Dáil debates

Wednesday, 22 June 2011

Priority Questions

Údarás na Gaeltachta

1:00 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 13: To ask the an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta nach nglacann an tAire leis nach bhfuil sé daonlathach deireadh a chuir leis an toghchán chun baill a thoghadh chuig Bord Údarás na Gaeltachta [16834/11]

Photo of Robert TroyRobert Troy (Longford-Westmeath, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 15: To ask the an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta cén fáth a roghnaíodh nach mbeidh toghchán i measc an phobail sa Ghaeltacht amach anseo do Bhord Údarás na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16750/11]

Photo of Peter MathewsPeter Mathews (Dublin South, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

I advise that Question No. 15 appears incorrectly on the questions Order Paper in the name of Deputy Robert Troy, it should appear in the name of Deputy Michael Kitt. It is therefore in order for Deputy Kitt to put supplementary questions to the Minister of State.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 13 agus 15 le chéile.

Faoi réir na reachtaíochta atá i bhfeidhm faoi láthair, ní mór an chéad toghchán eile d'Údarás na Gaeltachta a reáchtáil faoi Dheireadh Fómhair 2012 chun 17 mball a thoghadh go daonlathach. Ag cruinniú Rialtais ar an 31 Bealtaine 2011, thóg an Rialtas roinnt cinntí sonracha maidir le struchtúr agus feidhmeanna Údarás na Gaeltachta sa todhchaí. Mar cheann de na cinntí sin, tá sé socraithe go ndéanfar foráil sa Bhille Gaeltachta nua a bheidh á thionscnamh, chun deireadh a chur leis an riachtanas do thoghcháin d'Údarás na Gaeltachta feasta. Agus an cinneadh polasaí seo á thógáil, bhí aird ag an Rialtas ar chúinsí éagsúla, ina measc: líon mór na gcomhaltaí ar an mBord faoi láthair; an gá chun fócas níos géire a thabhairt do bhoird Stáit i gcoitinne; agus an costas mór a bhaineann le toghchán a réachtáil do líon teoranta iomaitheoirí. Sa chomhthéacs seo, ní miste a lua gur bhain costas de bheagnach €400,000 le toghchán Údarás na Gaeltachta a reachtáil in 2005.

Ar ndóigh, feictear don Rialtas go bhfuil sé tábhachtach nach gcaillfear an ghné dhaonlathach mar thoradh ar na hathruithe atá beartaithe ar Bhord an údaráis. Dá bhrí sin, tá sé i gceist go dtiocfar ar mheicníocht faoin mBille Gaeltachta le gur féidir comhaltaí ó údaráis áitiúla a bhfuil limistéir Ghaeltachta faoina gcúram a ainmniú ar bhord an údaráis. I dteannta leis sin, meastar go mbeidh comhaltaí eile le hainmniú ag an Aire, mar thoradh, inter alia, ar shaineolas ar leith a bheith acu i réimsí gnímh an údaráis.

Ní aontaím, dá bhrí sin, nach mbeidh daonlathas bainteach le bord an údaráis nuair a bheidh an struchtúr nua seo curtha i bhfeidhm.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Oibríonn eagraíochtai i bhfad níos fearr nuair a bhíonn sprioc, no cuspóir, chúng acu. Mar shampla, déanann TG4 job níos fearr don Ghaeilge ná mar a dhéanann RTE. Déanann Údarás na Gaeltachta job níos fearr chun fostaíocht a mhealladh isteach go dtí an Ghaeltachta ná aon eagraíocht eile. Is é mo thuairim go ndéanfaidh an t-easpa daonlathais dochar don job atá le déanamh ag an údarás. Ar dtús, ní bheidh an t-údarás chomh freagrach do mhuintir na Gaeltachta as seo amach. I gContae na Gaillimhe, mar shampla, ní thagann ach triúr chomhairleoir chontae ón nGaeltacht agus ní bheidh an brú céanna orthu-san maidir le fadhbanna na Gaeltachta. Chomh maith leis sin, tá móramh ag Fine Gael i gcúig cinn des na sé ceantair Gaeltachta. Beidh Fine Gael i gceannas ar an údarás i ngach áit. An mbeidh comhairleoirí Fhine Gael sásta seasamh suas ar son mhuintir na Gaeltachta in gcoinne na gearrtha siar nó an mbeidh siad sásta glacadh le polasaí Fhine Gael agus an Rialtais?

Is droch rud uafásach é an daonlathas a bhaint den údarás. Beidh Comhairlí Chontaetha gan aon Ghaeilge, le comhairleoirí a toghadh i gceantair nach ceantair Gaeltachta iad, ag déanamh polasaí Údarás na Gaeltachta as seo amach.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Aontaím leis an méid a bhí le rá ag an Teachta mar gheall ar an sár-obair atá déanta ag Údarás na Gaeltachta ó bunaíodh é beagnach 30 bliain ó shin. Tá breis agus 7,000 duine fostaithe ins an Ghaeltacht ag comhlachtaí a fuair tacaíocht agus cuidiú agus cabhar ó Údarás na Gaeltachta. Nuair a tháinig mé isteach ins an phost seo is cinnte go raibh comhartha ceiste mór ann maidir le todhchaí Údarás na Gaeltachta. Chonaic muid an titim tubaisteach a bhí ar chaiteachas chaipitil do Údarás na Gaeltachta ó €27 milliún 2008 go dtí €6 milliún i mbliana. Bhí daoine ins an údarás, agus muintir na Gaeltachta, ag ceistiú an mbéadh údarás ann. Tá áthas ormsa a rá anois go bhfuil sé cinntithe ag an Rialtas go mbeidh Údarás na Gaeltacht ann, go mbeidh feidhmeannas tionsclaíochta ag Údarás na Gaeltachta agus go gcoinneodh sé an status quo ins an am atá amach romhainn.

Maidir le ballraíocht an údaráis, is cinnte go mbeimid ag laghdú ballraíocht an údaráis, de réir chinneadh an Rialtais, ó 20 ball, mar atá i láthair na huaire, go dtí, b'fhéidir, 10 mball nó, ar a mhéid, 12 ball. Mar shampla, nuair a thosaigh an t-údarás ar dtús, ó 1969 go dtí 1980, 13 bhall a bhí air. Bhí seachtar tofa ag pobal na Gaeltachta agus seisear ainmnithe ag an Aire, agus an cathaoirleach ina measc sin.

Mar atá cúrsaí eacnamaíochta i láthair na huaire, caithfimid scrúdú a dhéanamh ar gach euro a théann isteach i ngach Roinn. Caithfimid gan dearmad a dhéanamh de sin. Tá sé glactha ag an Rialtas anois, in ionad toghchán a bheith ann go gcuirfear meicníocht ar fáil sa dóigh go mbeidh na húdaráis áitiúla - agus b'fhéidir dreamanna eile - ábalta daoine a ainmniú ar an údarás. Bhéinnse go mór i bhfábhar go mbéadh na daoine a ainmnítear as ceantair Gaeltachta agus go mbéadh an Ghaeilge ar a dtoil acu chomh maith.

Bheidh an líon laghdaithe ó 20 go dtí 13. Sábhalfaidh sé sin airgead mór in aghaidh na bliana. Meastar go sábhalfadh sé €165,000 sa bhliain ná mar a chosnaíonn sé anois. Táimid ag caint ar an-chuid airgid.

Seo an cinneadh a bhí le déanamh. Tá an t-airgead gann agus caithfimid an luach is fearr a fháil ar an airgead. Ba bhreá liomsa, dá mbéadh an t-airgead ar fáil le caitheamh ar thionscail sa Ghaeltacht in ionad toghchán díreach agus costais boird.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

An bhféadfainn teacht ar ais le pointe bheag?

Photo of Peter MathewsPeter Mathews (Dublin South, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Go han-bheag.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Dúirt an t-Aire Stáit go raibh €6 mhilliún ag Údáras na Gaeltachta i mbliana. Níl a dhóthain ansin chun an líon fostaíochta a choimeád sa Ghaeltacht. Dar le muintir na Gaeltachta, caithfear €12 mhilliún a chaitheamh chun an líon a choimeád mar atá sé. An bhfuil an Rialtas chun níos mó airgid a chur isteach san údarás?

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá ballraíocht bhord an údaráis le laghdú. Beidh an chuid is mó des na baill sin ceaptha tré na comhairlí contaetha a bhfuil limistéir Gaeltachta iontu. An bhfuil sé i gceist ag an Aire Stáit an ceangal idir an t-údarás agus an phobal a bhriseadh?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Ní aontaím ar chor ar bith nach mbeidh ceangal idir an pobal agus an údarás. Tá ceangal an-láidir idir an pobal agus na coistí gairmoideachais ins an tír. Bhí ceangal an-láidir idir an pobal agus na bóird sláinte a bhí ann ar fud na tíre. Na daoine a bhí ag gníomhú ar na coistí gairmoideachais agus ar na boird sláinte, ainmníodh an mórchuid acu ag na rialtais aitiúla. Beidh ceangal ansin, gan dabht.

Sin an fáth go bhfuilimid ag teacht aníos le seift den chineál seo, le cinntiú go mbeidh an daonlathas ins an údarás. B'fhéidir nach bhfuil sé ann go díreach ach is cinnte to mbeidh sé go hindíreach agus go mbeidh inchur mór ag muintir na Gaeltachta agus ag an Ghaeltacht féin ins an bhord úr.

Maidir leis an cheist a bhí ag an Teachta Tóibín, is cinnte nach bhfuil ag an údarás i mbliana ach €6 mhilliún ón Státchiste. Tá achmhainní á ndíol ag an údarás chomh maith agus tugann sé sin na hachmhainní chaipitil atá acu suas go dtí beagnach €12 milliún.

I láthair na huaire tá géarchéim eacnamaíochta ann. Tá gach Roinn ag déanamh gach iarracht oiread airgid agus is féidir linn a fháil. Beidh an t-Aire, mé féin agus an Roinn ag déanamh gach iarracht oiread airgid agus is féidir linn a fháil do Údarás na Gaeltachta. Is é an rud is tábhachtaí ar fad, is cuma cé mhéad airgid a bhéas ar fáil, go mbeidh sé ins an reachtaíocht úr go mbeidh cúramaí fiontraíochta ar an údarás. Beidh sé sa Bhille go mbeidh na cúramaí sin air. Sin mar is ceart é a dhéanamh, is é sin nuair a bhéas breis airgid ar fáil sa tír agus nuair a thiocfaimid amach as an ghéarchéim eacnamaíochta go mbeidh an t-údarás ansin agus na freagraíochtaí sin air.

Dála an scéil, beidh comhoibriú chomh maith idir na háisinteachtaí fostaíochta eile, mar shampla an t-Údarás Fostaíochta Tionsclaíochta agus Enterprise Ireland, agus beidh comh-oibriú idir an t-údarás agus iad siúd. Thig liom a rá - tá sé seo ráite agam leis an údarás - má thagann an t-údarás aníos le haon tionscnamh sa Ghaeltacht a chuirfidh fostaíocht ar fáil, is cinnte nach dteipfidh orthu an fhostaíocht sin a chur ar fáil os rud é nach bhfuil airgead ar fáil.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá cumhacht iomlán ag an Aire agus na comhairleoirí ó thaobh ainmniú an bhoird de. Ba mhaith le pobal na Gaeltachta go mbeadh an chumhacht sin acu. An bhfuil córas eile ann a ligfeadh do phobal na Gaeltachta iad féin a chur chun cinn do bhord an údaráis?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Mar a dúirt mé, tá cinn an Bhille á n-ullmhú i láthair na huaire. Tabharfar an Bille seo isteach roimh deireadh na bliana, b'fhéidir, nó an bhliain seo chugainn. Táimid ag amharc ar na féidearthachtaí uilig ag an bpointe seo. Thig liom a rá go mbeidh inchur daonlathach ar bhord Údarás na Gaeltachta. B'fhéidir nach mbeidh sé cosúil leis an mbord a bhí in áit roimhe seo. Mar shampla, nuair a thosaigh an feachtas i gContae na Gaillimhe fá choinne Údarás na Gaeltachta a bhunú agus cearta sibhialta na Gaeltachta a bhaint amach, ní raibh sé ar intinn gur comhairleoirí contae amháin a bheadh ar an mbord. Dúirt na daoine a bhí páirteach sa bhfeachtas gur chóir go mbeadh ceannairí pobail le saineolas ar chúrsaí tionsclaíochta, infheistíochta, fostaíochta agus Gaeltachta ar an mbord. Tá na féidearthachtaí uilig á scrúdú againn. Nuair a chuirfear an Bille i láthair an Tí, beidh sé níos soiléire. Maidir leis an méid go díreach a bheidh á dhéanamh againn, is féidir liom a rá go mbeidh inchur daonlathach sa bhord úr. Dúirt an Teachta Tóibín go bhfuil plean glic ag an Rialtas, os rud é go bhfuil tromlach ag Fine Gael ar chomhairlí contae ar fud na tíre.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Tá tromlach ag Fine Gael.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá mé fada go leor anseo a thuisicint go dtéann an roth polaitiúil timpeall, cosúil le Rotha Mór an tSaoil a bhí ag Micí Mac Gabhann. An páirtí atá thuas inniu, beidh sé thíos amárach.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Tá an móraimh ag Fine Gael ag an bomaite.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Is é sin an daonlathas.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Is rud glic é, i ndáiríre.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

B'fhéidir go mbeidh an móraimh ag páirtí eile i gceann trí bliana. Bíodh dóchas ag an Teachta.