Dáil debates

Wednesday, 22 June 2011

1:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Aontaím leis an méid a bhí le rá ag an Teachta mar gheall ar an sár-obair atá déanta ag Údarás na Gaeltachta ó bunaíodh é beagnach 30 bliain ó shin. Tá breis agus 7,000 duine fostaithe ins an Ghaeltacht ag comhlachtaí a fuair tacaíocht agus cuidiú agus cabhar ó Údarás na Gaeltachta. Nuair a tháinig mé isteach ins an phost seo is cinnte go raibh comhartha ceiste mór ann maidir le todhchaí Údarás na Gaeltachta. Chonaic muid an titim tubaisteach a bhí ar chaiteachas chaipitil do Údarás na Gaeltachta ó €27 milliún 2008 go dtí €6 milliún i mbliana. Bhí daoine ins an údarás, agus muintir na Gaeltachta, ag ceistiú an mbéadh údarás ann. Tá áthas ormsa a rá anois go bhfuil sé cinntithe ag an Rialtas go mbeidh Údarás na Gaeltacht ann, go mbeidh feidhmeannas tionsclaíochta ag Údarás na Gaeltachta agus go gcoinneodh sé an status quo ins an am atá amach romhainn.

Maidir le ballraíocht an údaráis, is cinnte go mbeimid ag laghdú ballraíocht an údaráis, de réir chinneadh an Rialtais, ó 20 ball, mar atá i láthair na huaire, go dtí, b'fhéidir, 10 mball nó, ar a mhéid, 12 ball. Mar shampla, nuair a thosaigh an t-údarás ar dtús, ó 1969 go dtí 1980, 13 bhall a bhí air. Bhí seachtar tofa ag pobal na Gaeltachta agus seisear ainmnithe ag an Aire, agus an cathaoirleach ina measc sin.

Mar atá cúrsaí eacnamaíochta i láthair na huaire, caithfimid scrúdú a dhéanamh ar gach euro a théann isteach i ngach Roinn. Caithfimid gan dearmad a dhéanamh de sin. Tá sé glactha ag an Rialtas anois, in ionad toghchán a bheith ann go gcuirfear meicníocht ar fáil sa dóigh go mbeidh na húdaráis áitiúla - agus b'fhéidir dreamanna eile - ábalta daoine a ainmniú ar an údarás. Bhéinnse go mór i bhfábhar go mbéadh na daoine a ainmnítear as ceantair Gaeltachta agus go mbéadh an Ghaeilge ar a dtoil acu chomh maith.

Bheidh an líon laghdaithe ó 20 go dtí 13. Sábhalfaidh sé sin airgead mór in aghaidh na bliana. Meastar go sábhalfadh sé €165,000 sa bhliain ná mar a chosnaíonn sé anois. Táimid ag caint ar an-chuid airgid.

Seo an cinneadh a bhí le déanamh. Tá an t-airgead gann agus caithfimid an luach is fearr a fháil ar an airgead. Ba bhreá liomsa, dá mbéadh an t-airgead ar fáil le caitheamh ar thionscail sa Ghaeltacht in ionad toghchán díreach agus costais boird.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.