Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 6 February 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Ionaid Cúraim Leanaí Lán-Ghaeilge i gCeantair Gaeltachta: Díospóireacht
5:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Bhí pointe le déanamh agam an lá sin. Bhí mé ag iarraidh a chruthú an chaoi go n-oibríonn sé leis an ngnáthdhuine. Bhí pointe agam an lá sin d'aon turas.
Sa chás nach bhfuil ann ach an bheirt againn, is í an Ghaeilge a labhraíonn muid, mar thosaigh muid ar an mbealach sin. Tá aithne agam ar dhaoine eile a chas mé leo i gcomhthéacs Béarla ar fad. Tá Gaeilge acu, ach is é an claonadh atá ann ná leanacht leis an mBéarla. Ba cheart dúinn bheith macánta faoi seo. Tá sé seo aitheanta go ginearálta. Creidim go bhfuil an-tábhacht ag baint leis an gceist seo. Ní ceist uirlis amháin atá i gceist na dteangacha. Tá sé de nós againn cloí leis an teanga lena dtosaíonn muid. Mar sin, is fearr an nós a chothú ón tús ó thaobh cúrsaí iompair teanga. Dá bhrí sin, is dóigh liom go bhfuil sé ciallmhar na daoine le Gaeilge a roinnt sa chéad uair ó na daoine nach bhfuil Gaeilge acu, go dtí go mbeidh Gaeilge ag na daoine sa dara ghrúpa.
Ba mhaith liom dul céim níos faide. Nuair a bhí mé mar Aire, bhreathnaigh mé ar chleachtas na Breataine Bige. Nuair atá daoine gan Bhreatnais ag dul isteach i meánscoil lán-Bhreatnaise, caithfidh siad cúrsa sé seachtaine a dhéanamh roimh ré agus ní scaoiltear isteach sa scoil iad go dtí go mbeidh Breatnais acu. Ní dhéanaimid é sin agus táimid thíos leis an easpa sin. Tacaím leis an mhéid atá ar bun ag na hionaid. Tá súil agam go bpléifimid é seo ar ball eadrainn féin, go dtacfaimid le cur chuige cuimsitheach a chinnteoidh nach mbeidh fadhbanna airgid mar chnámh spairne chuile lá agus go dtacfaimid leis an bpolasaí teanga atá ag na hionaid agus atá go ginearálta foirfe.
No comments