Seanad debates

Wednesday, 12 March 2014

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: Statements

 

11:45 am

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá an Ghaeilge ar cheann de na hacmhainní is nádúrtha agus is luachmhara atá againn. Creideann an Rialtas go bhfuil tábhacht ag baint le pobail labhartha láidir Gaeilge agus Gaeltachta a chothú chun saibhreas oidhreachta na teanga a choinneáil beo agus a thabhairt slán don chéad ghlúin eile.
San aiteas seo tá sé i gceist agam léargas a thabhairt ar an obair atá ar bun ag an Rialtas seo chun leas na Gaeilge a chur chun cinn tríd an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm. Ní miste a mheabhrú dúinn féin go bhfuil iomaí dul chun cinn déanta le roinnt blianta anuas ó thaobh na teanga de lena n-áirítear bunú RTÉ Raidió na Gaeltachta, bunú TG4, achtú Acht na dTeangacha Oifigiúla agus Acht na Gaeltachta, bunú Oifig an Choimisinéir Teanga, Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta. An t-aitheantas don Ghaeilge faoin Chomhaontú Aoine an Chéasta i dTuaisceart Éireann agus tá an t-aitheantas don Ghaeilge mar theanga oifigiúil agus mar theanga oibre san Aontas Eorpach.
Ba mhaith liom anois díriú ar an Straitéis 20 Blain don Ghaeilge. Tá sé ráite i gClár an Rialtais go dtacóidh Rialtas leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus go ndéanfar spriocanna indéanta atá molta inti a sheachadadh. Mar is eol don Teach is ag mo Roinnse atá an fhreagracht ar a ghabhála an Straitéis a chomhordú agus a chur i bhfeidhm i gcomhar le réimse mhór de pháirtithe leasmhara. Aithnítear san Straitéis féin go bhfuil gá le cur chuige céimneach chun beartais na straitéise a chur i gcrích. I gcomhréir leis an gcur chuige seo. Tá dul chun cinn á dhéanamh maidir le raon leathan gníomhaíochtaí faoin Straitéis a chur i bhfeidhm de réir a chéile ar bhealach chórasach laistigh de na hacmhainní teoranta atá ar fáil. Mar chuid den phróiseas sin, d’fhoilsíodh na tuarascáil i Mí Iúil 2013 inar léiríodh an dul chun cinn foriomlán atá déanta maidir le feidhmiú na Straitéise le linn na tréimhse 2010-2013. Ina theannta sin, d’fhoilsigh na Ranna Rialtais ábhartha 11 acu san iomlán a gcuid pleananna forfheidhmithe faoin Straitéis ag an am chéanna. Dá bhrí sin, is léir domsa go bhfuil cur chuige soiléir ann maidir le cur i bhfeidhm na straitéise agus go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh go staidéartha agus go stuama taobh istigh de na hacmhainní atá ar fáil. Ní miste a luadh a Chathaoirligh go bhfuil sé i gceist agam Coiste Comhairleach a bhunú i gcomhar leis na heagraíochta ábhartha Gaeilge agus Gaeltachta chun plé go sonrach le cur i bhfeidhm na straitéise agus an próiseas pleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta. Is i gcomhthéacs an róil comhordaithe atá ag mo Roinn maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise atá an Coiste Comhairleach á bhunú agam. Tá mé ag súil go dtabharfaidh bunú an coiste comhairleach deis do na heagraíochtaí ábhartha Gaeilge agus Gaeltachta plé le mo Roinn maidir leis an mbealach is fearr an straitéis agus an próiseas pleanála teanga a chur i bhfeidhm. Táim ag súil fosta go gcothóidh an Coiste Comhairleach comhoibriú agus comhthuiscint níos fearr idir na páirtithe éagsúla i dtaca leis an Straitéis agus an próiseas pleanála teanga.
Is léiriú follasach é an €0.5m atá curtha ar fáil i gcomhar allúntas ar leith don Straitéis ar mheastacháin acmhainní mo Roinne do 2014 ar thiomantas an Rialtais i leith na Gaeilge. Cuirfidh an maoiniú seo ar chumas mo Roinne tabhairt faoi ghníomhaíochtaí éagsúla a thacóidh leis an phróiseas pleanála teanga ar an talamh. Áirítear anseo tacaíocht do eagraíochtaí pobail chun cabhrú leo, tabhairt faoi phleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú na Gaeltachta faoi Acht na Gaeltachta 2012.
Le hAcht na Gaeltacht tá céim shuntasach tógtha chun dúshraith reachtúil chuí a bhunú ionas go mbeifear in ann déileáil ar bhealach níos éifeachtaí agus níos córasaí agus níos éifeachtaí ar chur i bhfeidhm na straitéise as seo amach. Cuireann Acht na Gaeltachta 2012 an chreatlach reachtúil ar fáil chun tabhairt faoi phróiseas pleanála teanga ar bhonn comhordaithe. Táthar ag súil go mbeidh an pobail an earnáil dheonach, an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach ag obair as lámha a chéile chun tacú lena cheile sna ceantair éagsúla a bheidh aitheanta faoin Acht. Is tríd pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú ag leibhéal an phobail a thugtar tacaíocht don Ghaeilge mar theanga an phobail agus teaghlaigh i gceantar Gaeltachta agus i gceantair eile taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá an próiseas pleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta 2012 á chur i bhfeidhm ag mo Roinn i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus le Foras na Gaeilge. Táthar ag tabhairt tús áite don 26 limistéir pleanála teanga Gaeltachta atá aitheanta chun críche an Achta. Foilsíodh na céad fhógraí faoin Acht i Mí na Nollag 2013 i gcás Chiarraí thiar, Cois Fharraige, Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Luch an Úir. Táthar ag súil go mbeidh 10 fógraí eile foilsithe i mbliana agus go ndéanfar na fógraí eile ina dhiaidh sin. Ar ndóigh, tá Údarás na Gaeltachta freagrach faoin Acht as na tacaíocht a thabhairt do eagraíochtaí maidir le hullmhú agus le feidhmiú pleananna teanga sa limistéar pleanála teanga Gaeltachta.
Maidir leis na bailte seirbhíse Gaeltachta tá sé i gceist ag mo Roinn próiseas comhairliúcháin a reáchtáil i mbliana maidir le roghnú na mbailte is oiriúnaí le bheith aitheanta faoin Acht mar bhailte seirbhíse Gaeltachta. I gcás na líonraí Gaeilge tuigtear dom go bhfuil sé i gceist ag Foras na Gaeilge scéim na líonraí Gaeilge a fhógairt ag tús na bliana seo chugainn. Déanann mo Roinn líon leathan scéimeanna agus tionscnaimh agus bearta a reáchtáil ar bhonn leanúnach atá dírithe ar chúnamh reatha agus caipiteal a chur ar fáil do thograí teanga láraithe taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht.
Is faoi scáth Clár Tacaíochta Teaghlaigh mo Roinne a sheol mé i Mí Aibreáin 2012 a bhíonn cuid mhaith de na scéimeanna seo á n-eagrú agus iad dírithe go sonrach ar theaghlaigh atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge go háirithe sa Ghaeltacht. I measc na mbearta faoi leith atá ar siúl tá an pacáiste tacaíocht teanga seolta chuig breis agus 2,000 teaghlach chun cabhair phraiticiúil a chur ar fáil dóibh ina gcuid iarrachtaí a bpáistí a thógáil le Gaeilge. Tá breis airgid curtha ar fáil agam chun forbairt a dhéanamh ar scéim na gcúntóirí teanga i mbunscoileanna Gaeltachta. Tá leasuithe déanta ar scéim na gcampaí samhraidh le cur lena n-éifeacht sa Ghaeltacht agus tá bearta faoi leith atá dírithe go sonrach ar aos óg na Gaeltachta maoinithe ag mo Roinn.
Ag cur san áireamh gurb iad na blianta tosaigh i saol an pháiste na cinn is tábhachtaí ó thaobh sealbhaithe agus saibhrithe na teanga de, is fiú go mór treisiú a dhéanamh ar an obair fhónta atá ar bun sa réimse seo sa Ghaeltacht le go mbeidh cúnamh breise ar fáil do theaghlaigh Gaeltachta atá ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge.
Chuige sin, is údar áthais dom a chur in iúl don teach inniu go bhfuil mé ag fógairt scéim nua inniu dar teideal an Scéim Seirbhísí Réamhscoile agus Iarscoile. Tá sé mar fheidhm ag an scéim tacú le teaghlaigh Gaeltachta chun a bpáistí a thógáil le Gaeilge.

Tá €120 míle curtha ar fáil don scéim nua seo atá ag teacht as an allúntas ar leith atá ag mo Roinn don Straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Faoin scéim, cuirfear conradh reatha gur fiú suas le €15 míle in aghaidh na bliana ar fáil do na hionaid tacaíocht teaghlaigh agus do ionad cúram leanaí atá lonnaithe sa Ghaeltacht chun cuidiú dóibh gníomhaíochtaí breise faoi leith a reáchtáil a bheidh mar fheidhm acu deiseanna breise sealbhaíochta agus saibhrithe teanga a chur ar fáil do na teaghlaigh Gaeltachta. Is faoi Chlár Tacaíochta Teaghlaigh mo Roinne, a bhí an scéim seo á reáchtáil agus í mar chuid de chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus an phróiseas pleanála teanga faoi Acht na Gaeltacht 2012.

Táim an-shásta a Chathaoirligh, a bheith in ann an scéim nua seo a fhógairt inniu. Cabhróidh an scéim go mór le dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann lena chinntiú go dtéann an Ghaeilge ar aghaidh go bisiúil mar theanga bheo ó ghlúin go glúin sa Ghaeltacht. Luíonn an scéim go rathúil leis an obair dheonach atá ar bun i réimsí na réamhscolaíochta ag a leithéidí Comhar Naíonraí na Gaeltachta.

Aithnímid ar ndóigh, go bhfuil go bhfuil go leor le déanamh faoin straitéis. Ach is trua liom a Chathaoirligh, go ndéantar beag is fiú den obair fhiúntach agus dáiríre atá ar siúil ar fud an Stát Chórais agus go leor den tráchtaireacht atá déanta ar an Straitéis le tamaill anuas. Tugann an Straitéis an chreatlach pholasaí do na páirtithe leasmhara éagsúla idir an Stát agus an pobal chun obair as lámha a chéile ar bhonn comhpháirtíochta chun fheidhmeanna fiúntacha a bhaint amach ar bhonn céimneach. Sa chomhthéacs seo, tá súil agam gur féidir le baill Thithe an Oireachtais comhoibriú ar bhonn traspháirtí chun treoir agus dea-shampla a thabhairt maidir leis an cheist thábhachtach seo.

Ba mhaith liom a Chathaoirligh cúpla focal a rá anois maidir le ceann de na héilimh atá tagtha chun cinn ar na mallaibh maidir le ceart lucht labhartha na Gaeilge. Is é sin an gá atá le níos mó daoine le Gaeilge líofa a fhostú, chun gur féidir leis an Státchóras freastal níos fearr a dhéanamh ar riachtanais teanga pobail na Gaeltachta ach go háirithe. Is fheidhm lárnach pholasaí de chuid an Rialtais é úsáid na Gaeilge a threisiú agus tá sé ina ghné thábhachtach den pholasaí sin go mbeidh baill foirne atá inniúil sa Ghaeilge ar fáil sa Státchóras. Ar ndóigh, tá an cheist maidir le cumas comhaltaí poiblí seirbhísí a sholáthair trí Ghaeilge agus ceist na hearcaíochta sa Státchóras fite fuaite lena chéile.

Mar thoradh ar chinneadh a thóg an Rialtas sa mhí Dheireadh Fómhair 2013 chun cumas na Gaeilge sa Státseirbhís a threisiú tá an Roinn Caiteachas Poiblí agus Athchóirithe ag iarraidh ar Ranna Rialtais agus ar Oifigí Rialtais sainaithint a dhéanamh ar phoist agus ar réimsí oibre ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge mar chuid den phróiseas pleanála teanga don nós oibre. Táthar ag iarraidh ar Ranna aird ar leith a thabhairt ar phoist faoi leith atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta nó a dhéanann freastal ar cheantair Ghaeltachta. Beidh an próiseas seo lárnach chun a chinntiú go ndéanfar foráil dhóthanach i gcomórtas earcaíochta amach anseo do cheapacháin i bpoist ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge.

Ina theannta sin, sonrófar na poist sin ina dteastaíonn Gaeilge ina scéimeanna teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 amach anseo. Mar chéad chéim sa phróiseas seo, cuirfear na socruithe nua i bhfeidhm don Chomórtas earcaíochta do Oifigigh Feidhmiúcháin. Tá sé beartaithe fo-pháinéal do dhaoine atá inniúil sa Ghaeilge a chruthú ar a bheidh 6% de líon an phainéil; iomlán air.

Chomh maith leis na beartais seo, tá comhaontú seirbhíse sínithe ag mo Roinn leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, chun oiliúint sa Ghaeilge agus tástáil inniúlachta do sholáthair an Stát sheirbhís do ghníomhaíochtaí poiblí ar leith. Is comhartha dóchais é, go bhfuil ó mhí na Samhna 2011 i leith os cionn 300 seirbhíseach poiblí atá tar éis páirt a ghlacadh i gcúrsaí oiliúna atá eagraithe ag an gcomhlacht oiliúna Gaelchúltúr, a bhfuil Conradh acu le Foras na Gaeilge chun cúrsaí oiliúna a sholáthair don tseirbhís phoiblí.

Tá an t-athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 críochnaithe anois agus cuirfear na dréacht chinn den Bhille chun an tAcht a leasú faoi bhráid an Rialtais go luath. Tá sé i gceist na dreacht chinn de Bhille a chur faoi bhráid an Choiste um Chomhshaoil, Cultúir agus an Ghaeltacht agus iad a fhoilsiú ar shuíomh idirlín mo Roinne i dteannta le torthaí an phróisis comhairliúcháin chomh luath agus atá an cead an Rialtais faighte chuige sin.

Agus an Coimisinéir Teanga úr, an tUasal Ronán Ó Domhnaill ar tí a shéala a fháil ón Uachtarán mar a tharlaíonn sé inniu. Ba dheas liom gach rath a ghuí air ina chuid oibre.

A Chathaoirligh, mar fhocal scoir, ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl arís as an deis a fháil léargas a thabhairt don tSeanad ar an méid atá ar siúl faoi láthair chun fheidhmeanna na Straitéise 20 bliain a bhaint amach. Is gnéithe fíor thábhachtach í an Ghaeilge den Oidhreacht agus den Ghaeltacht agus is onóir agus is pribhléid domsa an deis a fháil mo cheann féin a dhéanamh mar Aire Stáit sa Rialtas seo chun tacú le caomhnú agus le forbairt na hoidhreachta sin. Aithním agus tuigim go maith gur ag obair i gcomhairle le chéile is fearr a bhainimid torthaí fónta amach chun an oidhreacht bheo seo a thabhairt ar aghaidh slán don chéad ghlúin eile. Cé go bhfuil an Rialtas tiomanta gach a dhéanamh laistigh dá chumhachtaí chun an Ghaeilge a chur chun cinn, tá todhchaí na teanga, nuair atá an deireadh ráite ag brath go príomha ar an bpobal féin. Tá a fhios againn go bhfuil tromlach an phobail dearfach i leith na teanga. Tá orainn timpeallacht a chothú ina mbraitheann daoine muiníneach chun a gcuid Gaeilge a úsáid, is Cuma cén leibhéal cumais atá acu inti. Tá sé riachtanach go leanfar ag baint leas as an teanga mar theanga pobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht agus go gcuirfear an teanga chun cinn ar bhonn níos forleithne taobh amuigh den Ghaeltacht, mar atá luaite in san Straitéis 20 Bliain agus ag deireadh an lae mar a deir an seanfhocal is beatha teanga í a labhairt agus arís bheirim buíochas libh as bhur n-éisteacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.