Dáil debates

Wednesday, 22 June 2011

1:00 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)

Oibríonn eagraíochtai i bhfad níos fearr nuair a bhíonn sprioc, no cuspóir, chúng acu. Mar shampla, déanann TG4 job níos fearr don Ghaeilge ná mar a dhéanann RTE. Déanann Údarás na Gaeltachta job níos fearr chun fostaíocht a mhealladh isteach go dtí an Ghaeltachta ná aon eagraíocht eile. Is é mo thuairim go ndéanfaidh an t-easpa daonlathais dochar don job atá le déanamh ag an údarás. Ar dtús, ní bheidh an t-údarás chomh freagrach do mhuintir na Gaeltachta as seo amach. I gContae na Gaillimhe, mar shampla, ní thagann ach triúr chomhairleoir chontae ón nGaeltacht agus ní bheidh an brú céanna orthu-san maidir le fadhbanna na Gaeltachta. Chomh maith leis sin, tá móramh ag Fine Gael i gcúig cinn des na sé ceantair Gaeltachta. Beidh Fine Gael i gceannas ar an údarás i ngach áit. An mbeidh comhairleoirí Fhine Gael sásta seasamh suas ar son mhuintir na Gaeltachta in gcoinne na gearrtha siar nó an mbeidh siad sásta glacadh le polasaí Fhine Gael agus an Rialtais?

Is droch rud uafásach é an daonlathas a bhaint den údarás. Beidh Comhairlí Chontaetha gan aon Ghaeilge, le comhairleoirí a toghadh i gceantair nach ceantair Gaeltachta iad, ag déanamh polasaí Údarás na Gaeltachta as seo amach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.