Dáil debates

Wednesday, 22 June 2011

1:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 13 agus 15 le chéile.

Faoi réir na reachtaíochta atá i bhfeidhm faoi láthair, ní mór an chéad toghchán eile d'Údarás na Gaeltachta a reáchtáil faoi Dheireadh Fómhair 2012 chun 17 mball a thoghadh go daonlathach. Ag cruinniú Rialtais ar an 31 Bealtaine 2011, thóg an Rialtas roinnt cinntí sonracha maidir le struchtúr agus feidhmeanna Údarás na Gaeltachta sa todhchaí. Mar cheann de na cinntí sin, tá sé socraithe go ndéanfar foráil sa Bhille Gaeltachta nua a bheidh á thionscnamh, chun deireadh a chur leis an riachtanas do thoghcháin d'Údarás na Gaeltachta feasta. Agus an cinneadh polasaí seo á thógáil, bhí aird ag an Rialtas ar chúinsí éagsúla, ina measc: líon mór na gcomhaltaí ar an mBord faoi láthair; an gá chun fócas níos géire a thabhairt do bhoird Stáit i gcoitinne; agus an costas mór a bhaineann le toghchán a réachtáil do líon teoranta iomaitheoirí. Sa chomhthéacs seo, ní miste a lua gur bhain costas de bheagnach €400,000 le toghchán Údarás na Gaeltachta a reachtáil in 2005.

Ar ndóigh, feictear don Rialtas go bhfuil sé tábhachtach nach gcaillfear an ghné dhaonlathach mar thoradh ar na hathruithe atá beartaithe ar Bhord an údaráis. Dá bhrí sin, tá sé i gceist go dtiocfar ar mheicníocht faoin mBille Gaeltachta le gur féidir comhaltaí ó údaráis áitiúla a bhfuil limistéir Ghaeltachta faoina gcúram a ainmniú ar bhord an údaráis. I dteannta leis sin, meastar go mbeidh comhaltaí eile le hainmniú ag an Aire, mar thoradh, inter alia, ar shaineolas ar leith a bheith acu i réimsí gnímh an údaráis.

Ní aontaím, dá bhrí sin, nach mbeidh daonlathas bainteach le bord an údaráis nuair a bheidh an struchtúr nua seo curtha i bhfeidhm.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.