Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 6 February 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ionaid Cúraim Leanaí Lán-Ghaeilge i gCeantair Gaeltachta: Díospóireacht

5:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Rud an-neamhghnách é. Nuair a bhí mé críochnaithe le Cormac Ó hEadhra, chuala mé é ag rá go raibh Teachta Catherine Connolly mar Chathaoir an choiste agus go raibh an Crann Taca istigh, rud a bhí ar eolas agam cheana féin. Tá cúpla pointe agam faoin méid atá ráite ag na finnéithe. Ar an gcéad dul síos, nuair a tógadh an ionad tacaíochta teaghlaigh, mar a tugadh air ag an am, aithníodh sa Roinn agus d'aithin mise gur rud faoi leith a bhí anseo. Tá na finnéithe mícheart ar rud beag amháin. Fuair an t-ionad deontas 80% ach thuig muid go mbeadh sé deacair ag naíonra airgead mór a bhailiú. Más buan mo chuimhne, agus táim cinnte de seo, thug muid luach an tsuímh san áireamh tar éis go raibh an sagart, an Canónach Ó Flannabhra a bhí ann, é a thabhairt in aisce. Is cuimhin liom go ndeachaigh muid chomh fada agus a bhí muid in ann ach an fhadhb a bhí ann ná go raibh riail ann ó thaobh na Roinne Airgeadais nach féidir muid dul thar 80%. Sin cuid den stair. Ní hé nach raibh fonn ar an Roinn ag an am. Bhí an-chúnamh le fáil ón oifigeach sa Roinn a bhí ag plé leis ag an am, Bertie Ó hAinmhire, a bhí ag iarraidh an rud seo a chur chun cinn. Is maith ann é.

An chéad rud go gcaithfimid a n-aireachtáil ná nach gnáthnaíonra é seo. Is institiúid é agus, de réir mar a thuigim, tá ceann mar é tógtha nó á thógáil i gCorca Dhuibhne. An dara rud ná go bhfuil fadhb airgid ann ó thaobh cúrsaí reachtála. Bhí cruinniú agam le gairid le Crann Taca agus creidim go mba cheart don Roinn deontas reatha a chur ar fáil. Tá an cheist sin tugtha agam leis an Roinn chuile bhliain. Má chuirtear an deontas reatha ar fáil le déanamh suas don easnamh, is ceist theicniúil é an íocann an Roinn airgead chuile bhliain leis nó an dtugann sí cnapshuim ag an dtús le déileáil leis na fiacha. Ní dhéanann sé morán difríochta má tá an Crann Taca ag fáil an €18,000 in aghaidh na bliana nó má fhaigheann sé cnapshuim glan agus deontas níos lú ina dhiadh sin. Is é an dá mar a chéile é. Teastaíonn deontas leis na fiacha a glanadh agus teastaíonn deontas leis an áit a rith ar chaighdeán ard. Mar a deirim, is institiúid atá i gceist anseo atá i bhfad níos leithne ná an gnáthnaíonra.

Is dóigh go mba cheart dom bheith seachantach ar cheist amháin ó thaobh an phá de. Tá dhá cheist phá i gceist anseo. Is é an chéad phointe ná, go ginearálta ar fud na tíre, ní íoctar daoine atá ag plé le cúram leanaí i gceart agus is cuí. Is cuma an naíonra Gaeilge nó naíolann Béarla ata i gceist ansin. Is earnáil é nach n-íoctar tuarastail chuí ann. Tá feachtas láidir ar bun ag ceann de na ceardchumainn faoin gceist sin agus bheadh mé tacúil dó sin. Má táimid ag iarraidh na daoine is fearr a tharraingt ag an ngairm seo, caithfear iad a íoc i gceart. Sin troid ollmhór náisiúnta atá le déanamh i leith chuile dhuine atá ag plé le cúram leanaí, cúram iarscoile, cúram réamhscoile, naíolanna agus mar sin de.

Tá dara cheist anseo. De bharr go bhfuil i bhfad níos mó i gceist anseo ná gnáthchúram leanaí agus gnáthnaíonraí agus go bhfuil cáilíochtaí breise i gceist, ba cheart go mbeadh tuarastal níos mó ag daoine atá ag comhlíonadh dualgas breise le hais an gnáthoibre - cúram leanaí. Feicim é seo ar dhá leibhéal. Is ceann amháin dóibh go mba cheart troid leis an gcuid eile den tír. Baineann an ceann eile go mórmhór le ceist naíonraí agus naíolann atá ag plé le rudaí go breis ar an gcúpla uair teoranta an chloig. Ba cheart go n-íocfaí pá breise leis an bhfoireann sin. Is dóigh liom go bhfuil an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta lárnach dó sin.

Tagann sé sin ar cheist na Roinne. De réir mar a thuigim, bhí cruinnithe ag an Roinn leis an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige. Caithfidh an Roinn tús áite a thógáil, i gcomhairle leis an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, i bhforbairt polasaithe ní hamháin d'ionad na bhfinnéithe - an t-ionad tacaíochta teaghlaigh, nó an Crann Taca mar a thugtar ar anois - ach ba cheart do na Ranna polasaí a fhorbairt dá leithéid, mar shampla, i nGaoth Dobhair nó i gCorca Dhuibhne. Ní féidir ionad amháin a phiocadh amach agus a rá go bhfuil sé difriúil. Caithfidh sé a bheith ina pholasaí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.