliana déag de bheith ag foghlaim na Gaeilge gach uile lá agus gan a bheith in ann nó gan an muinín a bheith aige nó aici an Ghaeilge a labhairt sin buncheist atá an-thábhachtach.

Bhí sé spreagúil agus bheadh sé an-deacair na fíricí a chur sé amach ar maidin a shéanadh, na bun rudaí féin. Conas is féidir le duine freastal ar scoil ar feadh ceithre bliana déag, bheith ag foghlaim na Gaeilge gach uile lá agus gan a bheith in ann nó gan an muinín a bheith aige nó aici an Ghaeilge a labhairt sin buncheist tá sí an-thábhachtach. Do labhair sé faoi an dúshlán a bhí ann don Ghaeltacht. Ní bheadh sé cóir ná cheart é sin a shéanadh, mar tá sé fíor. Tá dúshlán ann don Ghaeltacht agus más rud é go dteipfidh ar an Ghaeltacht, is féidir glacadh leis go dteipfidh ar chur chun cinn na Gaeilge. Agus tá sé tábhachtach dúinne a bheith ag caint faoi na rudaí sin. Conas is féidir na rudaí sin a fheabhsú agus a cheartú, sin na bun rudaí go gcaithfimid a bheith ag caint faoi.

Tugaim faoi ndearadh anseo sa teach seo na daoine a labhraíonn Gaeilge liomsa tá an-áthas ormsa go bhfuil roinnt mhaith daoine a labhraíonn Gaeilge anseo gach lá in san teach seo. Ní duine nó beirt ach b’fhéidir go bhfuil dáréag ar fad a labhraíonn Gaeilge. Is ionainn é sin agus a rá go bhfuil an timpeallacht anseo fabhrach don Ghaeilge agus caithfimid féachaint ar na samplaí, conas mar a tharlaíonn sé sin.

Tá na mór cheisteanna ann níl aon amhras. Is trua gur tharla an conspóid mar gheall ar an gcoimisinéir, duine macánta ab ea Sean Ó Cuirreáin. Ní raibh sé ag iarraidh a bheith pearsanta.Jjust bhí sé ag taispeáint nach bhfuil an státchóras ag déanach go leor, maidir le Straitéis. Now, tá fhios againn go léir go bhfuil sé sin fíor. Bíonn leisce orm go minic labhairt le duine mar shampla sa Roinn Oideachais. Mar ní thugaim faoi deara go bhfuil siad mar a déarfá, ag tabhairt cuiridh dom labhairt na Gaeilge nó ag tabhairt cuiridh dom labhairt na Gaeilge. Ach suimiúil go leor is a mhalairt atá ann leis na Revenue Commissioners leis na Coimisinéirí Ioncaim déanaim mo ghnó i gcónaí trí Ghaeilge leo siúd agus tá siad ar fheabhas, ar fheabhas. So, conas is féidir leis na Coimisinéirí Ioncam é a dhéanamh agus fios maith agat ma chuireann tú glaoch agus má bhíonn seirbhísí as Gaeilge ag teastáil tá sé ann. Ba chóir go mbeadh sé díreach mar in gceanna leis na Ranna Stáit agus leis na comhlachtaí poiblí ar fad, sin atá i gceist sa Straitéis.

Más rud é go bhfuil laigeacht ann agus go bhfuil easpa ann maidir le foireann nó aon rud, caithfimid tabhairt faoi sin go práinneach, go bunúsach agus caithfimid a bheith cinnte, ní hamháin go bhfuil riail sa Straitéis nó sa reachtaíocht ach caithfimid a bheith sásta go bhfuil na daoine seo báúil agus go bhfuil siad sásta seirbhís iomlán, croíúil a tabhairt dúinn trí Ghaeilge. Sin iad na buncheisteanna go gcaithfimid a fhreagairt. Ní thugaim féin faoi deara aon naimhdeachas faoi deara anois faoin Ghaeilge.

Fiú amháin na litreacha a thagann, a bhí in sna páipéir nuair a bhí na conspóidí ar siúl agus na léirsithe ar siúl. Ní raibh mórán daoibh ann i gcomparáid leis na seascaidí agus cuid de na litreacha sin a bhí i gcoinne na Gaeilge caithfimid a rá ní dóigh liom go gcuirfidís eagla ar aon duine. Tromlach des na daoine tuigeann siad nach bhfuil aon teanga chomh breá, chomh healaíonta, chomh stairiúil leis an Ghaeilge. Téann sí siar i bhfad, tá litríocht iontach ann sa Ghaeilge agus gach uile duine lasmuigh den tír seo, bíonn áthas orthu a chlos go bhfuil ár dteanga féin againn Sin na fíricí agus na mór ceisteanna a thagann chun tosaigh in sna díospóireachtaí anseo, in sna Coistí Oireachtais agus mar sin. Caithfimid dar ndóigh iad sin a phlé, ach caithfimid teacht thar nais go dtí na bun deacrachtaí agus na buncheisteanna. Agus mar chríoch caithfidh mé é seo a rá. Is beag rud a thug spreagadh domsa le tamaill anuas ná na daoine óga a bheith chun tosaigh maidir le chur chun cinn na Gaeilge. Daoine breátha iad, daoine cumasacha iad , daoine le hoideachas iad. So mar sin bá chóir dúinn inniu, níl me chun dul isteach ins na mórcheisteanna, mar is ceiliúradh atá ar siúl le Seachtain na Gaeilge agus caithfimid díriú ar an gceiliúradh. Tá an Ghaeilge bheo. Tá sí bríomhar in ana-chuid áiteanna tá grá ann don Gaeilge, tá an-chuid imeachtaí ann trí Ghaeilge. Tá daoine dar ndóigh ag fanacht le freagra ar cheisteanna áirithe, ach seo Seachtain na Gaeilge ceiliúradh don Ghaeilge, ceiliúradh dar bhféiniúlacht náisiúnta, ceiliúradh dár chine agus go mór mhór le bheith cinnte go bhfuilimid dílis don traidisiúin a sheas linn agus a chabhraigh linn ar feadh na céadta agus na mílte bliain. Go raibh maith agat a Aire agus go raibh maith agat, a Leas-Chathaoirligh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.