Seanad debates

Wednesday, 12 March 2014

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: Statements

 

12:15 pm

Photo of Fiach MacConghailFiach MacConghail (Independent) | Oireachtas source

Bhuel, ní úsáidfidh mé an ocht nóiméad. Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit agus fáilte roimh agus muid ag comóradh agus ag ceiliúradh Seachtain na Gaeilge. Go minic, is dócha bíonn sé ina raic eadrainn ar fad agus muid ag plé cúrsaí na Gaeilge agus cúrsaí na Gaeltachta ach rud amháin a dhearfaidh mé fút a Aire is breá liom do phaisean agus is breá an tslí go n-insíonn tú an fhírinne agus go minic téann tú ar ais ag caint faoi do am i do mhúinteoir agus do am i do Ghaeltacht fhéinig. Agus an caint a thug tú ar maidin aontaím leis an Seanadóir Ó Murchú, an caint a thug tú ar maidin faoi an fhírinne maidir le labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht an géarchéim é sin. Is rud tábhachtach é sin a luadh agus a ath-luadh mar tá géarchéim mhór ann ní saghas luxury atá againn maidir leis an Ghaeilge is cuid dar saol é. Is cuid dar DNA atá ann, níl fhios agam cad é an Ghaeilge atá ar DNA agus an bhfuil fhios agat táim anseo ag labhairt i nGaeilge toisc mo thuismitheoirí, Beirt as Baile Átha Cliath a chinneadh mé a thógáil le Ghaeilge i mBaile Átha Cliath tríd an Oideachas nó Ghaelscolaíocht oideachais san ard chathair agus ba mhaith liom mar a deirféar mo bhuíochas a ghabhail leo. Mar is sa teaghlach a thosaíonn moladh agus meas na Gaeilge agus go háirithe don Ghaeltacht chomh maith.

Mar sin, cuirim fáilte roimh an Aire Stáit go dtí an Teach agus muid ag díospóireacht Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge mar le saoránach is tuismitheoir cuireann sé i gcónaí ísle brí orm agus muid ag déanamh mo dhíchill mo chearta daonna a choimeád agus a láidriú, go háirithe maidir le labhairt na Gaeilge. Molann an Óige agus tiocfaidh sí agus is minic a chuala mé an tAire ag díospóireacht go fireannach faoi staid labhartha na Gaeilge agus go háirithe sa Ghaeltacht mar a dúirt mé leat ar maidin. Is i laige atá an Ghaeilge i gcónaí ag dul agus is ollmhór an jab atá aige, agatsa a Aire agus againne ar fad iarracht an Ghaeilge a threisiú go práinneach. Ar bhealach tá muid nó b’fhéidir mise ró-bhéasach faoi an umar na haimléise seo. Tá meas ag formhór pobail na tíre ar an Ghaeilge ach an éiríonn leis an mheas sin aon dul chun cinn a dhéanamh agus a chuidíonn le slánú na Gaeilge. Ní dóigh liom é. Chuir sé gliondar orm go raibh suas le 10,000 duine páirteach i lá mór na Gaeilge coicís ó shin. Molaim na sluaite a tháinig ón Ghaeltacht agus ón Ghalltacht chun a bhá agus a dtacaíocht a thabhairt don Ghaeilge. Is cuimhin mo mhuintir féin fadó ag caint faoi eachtra scoil Dhún Caoin nuair déanadh iarracht slaod a dhéanamh ar phobal na Gaeltachta agus an scoil sin a dhúnadh i gceart lár Chorca Dhuibhne. Tháinig brú agus gluaiseacht as sin a chur brú ar an Rialtas an scoil a choimeád ar oscailt agus bhí Rialtas Fhine Gael ansin agus páirtí an Lucht Oibre a choimeád an scoil sin ar oscailt i 1974. Chaith mé féin ráithe sa scoil sin agus chuir sé go mór leo mo dhíograis agus mo dhílseacht don Ghaeltacht agus mé ag plé agus ag caint le muintir an Bhlascaod a bhí beo ag an am agus an choimhlint a bhí idir muintir an Bhlaoscaod agus muintir Dhún Caoin ag an am. D’fhéadfá an difríocht a dhéanamh idir Gaeltacht nó d’fhéadfá aithint an difríocht chanúint idir Ghaeltacht an Bhlascaod agus Gaeltacht Dhún Caoin cé nach raibh ann ach tréimhse 3 mhíle farraige ina measc.

Chuir lá mór na Gaeilge é sin ar fad i gcuimhne dom agus an difríocht anois ná go bhfuil Aire againn go bhfuil paisean aige agus go bhfuil bríomhar ag baint leis agus is féidir leatsa rud éigin a dhéanamh nó tacaíocht a thabhairt do slánú na Gaeilge.

Is í an Ghaeltacht ar dtús bun agus barr réiteach na géarchéime seo . Níl aon dabht faoi sin. Tá sí ag fáil bháis ar bhealach agus ní maith liom easaontú ar bhealach leis an Seanadóir Ó Murchú agus muid i seachtain na ceiliúradh seo ach is gá dúinn chomh maith a bheith fireannach faoin géarchéim seo. Agus is cuimhin liom féinig fiche bliain ó shin nuair a bhí mo iníon ar scoil i gConamara bhí sí i rang na naíonán bheaga nó naíonán shóisearach mar a ghlaotar anois uirthi agus bhí sí mar cheann den mhionlach go raibh an Ghaeilge mar theanga baile aici agus ba é sin fiche bliain ó shin. Níor mhaith liom an scoil lua agus bhí sí i gceart lár Gaeltacht Chonamara agus ba é sin fiche bliain ó shin. So níl fhios agam conas atá ag eirí leis anois ach tá an Ghaeilge mar a déarfá ag creimeadh i measc teaghlaigh Gaeltachta agus luaigh tú é sin maidir le do Ghaeltacht fhéinig a Aire agus muid ag plé ar maidin.

So gan aon dabht, le go mbeadh aon seans ag sábháil na Gaeilge, tá gearga don Státchóras tacaíocht den scoth a thabhairt do lucht na Gaeltachta ar dtús báire agus lucht na Gaeilge ansin ar fud na tíre. Mar phrionsabail aontaím le Straitéis 20 Bliain. Mar phrionsabail aontaím le Straitéis 20 Bliain ach ar nós aon straitéis nó plean is gá iniúchadh rialta agus córas monatóireachta a bheith soiléir, neamhspleách agus reatha. Ní dóigh liom in aon chor gur féidir linn brath ar aon Státchóras nó brath ar Státseirbhísigh amháin leis an scrúdú nó an monatóireacht seo a dhéanamh orthu féinig.

Fáiltím dar ndóigh roimh ainmniúchán Ronán Ó Domhnaill agus guím gach aon rath air agus tá sé go maith go ndeachaigh sé go dtí Áras an Uachtaráin inniu lena shéala, leis an Uachtarán bronnadh a shéala air.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.