Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 6 February 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ionaid Cúraim Leanaí Lán-Ghaeilge i gCeantair Gaeltachta: Díospóireacht

5:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Rud eile ar an mórscála. De bharr gur bunaíodh cuid de na naíonraí roimh an réamhscolaíocht a bheith ann: bhí an t-am ann go raibh earnáil na Gaeilge, is é sin An Foras agus Bord na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta, i gceannas ar chúrsaí airgid agus mar sin de sa Ghaeltacht agus sa Ghalltacht ar na naíonraí Gaeilge. Dar liom ceann de na fadhbanna móra atá tagtha chun cinn ná, de réir mar a bunaíodh Tusla agus comhlachtaí nua eile, baineadh an toradh as an obair agus as príomháit na n-eagraíochtaí a bhí in ann plé le naíonraí agus le naíolanna trí Ghaeilge. Baineadh ón Údarás agus ón mBord cuid mhaith agus cuireadh na cúraimí, a bheag nó a mhór, ar Tusla ansin. An gcuideodh sé libhse dá mba rud é go mbeadh, mar shampla, an tÚdarás mar áisíneacht sheachadta ag Tusla, i gcomthéacs réamhscolaíocht sa Ghaeltacht? Agus más daoine atá fostaithe iad siúd, go mbeadh na cáilíochtaí céanna is atá ag daoine i Tusla acu, ach gur Gaeilge a bheadh acu mar theanga oibre. Ach go bhfeidhmeoidís na scéimeanna céanna agus na rialacha céanna, agus mar sin de, ach go dtabharfaí an t-airgead don Údarás, mar a dhéantar mar shampla sna scéimeanna fostaíochta pobail nó le scéimeanna Tusla. Rinne mise é sin nuair a bhí mé i m'Aire na scéimeanna Tús agus na scéimeanna sóisialta Pobal a thabhairt don Údarás lena rith ar son na Roinne sa Ghaeltacht seachas ag dream ón taobh amuigh.

Dar liomsa, nuair a bunaíodh an tÚdarás mar Údarás na Gaeltachta, seachas mar Ghaeltarra Éireann, an smaoineamh a bhí ann ná go mbeadh réimse leathan seirbhísí á seachadadh trí Ghaeilge do phobal na Gaeltachta. Theastaigh uaimse cur leis sin. B'fhéidir gur chuimil sibh braic beag nuair a chuala sibhse mise a rá go mba cheart go mbeadh Údarás na Gaeltachta agus na Gaeilge ann agus an rud a bhí i gceist agam ná an méid seo. Tá an Ghaeltacht an-bheag, agus ní fhaca mé cúis ar bith, mar shampla, nach bhféadfadh an tÚdarás a bheith mar áisíneacht a dhéanfadh a leithéid sin ar fud na tíre do naíonraí agus do naíolanna na Gaeilge, le gur fiú an fhoireann a fhostú, má thuigeann sibh mé. Tá fadhb i gcónaí leis an bhForas, mar is foras trasteorann é, agus tá fadhb ann an t-airgead a fháil ón Tuaisceart lena n-aghaidh. Cheap mise go bhféadfaí bunús na seirbhísí náisiúnta a chur ar fáil. An gcuideodh sé libh dá mba rud é go mbeadh daoine le cáilíochtaí Tusla agus le scileanna Tusla agus scéimeanna Tusla agus chuile shórt eile, ach go mbeadh fo-aonad feidhmithe le haghaidh na scéimeanna don Ghaeltacht agus ar fud na tíre maidir leis na naíonraí agus na naíolanna Gaeilge a reáchtáil trí Ghaeilge? Feictear domsa gur an-drochshampla do ghasúir, nuair a fheiceann siad na tuismitheoirí ag déanamh a ngnó i gcónaí leo trí Ghaeilge, agus obair dhaoine fásta trí Bhéarla agus go bhfuil tionchar aige sin ar dhearcadh daoine óga, go bhfuil an Ghaeilge alright mar a dearfá, i gcúinne ach nach cuid den mhór-shaol é.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.