Dáil debates

Wednesday, 22 June 2011

1:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Mar a dúirt mé, tá cinn an Bhille á n-ullmhú i láthair na huaire. Tabharfar an Bille seo isteach roimh deireadh na bliana, b'fhéidir, nó an bhliain seo chugainn. Táimid ag amharc ar na féidearthachtaí uilig ag an bpointe seo. Thig liom a rá go mbeidh inchur daonlathach ar bhord Údarás na Gaeltachta. B'fhéidir nach mbeidh sé cosúil leis an mbord a bhí in áit roimhe seo. Mar shampla, nuair a thosaigh an feachtas i gContae na Gaillimhe fá choinne Údarás na Gaeltachta a bhunú agus cearta sibhialta na Gaeltachta a bhaint amach, ní raibh sé ar intinn gur comhairleoirí contae amháin a bheadh ar an mbord. Dúirt na daoine a bhí páirteach sa bhfeachtas gur chóir go mbeadh ceannairí pobail le saineolas ar chúrsaí tionsclaíochta, infheistíochta, fostaíochta agus Gaeltachta ar an mbord. Tá na féidearthachtaí uilig á scrúdú againn. Nuair a chuirfear an Bille i láthair an Tí, beidh sé níos soiléire. Maidir leis an méid go díreach a bheidh á dhéanamh againn, is féidir liom a rá go mbeidh inchur daonlathach sa bhord úr. Dúirt an Teachta Tóibín go bhfuil plean glic ag an Rialtas, os rud é go bhfuil tromlach ag Fine Gael ar chomhairlí contae ar fud na tíre.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.