Dáil debates

Thursday, 24 November 2011

5:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Is cinnte go n-aithním tábhacht na Gaeltachta mar thobar na fíor-Ghaeilge agus an dhúchais. Nuair a bhí deis agus pribhléid agam cuairt a tabhairt ar Ghaeltacht atá i ndáilcheantar an Teachta féin seachtain ó shin - bhí searmanas aoibheann againn i Rath Carn - chuir mé mo thuairimí ní amháin mar Aire Stáit ach mar dhuine a rugadh agus a tógadh le Gaeilge in iúl gur comhartha dóchais é an rud atá á dhéanamh acu i nGaeltacht a bunaíodh sna 1930í agus atá ag dul ó neart go neart i láthair na huaire. Tá an teanga le feiceáil ansin go soiléir, tá sí á labhairt i measc an phobail. Aithním tábhacht na Gaeltachta.

Aithním go bhfuil géar-ghá fostaíocht a chur ar fáil. Mura bhfuil fostaíocht ann, is cinnte nach mbeidh daoine ann agus mura bhfuil pobal ann, ní bheidh teanga ann. Aontaím leis sin. Tá an-obair déanta ag Údarás na Gaeltachta le blianta anuas. Tá breis agus 7,000 ag obair i monarchan i gcliant-chomhlachtaí a dtug Údarás na Gaeltachta cuidiú, tacaíocht agus airgead dóibh le blianta anuas. Ní bheidís ann ach amháin go bhfuil Údarás na Gaeltachta ann. Sin an fáth go muinín agam in Údarás na Gaeltachta.

Tá fadhb dhífhostaíochta sa Ghaeltacht; tá fadhb dhífhostaíochta ar fud na tíre agus níor tháinig na comhlachtaí faoi Údarás na Gaeltachta saor ó na deacrachtaí eacnamaíochta agus cailleadh poist. Is dúshlán an-mhór é don údarás fiú na poist a cailleadh go dtí seo a athchruthú. Ní fadhb í sin a bhaineann leis an Ghaeltacht, baineann an fhadhb sin leis an tír ar fad. Sin an fáth nuair a tháinig mé isteach san oifig seo ocht mí ó shin go raibh imní orm agus ar an údarás go raibh deireadh lena ré. Nuair a tháinig foireann an údaráis isteach ansin cad a tharla ach chuaigh an deontas ó €26 million anuas go dtí €6 milliún agus chuir sin scanradh, amhras, imní agus éadóchas ar an údarás agus ar mhuintir na Gaeltacht. Sin an oidhreacht a fuair mé nuair a tháinig mé isteach, nach raibh ag an údarás ach €6 milliún.

Tá na deacrachtaí eacnamaíochta céanna againn go fóill. Sin an fáth go ndéanfaidh mé gach dícheall dóchas a thabhairt don údarás go mbeidh sé ann agus gur fhoilsigh mé an cinneadh a d'fhógair muid i mí na Bealtaine go mbeidh an t-údarás ann agus cúraimí fostaíochta aige. Bhí daoine ar thaobh eile an Tí agus sna meáin a rá go mbeadh deireadh leis an údarás agus go gcuirfear isteach leis an ÚFT. Tá mé i mo sheasamh inniu agus an t-údarás ann go fóill. Is é an dúshlan an oiread acmhainní agus is féidir a chur ar fáil dó sa dóigh is gur féidir leis a chuid dualgais a chomhlíonadh chomh héifeachtach agus is féidir leis. Caithfimid, áfach, gan dearmad a dhéanamh ar an ghéarchéim ina bhfuilimid.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.