Dáil debates

Thursday, 24 November 2011

Other Questions

Údarás na Gaeltachta

5:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 7: To ask the an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta cad é todhchaí Údarás na Gaeltachta, an bhfuil sé i gceist aige an buiséad caipitil a ardú chun níos mó fostaíochta a chruthú, cathain atá sé i gceist ag an Aire príomhfheidhmeannach agus bord nua Údarás na Gaeltachta a cheapadh. [36564/11]

Photo of Caoimhghín Ó CaoláinCaoimhghín Ó Caoláin (Cavan-Monaghan, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 13: To ask the an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta an féidir leis sonraí a straitéise fostaíochta sa Ghaeltacht a léiriú don Dáil. [36563/11]

Photo of Michael MoynihanMichael Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 16: To ask the an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil laghdú á dhéanamh ar fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta, an bhfuil sé sásta le héifeacht an Údaráis go dtí seo mar gheall ar chúrsaí fiontraíochta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [36608/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 7, 13 agus 16 le chéile.

Tá straitéis fostaíochta Údarás na Gaeltachta dírithe ar earnálacha seirbhíse agus déantúsaíochta nua-aimseartha, ar an teicneolaíocht faisnéise agus ar fhiontair a bhaineann le hacmhainní mara agus nádúrtha eile, leis an ngeilleagar sóisialta agus leis an turasóireacht chultúrtha sa Ghaeltacht.

Ag deireadh na bliana 2010, bhí 7,074 duine fostaithe go lánaimseartha i gcliantchuideachtaí de chuid an údaráis. Cé gur laghdú é sin ar na blianta roimhe sin, is tuar dóchais é gur cruthaíodh 704 post nua in 2010 i gcliantchuideachtaí de chuid an údaráis. Taispeánann figiúirí fostaíochta an údaráis gur éirigh go maith lena chliantchuideachtaí atá ag plé le heaspórtáil, i gcomhréir leis an treocht náisiúnta. Chomh maith leis na cláir thacaíochta atá ag an údarás féin, rachaidh gnéithe den tionscnamh post a d'fhógair an Rialtas i mbliana chun leasa a chuid gníomhaíochtaí.

As an soláthar iomlán de €19.6 milliún atá curtha ar fáil d'Údarás na Gaeltachta ón Státchiste in 2011, tá €6 milliún curtha ar fáil mar bhuiséad caipitil don údarás. Chomh maith leis an tsuim seo, tuigim ón údarás go bhfuil tuairim is €7 milliún ar fáil dó ó fhoinsí eile, ar a n-áirítear díol sócmhainní agus aisíocaíochtaí deontas. San iomlán mar sin, tá buiséad caipitil de thuairim is €13 milliún ag an údarás i mbliana chun tacú le cruthú agus le caomhnú fostaíochta sa Ghaeltacht. Déanfar cinntí faoin soláthar a bheidh ar fáil don údarás ón Státchiste don bhliain 2012 mar thoradh ar an athbhreithniú cuimsitheach caiteachais atá ar siúl faoi stiúir na Roinne Caiteachais Poiblí agus Athchóirithe agus i gcomhthéacs an phróisis meastachán.

Ar 31 Bealtaine 2011, thóg an Rialtas na cinntí polasaí seo a leanas maidir le struchtúr agus feidhmeanna Údarás na Gaeltachta go mairfidh an status quo maidir le feidhmeanna reatha Údarás na Gaeltachtago ginearálta, a chuid feidhmeanna fiontraíochta san áireamh; go mbeidh an fhreagracht maidir le forfheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge laistigh den Ghaeltacht ar Údarás na Gaeltachta; agus go ndéanfar foráil faoin mBille Gaeltachta atá beartaithe chunbord an údaráis a laghdú go suntasach agus chun deireadh a chur leis an riachtanas do thoghcháin do bhord an údaráis.

Tá na dréacht-chinn don Bhille Gaeltachta a thabharfaidh feidhm do na cinntí seo, de réir mar is cuí, dréachtaithe ag mo Roinn. Táthar ag súil na dréacht-chinn a chur faoi bhráid an Rialtais go luath. Tá an Bille Gaeltachta le foilsiú in 2012, de réir chlár reachtaíochta an Rialtais.

Maidir le post phríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, tá céimeanna sa treis ag an Roinn faoi láthair chun cead na Roinne Caiteachais Poiblí agus Athchóirithe a fháil chun an post sin a líonadh i gcáil bhuan.

Mar fhocal scoir, níl aon dabht ach gur comhartha muiníne é na cinntí polasaí atá tógtha ag an Rialtas i gcás Údarás na Gaeltachta. Mar thoradh ar shaineolas agus ar thaithí Údarás na Gaeltachta sa Ghaeltacht ón uair gur bunaíodh é in 1980, tá cinneadh tógtha ag an Rialtas go leanfaidh an t-údarás ag plé lena réimse saineolais agus le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge sa Ghaeltacht.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

As three questions are being taken together, how many minutes will be provided?

Photo of Seán BarrettSeán Barrett (Dún Laoghaire, Ceann Comhairle)
Link to this: Individually | In context

Approximately 14 minutes.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Tá cúrsaí dífhostaíochta sna ceantair Gaeltachta ag dul in olcas. Mar shampla, tá 20,000 duine dífhostaithe anois i dTír Chonaill. Tá 22,000 duine dífhostaithe i nGaillimh agus ar fud na ceantair Gaeltachta sa tír tá na mílte daoine dífhostaithe agus mílte daoine eile ag dul ar imirce. Is ceist phráinneach í seo. Tá an tAire Stáit ina chaothaoir aireach le hocht mí anuas ag an bomaite seo, ach fós tá Údarás na Gaeltachta i Liombó. I mo thuairim, tá an tAire Stáit ag bogadh ar luas seilide i dtaobh príomhfheidhmeannach an bhoird nua a cheapadh. Níl slí toghcháin an bhoird nua roghnaithe fós aige agus tá an caipitil infheistíochta laghdaithe, mar adúirt sé, ó €26 mhilliún go €6 mhilliún faoi láthair.

De réir an tuairisc inniúchta, teastaíonn €12 milliún ón údarás chun na poist atá ann anois a choimeád. Má leanann an tAire Stáit ar aghaidh, beidh clú air mar an duine a chuir deireadh leis an Ghaeltacht. An bhfuil an tAire Stáit ag iarraidh sin a dhéanamh? Gan phoist, ní bheidh daoine ann, gan daoine ní bheidh teanga ann agus gan teanga ní bheidh an Ghaeltacht ann. Gan an Ghaeltacht ní bheidh aon tobar teanga ann do phobal na Gaeilge ar fud na tíre. Gan an Choimisinéir Teanga, ní bheidh cearta teanga ag muintir na hÉireann. Táimid go léir bréan den bhriathar, ba mhaith linn beart. An bhfuil an tAire Stáit sásta beart de réir a bhriathar a dhéanamh ar an ábhar seo?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Is cinnte go n-aithním tábhacht na Gaeltachta mar thobar na fíor-Ghaeilge agus an dhúchais. Nuair a bhí deis agus pribhléid agam cuairt a tabhairt ar Ghaeltacht atá i ndáilcheantar an Teachta féin seachtain ó shin - bhí searmanas aoibheann againn i Rath Carn - chuir mé mo thuairimí ní amháin mar Aire Stáit ach mar dhuine a rugadh agus a tógadh le Gaeilge in iúl gur comhartha dóchais é an rud atá á dhéanamh acu i nGaeltacht a bunaíodh sna 1930í agus atá ag dul ó neart go neart i láthair na huaire. Tá an teanga le feiceáil ansin go soiléir, tá sí á labhairt i measc an phobail. Aithním tábhacht na Gaeltachta.

Aithním go bhfuil géar-ghá fostaíocht a chur ar fáil. Mura bhfuil fostaíocht ann, is cinnte nach mbeidh daoine ann agus mura bhfuil pobal ann, ní bheidh teanga ann. Aontaím leis sin. Tá an-obair déanta ag Údarás na Gaeltachta le blianta anuas. Tá breis agus 7,000 ag obair i monarchan i gcliant-chomhlachtaí a dtug Údarás na Gaeltachta cuidiú, tacaíocht agus airgead dóibh le blianta anuas. Ní bheidís ann ach amháin go bhfuil Údarás na Gaeltachta ann. Sin an fáth go muinín agam in Údarás na Gaeltachta.

Tá fadhb dhífhostaíochta sa Ghaeltacht; tá fadhb dhífhostaíochta ar fud na tíre agus níor tháinig na comhlachtaí faoi Údarás na Gaeltachta saor ó na deacrachtaí eacnamaíochta agus cailleadh poist. Is dúshlán an-mhór é don údarás fiú na poist a cailleadh go dtí seo a athchruthú. Ní fadhb í sin a bhaineann leis an Ghaeltacht, baineann an fhadhb sin leis an tír ar fad. Sin an fáth nuair a tháinig mé isteach san oifig seo ocht mí ó shin go raibh imní orm agus ar an údarás go raibh deireadh lena ré. Nuair a tháinig foireann an údaráis isteach ansin cad a tharla ach chuaigh an deontas ó €26 million anuas go dtí €6 milliún agus chuir sin scanradh, amhras, imní agus éadóchas ar an údarás agus ar mhuintir na Gaeltacht. Sin an oidhreacht a fuair mé nuair a tháinig mé isteach, nach raibh ag an údarás ach €6 milliún.

Tá na deacrachtaí eacnamaíochta céanna againn go fóill. Sin an fáth go ndéanfaidh mé gach dícheall dóchas a thabhairt don údarás go mbeidh sé ann agus gur fhoilsigh mé an cinneadh a d'fhógair muid i mí na Bealtaine go mbeidh an t-údarás ann agus cúraimí fostaíochta aige. Bhí daoine ar thaobh eile an Tí agus sna meáin a rá go mbeadh deireadh leis an údarás agus go gcuirfear isteach leis an ÚFT. Tá mé i mo sheasamh inniu agus an t-údarás ann go fóill. Is é an dúshlan an oiread acmhainní agus is féidir a chur ar fáil dó sa dóigh is gur féidir leis a chuid dualgais a chomhlíonadh chomh héifeachtach agus is féidir leis. Caithfimid, áfach, gan dearmad a dhéanamh ar an ghéarchéim ina bhfuilimid.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá fadhb mhór le dífhostaíocht sa Ghaeltacht i nGaillimh agus is dúshlán í an fhadhb sin. Nílim sásta leis an méid a dúirt an tAire Stáit mar níl a fhios againn cad a dhéanfaidh sé faoin bhfadhb seachas a rá gur dúshlán í. An gcuirfidh sé airgead ar fáil do na fiontair sa Ghaeltacht? Tá an tAire ag déanamh an-obair sa turasóireacht. Cad faoi na féilte ar na hoileáin nó "The Gathering" atá le teacht? An mbeidh airgead ag dul chuig an Ghaeltacht le féilte mar sin?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Luaigh an Teachta Gaillimh. Ó ceapadh mar Aire Stáit mé, thug mé cuairt ar na Gaeltachtaí uilig. Chuaigh mé go Gaillimh níos mó na uair amháin, go Corcaigh, go Ciarraí, go Port Láirge, go dtí Gaeltacht na Mí agus an tseachtain seo chugainn beidh mé i gceantar Gaeltachta an-tábhachtach eile i gContae Mhaigh Eo le heolas a fháil ar cad é atá ag dul ar aghaidh ar an talamh. Tá mé an-bhródúil as an obair atá á déanamh ag an údarás. Tá sé de rún ag an údarás freastal ar sheimineár an-tábhachtach sna Stáit Aontaithe an tseachtain seo chugainn. Beidh an tÚFT ann chomh maith agus an dá údarás ag iarraidh tionsclaithe agus infheisteoirí a mhealladh go dtí na ceantair Ghaeltacht. Ar an drochuair, ní féidir liom féin a bheith ann ach chuir mé teachtaireacht chucu ag geallúint gach tacaíocht.

Tá féilte an-tábhachtach. Brathann freagra faoi sin ar an airgead a bheidh ag an údarás. Tá sin á phlé go fóill idir an Roinn, an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus an Roinn Airgeadais. Go dtí go dtiocfaidh na Meastacháin amach agus go dtí go mbeidh an cháinfhaisnéis ann, níl a fhios agam cé mhéad a bheidh ann. Déanfaimid ar ndícheall, áfach, freastal ar gach gné de shaol na Gaeltachta leis an méid airgid a bheidh againn. Tá mé dóchasach go mbeidh an t-údarás ábalta gníomhú chomh maith an bhliain seo chugainn agus a bhí sé ábalta a ghníomhú i mbliana. Sin an t-aon rud is féidir liom a rá ag an phointe seo.

Maidir leis an phríomhfheidhmeannach nua, post reachtúil é an post sin. An príomhfheidhmeannach atá ann faoi láthair, fuair sé síneadh ama agus ba mhaith liom é a mholadh gur ghlac sé an síneadh ama sin. Tá iarratas istigh faoi láthair chuig an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ó mo Roinn le cead a fháil chun príomhfheidhmeannach úr a cheapadh. Tá mé dóchasach go mbeidh dul chun cinn air sin roimh an chéad uair eile a bheidh mé anseo ag freagairt ceisteanna.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Tá muintir na hÉireann tuirseach traochta, caite amach, spíonta ag éisteacht le focail faoin ábhar seo. Tá na míonna ag dul thart gan aon rud ag tarlú. Is rud práinneach é. Tá daoine ag fágáil na tíre chun obair a fháil agus ní mór dúinn rud éigin a dhéanamh anois. Tá oidhreacht fágtha ag an iar-Rialtas ach caithfidh an tAire Stáit smaoineamh ar a oidhreacht féin sa todhchaí. Beidh daoine ag féachaint siar sa todhchaí ag iarraidh fáil amach cad a rinne an Rialtas faoin ábhar seo agus tá deis ag an Aire Stáit rud éigin a dhéanamh.

Chuala muid go bhfuil Fiontar Éireann chun an buiséad atá fágtha aige a thabhairt do na heagraíochtaí forbartha Stáit eile. Cé mhéad airgid atá aige le tabhairt amach? Tá sé chun €2 milliúin a thabhairt do Shannon Development agus €10 milliúin a thabhairt don IDA. Níl airgead ar bith ag dul chuig Údarás na Gaeltachta. Is ceart go dtabharfar airgead chuig na ceantair seo chun poist a fhorbairt. Is rud práinneach é seo agus táim féin, muintir na Gaeltachta agus na heagraíochtaí Gaeilge an-bhuartha faoin athbhreithniú mar tá cinntí déanta roimh dheireadh an athbreithnithe ar ról an Choimisinéara Teanga. Tá imní ar dhaoine go mbeidh laghdú ar chúrsaí Gaeilge sa tír. Impím ar an Aire Stáit seasamh ar son na Gaeilge. Nílimid ag iarraidh briathra, táimid ag iarraidh beart atá ann cheana a fheiceáil ón Rialtas.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Sheas mé i gcónaí agus seasfaidh mé chomh fada agus atá mé anseo agus ina dhiaidh sin, leis an Ghaeilge, leis an Ghaeltacht, leis an Údarás agus leis na heagraíochtaí ar fad. Bhí mé féin páirteach iontu nuair nach raibh mé anseo fiú. Maidir leis an údarás tionsclaíochta, dúirt an Teachta go bhfuil sé ag tabhairt airgid amach do Shannon Development agus áiteanna eile. Níor chuala mé sin go fóill. Tá caidreamh an-mhaith idir Údarás na Gaeltachta, Fiontar Éireann agus an tÚdarás Forbartha Tionscail. Bíonn cruinnithe ar bhonn leanúnach agus comhoibriú iontach idir na heagraíochtaí. Tá an cuspóir céanna acu go léir - poist a thabhairt isteach sa tír agus a chruthú agus sa Ghaeltacht. Luaigh mé níos luaithe go bhfuil cruinniú an-tábhachtach an tseachtain seo chugainn in Philadelphia le hinfheisteoirí agus tionsclaithe agus ní amháin go mbeidh Údarás na Gaeltachta ann, beidh an tÚFT ann chomh maith agus iad ag comhoibriú as lámh a chéile ar mhaithe leis an tionscal.

Tá sé geallta i mBille na Gaeilge atá á ullmhú go mbeidh an comhoibriú sin idir Fiontar Éireann, an tÚFT agus Údarás na Gaeltachta mar tá an cuspóir céanna acu go léir, poist a thabhairt isteach sa tír, sa Ghaeltacht agus sa Ghalltacht. Is í an Ghaeltacht mo phríomhchúspóir féin; tá daoine eile ag breathnú air seo taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá fadhb ann; tá deacrachtaí airgid ann agus déanfaimid ar ndícheall, leis an airgid teoranta atá againn, na poist seo a thabhairt isteach. Ní mise a chruthóidh na poist seo, cruthóidh an t-údarás agus tÚFT iad. Tá feabhas ag teacht ar an gheilleagar agus cuireann sé áthas orm gur poist nua-aimseartha iad na poist atá a gcruthú sa Ghaeltacht anois, cuid acu teanga-bhunaithe, cuid eile bunaithe ar an nua-theicneolaíocht.

Photo of Seán BarrettSeán Barrett (Dún Laoghaire, Ceann Comhairle)
Link to this: Individually | In context

I remind Deputies there is a limit of one minute per supplementary. We are taking too much time per question when other Deputies are waiting. That applies to both Ministers and Deputies. There are two minutes for the initial answer and one minute for supplementary questions and answers.