Dáil debates

Wednesday, 22 June 2011

1:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Ní aontaím ar chor ar bith nach mbeidh ceangal idir an pobal agus an údarás. Tá ceangal an-láidir idir an pobal agus na coistí gairmoideachais ins an tír. Bhí ceangal an-láidir idir an pobal agus na bóird sláinte a bhí ann ar fud na tíre. Na daoine a bhí ag gníomhú ar na coistí gairmoideachais agus ar na boird sláinte, ainmníodh an mórchuid acu ag na rialtais aitiúla. Beidh ceangal ansin, gan dabht.

Sin an fáth go bhfuilimid ag teacht aníos le seift den chineál seo, le cinntiú go mbeidh an daonlathas ins an údarás. B'fhéidir nach bhfuil sé ann go díreach ach is cinnte to mbeidh sé go hindíreach agus go mbeidh inchur mór ag muintir na Gaeltachta agus ag an Ghaeltacht féin ins an bhord úr.

Maidir leis an cheist a bhí ag an Teachta Tóibín, is cinnte nach bhfuil ag an údarás i mbliana ach €6 mhilliún ón Státchiste. Tá achmhainní á ndíol ag an údarás chomh maith agus tugann sé sin na hachmhainní chaipitil atá acu suas go dtí beagnach €12 milliún.

I láthair na huaire tá géarchéim eacnamaíochta ann. Tá gach Roinn ag déanamh gach iarracht oiread airgid agus is féidir linn a fháil. Beidh an t-Aire, mé féin agus an Roinn ag déanamh gach iarracht oiread airgid agus is féidir linn a fháil do Údarás na Gaeltachta. Is é an rud is tábhachtaí ar fad, is cuma cé mhéad airgid a bhéas ar fáil, go mbeidh sé ins an reachtaíocht úr go mbeidh cúramaí fiontraíochta ar an údarás. Beidh sé sa Bhille go mbeidh na cúramaí sin air. Sin mar is ceart é a dhéanamh, is é sin nuair a bhéas breis airgid ar fáil sa tír agus nuair a thiocfaimid amach as an ghéarchéim eacnamaíochta go mbeidh an t-údarás ansin agus na freagraíochtaí sin air.

Dála an scéil, beidh comhoibriú chomh maith idir na háisinteachtaí fostaíochta eile, mar shampla an t-Údarás Fostaíochta Tionsclaíochta agus Enterprise Ireland, agus beidh comh-oibriú idir an t-údarás agus iad siúd. Thig liom a rá - tá sé seo ráite agam leis an údarás - má thagann an t-údarás aníos le haon tionscnamh sa Ghaeltacht a chuirfidh fostaíocht ar fáil, is cinnte nach dteipfidh orthu an fhostaíocht sin a chur ar fáil os rud é nach bhfuil airgead ar fáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.