Dáil debates
Thursday, 24 November 2011
Údarás na Gaeltachta
5:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 7, 13 agus 16 le chéile.
Tá straitéis fostaíochta Údarás na Gaeltachta dírithe ar earnálacha seirbhíse agus déantúsaíochta nua-aimseartha, ar an teicneolaíocht faisnéise agus ar fhiontair a bhaineann le hacmhainní mara agus nádúrtha eile, leis an ngeilleagar sóisialta agus leis an turasóireacht chultúrtha sa Ghaeltacht.
Ag deireadh na bliana 2010, bhí 7,074 duine fostaithe go lánaimseartha i gcliantchuideachtaí de chuid an údaráis. Cé gur laghdú é sin ar na blianta roimhe sin, is tuar dóchais é gur cruthaíodh 704 post nua in 2010 i gcliantchuideachtaí de chuid an údaráis. Taispeánann figiúirí fostaíochta an údaráis gur éirigh go maith lena chliantchuideachtaí atá ag plé le heaspórtáil, i gcomhréir leis an treocht náisiúnta. Chomh maith leis na cláir thacaíochta atá ag an údarás féin, rachaidh gnéithe den tionscnamh post a d'fhógair an Rialtas i mbliana chun leasa a chuid gníomhaíochtaí.
As an soláthar iomlán de €19.6 milliún atá curtha ar fáil d'Údarás na Gaeltachta ón Státchiste in 2011, tá €6 milliún curtha ar fáil mar bhuiséad caipitil don údarás. Chomh maith leis an tsuim seo, tuigim ón údarás go bhfuil tuairim is €7 milliún ar fáil dó ó fhoinsí eile, ar a n-áirítear díol sócmhainní agus aisíocaíochtaí deontas. San iomlán mar sin, tá buiséad caipitil de thuairim is €13 milliún ag an údarás i mbliana chun tacú le cruthú agus le caomhnú fostaíochta sa Ghaeltacht. Déanfar cinntí faoin soláthar a bheidh ar fáil don údarás ón Státchiste don bhliain 2012 mar thoradh ar an athbhreithniú cuimsitheach caiteachais atá ar siúl faoi stiúir na Roinne Caiteachais Poiblí agus Athchóirithe agus i gcomhthéacs an phróisis meastachán.
Ar 31 Bealtaine 2011, thóg an Rialtas na cinntí polasaí seo a leanas maidir le struchtúr agus feidhmeanna Údarás na Gaeltachta go mairfidh an status quo maidir le feidhmeanna reatha Údarás na Gaeltachtago ginearálta, a chuid feidhmeanna fiontraíochta san áireamh; go mbeidh an fhreagracht maidir le forfheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge laistigh den Ghaeltacht ar Údarás na Gaeltachta; agus go ndéanfar foráil faoin mBille Gaeltachta atá beartaithe chunbord an údaráis a laghdú go suntasach agus chun deireadh a chur leis an riachtanas do thoghcháin do bhord an údaráis.
Tá na dréacht-chinn don Bhille Gaeltachta a thabharfaidh feidhm do na cinntí seo, de réir mar is cuí, dréachtaithe ag mo Roinn. Táthar ag súil na dréacht-chinn a chur faoi bhráid an Rialtais go luath. Tá an Bille Gaeltachta le foilsiú in 2012, de réir chlár reachtaíochta an Rialtais.
Maidir le post phríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, tá céimeanna sa treis ag an Roinn faoi láthair chun cead na Roinne Caiteachais Poiblí agus Athchóirithe a fháil chun an post sin a líonadh i gcáil bhuan.
Mar fhocal scoir, níl aon dabht ach gur comhartha muiníne é na cinntí polasaí atá tógtha ag an Rialtas i gcás Údarás na Gaeltachta. Mar thoradh ar shaineolas agus ar thaithí Údarás na Gaeltachta sa Ghaeltacht ón uair gur bunaíodh é in 1980, tá cinneadh tógtha ag an Rialtas go leanfaidh an t-údarás ag plé lena réimse saineolais agus le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge sa Ghaeltacht.
No comments