Dáil debates

Thursday, 24 November 2011

5:00 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)

Tá muintir na hÉireann tuirseach traochta, caite amach, spíonta ag éisteacht le focail faoin ábhar seo. Tá na míonna ag dul thart gan aon rud ag tarlú. Is rud práinneach é. Tá daoine ag fágáil na tíre chun obair a fháil agus ní mór dúinn rud éigin a dhéanamh anois. Tá oidhreacht fágtha ag an iar-Rialtas ach caithfidh an tAire Stáit smaoineamh ar a oidhreacht féin sa todhchaí. Beidh daoine ag féachaint siar sa todhchaí ag iarraidh fáil amach cad a rinne an Rialtas faoin ábhar seo agus tá deis ag an Aire Stáit rud éigin a dhéanamh.

Chuala muid go bhfuil Fiontar Éireann chun an buiséad atá fágtha aige a thabhairt do na heagraíochtaí forbartha Stáit eile. Cé mhéad airgid atá aige le tabhairt amach? Tá sé chun €2 milliúin a thabhairt do Shannon Development agus €10 milliúin a thabhairt don IDA. Níl airgead ar bith ag dul chuig Údarás na Gaeltachta. Is ceart go dtabharfar airgead chuig na ceantair seo chun poist a fhorbairt. Is rud práinneach é seo agus táim féin, muintir na Gaeltachta agus na heagraíochtaí Gaeilge an-bhuartha faoin athbhreithniú mar tá cinntí déanta roimh dheireadh an athbreithnithe ar ról an Choimisinéara Teanga. Tá imní ar dhaoine go mbeidh laghdú ar chúrsaí Gaeilge sa tír. Impím ar an Aire Stáit seasamh ar son na Gaeilge. Nílimid ag iarraidh briathra, táimid ag iarraidh beart atá ann cheana a fheiceáil ón Rialtas.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.