Dáil debates
Thursday, 24 November 2011
Údarás na Gaeltachta
5:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Sheas mé i gcónaí agus seasfaidh mé chomh fada agus atá mé anseo agus ina dhiaidh sin, leis an Ghaeilge, leis an Ghaeltacht, leis an Údarás agus leis na heagraíochtaí ar fad. Bhí mé féin páirteach iontu nuair nach raibh mé anseo fiú. Maidir leis an údarás tionsclaíochta, dúirt an Teachta go bhfuil sé ag tabhairt airgid amach do Shannon Development agus áiteanna eile. Níor chuala mé sin go fóill. Tá caidreamh an-mhaith idir Údarás na Gaeltachta, Fiontar Éireann agus an tÚdarás Forbartha Tionscail. Bíonn cruinnithe ar bhonn leanúnach agus comhoibriú iontach idir na heagraíochtaí. Tá an cuspóir céanna acu go léir - poist a thabhairt isteach sa tír agus a chruthú agus sa Ghaeltacht. Luaigh mé níos luaithe go bhfuil cruinniú an-tábhachtach an tseachtain seo chugainn in Philadelphia le hinfheisteoirí agus tionsclaithe agus ní amháin go mbeidh Údarás na Gaeltachta ann, beidh an tÚFT ann chomh maith agus iad ag comhoibriú as lámh a chéile ar mhaithe leis an tionscal.
Tá sé geallta i mBille na Gaeilge atá á ullmhú go mbeidh an comhoibriú sin idir Fiontar Éireann, an tÚFT agus Údarás na Gaeltachta mar tá an cuspóir céanna acu go léir, poist a thabhairt isteach sa tír, sa Ghaeltacht agus sa Ghalltacht. Is í an Ghaeltacht mo phríomhchúspóir féin; tá daoine eile ag breathnú air seo taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá fadhb ann; tá deacrachtaí airgid ann agus déanfaimid ar ndícheall, leis an airgid teoranta atá againn, na poist seo a thabhairt isteach. Ní mise a chruthóidh na poist seo, cruthóidh an t-údarás agus tÚFT iad. Tá feabhas ag teacht ar an gheilleagar agus cuireann sé áthas orm gur poist nua-aimseartha iad na poist atá a gcruthú sa Ghaeltacht anois, cuid acu teanga-bhunaithe, cuid eile bunaithe ar an nua-theicneolaíocht.
No comments