Dáil debates

Thursday, 24 November 2011

5:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Luaigh an Teachta Gaillimh. Ó ceapadh mar Aire Stáit mé, thug mé cuairt ar na Gaeltachtaí uilig. Chuaigh mé go Gaillimh níos mó na uair amháin, go Corcaigh, go Ciarraí, go Port Láirge, go dtí Gaeltacht na Mí agus an tseachtain seo chugainn beidh mé i gceantar Gaeltachta an-tábhachtach eile i gContae Mhaigh Eo le heolas a fháil ar cad é atá ag dul ar aghaidh ar an talamh. Tá mé an-bhródúil as an obair atá á déanamh ag an údarás. Tá sé de rún ag an údarás freastal ar sheimineár an-tábhachtach sna Stáit Aontaithe an tseachtain seo chugainn. Beidh an tÚFT ann chomh maith agus an dá údarás ag iarraidh tionsclaithe agus infheisteoirí a mhealladh go dtí na ceantair Ghaeltacht. Ar an drochuair, ní féidir liom féin a bheith ann ach chuir mé teachtaireacht chucu ag geallúint gach tacaíocht.

Tá féilte an-tábhachtach. Brathann freagra faoi sin ar an airgead a bheidh ag an údarás. Tá sin á phlé go fóill idir an Roinn, an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus an Roinn Airgeadais. Go dtí go dtiocfaidh na Meastacháin amach agus go dtí go mbeidh an cháinfhaisnéis ann, níl a fhios agam cé mhéad a bheidh ann. Déanfaimid ar ndícheall, áfach, freastal ar gach gné de shaol na Gaeltachta leis an méid airgid a bheidh againn. Tá mé dóchasach go mbeidh an t-údarás ábalta gníomhú chomh maith an bhliain seo chugainn agus a bhí sé ábalta a ghníomhú i mbliana. Sin an t-aon rud is féidir liom a rá ag an phointe seo.

Maidir leis an phríomhfheidhmeannach nua, post reachtúil é an post sin. An príomhfheidhmeannach atá ann faoi láthair, fuair sé síneadh ama agus ba mhaith liom é a mholadh gur ghlac sé an síneadh ama sin. Tá iarratas istigh faoi láthair chuig an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ó mo Roinn le cead a fháil chun príomhfheidhmeannach úr a cheapadh. Tá mé dóchasach go mbeidh dul chun cinn air sin roimh an chéad uair eile a bheidh mé anseo ag freagairt ceisteanna.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.