Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 6 February 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ionaid Cúraim Leanaí Lán-Ghaeilge i gCeantair Gaeltachta: Díospóireacht

5:00 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na finnéithe. Táimid anseo inniu chun plé a dhéanamh ar na dúshláin atá ag baint le hionaid cúraim leanaí lán-Ghaeilge a reáchtáil i gceantar Gaeltachta le hionadaithe ó Chrann Taca agus Comharchumann Shailearna teoranta. B'fhéidir go mbeidh an dá dream in ann na dúshláin a mhíniú mar ní thuigim iad. Cuirim fáilte faoi leith roimh Lochlainn Ó Tuairisg. Is rúnaí an bhoird stiúrtha é, an ea?

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Is ea.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh Áine Nic Niallais agus Bróna Ní Uallacháin freisin. Tá céad míle fáilte rompu. Táimid díreach ar ais ó chuairt go dtí Tír Chonaill so tá canúint eile i mo chluasa faoi láthair. Tá rud amháin le déanamh agam maidir leis an reachtaíocht. Tá orm píosa a léamh do na finnéithe maidir le bheith cúramach faoina gcuid focal.

Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar a n-aird go bhfuil siad, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste do na finnéithe, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal tar éis sin ach pribhléid cháilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear dóibh an cleachtadh parlaiminte a urraimiú nach chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí ar bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom iad a chur ar an eolas go ndéanfar na ráitis tionscnaimh a chuireann siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh ghréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó le hoifigeach ina ainm nó ina hainm nó ar shlí ina bhféadfaí é nó í a aithint.

Is teanga thar a bheith simplí í an Ghaeilge. Iarraim anois ar na hionadaithe ó Chrann Taca agus Comharchumann Shailearna teoranta labhairt os comhair an choiste. An bhfuil ráiteas tosaigh acu?

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Tá.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil cóip againn anseo?

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Tá ráiteas-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an finné ag cloí leis an ráiteas.

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Tá sé seo beagáinín difriúil.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ach is é an rud ar sheol na finnéithe chugainn.

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Is ea. Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus leis an gcoiste as ucht an cuireadh teacht ina láthair inniu agus as an deis seo a thabhairt dúinn labhairt faoi chuid de na dúshláin atá ag baint le hionaid cúraim leanaí lán-Ghaeilge a reachtáil i gceantar Gaeltachta. Is tuismitheoirí muid triúr as-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabh mo leithscéal. An míneoidh an finné an ceangal idir a eagraíocht agus Comharchumann Shailearna teoranta? Is eagraíocht neamhspleách é Crann Taca.

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Is ea, ach is leis an gcomharchumann é.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is le Comharchumann Shailearna é. Feidhmíonn eagraíocht an fhinné faoi stiúr an chomharchumainn.

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Feidhmíonn, ach tá bord stiúrtha dár gcuid féin agus neamhspleáchas againn.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Taobh amuigh den chomharchumann.

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Taobh amuigh den chomharchumann.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil ionadaithe ón gcomharchumann ar an mbord?

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Tá. Ceapann an comharchumann cúigear ar an mbord stiúrtha.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cé mhéad stiúrthóirí atá ar an mbord stiúrtha?

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Naonúr atá ceaptha a bheith ann ach tá seachtar ann faoi láthair.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá naonúr atá ceaptha a bheith ann ach tá seachtar ann faoi láthair, so tá folúntais ann.

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Tá dhá fholúntas ann le gairid.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Agus tá naonúr i gceist san iomlan.

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Tá.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Agus tagann cúigear as an gcomharchumann.

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Ainmníonn an comharchumann cúigear agus ainmníonn an cúigear sin beirt eile agus beirt eile.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

So tagann cúigear as an gcomharchumann agus ainmníonn sinn----

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Ainmníonn an cúigear sin ceathrar eile.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ceathrar eile. So tagann siad uilig ón gcomharchumann i ndáiríre.

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Ní gá go dtagann. Tá overlap áirithe ann idir an dá bhord stiúrtha. Tá mise ar an dá bhord. Táim ar bhord an chomharchumainn agus ar bhord an ionad tacaíochta teaghlaigh, an ITT, ach níl na finnéithe eile ach ar bhord an ITT. D'fhéadfaí bheith ar an dá bhord nó d'fhéadfaí gan a bheith.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

B'fhéidir go dtiocfaimid ar ais air sin. Gabhaim buíochas leis an bhfinné as ucht an shoiléiriú.

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Is tuismitheoirí muid triúr as cúlraí éagsúla Gaeltachta agus Galltachta, a raibh, a bhfuil agus a mbeidh gasúir linn ag baint úsáid as cuid de na seirbhísí cúraim leanaí atá ar fáil sa gCrann Taca i gCois Fharraige. Ní hionann chuile ionad cúraim leanaí agus ní hionann chuile cheantar Gaeltachta ó thaobh réimse agus caighdeán seirbhísí de ná ó thaobh chomh folláin is atá an Ghaeilge mar teanga phobail iontu. Ó tháinig muid ar an mbord stiúrtha tuairim agus bliain go leith ó shin, tá sé tugtha faoi deara againn go bhfuil géarghá le cur chuige comhtháite straitéiseach san earnáil cúraim leanaí sa nGaeltacht.

Is coiste deonach muide agus, mar atá léirithe againn sa ráiteas atá os comhair an choiste, ní raibh muid i bhfad ag an mbord stiúrtha nuair a thug muid faoi deara gur fúinn féin a bheadh sé cinneadh polasaithe a chur i bhfeidhm a chinnteodh fís lucht bunaithe an Chrann Taca - gur ionad tacaíochta teaghlaigh a bheadh ann dóibh siúd atá ag tógáil a gclanna le Gaeilge. Is í an cheist a rith linn ansin ná cén ról atá ag an Stát anseo. Chonacthas dúinn go raibh go leor ama agus fuinneamh ídithe agus caite ag an bpolasaí oideachais Gaeltacha agus ag an bpleanáil teanga, ach cá raibh an bhéim ar an gcéad chéim sa bpróiseas seo, sé sin, an réamhscolaíocht, an aois chriticiúil sin idir sé mhí agus cúig bhliana, tráth a leagtar síos bunchloch do shealbhú na teanga agus do shóisialú sa teanga sin? Is í sin an chúis a bhfuilimid tagtha os comhair an choiste inniu. Dírím aird na gcomhaltaí ar an mbileog sin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ráiteas difriúil againn ach dúirt an cléireach liom gur iarr sé ar na finnéithe gan a bheith rófhada so tá an locht orainn. De ghnáth tá sé cabhrach dúinn é a léamh a fhad is atá an finné ag caint. Tá an locht orainn. Is féidir leis an bhfinné leanúint ar aghaidh.

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Tá sé i mbeagán focal ar an leathanach seo. Is é croí an scéil go bhfuil tacaíocht Stáit de dhíth chun cuidiú leis an ITT nó an Crann Taca - an t-ainm atá ar an áit - leas an pháiste agus leas na teanga a dhéanamh. Mar réiteach ar an bhfadhb seo, ba mhaith linn go mbronnfaí stádas speisialta ar chóras réamhscolaíochta na Gaeltachta mar atá ag na bunscoileanna agus meánscoileanna faoin bpolasaí oideachais na Gaeltachta ó 2017 go 2022. Tá trí bhealach inar féidir é seo a dhéanamh. Is é an chéad cheann lán-tacaíocht a fháil ó na heagraíochtaí cuí Stáit chun freastal ar riachtanais éagsúla teanga i bpáistí. Déanaimid amach go sonrach gur gá grúpáil a dhéanamh de réir riachtanais teanga sa gcás seo chun gur féidir leis na foghlaimeoirí Gaeilge foghlaim ag an luas cuí agus deis a thabhairt do chainteoirí dúchais Gaeilge a gcuid Gaeilge a threisiú agus cairdeas a chruthú trí Ghaeilge.

Baineann an dara bhealach le cúrsaí airgid. Caithfear pá agus cúrsaí oiliúna cuí a chur ar fáil do na hoibrithe sna seirbhísí réamhscoile chun tacú leo san obair chrua tábhachtach seo. Tá mion-chur síos déanta air sin sa ráiteas atá os comhair na gcomhaltaí ansin. Is é an tríú cheann ná maoiniú cuí a chur ar fáil chun na fiacha a bhí ann ó tógadh an ITT a ghlanadh. Mar a luaigh sa ráiteas sin, táimid ag crágáil linn ó tosaíodh an áit in 2009 agus gan é ar ár gcumas poitéinseal an ionad a bhaint amach i ndáiríre. Is é ár ndóchas gurb é an toradh a bheidh air seo ná go mbeidh seirbhís ar fáil a ndéanfar freastal cuí ar chuile pháiste agus go leagfaí dúshraith láidir sealbhaithe teanga do chainteoirí óga dúchais na Gaeltachta.

Tá an tréimhse idir sé mhí agus cúig bhliana in aois criticiúil do shealbhú agus do shóisialú teanga. Braithimid go bhfuil dualgas orainn freastal ar riachtanais na gasúir agus iad ag leanacht leis a gcuid oideachas trí mheán na Gaeilge sa mbunscoil. Bhí an polasaí teanga ata luaite ansin agam i bhfeidhm san ITT ó bhliain 2000. Nuair a ligeadh na maidí le sruth le bliain nó dhó, deir príomhoide na bunscoile áitiúla linn go raibh éifeacht air, is é sin, gur tháinig meath ar chaighdeán Gaeilge na ngasúr. Is é sin bun agus barr an mhéid atá le rá againn.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An mbeidh an finné in ann beagáinín cúlra a thabhairt ar an líon daoine atá ag freastal ar an tseirbhís don taifead?

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Cinnte.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá na rudaí atá ag teastáil ó na finnéithe soiléir anois, ach an labhróidh an finné faoin tseirbhís atá á cur ar fáil ag Crann Taca? Ansin beidh ceisteanna ag na comhaltaí.

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Tá trí cinn ann. Tá naíolann ann, tá naíonra ann agus tá seirbhís iarscoile chomh maith ann. Tá thart ar-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá trí sheirbhís i gceist.

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Sea, trí cinn dhifriúla agus tuairim is 100 teaghlach, beag nó mór, ag baint astu. Tá thart ar 30 páiste sa naíolann, 46 páiste sa naíonra, agus ansin b'fhéidir 70 páiste ag baint leas as an tseirbhís iarscoile. Tá 23 duine fostaithe ann, idir lánaimseartha agus pháirtaimseartha. Chomh maith leis sin, tá seirbhís bus ann freisin. Má tá gasúr le bailiú tar éis na scoile, téann an bus ag an scoil agus tugann sé go dtí an t-ionad iad. Má tá na tuismitheoirí ag iarraidh a bpáistí a fhágáil san ionad roimh a dtosaíonn na ranganna, tabharfaidh an bus ar an scoil agus ar ais go dtí an t-ionad freisin iad. Tá cistin ann freisin, áit a mbíonn béilí á réiteach do na gasúir atá ag fanacht ann chomh maith. Sin an sórt seirbhíse atá ar fáil ann.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil ceisteanna ag na comhaltaí? Muna bhfuil siad réidh, cuirfidh mise cúpla ceist maidir leis na dúshláin. Thug na finnéithe páipéar cuimsitheach dúinn maidir leis na dúshláin agus luadh aitheantas faoi leith don luathoideachas agus don fhiacha a bhaineann leis an eagraíocht freisin. B'fhéidir go dtiocfaidh mé ar ais chuige sin. Bhí an tríú rud ann, is dócha, agus sin coinníollacha pá.

Dr. Áine Nic Niallais:

Go bunúsach, tá an-jab ar bun ag na mná atá ag obair ann agus iad ag tabhairt aire do na páistí. Ach má smaoinítear air, tá dhá jab ar bun acu. Tá siad ag tabhairt aire do na páistí ó mhaidin go tráthnóna agus fosta ag iarraidh Gaeilge a thabhairt dóibh. Tá siad ag cuidiú leis na cainteoirí dúchais leis an Ghaeilge atá acu a threisiú agus ag cuidiú le foghlaimeoirí chomh maith. Tá an jab céanna ar bun acu siúd agus atá ar bun ag na cúntóirí teanga sna bunscoileanna nó, ar ndóigh, ag múinteoirí scoile agus fós tá an difríocht idir an dá phá dochreidte. Ní féidir linn súil go ndéanfadh siad jab mar sin gan an t-aitheantas a thabhairt dóibh. Caithfear aitheantas a thabhairt dóibh go bhfuil an rud atá ar bun acu difriúil ón rud a bheadh ar bun ag duine i gContae Ros Comáin nó i gcontae éigin eile nuair nach bhfuil teanga ach child care amháin i gceist. Tá child care móide teanga i gceist anseo.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim é sin agus ardaíodh an téama céanna agus an fhadhb chéanna i dTír Chonail inné maidir le cúntóirí teanga.

Dr. Áine Nic Niallais:

Ar tháinig?

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Sea. Tá siad ag tabhairt tacaíochta sa scoil ach, ag an am céanna, tá ról faoi leith acu maidir leis an teanga. Tá sé sin thar a bheith deacair agus tuigim an cás ach táim ag iarraidh ar na finnéithe é a mhíniú agus a dhéanamh beagán níos soiléire dúinn a fhad is atá na Teachtaí ag smaoineamh faoina gceisteanna. Is é seo deis do na finnéithe a chur in iúl dúinne na dúshláin maidir le hionaid mar seo a fheidhmiú. Cad iad na dúshláin eile atá ann? Mar shampla, ó mo thaithí féin, mar bhí mé i mo shíceolaí na blianta ó shin, an bhfuil polasaí ann maidir le daoine faoi mhíchumas? Ardaíodh an téama céanna i dTír Chonaill inné. Cén polasaí atá ag Crann Taca maidir le gasúir faoi mhíchumas nó gasúir le fadhbanna teanga? An bhfuil dúshlán faoi leith ann iad a chlúdú agus a thabhairt isteach? Chualamar inné i dTír Chonaill maidir le daoine le fadhbanna ar leith. An chomhairle i gcónaí a bhíonn ann ná gan bacadh leis an nGaeilge toisc go bhfuil sé ró-dhúshlánach. Bhí sé sin ar chuile leibhéal. Dúradh an bhéim a chur ar an mBéarla mar tá sé i bhfad níos éasca agus nach mbeadh na gasúir trína chéile. Glacadh d'aon ghuth inné gur chomhairle mícheart é sin.

Dr. Áine Nic Niallais:

Sílim an rud is mó ná go bhfuil na páistí seo an-óg. De réir m'eolais, go dtí go ndéantar diagnóis i dtaca le huathachas nó a leithéid sin ar na páistí, bíonn trí-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá réimse leathan deacrachtaí taobh amuigh de diagnóis a fháil, go háirithe ó thaobh teanga.

Dr. Áine Nic Niallais:

Tá siad sin uilig i gceist, cinnte.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cén polasaí atá ag Crann Taca chun déileáil leis sin? An bhfuil tacaíocht faoi leith ag teastáil? An bhfuil duine faoi leith-----

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Níor tháinig sé aníos nuair a chuamar i gcomhairle leis na daoine atá ag obair san ionad, mar shampla, an bainisteoir. Níor tháinig sé sin aníos mar cheann de na dúshláin mhóra a bhí acu. Tháinig sé aníos ach ar bhealach eile. An uair deiridh a labhraíomar faoi seo, bhí ceisteanna ann maidir le deacrachtaí-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Lean ar aghaidh. Gabh mo leithscéal. Bhí mé ag iarraidh rud a aimsiú.

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Bhí cuid de na fostaithe ag rá go mb'fhéidir go raibh gá le hidirghabháil éigin a dhéanamh le gasúr, abair, ach níor féidir leo an moladh sin a dhéanamh mar nach bhfuil siad cáilithe chuige sin. Caithfidh duine éigin eile é a dhéanamh agus caithfidh na tuismitheoirí é a iarraidh.

Dr. Áine Nic Niallais:

Go minic ní bhíonn an diagnóis faighte ag an aois seo. B'fhéidir go bhfaighfí é sa naíonra ach níor tháinig sé chun cinn mórán go dtí seo - ó na fostaithe ar aon nós - go raibh fadhb mar sin ann. Tháinig cúpla cás chun cinn nuair a bhí na páistí an-óg ach ní raibh na fostaithe in ann aon rud a dhéanamh faoi mar ní raibh diagnóis ann. Mar sin, ní fhéadtaí aon idirghealú a dhéanamh eatarthu sin agus gnáthpháistí eile. Tá an scéal sin tábhachtach ar bhealach ach, ar bhealach eile, níl a fhios agam go mbaineann sé leis seo. An phríomhtheactaireacht ó na fostaithe ná go raibh siad faoi bhrú mar go bhfuil níos mó le déanamh acu ná mar atá ag gnáthfhostaithe in ionad cúram leanaí. Ní hamháin go bhfuil na fadhbanna sin uilig a tharlaíonn i dtaca le páistí a bhfuil riachtanais speisialta acu ann ach tá an Ghaeilge, an Béarla agus b'fhéidir teangacha eile i gceist chomh maith. Cinnte tá sé sin i gceist agus baineann sé leis an mbrú atá ar na fostaithe seo.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

De ghnáth, ní thagann mise isteach ar dtús. Is rud neamhghnách é, ach táimid go léir beagáinín tuirseach tar éis an turas ó Thír Chonaill. Táim ag tabhairt seans do na comhaltaí a n-anáil a tharraingt. Glaoim ar an Seanadóir Ó Clochartaigh.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim míle fáilte roimh na finnéithe. Bhíomar ag cur is ag cúiteamh faoi chuid de na ceisteanna seo agus tá mé ag ceapadh, i ndáiríre, go dtéann an cheist atá na finnéithe ag ardú agus an t-ábhar atá siad ag plé go croílár ceist na pleanála teanga sna ceantair Ghaeltachta agus cé chomh casta is atá sé. Táimid ag cloisteáil, agus chualamar arís inné é, faoi na pleananna teanga sna ceantair éagsúla atá á chur i dtoll a chéile ach tá na finnéithe ag iarraidh iad a chur i bhfeidhm ag leibhéal praiticiúil. Is dócha nach miste cuid de na ceisteanna eile a ardaítear liomsa i gcomhthéacs ionaid cosúil le hionaid na bhfinnéithe a lua. Mar shampla, aontaím go hiomlán go bhfuil an jab i bhfad níos casta ag an dream atá ag obair sna naíolanna Gaeltachta mar gheall ar chúinsí teangan agus castachtaí. Ní hamháin go bhfuil an cúram leanaí le déanamh agus na polasaithe Síolta agus Aistear le leanúint mar atá i ngach ionad cúram leanaí atá ag feidhmiú faoi scáth na Roinne Leanaí agus Gnóthaí Óige ach tá an polasaí teanga ann chomh maith céanna. An bhfuil na finnéithe in ann beagáinín a insint dúinn faoi cén chaoi a snaidhmeann siad iad sin le chéile? Cén chaoi a chuireann siad an cúrsa teanga chun cinn agus na curaclaim réamhscoile Síolta agus Aistear chomh maith céanna? Conas a oibríonn siad sin as lámh a chéile? Cé hiad na constaicí a fheiceann na finnéithe leis sin?

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Ón scrúdú a rinne muid féin ar Síolta agus Aistear, ní mórán spás a thugtar do chúrsaí Gaeilge iontu. Ó thaobh chúrsaí teanga go ginearálta, tá sliocht amháin ann. Deir sé gur cheart Béarla a labhairt leis an ngasúr mura bhfuil dóthain Béarla aige nó aici. Tá sé sin aisteach i gcomhthéacs Gaeltachta.

Dr. Áine Nic Niallais:

Más rud é go bhfuil an chaipéis léite ag an gcoiste, luafaidh mé fosta go bhfuil an fhadhb seo iontach casta ach cuid den fhadhb, áfach, ná nach dtuigeann na heagrais Stáit atá ag cur comhairle orainne aon rud fá chainteoirí aonteangacha nó, fiú, dátheangacha Gaeilge sa Ghaeltacht. Níl tuairim acu. Léigh é go bhfeicfidh tú. Tá siad ag caint ar dhaoine ar Polannaigh b'fhéidir iad nó a bhfuil teanga eile mar chéad teanga acu agus atá ag iarraidh Béarla a fhoghlaim. Sin a bhfuil siad ag caint air nuair atá siad ag caint ar diversity agus equality.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cén cháipéis?

Dr. Áine Nic Niallais:

Sin an rud a chur Tusla agus an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige amach. Lámhleabhar é a chur an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige amach faoi diversity, equality and inclusion in pre-school. Nuair a léigh mé é seo, áfach, thuig mé nach raibh barúil dá laghad acu fá cad é a bhí ag dul ar aghaidh sa Ghaeltacht.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil an cáipéis sin i nGaeilge freisin?

Dr. Áine Nic Niallais:

Tá sé i nGaeilge agus i mBéarla. Tá sé ar fáil ar líne. Ní dhéarfainn go bhfuil barúil ach oiread ag na daoine a scríobh an rud.

Fiú dá mbeadh alt beag amháin istigh anseo faoi chás sainiúil na Gaeltachta, chuideodh sé linn. Nuair a fheiceann daoine rudaí mar seo ag teacht ón Stát anuas chugainn, is léir nach bhfuil aon tuiscint ar an bhfadhb. Is é an chéad sé bliana an aois chriticiúil leis an Ghaeilge - mionteanga atá i mbaol - a fhoghlaim. Mar sin, caithfear foghlaim an Bhéarla a mhoilliú go dtí aois a cúig, a sé nó a seacht. Tuigim go bhfuil teaghlaigh dhátheangacha agus teaghlaigh thrítheangacha ann, agus go bhfuil siad ag déanamh a ndícheall chomh maith. Nílimid i gcoinne na ndaoine sin ar chor ar bith - táimid ag iarraidh tacú leo. Is é an pointe atá á dhéanamh agam ná go bhfuil gá ann uasmhéadú a dhéanamh ar an mhéid Ghaeilge atá á foghlaim ag páistí óga na Gaeltachta suas go dtí sé bliana d'aois agus cuidiú leo oiread agus is féidir linn. Táimid ag dul isteach chuig áiteanna atá faoi bhrú ag an mBéarla an t-am go léir. Níl páistí de thrí bliana d'aois nó de cheithre bliana d'aois ábalta do bhrú mar sin.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim go díreach céard atá na finnéithe ag rá. Tá bunriachtanais le sásamh ag na hionaid chúraim leanaí ó thaobh cúrsaí sláinte agus sábháilte, srl.

Dr. Áine Nic Niallais:

Cinnte.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá dualgas reachtach ar na naíonraí Síolta agus Aistear a chur i bhfeidhm mar churaclam. An bhfuil Síolta agus Aistear feiliúnach do ionaid chúraim leanaí Gaeltachta? An bhfuil gá ann polasaí difriúil ar fad a chur i bhfeidhm? An é go gcaithfear Síolta agus Aistear a chur i bhfeidhm agus na dualgais a chomhlíonadh ionas nach mbeidh an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige anuas sa mhullach ar na naíonraí?

Ms Bróna Ní Uallacháin:

Tá Síolta agus Aistear á gcomhlíonadh go hiomlán againn faoi láthair. Is é an rud is tábhachtaí dúinn ná go bhfuil an páiste lárnach. Tá sé sin ag tarlú san ionad tacaíochta teaghlaigh. Táimid fully compliant le Tusla ó thaobh na rudaí sin ar fad. Is dócha gurb í an fhadhb atá againn ná gur mhaith linn go n-aithneofar cás speisialta na Gaeltachtaí sa tacaíocht a fhaigheann muid trí Síolta agus Aistear. Tá chuile rud i Síolta agus Aistear á gcomhlíonadh againn, ach b'fhearr linn dá mbeadh aitheantas ann, ó thaobh stádas de, go bhfuil cás speisialta sna Gaeltachtaí. Tá na páistí lárnach i gcroílár na hionaid tacaíochta teaghlaigh an t-am ar fad. Tá na páistí lárnach sa phróiseas ó thaobh foghlama agus dul chun cinn pearsanta, ach is fiú aithint ag an am céanna go bhfuil riachtanais speisialta faoi leith ag grúpaí faoi leith.

Dr. Áine Nic Niallais:

Is é sin an rud. Níl an fhadhb leis an gcuraclam - tá an fhadhb leis an gcur chuige. Cuirtear Gaeilgeoirí nár labhair mórán eile seachas an Ghaeilge ón uair a tháinig siad ar an saol isteach le daoine nach bhfuil oiread Gaeilge acu, agus glactar leis go ndéanfaidh siad uilig dul chun cinn le chéile. B'fhéidir nach é sin an bealach is fearr.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is dócha gur cheart a rá freisin gur cuireadh polasaí don oideachas Gaeltachta ar bun le haghaidh na mbunscoileanna. Tá ceist eile agam i gcomhthéacs an méid atá ráite ag na finnéithe. Ar chóir go mbeadh polasaí réamhscoile Gaeltachta ann, nó an leor Síolta agus Aistear sna Gaeltachtaí? Bhí curaclam ann le haghaidh na mbunscoileanna agus na meánscoileanna, ach ní raibh sé iontach feiliúnach le haghaidh na ceantair Ghaeltachta. Ar cheart Síolta agus Aistear a chóiriú le haghaidh na ceantair Ghaeltachta? Is í sin an cheist a bheadh againn mar choiste. B'fhéidir gur fiú í a phlé leis an Roinn.

Ms Bróna Ní Uallacháin:

Is é sin an rud atá á lorg againn. Fáiltíonn muid roimh an stádas agus an t-aitheantas atá á dtabhairt sa pholasaí don oideachas Gaeltachta do na bunscoileanna Gaeltachta agus do na hiar-bhunscoileanna Gaeltachta. Is rud iontach é sin agus táimid sásta leis. Ba mhaith linn go leagfar síos bunchloch réamhscolaíochta roimhe sin arís. Muna bhfuil an bhunchloch láidir, agus muna bhfuil an talamh slán ón tús, ní fiú an teach a thógáil. Is é sin an t-iarratas atá againn. Ba mhaith linn go mbeadh stádas speisialta faoi leith ann ó thaobh réamhscolaíocht Gaeltachta de. Réiteodh sé sin go leor de na fadhbanna atá againn. Ba cheart go mbeadh aitheantas, maoiniú agus tacaíocht i gceist ó thaobh na fostaithe agus ó thaobh polasaithe teanga, srl., i gcomhar le Síolta agus Aistear.

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Tá méid áirithe critéir le comhlíonadh ag na bunscoileanna leis an stádas Gaeltachta a bhaint amach. Tá méid áirithe critéir le comhlíonadh ag na meánscoileanna freisin. Maidir leis na naíonraí, níl tada ann. Fágtar faoi na coistí deonacha é.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

B'fhéidir gur fiú an cheist sin a leanacht suas leis an Roinn.

Ms Bróna Ní Uallacháin:

Is áit cineál uaigneach é dúinn nuair atá coiste deonach againn i gceantar amháin agus coiste deonach éigin eile thuas i dTír Chonaill, b'fhéidir. Táimid sna coistí deonacha seo ag obair as ár stuaim féin go minic. Teastaíonn uainn go mbeadh tacaíocht ar fáil dúinn. Mar atá ráite, tá na fadhbanna céanna ag tarlú sna Gaeltachtaí uilig.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is fiú an pointe a rinneadh níos luaithe, maidir le páistí a bhfuil Gaeilge ó dhúchas acu agus beirt thuismitheoir ag labhairt Gaeilge ó dhúchas, a ardú arís sa chomhthéacs seo. Nílimid ag maireachtáil i sochaí ina bhfuil sé sin i ngach teaghlach. Cén chaoi ina láimhseálann na naíonraí é sin go praiticiúil? Nuair a thagann sruth nua gasúir isteach i mí Mheán Fómhair gach bliain, cén chaoi a ndéanann na naíonraí scagadh orthu agus iad a roinnt amach sna seomraí éagsúla atá acu? Glacaim leis go bhfuil na naíonraí ag iarraidh teanga na bpáistí le Gaeilge ó dhúchas a shealbhú, ach freisin tógann siad isteach gasúir eile nach bhfuil an Ghaeilge ag tuismitheoir amháin nó ag ceachtar tuismitheoir. Tá dualgas ar na naíonraí Gaeltachta an Ghaeilge a shealbhú i measc na bpáistí sin chomh maith céanna. Cén chaoi a ndéanann siad an dá rud?

Dr. Áine Nic Niallais:

Níl a fhios agam an bhfuil deighilt le déanamh idir dhaoine a bhfuil Gaeilge ag Mamaí agus Daidí sa bhaile agus daoine nach bhfuil Gaeilge ag Mamaí agus Daidí sa bhaile. Is féidir le Gaeilge an-mhaith a bheith ag duine a tógadh go dátheangach. Níl mise chun an deighilt sin a dhéanamh. Ní fhéadfadh aon duine é sin a dhéanamh. Má tá an Ghaeilge mar ghnáth-theanga chumarsáide agus spraoi ag an bpáiste, is cuma caidé a labhraíonn Mamaí agus Daidí. Is é an rud atá uainn ná go mbeidh na páistí ag spraoi agus ag déanamh cairdeas le chéile, sa dóigh is go leanfaidh na cairdis sin ar aghaidh nuair a théann siad chuig an mbunscoil.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Má thagann scór gasúr nua isteach go dtí naíonra áirithe ag tús na scoilbhliana seo chugainn, cén chaoi go praiticiúil a dhéanfaidh an naíonra sin scagadh orthu? An gcuirtear iad ar fad isteach i mullach a chéile?

Dr. Áine Nic Niallais:

Bíonn cúpla athrú ar an bpróiseas sin.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ceapaim go mbeadh sé spéisiúil don choiste na sonraí sin a fháil go díreach.

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Bíonn ionchur ag na tuismitheoirí agus ag na fostaithe atá ag obair sna seirbhísí seo. I gcás cuid mhaith de na gasúir a thagann isteach sna bunscoileanna, bhí siad sna naíonraí roimhe sin. Bheadh eolas maith ag na fostaithe ar an gcúlra teanga atá ag na páistí seo agus ar an gcumas atá acu. Tá an dá rud sin i gceist.

Ms Bróna Ní Uallacháin:

I mbliana, mar shampla, tá trí sheomra difriúla agus riachtanais teanga faoi leith sna seomraí sin.

Ms Bróna Ní Uallacháin:

Tugann an fhoirm iarratais deis do thuismitheoirí ionchur a dhéanamh trí chur síos a dhéanamh ar an teanga sóisialta nó spraoi atá ag a bpáistí.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar chóir go mbeadh tacaíochtaí breise ar fáil do theaghlaigh atá ag déanamh iarrachta an Ghaeilge a fheabhsú? Tuigim nach bhfuil sé sin ar fáil faoi láthair agus is deacracht é sin do na hionaid tacaíochta teaghlaigh. B'fhéidir gur chóir é sin a fhágáil ag an dream atá ag plé leis na pleananna teanga sna ceantair. Is iad siúd a bhíonn ag tacú leis na teaghlaigh sna ceantair timpeall orthu atá ag soláthar gasúir don tseirbhís atá i gceist agam. An gceapann na finnéithe go bhfuil ról acu ina leithéid sin?

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Bhí sé sin mar chuid d'fhís bhunaithe an t-ionad tacaíochta teaghlaigh an chéad lá riamh, ach níor tharla sé ar chúiseanna éagsúla. Tá sé mar pháirt den chur chuige comhtháite atá uainn go mbeadh an t-ionad tacaíochta teaghlaigh agus an plean teanga ag obair as lámh a chéile chuige sin.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil easpa acmhainní i gceist?

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Is easpa acmhainní an seanscéal atá againn i gcónaí.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Dá mbeadh airgead ar fáil, an mbeadh fonn ar na finnéithe é sin a dhéanamh, nó an bhfágfaidís é ag an dream atá ag plé leis na pleananna teanga sna ceantair éagsúla? Bhí sé i gceist ag an gCathaoirleach go roinnfeadh na finnéithe a gcuid tuairimí faoin gcaoi inar féidir an rud a chur i bhfeidhm i gceantair eile chomh maith céanna - go leagfaidís amach múnla dea-chleachtais de chineál éigin.

Ms Bróna Ní Uallacháin:

Tá sé i gceist againn i dtosach go leagfaí amach stádas speisialta le haghaidh na seirbhísí réamhscolaíochta Gaeltachta, agus ina dhiaidh sin go mbeadh tacaíocht agus maoiniú i gceist agus go bhfaigheadh na fostaithe atá ag obair sna háiteanna seo oiliúint faoi leith. Tá sé leagtha amach againn gur chóir go mbeadh modúl faoi leith sa traenáil a fhaigheann siad faoi conas cabhrú le páistí teangacha a shealbhú agus a fhoghlaim. Níl sé sin san oiliúint atá á fháil acu faoi láthair. Tá sé sin ag teastáil. Dá mbeadh macasamhail cúntóirí teanga ar fáil, beimid buíoch as sin freisin.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An dtiocfadh na tacaíochtaí breise seo ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, ó Roinn na Gaeltachta nó ó aon áit eile?

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Is cuma linn cén áit as a dtagann siad. Dá gcuirfí stádas réamhscolaíochta Gaeltachta ar fáil, mar atá molta againn, bheadh sé nádúrtha go dtiocfadh sé ón Roinn Oideachais agus Scileanna. Bíonn muid ag plé le cúpla Roinn eile, ina measc Roinn na Gaeltachta agus an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige. I ndáiríre, is cuma linn cén áit as a dtagann na tacaíochtaí.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as an gcur i láthair. Aithnímid go léir an ról fíorthábhachtach atá ag na naíonraí sna pleananna teanga agus ag brú ar aghaidh cúrsaí teanga agus Gaeilge.

Toisc nach bhfuil aithne agam ar an áit atá agaibh, tá suim agam cúpla ceist a chur chun é a shoiléiriú i m'aigne féin. Tá slua maith páistí agaibh, is cosúil. An bhfuil an áit lán? An bhfuil daoine ag teacht isteach ó cheantair eile nó an bhfuil spás folamh san fhoirgneamh faoi láthair?

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Tá sé lán arís, is é sin go mbeidh liosta feithimh ann den chéad uair riamh i mbliana ach is dóigh go mbeidh an dara bliain sa naíonra faoi deara é sin, sa mhéid is go mbeidh siad ag súil go mbogfadh siad ar aghaidh mar tá siad fanta an bhliain eile ann, thóg sé sin suas pé spás a bhí saor ann, tá an áit lán.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An muintir na háite atá ann seachas muintir atá ag teacht turas fada?

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Is muintir na háite an chuid is mó-----

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar bheadh éifeacht aige sin ar chúrsaí teanga má tá daoine ag teacht ón taobh amuigh.

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Bheadh agus nuair a thiocfaidh an liosta feithimh, agus tiocfaidh sé go luath, beidh orainn aghaidh a thabhairt air sin.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá foirgneamh tógtha, agus tá roinnt airgid fós ar iasacht agus an bhfuil sibh ag líonadh an bhearna sin ó na tuismitheoirí?

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Níl. Tagann airgead ón seanChomharchumann, Comharchumann Shailearna Teoranta, gur leis an ionad féin. Tagann airgead uathu siúd chuile bhliain leis an mbearna sa chlár a líonadh.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ceist foirne anois, cloisimid go minic go mbíonn deacrachtaí ag naíonraí timpeall na tíre ar fad chun daoine a choimeád toisc nach bhfuil an pá ann, agus gan amhras cuireann sé sin brú breise oraibhse má tá daoine ag sleamhnú uaibh, ó thaobh daoine a fháil i gcomhair teanga. Cad é an scéal ansin, an bhfuil an turnover sin agaibh nó an féidir libh daoine a choimeád agus más rud é go bhfuil an turnover ann, conas a thagann sibh ar dhaoine leis na scileanna cuí i gcomhair teanga agus cultúir a bhrú ar aghaidh sa naíonra?

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Faoi láthair is é an deacracht is mó atá againne anois ná duine a chlúdach, má tá duine tinn, abair. I ndáiríre níl mórán daoine a bheadh sásta a bheith ag fanacht sa bhaile ar ghlaoch le cúpla uair a chloig a dhéanamh le dhá nó trí lá ar an bpá íseal atá muid in ann a thairiscint. Is é sin an deacracht is mó. Tá deacrachtaí móra againne le daoine cáilithe a íoc, mar a luamar sa ráiteas a cuireadh os bhur gcomhair, tá FETAC 5 ag teastáil le bheith ag dul ag obair sa naíolann agus FETAC 6 le bheith ag duine chun dul ag obair sa naíonra, ach má théann duine ar aghaidh go dtí leibhéal a seacht tá siad cáilithe le bheith ag obair mar chúntóir riachtanas speisialta sna bunscoileanna áitiúla ar phá níos airde agus ar choinníollacha níos fearr agus mar sin de. Tá an cathú sin i gcónaí ann agus bheadh muid ag súil leis an stádas speisialta Gaeltachta seo, agus dá dtiocfadh méadú ar an airgead atá ina bpóca, ní bheadh an cathú sin ann, agus go mbeidís sásta fanacht sna naíolanna agus sna naíonraí.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Maidir leis na cáilíochtaí FETAC éagsúla atá ann - ní fheadar an é an finné Bróna Ní Uallacháin, Uasal, a luaigh iad cúpla nóiméad ó shin - ní cuid den traenáil sin, ní bhaineann sé le múineadh teanga nó aon rud, an ea?

Ms Bróna Ní Uallacháin:

B'shin an moladh a bheadh againne, dá mbeadh módúl faoi leith mar chuid den cháilíocht chun aitheantas a thabhairt do na cúraimí faoi leith atá ar fhostaithe in áiteanna ar nós ár n-ionad féin. Chabhródh sé sin go mór mar go dtuigfeadh siad - thabharfadh sé aitheantas dóibh i dtosach - go mbeadh siad in ann dul i ngleic le cuid de na fadhbanna a bhíonn acu.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Nuair nach bhfuil é sin ar fáil sna cáilíochtaí atá ann faoi láthair, conas a líonann sibh bearna, conas a chinntíonn sibh nuair a thagann daoine chugaibh a bheadh ag múineadh teanga?

Ms Bróna Ní Uallacháin:

Is é sin an cheist is dóigh nach féidir a fhreagairt ach é a fhágail faoin mbainisteoir.

Dr. Áine Nic Niallais:

Ag brath ar dhaoine aonaracha a bheith éifeachtach atáimid agus tá an t-ádh orainn go bhfuil stiúrthóirí maithe éifeachtacha i láthair na huaire againne. Nuair a smaoiníonn tú ar na naíonraí, is múnla iontach atá ann, ach tá sé ar bun le fada an lá agus i ndáiríre tá an dearcadh maidir le réamhscolaíocht ag athrú ar fud na hEorpa agus níl mo dhuine bunaithe ar aon dul leis ar chor ar bith. Tosaíonn na páistí trí bliana d'aois sa Fhrainc agus san Iodáil agus tá sé sin an-fhoirmiúil ar fad. Tosaíonn gach páiste trí bliana agus tá curaclam ann agus an maoiniú curtha isteach ansin. Tá mo dhuine ag amharc ar an réamhscolaíocht mar chineál áit spraoi: tá a fhios agaibh céard atá i gceist agam. Nílimid ag amharc air mar chuid fhoirmiúil den chóras oideachais. Nílimid ag amharc ar na daoine atá ag obair sna háiteanna sin mar dhaoine atá ardcháilithe. Tá a fhios agat go bhfuil na mná an-mhaith leis na páistí, fiú - ag dul ar ais go dtí an rud céanna arís - táimid ag iarraidh go mbeadh siad ina gcuid den chóras foirmiúil san am i láthair.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tar éis dom an doiciméad a léamh ar dtús, chonaic mé píosa ansin agus thug mé faoi deara mar gheall ar an tslí a bheadh na heagraíochtaí Stáit á gceistiú maidir lena gcur chuige nó ag obair i bhur gcoinne. Feicim anois ansin an sampla mar gheall ar an spraoi agus an t-aistear. An bhfuil slite eile ina bhfuil an córas Stáit ag cur isteach oraibh, nó ag cur isteach ar an tslí ina bhfuil cúrsaí teanga a mbrú chun cinn? An bhfuil cigire ar fáil agaibh a mbeadh in ann gnó a dhéanamh libh trí Ghaeilge? An bhfuil an teagmháil leis na húdaráis éagsúla agus conas atá ag éirí libh ansin, agus an bhfuil samplaí eile ina bhfuil siad ag cur isteach ar bhur ngnó a dhéanamh?

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Go minic an fhadhb atá ann nach léir dóibh go bhfuil aon difríocht ann idir Gaeilge agus Béarla agus nach dtuigeann siad gur mionteanga faoi bhrú atá i gceist leis an nGaeilge seachas díreach teanga eile, agus nach féidir díreach chuile shórt atá siad á dhéanamh a aistriú go Gaeilge agus é a fhágáil mar sin. Maidir leis an bpolasaí teanga a chuireamar i bhfeidhm nuair a chuamar ar ais ansin anuraidh, ní rabhamar riamh cinnte cén seasamh a bhí ag a leithéid Tusla ina leith. Lá amháin bhí siad ag rá nár aontaigh siad leis, agus ansin tamall ina dhiaidh sin ní raibh fadhb ar bith acu leis. Nuair a d'iarramar orthu cén fáth go raibh siad ina aghaidh agus cén riail go díreach a bhí á briseadh againne ní bhfuaireamar aon fhreagra. Agus ansin nuair a bhí glactha acu leis go raibh an méid sin á iarraidh againn i scríbhinn ní raibh sé sin ar fáil ach an oiread.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Glaoim ar an Seanadóir Brian Ó Domhnaill.

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go raibh maith agat agus tá brón orm a bheith mall ag teacht isteach mar bhí mé thall ag cruinniú eile. Bhí mé ag iarraidh teacht isteach agus éisteacht libh. Léigh mé an cur i láthair a rinne sibh agus is dóigh go bhfuil go leor de na tuairimí a bhí á nochtadh i nDún na nGall inné le cloisteáil anseo fosta ó thaobh forbairt pobail agus airgead agus maoiniú agus a leithéid sin. Tá cúpla ceist agam. Nuair a amharcann tú ar réamhscolaíocht, is am criticiúil i saol an pháiste atá ann ó thaobh forbairt oideachais agus forbairt saoil de agus - tá an ceart ag an Dr. Áine Nic Niallais - níl mo dhuine sa tír seo ag déanamh go leor chun an réamhoideachas a chur chun cinn nuair a amharcann tú ar an múnla atá sa Fhrainc, mar shampla, páistí ag tosú ag trí bliana d'aois, tá siad ag fáil múineadh ag an aois sin, múineadh saoil, múineadh forbartha agus mar sin de. An rud atá ag seasamh amach i dtús ó thaobh na foirne de nach bhfuil an fhoireann - cé go bhfuil siad ag plé le cúraimí leanaí agus forbairt teanga - ag fáil an phá íosta náisiúnta agus tá sé sin dochreidte.

Ms Bróna Ní Uallacháin:

Tá an t-ádh orainn go bhfuil oibrithe chomh maith sin ag obair agus ag déanamh an oiread dá ndeoin féin chun cabhrú.

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cá háit as a dtagann an maoiniú fa choinne an phá sin? An ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige a thagann sé? Tá an chuma ann go bhfuil an fhadhb leis an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige agus le Tusla anseo, agus más amhlaidh atá an fhadhb, is ansin a chaithfimid, mar Choiste, dul ann, na moltaí a phlé agus iad a fháil isteach anseo agus cuid de na fadhbanna seo a phlé leo. B'fhéidir gur sin an rud ar cóir dúinn a dhéanamh. Tá ceist ó thaobh pá de agus tá ceist ó thaobh airgead reatha de, mar go bhfuil sibh ag cailleadh €3,000 sa bhliain san ionad agus murach na comharchumainn ní bheadh sibh ann. Tá fadhb eile ansin ó thaobh na gcomharchumann de, mar tá a fhios agam maidir le cuid de na comharchumainn agus na comhlachtaí pobalbhunaithe i nDún na nGall de - tá a fhios agam go bhfuil siad ar an dóigh chéanna i nGaillimh - tá cuid acu agus ní fhaigheann siad ach conradh bliana ó thaobh maoiniú de ann agus tá éiginnteacht mhór ann.

Tá cuid de na comhlachtaí pobalbhunaithe agus na comharchumainn i nDún na nGall nach bhfuair ach conradh trí mhí ag tosú ag tús mí Feabhra. Níl a fhios agam an bhfuil sé sin amhlaidh i nGaillimh ach tá sé sin dochreidte. Ní féidir comhlachtaí pobalbhunaithe atá ag déanamh obair an Stáit a reáchtáil ar an dóigh sin. Ceann de na moltaí a tháinig amach as an lá inné ná gur chóir go mbeadh conradh ar a laghad trí bliana, ach suas go dtí seacht mbliana, ann chun go mbeadh cinnteacht ann. Táim cinnte go gcuirfidh na finnéithe fáilte roimh a leithéid sin fosta. Tá fadhb airgid anseo. Tá an rud ag dul idir an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, an Roinn Oideachais agus Scileanna agus an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige. Caithfimid díriú isteach ar an gcóras atá againn. Tá sé seo scannalach amach agus amach. Lá amháin tá Tusla ag rá rud amháin, agus tá sé ag rá rud eile lá eile. Is léir go bhfuil cur i gcéill ag dul ar aghaidh ó thaobh an Gaeilge de sa Státchóras. Seo sampla eile de anseo. Tá obair le déanamh againn. Gabhaim buíochas leis na finnéithe. Tá brón orm go gcaithfidh mé imeacht ach tá cruinniú socraithe agam.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabh mo leithscéal as a bheith deireanach ach bhí mé ar Raidió na Gaeltachta agus nuair a bhí mé díreach-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Rud neamhghnách é sin.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Rud an-neamhghnách é. Nuair a bhí mé críochnaithe le Cormac Ó hEadhra, chuala mé é ag rá go raibh Teachta Catherine Connolly mar Chathaoir an choiste agus go raibh an Crann Taca istigh, rud a bhí ar eolas agam cheana féin. Tá cúpla pointe agam faoin méid atá ráite ag na finnéithe. Ar an gcéad dul síos, nuair a tógadh an ionad tacaíochta teaghlaigh, mar a tugadh air ag an am, aithníodh sa Roinn agus d'aithin mise gur rud faoi leith a bhí anseo. Tá na finnéithe mícheart ar rud beag amháin. Fuair an t-ionad deontas 80% ach thuig muid go mbeadh sé deacair ag naíonra airgead mór a bhailiú. Más buan mo chuimhne, agus táim cinnte de seo, thug muid luach an tsuímh san áireamh tar éis go raibh an sagart, an Canónach Ó Flannabhra a bhí ann, é a thabhairt in aisce. Is cuimhin liom go ndeachaigh muid chomh fada agus a bhí muid in ann ach an fhadhb a bhí ann ná go raibh riail ann ó thaobh na Roinne Airgeadais nach féidir muid dul thar 80%. Sin cuid den stair. Ní hé nach raibh fonn ar an Roinn ag an am. Bhí an-chúnamh le fáil ón oifigeach sa Roinn a bhí ag plé leis ag an am, Bertie Ó hAinmhire, a bhí ag iarraidh an rud seo a chur chun cinn. Is maith ann é.

An chéad rud go gcaithfimid a n-aireachtáil ná nach gnáthnaíonra é seo. Is institiúid é agus, de réir mar a thuigim, tá ceann mar é tógtha nó á thógáil i gCorca Dhuibhne. An dara rud ná go bhfuil fadhb airgid ann ó thaobh cúrsaí reachtála. Bhí cruinniú agam le gairid le Crann Taca agus creidim go mba cheart don Roinn deontas reatha a chur ar fáil. Tá an cheist sin tugtha agam leis an Roinn chuile bhliain. Má chuirtear an deontas reatha ar fáil le déanamh suas don easnamh, is ceist theicniúil é an íocann an Roinn airgead chuile bhliain leis nó an dtugann sí cnapshuim ag an dtús le déileáil leis na fiacha. Ní dhéanann sé morán difríochta má tá an Crann Taca ag fáil an €18,000 in aghaidh na bliana nó má fhaigheann sé cnapshuim glan agus deontas níos lú ina dhiadh sin. Is é an dá mar a chéile é. Teastaíonn deontas leis na fiacha a glanadh agus teastaíonn deontas leis an áit a rith ar chaighdeán ard. Mar a deirim, is institiúid atá i gceist anseo atá i bhfad níos leithne ná an gnáthnaíonra.

Is dóigh go mba cheart dom bheith seachantach ar cheist amháin ó thaobh an phá de. Tá dhá cheist phá i gceist anseo. Is é an chéad phointe ná, go ginearálta ar fud na tíre, ní íoctar daoine atá ag plé le cúram leanaí i gceart agus is cuí. Is cuma an naíonra Gaeilge nó naíolann Béarla ata i gceist ansin. Is earnáil é nach n-íoctar tuarastail chuí ann. Tá feachtas láidir ar bun ag ceann de na ceardchumainn faoin gceist sin agus bheadh mé tacúil dó sin. Má táimid ag iarraidh na daoine is fearr a tharraingt ag an ngairm seo, caithfear iad a íoc i gceart. Sin troid ollmhór náisiúnta atá le déanamh i leith chuile dhuine atá ag plé le cúram leanaí, cúram iarscoile, cúram réamhscoile, naíolanna agus mar sin de.

Tá dara cheist anseo. De bharr go bhfuil i bhfad níos mó i gceist anseo ná gnáthchúram leanaí agus gnáthnaíonraí agus go bhfuil cáilíochtaí breise i gceist, ba cheart go mbeadh tuarastal níos mó ag daoine atá ag comhlíonadh dualgas breise le hais an gnáthoibre - cúram leanaí. Feicim é seo ar dhá leibhéal. Is ceann amháin dóibh go mba cheart troid leis an gcuid eile den tír. Baineann an ceann eile go mórmhór le ceist naíonraí agus naíolann atá ag plé le rudaí go breis ar an gcúpla uair teoranta an chloig. Ba cheart go n-íocfaí pá breise leis an bhfoireann sin. Is dóigh liom go bhfuil an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta lárnach dó sin.

Tagann sé sin ar cheist na Roinne. De réir mar a thuigim, bhí cruinnithe ag an Roinn leis an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige. Caithfidh an Roinn tús áite a thógáil, i gcomhairle leis an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, i bhforbairt polasaithe ní hamháin d'ionad na bhfinnéithe - an t-ionad tacaíochta teaghlaigh, nó an Crann Taca mar a thugtar ar anois - ach ba cheart do na Ranna polasaí a fhorbairt dá leithéid, mar shampla, i nGaoth Dobhair nó i gCorca Dhuibhne. Ní féidir ionad amháin a phiocadh amach agus a rá go bhfuil sé difriúil. Caithfidh sé a bheith ina pholasaí.

Dr. Áine Nic Niallais:

Aontaímid go hiomlán.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mise ag brú go bhforbrófar polasaí. Is dóigh liom go bhfuil bá ag an Roinn leis seo. Mar chuid den pholasaí sin bheadh an deontas reachtála, na caighdeáin agus ceist an phá. Tógfaidh sé tamall, ní dhéanfar thar oíche é, ach dá ndéanfaí é seo is dóigh liom go mbeadh go leor déanta leis an nGaeltacht a shlánú agus a chur chun cinn. Ar lámh amháin creidim nach bhfuil aon chiall le pleanáil teanga nach mbreathnaíonn ar chruthú jabanna do dhaoine fásta mar chuid den phleanáil teanga lárnaithe, ach ar an dtaobh eile den scéal tá na páistí. Bhí muid ag iarraidh rud mar seo a fhorbairt san am a raibh mé sa Roinn. B'fhéidir nach ndearnadh dótháin. Seachas fanacht go dtiocfadh an gasúr go dtí an bunscoil - an rud a bhí ag tarlú go dtí sin le scéim labhairt na Gaeilge - bhí muid ag iarraidh go ndíreofaí ar theanga an pháiste ón lá a bheirtear é nó í. Ceapaim féin go bhfuil sé fíor-thábhachtach go ndéanfaidh muid an léimt mhór sin. Ó mo thaithí féin, má mheasctar Béarlóirí agus Gaeilgeoirí fiú ag aois an-óg agus mura bhfuil aon Ghaeilge ag na Béarlóirí, iontóidh siad ar an mBéarla. Má tá Gaeilge mhaith acu uilig fiú go bhfuil Béarla acu - agus ní chreidim go bhfuil mórán gasúr sa nGaeltacht nach bhfuil Béarla acu-----

Dr. Áine Nic Niallais:

Níl ann ach cúpla.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Súnn gasúir teangacha. Tá deis chinnte go bhfoghlaimeoidh siad an Béarla. Ach más rud é go bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu, leanfaidh cuid mhaith dóibh ag labhairt Gaeilge. Mar sin, creidim go bhfuil an nósmhaireacht atá ag an gCrann Taca ceart. An dara rud a thóg mé faoi deara i mo shaol féin ná, cibé teanga a thosaíonn duine ag labhairt le duine eile, leantar leis. Mar shampla labhraíonn an bheirt in aice liom, an Cathaoirleach agus mé féin an Ghaeilge eadrainn féin timpeall an Tí seo agus muid ag caint eadrainn féin go príobháideach, mar thosaigh muid leis an nGaeilge.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ach amháin nuair a thagann na hoifigigh isteach agus iompaíonn daoine go dtí an Béarla. But anyway, just mar atá a fhios ag an Teachta-----

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí pointe le déanamh agam an lá sin. Bhí mé ag iarraidh a chruthú an chaoi go n-oibríonn sé leis an ngnáthdhuine. Bhí pointe agam an lá sin d'aon turas.

Sa chás nach bhfuil ann ach an bheirt againn, is í an Ghaeilge a labhraíonn muid, mar thosaigh muid ar an mbealach sin. Tá aithne agam ar dhaoine eile a chas mé leo i gcomhthéacs Béarla ar fad. Tá Gaeilge acu, ach is é an claonadh atá ann ná leanacht leis an mBéarla. Ba cheart dúinn bheith macánta faoi seo. Tá sé seo aitheanta go ginearálta. Creidim go bhfuil an-tábhacht ag baint leis an gceist seo. Ní ceist uirlis amháin atá i gceist na dteangacha. Tá sé de nós againn cloí leis an teanga lena dtosaíonn muid. Mar sin, is fearr an nós a chothú ón tús ó thaobh cúrsaí iompair teanga. Dá bhrí sin, is dóigh liom go bhfuil sé ciallmhar na daoine le Gaeilge a roinnt sa chéad uair ó na daoine nach bhfuil Gaeilge acu, go dtí go mbeidh Gaeilge ag na daoine sa dara ghrúpa.

Ba mhaith liom dul céim níos faide. Nuair a bhí mé mar Aire, bhreathnaigh mé ar chleachtas na Breataine Bige. Nuair atá daoine gan Bhreatnais ag dul isteach i meánscoil lán-Bhreatnaise, caithfidh siad cúrsa sé seachtaine a dhéanamh roimh ré agus ní scaoiltear isteach sa scoil iad go dtí go mbeidh Breatnais acu. Ní dhéanaimid é sin agus táimid thíos leis an easpa sin. Tacaím leis an mhéid atá ar bun ag na hionaid. Tá súil agam go bpléifimid é seo ar ball eadrainn féin, go dtacfaimid le cur chuige cuimsitheach a chinnteoidh nach mbeidh fadhbanna airgid mar chnámh spairne chuile lá agus go dtacfaimid leis an bpolasaí teanga atá ag na hionaid agus atá go ginearálta foirfe.

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

I dtaca leis an riail 80%, mar a luaigh mé sa ráiteas, tá bunscoil nua tógtha 100 slat siar an bóthar uainn. Deirtear liom gur chosain sé níos gaire do €3 milliún ná €2 milliún. Níl duine ar bith ag cuardach 20% de luach na bunscoile.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní mar an gcéanna an dá chás. Níl siad ag oibriú faoi na rialacha céanna ón Roinn Airgeadais. Bíonn orainn na rialacha seo ar fad a rith taobh istigh den chóras. Nílim ach ag míniú an cúlra a bhaineann le seo. Tógadh é seo faoi scéim na ndeontas Gaeltachta, a bhí ann ag an am, agus le maximum grant de 90% a bhí cead againn a thabhairt. Mar a deirim, rinne muid beagáinín iomrascáil timpeall ar sin. Ar ndóigh, breathnaíonn an Roinn Airgeadais ar oideachas bunscolaíochta ar bhealach difriúil ós rud é go bhfuil dualgas bunreachtúil i gceist. Gheobhaidh éinne atá ag plé leis an Roinn go díreach, lá i ndiaidh lae, amach go bhfuil dearcadh an-aisteach aige i dtaobh go leor leor rudaí. Bhí muide ag streachailt leis an Roinn faoi chúrsaí earcaíochta, srl. Ba é an rud a rinne muid ag an am ná gan aon rud a thabhairt. Ní raibh fonn orthu rudaí a athrú ag an am. Is é sin díreach an míniú. Nílim ag rá go bhfuil sé ceart nó mícheart.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an fhadhb ann anois ar aon nós, beag beann ar an gcúlra. Tá a fhios agam go bhfuil obair na gcapall á dhéanamh ag na hionaid chúraim leanaí. Tá 100 teaghlach ag freastal orthu. Is cinnte go bhfuil aitheantas ag teastáil. Is í sin an fhadhb is mó, de réir mar a fheicim é. Tá rudaí praiticiúla le déanamh ar an talamh. Mar atá ráite ag an Teachta Ó Cuív, tá deighilt á dhéanamh idir ghasúir atá ag teacht isteach le Gaeilge agus gan Ghaeilge. Nach fíor é sin? Níl meascán i gceist. Tá mise measctha ag éisteacht leis na finnéithe.

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Tógadh isteach anuraidh é.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Iarraim ar na finnéithe na socruithe a shoiléiriú.

Ms Bróna Ní Uallacháin:

Ón bhliain 2000, déanadh an ghrúpáil go randamach.

Dr. Áine Nic Niallais:

Dúirt na bunaitheoirí liom gurb í sin an chúis gur tógadh an áit, chun go ndéanfaí freastal ar leith ar na riachtanais teanga a bhí ag na grúpaí éagsúla. Is é sin an fáth gur bunaíodh an áit agus gur lorgaíodh an t-airgead sin.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Caithfidh mé a rá freisin gurb é sin an fáth gur chuireamar an t-airgead ar fáil.

Dr. Áine Nic Niallais:

Bhí an polasaí sin i bhfeidhm go dtí blianta beaga anuas. Mar gheall ar rudaí eile ar an talamh, níor cuireadh i bhfeidhm é le bliain nó dhó anuas. Bhí brú spáis orainn de bharr na bliana breise a tháinig chun cinn, rud a chiallaigh go raibh páistí in ann tosú ag aois a trí. Bhí orainn cinneadh a dhéanamh páistí a dheighilt de réir aoise nó de réir teanga. Ligeadh an rud le sruth. Nuair a thosaigh muid ag iarraidh an polasaí a chur i bhfeidhm arís anuraidh, ní raibh daoine áirithe sásta glacadh leis. Bhí éiginnteacht faoi sa phobal.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níor ghlac cuid den phobal leis. An í sin an fhadhb?

Ms Bróna Ní Uallacháin:

Is é sin an fáth go bhfuilimid ag rá arís-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Nílim ag iarraidh na finnéithe a chur ar an spota.

Ms Bróna Ní Uallacháin:

Tá a fhios agam.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táim ag iarraidh é seo a thuiscint.

Dr. Áine Nic Niallais:

Nuair a bhíomar ag iarraidh an tumoideachas a chur i bhfeidhm, ní raibh achan duine i bhfabhar na polasaithe sin, agus fiú níl inniu. Nuair a cuireadh polasaí an tumoideachais i bhfeidhm ón bharr anuas, thosaigh sé ag feidhmiú agus tá sé againn anois.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Céard atá ag tarlú ar an talamh anois?

Dr. Áine Nic Niallais:

Táimid ag déanamh iarracht é seo a dhéanamh chomh maith agus is féidir linn.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Okay.

Dr. Áine Nic Niallais:

Ar bhealach, chabhródh sé linn dá mbeadh aitheantas againn ón Stát go bhfuil cead againn é seo a dhéanamh agus gur dea-chleachtas atá ann ar mhaithe leis na páistí - na foghlaimeoirí agus na cainteoirí dúchais araon.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Okay.

Dr. Áine Nic Niallais:

Nílimid ag iarraidh na foghlaimeoirí a fhágáil ar an taobh amuigh ach oiread. Tá an curaclam céanna ann don dá dhream. B'fhéidir go mbeadh cur chuige éagsúil ag an stiúrthóir i seomra ina bhfuil páistí a bhfuil an teanga go líofa acu ná mar a bheadh aici i seomra eile. B'fhéidir go mbeadh sí ag plé leis na páistí sa dara seomra ar bhealach eile mar go bhfuil siad ag foghlaim. Is í sin an t-aon difríocht a bheadh idir an dá sheomra. Ní ceart go mbeadh aon imní ar éinne faoi sin.

Ms Bróna Ní Uallacháin:

Cuirtear fáilte roimh chuile dhuine. Mar a dúirt an Dr. Nic Niallais, tá na rudaí céanna ag tarlú sna seomraí difriúla, ach amháin go bhfuil freastal oiriúnach á dhéanamh ar na riachtanais teanga difriúla.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil na deacrachtaí céanna i nGaeltachtaí eile?

Dr. Áine Nic Niallais:

Tá agus bhí. Tá a fhios agam go raibh deacrachtaí i nGaoth Dobhair agus i gCorca Dhuibhne. Deirim arís nach bhfuilimid anseo ar ár son féin. Mar atá luaite againn, sílimid gur chur chuige comhtháite don tseirbhís réamhscoile ar fad, seachas dúinn féin amháin, atá mar fhreagra ar seo. Tuigim go raibh na fadhbanna céanna i nGaoth Dobhair agus i gCorca Dhuibhne, go háirithe.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil Gaeilge ag an bhfoireann ó Tusla a thagann amach?

Ms Bróna Ní Uallacháin:

Bíonn bainisteoir na háite ag plé leis an bhfoireann ó Tusla a thagann amach.

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Deirtear liom go bhfuil tuiscint na Gaeilge aige.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Nílim ag iarraidh duine a chur ar an spota, ach ní mór dúinn na ceisteanna seo a chur. Tá siad tagtha suas go minic.

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Bíonn an comhfhreagras uilig agus an caidreamh le Tusla i mBéarla.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cad faoi chomhairle agus seirbhísí ó Tusla?

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Bíonn siad i mBéarla.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bíonn na seirbhísí uilig i mBéarla.

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Beag nó mór. Dá mbeadh duine le Gaeilge ann-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An raibh an bord stiúrtha i dteagmháil le Tusla leis na deacrachtaí i dtaobh na Gaeilge a chur in iúl?

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Bhí.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil Tusla sásta daoine le Gaeilge a chur ar fáil? An bhfuil Tusla i mbun oibre chun déileáil leis an easpa Gaeilgeoirí seo?

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Is dócha nach raibh a leithéid de dhéileáil eadrainn. Dá mbeimid in ann dul go dtí an leibhéal sin, bheimis an-sásta. Ba í an cheist shubstaintiúil faoi ghrúpa gasúir a bhí á plé.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tabharfaidh mé deis do na baill teacht ar ais isteach tar éis dom pointe amháin eile a dhéanamh. Bhí mé ag magadh nuair a rinne mé an pointe seo níos luaithe, ach bhí mé i ndáiríre freisin. Nuair a tháinig na hoifigigh os ár gcomhair, ní raibh Gaeilge acu. Rinne an príomhoifigeach éacht ag léamh amach a ráiteas. Níl mé chun é a lua. Tuigim an rud atá ag tarlú. Sa seomra seo, d'athraigh baill éigin go Béarla-----

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní dóigh liom gur cheart-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl mé. Bhí an Béarla in uachtar go sciobtha. Tuigim an brú atá oraibh.

Ms Bróna Ní Uallacháin:

Iompaíonn daoine go gasta. Táimid ag iarraidh pé rud is féidir linn a dhéanamh ionas nach dtarlóidh sé sin don ghlúin is óige.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé deacair bheith i dteagmháil le seirbhís faoi leith agus an chumarsáid go léir trí Bhéarla.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

A Chathaoirligh, is dócha go-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tabharfaidh mé deis don Teachta teacht ar ais. Ní raibh mé ag caint faoin Teachta.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

No.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí sé ró-éasca do bhaill eile dul ar ais go dtí an Béarla nuair nach raibh aon Ghaeilge ag na hoifigigh a bhí i láthair.

Dr. Áine Nic Niallais:

Is í an chéad chéim atá á lorg againn ná aitheantas go bhfuilimid anseo.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim.

Dr. Áine Nic Niallais:

Tuigimid go bhfuil daoine gan Gaeilge ann, agus go dtógfaidh sé am ar an Stát daoine le Gaeilge a chur ar fáil.

Beidh tús le scoilbhliain eile i mí Mheán Fómhair. Beidh cuidiú uainn arís i dtaca leis seo a chur i bhfeidhm, tá a fhios agat, agus go dtabharfaí aitheantas do na hionaid agus do na dreamanna éagsúla atá ag baint úsáid as an tseirbhís, i ndáiríre. B'fhéidir maidir le Tusla agus na daoine atá le teacht isteach, gur rud eile do lá eile é sin, sílim féin, ar bhealach.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Maidir leis na fiacha, an féidir leat iad a shoiléiriú dom? Léigh mé cuid mhaith agus, go raibh míle maith agat as sin, tá siad cuimsitheach, is oth liom nár ligeadh duit iad a léamh amach ina iomlán, ach tá siad léite againne. Maidir leo, tá sibh ag iarraidh fáil réidh leis na fiacha, tá siad ag cur isteach ar an bhfís atá agaibh, ag cur cosc ar an bhfís a bhí ag lucht a bhunaithe lena chur i gcrích. An féidir libh é sin a mhíniú dom? Cén chaoi a bhfuil sé ag cur isteach oraibh? Cad ba chóir agus cad ba cheart libh a dhéanamh agus céard nach bhfuil sibh in ann a dhéanamh de bharr na bhfiacha? Cad iad na háiseanna eile atá ag teastáil uaibh?

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Tá cúpla rud ansin. Dá mbeadh muid in ann na rátaí pá a fheabhsú de bheagán - bhíomar ag caint roimhe ansin ar é a ardú ó €9.65 go dtí €10: rud beag atá ann - dhéanfadh sé difríocht an-mhór, ach ní raibh muid in acmhainn é sin a dhéanamh.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cé mhéad?

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Ó €9.65 go dtí €10.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Fiú an méid sin.

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Fiú an rud chomh beag leis sin, ní raibh muid in acmhainn é sin a dhéanamh fiú don dream is lú a bhí ag fáil pá. Bhí na teilgin agus na figiúirí déanta amach againn ina leith.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is deacair dom é sin a chloisteáil.

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Ní raibh muid in ann é a dhéanamh. Is é sin an rud is tábhachtaí agus dhéanfadh sé sin an-difríocht.

Ms Bróna Ní Uallacháin:

Bíonn an oiread éagsúlachta agus athruithe ann ó thaobh fostaíochta de san earnáil seo. Tuigimid féin, mar gur tuismitheoirí muid féin, ba mhaith le do pháiste an duine céanna a bheith ann achan lá agus go mbeadh seasmhacht ann ó thaobh do pháiste de. Ba mhaith leat a bheith ábalta an t-aitheantas a thabhairt do na hoibrithe maidir leis an obair iontach atá ar siúl acu. An t-athrú beag sin, dhéanfadh sé difríocht dóibh, ceann amháin de na rudaí a dhéanfadh difríocht do thuismitheoirí ansin freisin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim duit agus aontaím leat.

Ms Bróna Ní Uallacháin:

Ba mhaith liom déileáil leis na páistí a bhfuil riachtanais speisialta acu agus cén chaoi a dhéileálann tú leis na daoine a luadh atá fostaithe againn? Tá na ratios an-ard d'ionad Gaeltachta mar táthar ag cur múnla na Galltachta i bhfeidhm. Bíonn 22 duine istigh sa naíonra le beirt bhan, agus bíonn15 duine istigh sa naíolann le bean amháin. Tá an ratio sin an-ard nuair a chuireann tú cúrsaí teanga i gceist, agus riachtanais speisialta chomh maith. B'fhéidir go n-athrófaí an ratio i gcás na Gaeilge, nach gcuirfidh an ratio céanna i bhfeidhm sa Ghaeltacht is atá i bhfeidhm sa Ghalltacht. Is deacair é sin agus ba é ceann de na rudaí a bhí i dtaighde an Dr. Tina Hickey ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Rinne sise an-chuid taighde air seo, más maith le haon duine daoibh é a léamh. Ceann de na pointí a bhí aicise maidir le cuidiú a thabhairt do pháistí chomh hóg sin, ab ea cloí leis an nGaeilge mar theanga spraoi, tá gá le hionchur ó na stiúrthóirí agus mar sin de, agus gur fearr an grúpa a choinneáil beag: ar thaobh amháin, tá an grúpa ró-mhór agus is deacair an smacht a choinneáil ar an teanga spraoi. Níl a fhios amach an "saor-spraoi" a thugtar air?

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé tábhachtach é sin a rá amach ionas go mbeidh muid in ann é----

Dr. Áine Nic Niallais:

Is é. Ach b'shin rud eile, sílim, na ratios agus go bhfuil na ratios céanna i gceist sa Ghaeltacht is atá sa Ghalltacht agus go bhféadfaí cuidiú breise a thabhairt ansin. Ní amháin do chuid de na fostaithe atá ann ach b'fhéidir dá mbeadh fostaithe breise ann sílim go bhfáilteoidís go mór roimhe sin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil aon chosc eile ann?

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Rudaí beaga: go mbeadh an tseirbhís níos gairmiúla. Is é sin go mbeifeá in ann íoc as an suíomh idirlín a dhearadh, le go bhféadfaí go leor den obair a dhéanamh, go leor den phoiblíocht agus b'fhéidir ár scéal féin a insint ar na meáin shóisialta agus ar an idirlíon. Rudaí beaga mar sin atá i gceist nach bhfuil iontach costasach, ach ag an am céanna atá ró-chostasach dúinne agus na fiacha atá againne faoi láthair.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Agus maidir leis na fiacha, is rud neamhghnách iad a bheith ar liosta anseo, agus tá sibh thíos de bharr riail a bhí ann ag an am, agus tiocfaidh mé ar ais go dtí sin. Fuair siad iasacht ó Chlann Credo agus tá sé sin aisíoctha agaibhse an bhfuil?

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Níl.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is é sin an figiúr is mó, gabh mo leithscéal. Bhí iasacht eile i gceist, an raibh, ó Thearmann Éanna?

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Bhí. Nuair a bhí ceann de na géarchéimeanna ann. Tá sé sin íoctha ar ais.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go raibh maith agat.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Rud eile ar an mórscála. De bharr gur bunaíodh cuid de na naíonraí roimh an réamhscolaíocht a bheith ann: bhí an t-am ann go raibh earnáil na Gaeilge, is é sin An Foras agus Bord na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta, i gceannas ar chúrsaí airgid agus mar sin de sa Ghaeltacht agus sa Ghalltacht ar na naíonraí Gaeilge. Dar liom ceann de na fadhbanna móra atá tagtha chun cinn ná, de réir mar a bunaíodh Tusla agus comhlachtaí nua eile, baineadh an toradh as an obair agus as príomháit na n-eagraíochtaí a bhí in ann plé le naíonraí agus le naíolanna trí Ghaeilge. Baineadh ón Údarás agus ón mBord cuid mhaith agus cuireadh na cúraimí, a bheag nó a mhór, ar Tusla ansin. An gcuideodh sé libhse dá mba rud é go mbeadh, mar shampla, an tÚdarás mar áisíneacht sheachadta ag Tusla, i gcomthéacs réamhscolaíocht sa Ghaeltacht? Agus más daoine atá fostaithe iad siúd, go mbeadh na cáilíochtaí céanna is atá ag daoine i Tusla acu, ach gur Gaeilge a bheadh acu mar theanga oibre. Ach go bhfeidhmeoidís na scéimeanna céanna agus na rialacha céanna, agus mar sin de, ach go dtabharfaí an t-airgead don Údarás, mar a dhéantar mar shampla sna scéimeanna fostaíochta pobail nó le scéimeanna Tusla. Rinne mise é sin nuair a bhí mé i m'Aire na scéimeanna Tús agus na scéimeanna sóisialta Pobal a thabhairt don Údarás lena rith ar son na Roinne sa Ghaeltacht seachas ag dream ón taobh amuigh.

Dar liomsa, nuair a bunaíodh an tÚdarás mar Údarás na Gaeltachta, seachas mar Ghaeltarra Éireann, an smaoineamh a bhí ann ná go mbeadh réimse leathan seirbhísí á seachadadh trí Ghaeilge do phobal na Gaeltachta. Theastaigh uaimse cur leis sin. B'fhéidir gur chuimil sibh braic beag nuair a chuala sibhse mise a rá go mba cheart go mbeadh Údarás na Gaeltachta agus na Gaeilge ann agus an rud a bhí i gceist agam ná an méid seo. Tá an Ghaeltacht an-bheag, agus ní fhaca mé cúis ar bith, mar shampla, nach bhféadfadh an tÚdarás a bheith mar áisíneacht a dhéanfadh a leithéid sin ar fud na tíre do naíonraí agus do naíolanna na Gaeilge, le gur fiú an fhoireann a fhostú, má thuigeann sibh mé. Tá fadhb i gcónaí leis an bhForas, mar is foras trasteorann é, agus tá fadhb ann an t-airgead a fháil ón Tuaisceart lena n-aghaidh. Cheap mise go bhféadfaí bunús na seirbhísí náisiúnta a chur ar fáil. An gcuideodh sé libh dá mba rud é go mbeadh daoine le cáilíochtaí Tusla agus le scileanna Tusla agus scéimeanna Tusla agus chuile shórt eile, ach go mbeadh fo-aonad feidhmithe le haghaidh na scéimeanna don Ghaeltacht agus ar fud na tíre maidir leis na naíonraí agus na naíolanna Gaeilge a reáchtáil trí Ghaeilge? Feictear domsa gur an-drochshampla do ghasúir, nuair a fheiceann siad na tuismitheoirí ag déanamh a ngnó i gcónaí leo trí Ghaeilge, agus obair dhaoine fásta trí Bhéarla agus go bhfuil tionchar aige sin ar dhearcadh daoine óga, go bhfuil an Ghaeilge alright mar a dearfá, i gcúinne ach nach cuid den mhór-shaol é.

Dr. Áine Nic Niallais:

Chomh fada is go mbíonn na daoine a bhíonn ag obair san Údarás sa Rannóg sin ag cloí le polasaí uilige-----

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bheadh an polasaí náisiúnta----

Dr. Áine Nic Niallais:

Ba chóir go mbeadh an polasaí náisiúnta ann i dtús báire agus ansin-----

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is é atá ann sna scéimeanna Fás agus na scéimeanna Tusla agus na scéimeanna de chuile shórt, caithfidh siad feidhmiú de réir an pholasaí náisiúnta.

Dr. Áine Nic Niallais:

Agus na rudaí leagtha amach go soiléir ansin-----

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Agus go bhféadfaí rudaí breise a chur ann, ar ndóigh, a bhaineann go sainiúil leis an nGaeilge agus le staid na Gaeltachta.

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Is aitheantas Stáit a bheadh ann de chineál agus is é sin atá uainn, nach meallfaí coiste deonach atá ag teacht as áit éigin ag iarraidh rud éigin eile a chur san ionad atá s'againne féin maidir leis an ionad áirithe seo. Faoi cheann trí bliana, cá bheidh muid? An mbeidh coiste eile ann? Is é sin go mbeidh sé le ré go mbeidh an Stát atá dá rá seo seachas muide.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

B'shin an easpa is mó.

Dr. Áine Nic Niallais:

Is é sin é.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is ola i bhfocal amháin é. Bíonn cainteoirí go líofa ag labhairt faoi phleananna teanga agus an Straitéis, ach tá an cúram leanaí, an réamhscolaíocht agus an teanga baile nuair a bhíonn do Rannóg féin agabhse, de réir na straitéise agus is cuma cé mhéad pleananna a bheidh ann, ní dhíreofaí orthu sin a iarraidh.

Dr. Áine Nic Niallais:

Go raibh maith agat.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil aon rud eile le cur leis sin?

Dr. Áine Nic Niallais:

No. Sin é go díreach.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe. Bhí sé thar a bheith tábhachtach dúinn. Gabh mo leithscéal má bhí mé beagáinín neamhbhalbh. Bhí mé ag iarraidh na sonraí a fháil agus an cheist a phlé. Mar a dúirt mé, táimid díreach tagtha ar ais ó Thír Chonaill.

Dr. Áine Nic Niallais:

Tá a fhios agam. Is tuirsiúil an turas é.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

No. Ní hea ar chor ar bith, ach tá na fadhbanna céanna ann.

Dr. Áine Nic Niallais:

Tuigim gur chuala an choiste go leor.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ná téamaí céanna agus na fadhbanna céanna ann.

Ms Bróna Ní Uallacháin:

Táim sásta go bhfuil an coiste ag cloisint na fadhbanna céanna i dTír Chonaill. Ní hé go bhfuil mé sásta i ndáiríre, ach mothaímid ansin nach bhfuil muid linn féin. B'fhéidir gur féidir linn oibriú le chéile.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Sin an rud i ndáiríre. Tháinig na fadhbanna céanna chun cinn nuair a bhíomar i Múscraí i gCorcaigh agus i nGaillimh freisin. Tá na comharchumainn uilig ag streachailt. Cabhraíonn sé. Sin cuid eile den scéal, an chuid is tábhachtaí i ndáiríre - na gasúir óga agus an iomarca dualgas ar dhaoine atá ag fáil pá íseal. An raibh an finné chun rud a rá?

Ms Bróna Ní Uallacháin:

No, sin díreach é. Táimid buíoch gur tugadh seans dúinn teacht agus píosa cainte a dhéanamh. Mothaímid go bhfuair muid tacaíocht anseo inniu agus táimid an-bhuíoch as sin freisin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá fáilte roimh na finnéithe.

Dr. Áine Nic Niallais:

Mar fhocail scoir, tá páistí againn féin sa seirbhís i láthair na huaire ach faoi cheann dhá bhliain eile beidh ár bpáistí imithe. Mar sin, níl muid anseo ar ár leasa féin i ndáiríre má thiocfadh linn ligean leis. Táimid anseo, mar a luaigh an Teachta Ó Cuív, toisc go mothaímid gur rud é seo go bhféadfaí a chur i bhfeidhm ar fud na Gaeltachta ar fad.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cad atá déanta ag na finnéithe maidir leis na fiacha a bhí ann? Cá bhfuil siad ó thaobh na bhfiach sin? Dúirt an Teachta Ó Cuív go mbeadh muid ag caint faoi sin níos déanaí. An raibh an Crann Taca i dteagmháil leis an Roinn maidir leis na fiacha?

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Bhí.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An labhróidh an finné faoi staid na cainteanna sin?

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Tá an t-iarratas déanta agus tá sé á scrúdú. Sin an scéal atá ann.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cén uair a rinneadh an t-iarratas sin?

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Thart ar Mhí an Mheithimh.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhliain seo caite, an ea?

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Táimid á fhiosrú go minic ach níl tada cloiste againn fós.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Leag na finnéithe amach plean agus chuir siad é os comhair na Roinne-----

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Tá plean curtha ar fáil.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

----ag cur in iúl chomh deacair is atá sé.

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Is ea.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil cóip de sin le fáil?

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

D'fhéadfainn ceann a chur ar aghaidh chuig an gcoiste, cinnte.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhaith linn cóip. Gabhaim buíochas leis na finnéithe. Táimid thar a bheith buíoch dóibh. Tá turas fada os a gcomhair, an bhfuil, nó an bhfuil siad ag fanacht anseo?

Dr. Áine Nic Niallais:

Gabhaimid buíochas leis an gcoiste féin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Rachaimid ar aghaidh le seisiún príobháideach.

Chuaigh an comhchoiste isteach i seisiún príobháideach ar 6.25 p.m. agus cuireadh ar athló é ar 6.45 p.m. go dtí 5 p.m. Dé Máirt, 20 Feabhra 2018.