Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 18 October 2016

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Géarchéim na Gaeltachta: An Dochtúir Brian Ó Curnáin agus an tOllamh Conchúr Ó Giollagáin

5:00 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhaith liom fáilte croíúil a chur roimh an Dochtúir Brian Ó Curnáin ó scoil an léinn cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, agus roimh an Ollamh Conchúr Ó Giollagáin, ollamh taighde na Gàidhlig agus stiúrthóir ar Shoillse, Ollscoil na Gaeltachta agus na nOileán, Alba. Gabh mo leithscéal. Bhíomar droch-mhúinte agus na finnéithe ag fanacht taobh amuigh den doras. Ní rabhamar ag iarraidh a bheith droch-mhúinte agus leanamar ar aghaidh ag plé míreanna eile. Gabh mo leithscéal faoi sin.

Dr. Brian Ó Curnáin:

Tá sé sin ceart go leor.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil as na finnéithe as a ndíogras agus a ndua ar son na Gaeilge. Tá a fhios agam go bhfuil an t-uafás scríobhte acu. Tá leabhar na bhfinnéithe, Beartas Úr na nGael, léite agam. Ní raibh sé éasca ach tá sé léite agam. Comhghairdeachas ar sin. Tá an cruinniú oscailte d'aon Theachta Dála ach i dtús báire tá dhá cur i láthair i gceist.

Dr. Brian Ó Curnáin:

Tosóidh mise má tá sé sin ceart. Táim buíoch den chomhchoiste as-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabh mo leithscéal, rinne mé dearmad ar an alt tábhachtach. Léifidh an rúnaí anois é.

Clerk to the Committee:

Is rud dlíthiúil é seo. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar a n-aird go bhfuil, de bhua alt 17(2)(l) den Acht an Chlúmhilleadh 2009, finnéithe faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste do na finnéithe éirí as fianaise i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal tar éis sin ach pribhléid cháilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear dóibh cleachtadh parlaiminte a urraimiú nach chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí ar bhféadfaí iad a aithint. Is é sin é.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá súil agam go mbeidh sibh thar a bheith cúramach tar éis an méid sin. Lean ar aghaidh.

Dr. Brian Ó Curnáin:

Táim buíoch don chomhchoiste cuireadh a thabhairt dom labhairt leo inniu. Is iomaí tuarascáil taighde a cuireadh ar fáil le blianta anuas a thugann le fios nach bhfuil an Ghaeltacht mar atá sí inmharthana. Le roinnt blianta anuas, tá léiriú doshéanta dosheachanta á fhoilsiú, mar atá sna foilseacháin seo a leanas ó 2005 ar aghaidh: Staid Reatha na Scoileanna Gaeltachta, Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, Iniúchadh ar an gCumas Dátheangach, agus An Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht: 2006-2011. Sna foilseacháin éagsúla seo, tá dhá phointe shonracha ag teacht chun solais. Tá creimeadh tréan ar dhlús na gcainteoirí Gaeilge sna pobail ina bhfuil bonn sóisialta Gaeilge go fóill, agus tá laghdú suntasach ar chumas agus ar fheidhm na Gaeilge i measc chainteoirí Gaeilge na Gaeltachta, go háirithe i measc an aosa óig.

I bhfianaise an taighde ar fad, tá deireadh ré na Gaeltachta traidisiúnta agus na Gaeilge traidisiúnta sroichte. Is dhá bhás é sin ag an am céanna: cailleadh pobail Ghaeilge agus cailleadh cumais Ghaeilge. Tá bás ón taobh amuigh agus bás ón taobh istigh i gceist go minic i mbás teanga. Bás ón taobh amuigh is ea cúngú an cheantair agus laghdú ar an líon agus ar an dlús daoine a labhrann an teanga. Bás ón taobh istigh is ea laghdú ar an gcumas teanga agus cumas níos fearr a bheith i dteanga nua, an Béarla i gcás na hÉireann. Dá bhrí sin, mar choincheap pobail logánta, tá formhór na Gaeltachta oifigiúla mífheidhmeach anois, agus mar choincheap cumarsáide, tá an cumas Gaeilge atá ag an dream óg ró-lag le freastal ar na gnáthriachtanais chumarsáide.

Is é seo atá i gceist agam i dteideal an aithisc seo le "hIar-Ghaeltacht", sé sin an méid den Ghaeltacht atá fágtha. Is Gaeltacht sheandaoine den chuid is mó é, ach is Iar-Ghaeltacht é i saol fhormhór na ndaoine óga. An brí le "hIar-Ghaeilge" ná nach bhfuil cumarsáid iomlán ar bun i nGaeilge iomlán, den chuid is mó, ach ag seandaoine anois. Is ionann an fhianaise seo ar fad agus réamhfhógra ar bhás na Gaeltachta mar phobal Gaeilge. Léirítear i staid reatha na Gaeltachta pobal a bhfuil riachtanas acu ar athnuachan.

Ní rogha é an status quo feasta d’inmharthanacht na mionteanga Gaeilge. Dá bhrí sin, táimid ag moladh beartas úr do phobal na nGael. Seachas séanadh a dhéanamh agus neamhaird a thabhairt ar ghéire na héigeandála, iarraimid ar lucht cumhachta agus ar oifigigh chuí Stát na hÉireann, mar aon le ceannairí na bhforas éagsúil Gaeilge agus Gaeltachta, páirt mhacánta oscailte a ghlacadh i ndíospóireacht riachtanach maidir leis an ngéarchéim Ghaeltachta agus maidir leis an mbeartas úr atáimid ag cur chun cinn san aitheasc seo.

Tá gá le smaointeoireacht úr ar fhéiniúlacht na nGael agus le pleanáil fhorásach dá bhfuil de Ghaeil ann. Is athdhearbhú ar an status quoatá i go leor den chur chuige reatha. D’fhonn dóchas agus misneach a chothú ina measc siúd ar mór acu an fhéiniúlacht Ghaelach agus a thaobhaíonn leis an bpobal atá ag iarraidh brí shóisialta a thabhairt don fhéiniúlacht seo, cuirimid moltaí úra ar fáil san aitheasc seo chun díospóireacht nua, fholláin a chothú ar bheartais a dtabharfadh tacaíocht phraiticiúil don phobal bhreac-Ghaeltachta agus dá bhféiniúlacht. Tá na moltaí seo foilsithe sa leabhar Beartas Úr na nGael, Ó Giollagáin agus Ó Curnáin, 2016. Is iad na moltaí atá i mBeartas Úr na nGaelan t-aon iarracht atá ann anois ar chur chuige nua a shainiú atá bunaithe ar anailís mhacra-pholaitiúil chomhaimseartha.

Mura dtiocfar ar mhalairt treo, feicfear toradh thréigean na hathbheochana sna 1970í ag teacht i bhfeidhm ina iomláine sna 2010anna, sé sin anois: imeacht as pobal dúchais na Gaeilge, imeacht as na bhforas Stáit Gaeltachta, creimeadh leanúnach ar thacaíocht institiúideach agus ghréasánach d’fhoghlaimeoirí na Gaeilge, indibhidiúlú na Gaeilge i dtaobh le cúrsaí imeallacha roghnacha an tsaoil fearacht cúrsaí ealaíne, agus dá bhrí sin iomlánú fheidhm shóisialta an Bhéarla i saol na hÉireann. Dá ghéire an éigeandáil is amhlaidh is géire go minic an gníomh tarrthála. Ó thaobh an Státchórais de, is iad na moltaí úra atá ag an Roinn Oideachais agus Scileanna i leith na bunscolaíochta sa Ghaeltacht an t-aon eisceacht ar an mí-fheidhm oifigiúil seo i láthair na huaire.

Tá ceithre rogha maidir lena bhfuil i ndán don Ghaeltacht mar atá sí. An chéad rogha ná an Ghaeltacht oifigiúil a chur ar ceal. Luath nó mall, béarfaidh an fhíric bhalbh ar an mbolscaireacht - bolscaireacht ar gearr nach mbeidh aon bhonn sóisialta faoi - agus ní bheidh de rogha ag ceannairí an náisiúin Éireannaigh ach an t-aitheantas Gaeltachta a chur ar ceal. An dara rogha ná an status quo oifigiúil a choinneáil ar bun - deonú airgid don Ghaeltacht oifigiúil ón Stát i ngeall go bhfeileann sé do mhianaidhm Ghaeilge neamhréalaíoch an náisiúin. An tríú rogha ná struchtúir neartaithe Gaeltachta a chur i bhfeidhm ina ndéanfar iarrachtaí feabhas a chur ar ghnéithe áirithe de thacaíocht an Stáit, mar shampla, moltaí reatha chun feabhais na Roinne Oideachais agus Scileanna. An ceathrú rogha ná tacaíocht a thabhairt le beartas úr a chur i bhfeidhm. Molaimid an tríú rogha agus an ceathrú rogha. Is é sin an Iar-Ghaeltacht a neartú, an tríú rogha, agus ath-Ghaeltacht a bhunú tríd an mbeartas úr, an ceathrú rogha.

In aon leagan amach tarrthála do mhionteanga, beidh ceithre réimse pleanála i gceist: áit, i leagan tíreolais; caipiteal agus an margadh oibre; teanga - feidhm na mionteanga a bheith ann; agus pobal - rannpháirtíocht a bheith ag daoine. Is é aidhm na moltaí seo an pobal Gaelach a thabhairt ina ndlús arís trí bhíthin meicníochtaí sochaíocha, polaitiúla agus eacnamaíocha a chur i bhfearas. Dá bhrí sin, molaimid go mbunófaí struchtúir thacaíochta a dhéanfaidh cúram de na réimsí seo a leanas: tearmann na nGael, iontaobhas na nGael, dáil na nGael agus acadamh na nGael.

Sinne ar fad mar mhionlaigh teanga ar fud an tsaoil mhóir atá ar thob imeacht as, ní beag sin de léiriú ar na dúshláin atá i gceist, dúshláin atá an beartas úr ag iarraidh a mhaolú agus a láimhsiú. Beidh ceithre pháirt sa gcúram athnuachana seo agus is gá an struchtúr reatha Gaeltachta a athmhúnlú nó a bhabhtáil leis an tsraith áisíneachtaí comhfhreagracha seo a leanas. An chéad phointe ná bunú pobail ina mbeadh dlús sásúil cainteoirí gníomhacha Gaeilge i pobal agus a n-áit ina mbeadh sé sábháilte do Ghaeil Gaeilge a labhairt. Is é sin tearmann na nGael. An dara phointe ná iontaobhas pobail a dhéanfadh bainistiú ar acmhainní socheacnamaíochta. Is é sin iontaobhas na nGael. D’fhéadfadh dhá fhoinse mhaoinithe a bheith i gceist, maoiniú poiblí agus maoiniú príobháideach. An tríú phointe ná córas tionólaithe a thabharfadh deis do na Gaeil fóram ábhartha ceannaireachta a chur chun cinn. Is é sin dáil na nGael. An ceathrú phointe ná foras taighde a chuirfeadh comhairle straitéiseach ar fáil sa bpleanáil phobal mionlaigh. Is é sin acadamh na nGael.

Beidh trí chúram ar acadamh na nGael: taighde, tacaíocht acadúil agus taisce Ghaelach a reáchtáil. Tionscadal pleanála agus soláthar corpais a bheidh sa taisce Ghaelach a mbeidh dhá aidhm aige: doiciméadú ilghnéitheacht na Gaeltachta agus na Gaeilge, agus soláthar foinsí ilghnéitheacha den chaint, den fheidhm shóisialta, den litríocht, den bhéaloideas, den aisteoireacht, den láithriú oideachasúil, den eolaíocht, agus gnéithe eile nach iad. Tá práinn mhór náisiúnta agus idirnáisiúta le taisce Ghaelach mar seo, mar má leanann meath na Gaeltachta ar aghaidh mar atá, is gearr nach mbeidh cainteoirí cumasacha ann lena leithéid a sholáthar agus is géar a theastóidh a leithéid d’acmhainní ó Ghaeil amach anseo, agus daoine eile a mbeidh suim acu san eitnitheangeolaíocht seo agus i dtaifeadtaí físiúla agus i léirithe feidhmiúla barántúla den chultúr seo ón tréimhse a raibh bonn sóisialta stairiúil leis.

Is mó dóchas a chothóidh modh oibre mar seo, mar atá á mholadh i mbeartas úr na nGael, seachas a bheith ag brath dóchas gan bunús atá sa status quo. Ní straitéis é dóchas gan bonn an chur chuige reatha, ach cothóidh straitéisí an bheartais úir dóchas réalaíoch.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an bhfinné. Leanfaimid ar aghaidh leis an gcéad cur i láthair eile.

Professor Conchúr Ó Giollagáin:

Tá mé go mór faoi chomaoin ag an gcoiste as cuireadh a thabhairt dom labhairt inniu ag cruinniú den chomhchoiste buan seo. Molaim go háirid iarrachtaí an choiste aird oifigiúil a tharraingt ar cheisteanna na Gaeltachta agus na Gaeilge in athuair go misniúil oscailte. I ngeall ar an mbarrachais ina bhfuil an pléigh poiblí ar an gcomhthéacs seo faoi láthair, is léir go bhfuil riachtanas ar leith le cur chuige tathagach. Ba mhaith liom a rá i ndiaidh sin féin gur beag stát ar domhan ar éirí leis dul chun cinn chomh mór a dhéanamh is a rinne Stát na hÉireann chun líon réasúnta mór foghlaimeoirí mionteanga a chothú agus chun buaine éigin a chur faoi phobail stairiúla Ghaeltachta, trí mhian, beartais agus tacaíochtaí éagsúla.

I bhfianaise chás truamhéalach na mionteangacha ar fud na cruinne agus i bhformhór faoi bhagairt bháis, ní mór a admháil go ndearnadh éachtaí in Éirinn san athréimniú mionteanga agus sa phleanáil teanga. Ba chóir moladh agus buíochas a thabhairt dóibh siúd a chuidigh le cothú agus misniú na bhfoghlaimeoirí cumasacha mionteanga seo. Is iomaí duine a bhí páirteach san obair dhearfach seo, idir mhúinteoirí, lucht institiúide agus polasaí, gan trácht ar na daoine mórchroíocha sna pobail éagsúla Gaeltachta a rinne cúram do riachtanais na gcéadta mílte foghlaimeoirí i gcaitheadh na mblianta ó bunaíodh an Stát.

Ná cuireadh na torthaí fiúnteacha seo, áfach, dallamullóg orainn i dtaobh na laigeachtaí follasacha atá ina bhfuil fágtha de shaol na nGael in Éirinn faoi láthair. Go deimhin féin, tagann cuid shuntasach de na trioblóidí reatha atá ag Gaeil as meascán mí-fheiliúnach polasaí a chuirtear i bhfeidhm. Is minic a mheasctar riachtanais straitéiseach Ghaeil na Gaeltachta agus riachtanais na bhfoghlaimeoirí Gaeilge. Is é cur i bhfeidhm curaclam na bhfoghlaimeoirí Gaeilge i scoileanna Gaeltachta an sampla is suntasaí de dhochar an mheascáin seo. In ainneoin na n-iarrachtaí ar fad, áfach, is léir go bhfuil an gné seo den tionscadal náisiúnta, is é sin pobail na nGaeltachtaí, ar tí ciseadh. Ba chuid shuntasach den aidhm náisiúnta athnuachan agus buanú na Gaeilge sa bpobal Gaeltachta agus ina teanga bhisiúil laismuigh de. Ach, is é fírinne an scéal anois go bhfuil an chuid seo den fhís náisiúnta ar tí titim as a chéile de bharr easpa feidhme sa bpolasaí agus mí-sheasmhacht na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Ní mór dhúinn mar náisiún aghaidh a thabhairt ar an bhfíric lom seo go bhfuil pobal Gaeilge na Gaeltachta i mbaol a mbáite i gceannas sóisialta an Bhéarla mar atá sa gcuid eile d'Éirinn. Níl an Ghaeltacht mar atá sí inmharthana agus níl ach éifeacht fhánach ag cur chuige an Stáit anois. In ainneoin an eolas a tugadh don Stát i dtuarascálacha barántúla taighde le tréimhse anuas, is éard is mó a bhaineann le freagra an Státchórais ar an éigeandáil seo ach an tseachantacht oifigiúil. Sa tréimhse polasaí chomhaimseartha, ba é tuarascáil Sheosamh Mhic Dhonnacha agus a chuid chomhghleacaithe ar staid reatha na scoileanna Gaeltachta a léirigh i 2004 géarchéim an dul i léig sa Ghaeltacht. Is é an An Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht an taighde is deireanaí a tharraingíonn aird ar chreimeadh tréan na Gaeilge sa bpobal dúchais. Go deimhin, rinne dhá fhoras Stáit iarracht shonrach próiseas an taighde a chur as a rocht i ndiaidh dóibh dréacht luath den tuarascáil seo a fheiceáil. Léirigh iompar mí-fheiliúnach an Státchórais ina leith seo gur leisce leo macnamh úr a dhéanamh chun easnamh an status quoa shárú.

Tá bunúdar mharbhsháinne chás na Gaeltachta le n-aithint sa tseachantacht agus drogall oifigiúil seo. Ní féidir éalú as laincisí docracha an status quomurar féidir i dtosach báire cur chuige nua a dhearadh agus a chumadh. Mar gheall ar easpa tola agus cumais Stát na hÉireann gníomhú in aghaidh éigeandáil na Gaeltachta, tá misneach na nGael sna ceantair seo á leagan. Seachas cur chuige nua a chruthú agus a chur i bhfeidhm a thabharfadh cúnamh don phobal ina gcúinsí reatha, is é an chaoi ar cuireadh ar seachrán iad le bréag-phlámás na hoifigiúlachta i dtaobh straitéise nua. Is ionann forálacha Ghaeltacht na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus leanacht leis an status quo. Is é sin an cur chuige céanna a dtáinig an ghéarchéim chun cinn ann. I ngeall ar an gciorrú tromchúiseach ar bhuiséad na Gaeilge sna Gaeltachtaí ó 2008 i leith, is feidir a mhaíomh áfach gurb é an status quoatá sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ach le leath an airgid.

Tá dhá phríomh-locht ar fhorálacha Ghaeltacht na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Níl na forálacha bunaithe ar thuiscint eolaíochtúil ar na cúinsí agus ní léir go bhfuil aon tacaíocht shuntasach ag na forálacha sa bpobal, ach amháin ina measc siúd atá ar phá-rolla an Státchórais. Is beag toradh a bhí ag an stratéis go dtí seo agus is léir nach mbeidh ach lag-éifeacht aige ar chursaí san am atá le teacht. Tá fís shóisialta an mhodh oibre reatha ró-dhoiléir agus ró-fhaiteach le go dtabharfadh na pobail Gaeltachta tacaíocht di. Is ionann neamhaird a dhéanamh ar éigeandáil agus ar dhul i léig phobail eitneach na nGael sa Ghaeltacht agus glacadh le cúinsí reatha i dtreo an bháis. Is mó fuinneamh institiúideach a chaith Stát na hÉireann le himpleachtaí bhás na Gaeilge sa Ghaeltacht a sheachaint seachas aghaidh a thabhairt ar an dúshlán.

Glactar leis go bhfuil na ceisteanna seo casta agus íogair, ach tá an baol ann go mbeidh cuma na soiniciúlachta ar iarrachtaí an Stáit mura féidir leis éirí as an tseachantacht seo. Cén meas ná onóir atá in ann do Stát neamhspleách a dhiúltaíonn glacadh lena chuid freagrachta i gcás pobal atá in éigeandáil agus a mhaíonn san am céanna go bhfuil polasaithe náisiúnta aige i leith na mionteanga náisiúnta?

Ba mhaith liom sliocht as an leabhar nua a d'fhoilsigh muid i mbliana a léamh amach do na comhaltaí agus a chur ar thaifead an choiste seo in Oireachtas Éireann sa gcaoi is go gcuirfí in iúl go soiléir nach bhfuil modhanna oibre an Státchórais sa Ghaeltacht in ann ag an éigeandáil atá ar aon inti.

Maím anseo go bhfuil an Ghaeltacht ag imeacht as go tréan agus gur beag fiúntas atá le hiarrachtaí an chur chuige atá ann faoi láthair. Scríobh muid i mBeartas Úr na nGael:

Seachas tacaíocht a dhíriú ar an bpobal a chuirfeadh ar a gcumas na gnéithe sin den chultúr comónta Gaelach atá fós beo a chaomhnú agus a threisiú, cuirfidh an straitéis seo tacaíocht theoranta ar fáil dóibh siúd ar rogha leo aeistéit phearsanta Ghaeilge a chothú ina hornáid bhreise ar an gcultúr feidhmiúil sa Bhéarla.

Seoltar freagracht na Gaeilge trí ordlathas struchtúra Stáit agus baineann an tarmligean, nó an delegation seo, ceannscríbe amach i mbronnadh an chúraim seo ar ghrúpaí deonacha sa phobal. Tugann an Rialtas an fhreagracht don Roinn, a chuireann an fhreagracht ar aghaidh chuig aonad polasaí agus straitéise na Roinne, a chuireann an fhreagracht ar aghaidh chuig Údarás na Gaeltachta, a chuireann an fhreagracht ar aghaidh chuig comharchumainn áitiúla, agus tá seans maith ann go gcuirfidh na comharchumainn an fhreagracht ar aghaidh chuig coistí pobail dheonacha. Is cosúil go bhfuil ceist na héigeandála Gaeltachta á chaitheamh ó lámh Stáit amháin go lámh eile, nó go bhfágtar an cúram faoin duine deonach i bpobal Gaeltachta, nuair is léir go dteastaíonn córas sonrach agus struchtúir thacaíochta chuí.

Iarraimid ar an Státchóras cíoradh a dhéanamh in athuair ar mholtaí na dtuarascálacha taighde, Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, Iniúchadh ar an gCumas Dátheangach: An sealbhú teanga i measc ghlúin óg na Gaeltachtaagus An Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Thabharfadh cur i bhfeidhm na moltaí sin le fios don phobal go bhfuil an Stát sásta tacaíocht ábhartha a thabhairt dóibh. Go bunúsach, is straitéis don Ghalltacht atá i Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Iarraimid ar Stát na hÉireann straitéis 20 bliain don Ghaeltacht a chruthú agus a chur i bhfeidhm go práinneach. Is féidir an straitéis nua Ghaeltachta a bhunú ar na moltaí fiúntacha atá sna tuarascálacha éagsúla. Ba chóir don straitéis nua béim ar chur ar na riachtanais is práinní. Is iad sin scéim nua labhairt na Gaeilge, bunscoileanna Gaeilge, meánscoileanna Gaeilge, ionaid tacaíochta do na teaghlaigh Ghaeilge agus tacaíocht Gaeilge d'óige na Gaeltachta agus a chuid eagraíochtaí.

Maímid sa leabhar Beartas Úr na nGaelgo bhfuil géarghá le hathnuachan pobal sa Ghaeltacht chun an pobal a chumasú mar is cuí. Dar ndóigh, chuir an ghéarchéim reatha airgeadais go mór leis an mbrú atá ar an nGaeltacht, go háirid i bhfianaise an líon mór daoine óga a d'fhág na ceantair seo ó 2008 i leith. Ag an am céanna, ní mór do na forais Ghaeltachta agus Ghaeilge athnuachan a thionscnaimh ina réimse feidhme féin. Ba mhór an seans go gcothófaí misneach i measc an phobail dá bhfógródh an Stát go bhfuil sé le hiarracht mhisniúil a dhéanamh polasaí agus tacaíocht ábhartha a chur i bhfearas sa Ghaeltacht trí straitéis 20 bliain don Ghaeltacht. Rinneadh an oiread sin mheascán mhí-chuí ar pholasaithe Gaeltachta agus Galltachta i gcaitheadh na mblianta go bhfuil sé tábhachtach ag an bpointe seo go mbeadh dhá straitéis atá neamhspleách ar a chéile ach atá ag obair go comhthreomhar lena chéile.

Mar ómos ar iarrachtaí na nglúinte a tháinig romhainn agus mar dhualgas do na glúinte atá le teacht, tá dualgas orainn ár ndícheall a dhéanamh agus iarrachtaí macánta a chur i dtreis le buanú agus le hathbheochan a dhéanamh ar phobail fhírinneacha Ghaeltachta. Ba mhór an feall dá ligeadh muid an deis seo tharainn de bharr seachantacht agus laigí córais. Tá an mhacántacht seo dlite do Ghaeil na hÉireann. Seachas an pobal Gaeltachta a chur ar éadreoir in am seo na héigeandála, ba cheart treoir agus tacaíocht mhacánta a thabhairt dó i straitéis 20 bliain don Ghaeltacht. Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an éisteacht.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe. Níl a fhios agam an é an droch-aer sa seomra seo, ach is iad na finnéithe seo an dara dream atá tar éis na firicí loma a chur os ár gcomhair.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar a dúirt an Cathaoirleach ag an tús, táimid an-bhuíoch de na finnéithe as an obair thaighde an-domhain agus an-chuimsitheach atá siad ag déanamh le riar mhaith blianta anuas agus iad ag tarraingt airde ar na ceisteanna seo, go háirid ó thaobh muide atá ag iarraidh ár gclainne a thógáil le Gaeilge sa Ghaeltacht de agus muid ag troid lá i ndiaidh lae le na deacrachtaí éagsúla. Chuir Reg Hindley leabhar amach i 1991 ar a tugadh The Death of the Irish Language. Ag an am, ba é an leigheas a bhfuair cuid de phobal Chonamara ar an leabhar agus an méid a bhí á thuar ná eagraíocht a bhunú darbh ainm Pléaráca. Bhí ealaín pobail agus mar sin de mar thoradh air. Tá daoine áirid a déarfadh go bhfuil na finnéithe i bhfad ró-dhiúltach agus ró-dhuairc i leith na Gaeilge, ag tuar bhás na teanga agus mar sin de, agus nach bhfuil dóthain béime ar an rud dearfach. Nílim féin á rá sin, ach is é sin an rud a chuirtear i leith na bhfinnéithe ó am go chéile. Tá sé cloiste agam ar stáisiúin raidió agus mar sin de.

Tá suim agam sa bheartas úr agus níos mó a chloisteáil faoin gcaoi a n-oibreodh sé go praiticiúil. Tá na ráitis a rinne na finnéithe maidir le Straitéis 20 Bliain na Gaeilge thar a bheith láidir. I ndáiríre, an bhfuil siad ag rá gur cheart go ndéanfaí dreapadh siar ar fad ar an straitéis mar atá sí i láthair na huaire, nó an bhfuil siad ag rá go bhfuil dhá straitéis ag teastáil anois, straitéis galltachta agus straitéis 20 bliain don Ghaeltacht? Táim féin thar a bheith cáinteach ar Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Leis an méid a luaigh na finnéithe faoin gcóras pleanála teanga, tá sé tarmligthe céim, céim agus céim eile, beart atá déanta leis an Straitéis 20 don Ghaeilge chomh maith. Tógadh na moltaí a bhí sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus déanadh lagú orthu sin, agus roimhe sin chomh maith, le Comisiún na Gaeltachta, ina ndéanadh lagú ar na moltaí a bhí ansin. Bhí comhghéill i gceist leis an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge agus comhghéill eile ansin le Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. I ndáiríre, déanadh lagú iomlán ar na bunrudaí a bhí ag teastáil.

Nuair a bhí An Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht á dhéanamh, bhí méid áirid conspóide ag baint leis mar go raibh moltaí áirid curtha i bhfeidhm nó i dtoil a chéile nach raibh an Roinn sásta foilsiú, de réir mar a thuigim ón Ollamh Ó Giollagáin. An bhfuil sé fairáilte glacadh leis go bhfuil cuid den treoir, comhairle agus mar sin de a bheadh tar éis a bheith curtha ag an Roinn ag an am sin clúdaithe faoin mbeartas úr atá na finnéithe ag moladh? An bhfuilimid ag caint ar dul an treo céanna?

Bheadh daoine ag breathnú ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta a dhéarfadh go bhfuil na lads seo an-duairc. Céard faoi óige na Gaeltachta? Nach bhfuil daoine óga ag teacht le chéile sna clubanna óige? Tá Tuismitheoirí na Gaeltachta ag réiteach gasúr le dul síos chuig an Oireachtas chun agallamh beirte, lúibíní agus mar sin de a dhéanamh i láthair na huaire. Tá rudaí ag treisiú go láidir i nGlór na nGael. Beidh an tOireachtas ann i mí na Samhna. Beidh ualach daoine ansin agus Gaeilge uilig a chloistear ag an ócáid sin. An bhfuil na finnéithe ag tabhairt pictiúir i bhfad ró-dhuairc in ainneoin na rudaí dóchasacha agus na léasacha dóchais atá ann?

Bheadh daoine ag breathnú ar an bhfoclaíocht ó thaobh an cineál cur chuige a bheadh ag na finnéithe le tearmann a chruthú don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Bheadh daoine soiniciúla á rá gurb é an rud atá i gceist acu ná sórt reservation a chruthú, áit nach mbeadh le cloisteáil ach Gaeilge líofa iomlán ghlan agus nach gcloisfí Béarla ar bith inti. An bhfuil na finnéithe in ann pictiúir a thabhairt dúinn ar an mbeartas úr seo? Cén chaoi a mbeadh Conamara, mar shampla, faoi cheann cúig bliana dá gcuirfí an beartas i bhfeidhm? Cén difríocht a bheadh ann san iompar sóisialta sna scoileanna, sna siopaí, sa chaidreamh i measc an phobail agus sna heagraíochtaí a bheadh ag freastal air? Luaigh na finnéithe go ndéanfaí athnuachan ar thionscnaimh de na forais Gaeltachta agus Gaeilge. An bhfuil na finnéithe ag rá i ndáiríre go bhfuil deireadh ré tagtha le hÚdarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge, agus gur cheart fáil réidh leo agus rud nua a chur ina n-áit leis an mbeartas úr a chur i bhfeidhm?

An bhfuilimid ag caint ar bhriseadh glan ón rud atá ann i láthair na huaire go dtí an leagan amach nua atá na finnéithe ag moladh? An mbeadh siad in ann léargas a thabhairt dúinn ar an bpictiúir, mar a fheiceann siad é, dá n-oibreodh linn an rud a chur i bhfeidhm mar atá siad ag moladh sa bheartas nua?

Maidir le polasaí eacnamaíochta na Gaeltachta, dar liomsa leriar blianta anuas táthar ag iarraidh a bheith ag baint ó fheidhmeanna eacnamaíochta agus tionsclaíochta Údarás na Gaeltachta agus díreach foras teanga a dhéanamh de sa Ghaeltacht. Cé chomh tábhachtach is atá sé fostaíocht Gaeltachta a chruthú do dhaoine le Gaeilge sa Ghaeltacht, seachas fostaíocht do dhaoine le Gaeilge i dtionscal na Gaeilge, má thuigeann na finnéithe mé? Táim ag caint ar iascairí, lucht déantúsaíochta, daoine atá ag obair in earnálacha eile gur Gaeilge a dteanga oibre agus gur b'shin atá sna monarchan nó na hionad oibre acu, seachas daoine atá díreach ag plé le haistriúchán, cumarsáid trí mheán na Gaeilge agus mar sin de. Tá suim agam a gcuid tuairimí a fháil faoi sin.

Tá cuid mhaith ceisteanna ansin agus b'fhéidir go dtiocfaidh mé ar ais isteach. Aontaím go huile is go hiomlán go bhfuil an díospóireacht seo thar a bheith tábhachtach. Níl muinín ar bith fágtha agamsa i Stratéis 20 Bliain don Ghaeilge mar atá sé, caithfidh mé a rá. Níl a fhios agam an ndéanfadh straitéis 20 bliain don Ghaeltacht mórán maithis muna gcuirtear na háiseanna agus na hacmhainní i bhfeidhm. Bheadh faitíos orm go mbeadh muid ag dul síos bóthar eile ansin nach mbeadh mórán toradh air. Bheadh an-suim agam i léargas na bhfinnéithe féin, na rudaí praiticiúla a d'fheicfeadh siad agus an samhail den domhan Gaeltachta seo a bheadh ann i ndiaidh an beartas a chur i bhfeidhm.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Iarraim ar na finnéithe freagairt, más mian leo. An bhfuil siad ró-dhuairc?

Professor Conchúr Ó Giollagáin:

Bhuel, tosóidh mé leis an gceann sin mar sin. Ba mhaith liom ceist an dóchais a thógáil i dtosach. Deirfinn gur mé agus Dr. Brian Ó Curnáin an bheirt is dóchasaí in Éirinn. Ar a laghad tá muide ag moladh bealaí le teacht amach as an tsáinn ina bhfuilimid. Cén áit óna bhfuil moltaí ag teacht sa saol poiblí? Cén áit eile sa saol acadúil nó sna forais Ghaeilge agus Ghaeltachta? An rud atá ag tarlú faoi láthair ná go bhfuil codladh oifigiúil ag teacht orainn i ngeall go bhfuil Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge againn. Ní fheileann an straitéis don Ghaeltacht agus mar sin nílimid ag tabhairt aghadha ar na riachtanais atá ag na pobail sa nGaeltacht. Má chaithimid súil ar na forálacha ar fad atá sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, tá formhór acu dírithe ar an nGalltacht.

Ón taighde a rinneadh ar an nGaeltacht, tháinig sraith moltaí as na tuarascálacha a luamar inniu. Níor cuireadh na moltaí sin i bhfeidhm. Níl na moltaí Gaeltachta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge inchurtha ar aon bhealach de na moltaí uallmhianacha, fiúntacha, fóinteacha atá sna tuarascálacha sin. Is muide atá ag tabhairt léis dóchais don phobal trí na moltaí seo a chur ar fáil. Céard atá lucht an status quoag rá linn? Tá siad ag rá le fanacht mar atáimid. Ach, tá an méid atá ar siúl againn faoi láthair mí-éifeachtach. Níl ag éirí leis. Cé mhéad den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge atá curtha i bhfeidhm acu tar éis seacht mbliana anois ag an tráth seo? Fiú dá gcuirfeadh muid an cheist ar an Státchóras, an freagra a bheadh ann ná fíor-bheagán. Tá méid áirid déanta acu ó thaobh na bunscolaíochta Gaeltachta maith go leor sa Roinn Oideachais agus Scileanna agus tá ábhar dóchais ansin. Táid ag glacadh le cuid de na moltaí a bhí san Iniúchadh ar an gCumas Dátheangach. Ach taobh amuigh de sin, tá sé fíor-dheacair teacht ar aon sampla d'aon togra nua a rinne an Stát ag eascairt as an taighde seo ar fad a rinneadh ar ghéarchéim na Gaeltachta. Táimid sáinnithe sa gcaoi a rabhamar, sa chomhthéacs sóisialta ina dtáinig an ghéarchéim chun tosaigh. Creidim féin nach bhfuilimid ag gluaiseacht nó ag gníomhú in aghaidh na géarchéime sin.

Dr. Brian Ó Curnáin:

Luaigh an Seanadóir céard a bheadh i gceist leis an tearmann. Dá mbeadh pictiúir againn den Ghaeltacht sna 1970dí, is é sin a bheadh i gceist, go mbeadh formhór an phobail ag feidhmiú trí Ghaeilge. Bhí a fhios ag daoine nuair a ghabhadh siad isteach i siopa go labharófaí Gaeilge leo. Bhí a fhios acu nuair a chuaigh siad ag an mbunscoil go mbeadh na gasúir timpeall orthu ag Gaeilgeoireacht. Is é sin a bheadh i gceist. Níl sé deacair é a shamhlú sna 1970dí. Tá sé an-deacair é a shamhlú anois. Is é sin cé chomh dona is atá cúrsaí. Is é sin an pointe atáimid ag déanamh.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Céard a dhéanfadh na finnéithe le na heagraíochtaí Gaeilge atá ann i láthair na huaire?

Dr. Brian Ó Curnáin:

Bheadh an rogha le déanamh ansin, idir rogha a trí nó rogha a ceathair, ó thaobh eagrú na Gaeltachta de. Dá mbeifí á chloí den chuid is mó le rogha a trí, choinneofaí na heagraíochtaí Gaeilge mar atá siad agus thabharfaí tacaíocht bhreise dóibh. An pointe lag ar fad a bhaineann le na heagraíochtaí Gaeltachta atá bunaithe go logánta ná go bhfuil chuile shórt á chruthú do chuile dhuine. Níl aon bhealach, muna ndéantar tearmann éigin áit éigin, go gheofaí dlús daoine le chéile, is é sin cainteoirí Gaeilge nó Gaeil, ar a bhfuil an t-airgead á chaitheamh don an sprioc atá ann.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Dá mbeinnse mar thuismitheoir le páistí ag dul ar scoil insan leagan amach nua seo, cá mbeadh siad ag dul ar scoil nó cén leagan amach a bheadh ann ó thaobh chúrsaí oideachais de? Céard a d'fheicfeadh sibh sa tearmann?

Dr. Brian Ó Curnáin:

Is pointe maith é sin. Tá sé luaite ag an Roinn Oideachais agus Scileanna go mbunófaí bunscoileanna do chainteoirí Gaeilge agus go dtabharfaí isteach cainteoirí Béarla i scoil ar leith chun iad a chumasú sa Ghaeilge go bhféadfaidís dul chuig an scoil sin. Tá sé cruthaithe go heolaíochtúil againn nár féidir linn mar Stát a rá le daoine ar nós an Seanadóra féin, "Gabh mo leithscéal, ní bheidh Gaeilge mhaith ag do chlann mar tá Béarlóirí sa scoil seo." Tá a fhios againn gurb shin atá ag tarlú. Tá sé cruthaithe san Iniúchadh ar an gCumas Dátheangach. Tá an Stát ag rá lena leithéid den Seanadóir agus mé féin, "Gabh mo leithscéal, ní féidir le do chlann Gaeilge mhaith a bheith acu mar tá muide ag cur iallach orthu dul chuig scoil a bhfuil Béarlóirí inti." Is é sin an rogha an-deacair atá le déanamh ach is rogha é a bhfuil an Roinn Oideachais agus Scileanna sásta aghaidh a thabhairt air. Mar sin, ní cladhairí ar fad an Stát. Is féidir leo a rá gur cheist chrua í seo agus is moladh é seo atá á dhéanamh don phobal. Is cosúil go bhfuid cuid den phobal sásta glacadh leis an moladh sin.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An mbeadh aon rud le foghlaim againn ó thaobh chur chun cinn na Gaeilge sna Sé Chontae de?

Dr. Brian Ó Curnáin:

Tá iarrachtaí móra á ndéanamh ansin. Tá go leor rudaí le foghlaim ó na deacrachtaí atá acu pobal a chruthú. Mar sin, tá an pobal seo againn ar éigin anois sa Ghaeltacht. Is é an dlús cainteoirí a bheadh uainn atá ag teastáil.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Míle buíochas do na finnéithe as na cur i láthair sin. Bhíos ar tí bualadh bos a thabhairt dóibh ag an deireadh mar go raibh mé chomh sásta go raibh siad chomh cruinn faoi na fadhbanna atá ann sa Ghaeltacht agus thart timpeall na tíre ag an bomaite seo. An fhadhb atá agamsa ná nach bhfuil fios ar chor ar bith ag an establishment nó fiú ag an gcuid is mó de na páirtí polaitíochta cé chomh dona is atá an ghéarchéim sa Ghaeltacht ag an bomaite seo. Níl eolas acu ar cé chomh dona is atá rudaí agus níl cliú dá laghad acu conas rudaí a réiteach. Nuair a bhíonn díospóireacht istigh anseo, bíonn daoine ag díriú ar rudaí nach mbaineann leis an mórcheist. Is é sin, an critical mass a bheadh ann chun go mbeidh daoine in ann a gclainne a thógáil go hiomlán trí Ghaeilge thart timpeall na tíre. Níl a fhios ag na meáin cumarsáide ach an oiread. De ghnáth nuair a bhíonn pléigh sna meáin, bíonn sé ag déileáil leis an surface seachas le na rudaí móra.

Mar shampla de sin, bhí mé i dteagmháil le Ordnance Survey Ireland, OSI, ag iarraidh léarscáil a fháil go hiomlán as Gaeilge. Dúirt an fear san OSI liom, "We don't deal with hobbies here." Is é sin an rud a dúirt fear istigh san oifig OSI liomsa mar gheall ar sin. Bhí ormsa dul go dtí an Coimisinéir Teanga. Faoi dheireadh, rinne an OSI rud beag ach níl sé an-mhaith.

An fhadhb atá agam le fáil réidh leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ná go dtógfadh sé beagnach 20 bliain ar an Stát seo straitéis nua a chruthú. Cé chomh lochtach is atá sé? B'fhearr liom go mbeadh sé curtha i bhfeidhm go hiomlán ag an stáitse seo. Cad iad tuairimí na bhfinnéithe faoi sin? Mar chuspóir Gaeltachta, níl ach 5,000 duine sa bhreis le cur leis an méid duine ina iomlán a labhraíonn Gaeilge gach lá taobh amuigh den chóras oideachais.

Tá rud eile le lua agam. An raibh seans ag na finnéithe labhairt leis an Aire, an Teachta Heather Humphreys, an Aire Stáit, an Teachta Kyne, nó leis an Taoiseach faoi na rudaí seo chun an eolas seo a chur os a gcomhair? An raibh deis acu ar chor ar bith dul chuig na meáin agus suí síos leo le rá gurb é seo stádas an teanga náisiúnta agus go bhfuilimid ar tí é a chailliúnt mar theanga phobail? Ba cheart do "Prime Time" nó cibé seó níos mó fiosrúcháin a dhéanamh air.

Is as Contae na Mí domsa agus táim i mo chónaí b'fhéidir cúig míle ó Ráth Chairn. Tá Ráth Chairn uair a chloig ó Bhaile Átha Cliath. Bímse i gcónaí ag smaoineamh go bhfuil an-chuid deiseanna ag an Rialtas chun an pobal sin a mhéadú. An gceapann na finnéithe, dá mbeadh an Rialtas sásta dul isteach agus eastáit tithíochta nua a thógáil i Ráth Chairn agus tionscal, Roinn nó eagraíocht Stáit a bhogadh go dtí Ráth Chairn, go mbeidh Ráth Chairn in ann an chuspóir de thearmann na Gaeltachta a bhaint amach? Is é sin an méid atá agam.

Photo of Fergus O'DowdFergus O'Dowd (Louth, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní raibh mé ag smaoineamh ar chúrsaí Gaeltachta go dtí gur tháinig mé go dtí an cruinniú seo ach go háirithe. Ón méid atá na finnéithe ag rá linn inniu, tá sé cinnte óna meoin go bhfuil sé an-phráinneach ar fad do cheist na Gaeilge agus go háirithe don Ghaeltacht. Is é sin an bhunchloch atá i n-aigne na bhfinnéithe, is dóigh liom. Téimse go Gaeltacht Chiarraí gach bliain. Ní bhíonn mórán daoine ann anois. Mar a dúirt na finnéithe, tá an daonra ag laghdú agus tá daoine óga ag imeacht. Deir siad gur seandaoine is mó, nó daoine le gruaig liath acu, a bhfuil ag caint na Gaolainne. Táim ag smaoineamh ar cad gur féidir a dhéanamh. Tá Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ann.

Táim ag féachaint ar thíortha cosúil leis an mBreatain Bheag. Tá i bhfad níos mó cainteoirí ansin ná mar atá in Éirinn. Tá an daonra a bhíonn ag caint na teanga Cheiltigh ansin i bhfad níos mó. Táim ag breathnú ar rud anseo a dheireann go labhraíonn timpeall 20% de dhaonra na Breataine Bige an Bhreatnais gach lá. Tá sé sin an-mhór ar fad. An bhfuil aon rud ansin gur féidir linn díriú ar? An bhfuil polasaí atá ag obair go maith sa Bhreatain Bheag nach bhfuil anseo? An chóir dúinn féachaint ar cad atá ar siúl ansin? Caithfidh go bhfuil spiorad eile ansin atá ag cothú na suime agus na múscailte sa teanga sin nach bhfuil anseo. Ar an taobh eile den scéal, táimse i mo chónaí i nDroichead Átha. Tá a lán daoine i nDroichead Átha a bhfuil suim acu sa Ghaolainn agus bíonn siad á labhairt uaireanta.

Tuigim an bunphrionsabal atá ag na finnéithe faoin nGaeltacht agus an core area. Tháinig m'athair ó Ghaeltacht Chiarraí. Is é sin an fáth go dtéim ann. Bím ag éisteacht le na daoine ansin. Nuair bhím ag caint leo, bíonn Gaolainn á úsáid acu, cé is go bhfuil an daonra sin ag laghdú. Tá na páistí atá ag mo mhuintir ansin ag labhairt Gaolainne gach lá agus tógtar trí Ghaolainn iad. Is é sin mar atá. Ach, chun an fhírinne a rá, tá daoine ag rá liom sa Ghaeltacht nach bhfuil aon tionscal anseo agus go bhfuil sé i bhfad uatha. Tá áiteanna i gCiarraí i bhfad ó Bhaile Bhuirne, mar a déarfá, agus níl an infreastruchtúr ansin. Is dóigh liom go gcaithfidh, ag an am céanna, polasaithe níos fearr a bheith againn chun forbairt a dhéanamh, postanna a sholáthar sa Ghaeltacht agus cúrsaí a chur ar fáil ach go háirithe, cosúil le teangeolaíocht, b'fhéidir. Tá cúrsaí turasóireachta ann chomh maith. Caithfimid féachaint arís ar conas mar gur féidir linn daoine óga a choimead sa Ghaeltacht. Ghoilleann sé ar gach duine sna tuaithe sin mar, más Béarla nó Gaeilge atá acu, tá laghdú mór ar an daonra agus níl fás eacnamaíochta ann i ndáiríre seachas in áiteanna speisialta.

Tá rud eile gur mhaith liom a rá. I am sort of all over the place anseo. Ba chóir go mbeadh muidne sásta mar choiste dul chuig na Gaeltachtaí agus bualadh le gnáthdhaoine agus i ndáiríre b'fhéidir cúpla lá a chaitheamh i ngach Gaeltacht i gceann cúpla mí nó mar sin chun a fháil amach céard go díreach é an bhunchuspóir. An bhfuil cúig rudaí nó cúig moltaí gur féidir linne mar choiste, tar éis éisteacht le daoine cosúil le na finnéithe, moladh don Rialtas le déanamh? Is oth liom a rá go bhfuil an cheist seo á phlé i gcónaí. Bhí sé á phlé ag mo mhuintir nuair a bhí mé óg. Tá sé ann le fada an lá. Níl aon rud ag athrú ach go ndeireann na finnéithe go bhfuil an méid Gaolainne a úsáidtear íslithe. Is iad sin na rudaí atá le rá agam. B'fhéidir gur féidir linne mar choiste rud fiúntach a dhéanamh agus plean a bheith againn féin. Má tá tuairimí ag na finnéithe gur féidir leo a thabhairt dúinne maidir leis an méid atá ag titim amach sa Bhreatain Bheag nach bhfuil ag titim amach anseo, d'fhéadfaimis díriú ar rudaí atá ag obair ansin don teanga.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá beirt bhall ag iarraidh teacht isteach, ach rachaimid ar ais le haghaidh na freagraí ar dtús agus ansin beidh siad in ann ceisteanna a chur.

Professor Conchúr Ó Giollagáin:

Tá sé fiúntach a bheith ag breathnú ar chomhthéacsanna eile ar nós na mBascach agus dreamanna eile. Caithfimid na dúshláin agus na tríoblóidí atá againn féin a thuiscint agus admháil go bhfuil siad mar sin. An cheist atá againn féin anseo ná cén córas atá anois ann le dul i ngleic le na trioblóidí atá againn. Ar bhealach, tá na forais stairiúla Ghaeltachta as dáta. Freagraíonn siad do phobal a bhí ann sna 1960dí, 1970dí agus go pointe sna 1980dí. Níl an dlús pobail ag na Gaeil anois sa nGaeltacht agus níl siad sách láidir le glacadh le cúnamh ar an modh oibre stairiúil sin a bhí againn sa nGaeltacht.

Nílim ag rá go mba cheart Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur ar ceal. Táim ag rá go bhfuil sé sin maith go leor don Ghalltacht. Tá sé maith go leor mar pholasaí d'fhoghlaimeoirí na Gaeilge. Cén córas atá againn le tacaíocht a thabhairt do na Gaeil sa nGaeltacht? Níl sé sin soiléir agus níl sé sa gcóras. Níl an Státchóras ag déanamh díospóireacht fholláin ar an gceist sin. Níl ag éirí leis na meáin pléigh poiblí a chothú atá bainteach le hábhair de chineál na ndúshlán atá i measc an phobail anois. Dá n-admhódh muid go bhfuil Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge maith go leor don Ghalltacht, d'fhágfadh sé sin an cheist fós ag an Stát maidir le céard a dhéanfar sa Ghaeltacht. Níl an modh oibre stairiúil ag obair níos mó. Tá sé as dáta agus mar sin is féidir teacht ar straitéis réasúnta sciobtha ach beagán cúnaimh straitéiseach a bheith ag an Stát. Is trioblóid eile é sin atá ag an Stát. I réimse eile saoil, faigheann muid cúnamh straitéiseach, cosúil le réimse an leighis agus réimse na bpolasaithe sóisialta. Cén áit a bhfuil an tacaíocht sprioctha ag saineolaithe teanga le cúnamh a thabhairt don Stát cuidiú leis an nGaeltacht faoi láthair? Tá an iomarca amaitéarachais againn agus muid ag déileáil le na ceisteanna seo nuair atá cúnamh proifisiúnta ar fáil don Stát leis an gcóras tacaíochta seo a chur ar bun. Is é sin an rud atáimid féin ag moladh anseo.

Dr. Brian Ó Curnáin:

Tagann sé sin leis an gceist a bhí ag an Teachta Tóibín nuair a d'fhiafraigh sé ar labhair muid leis na hAirí nó na meáin. Nuair nach bhfuil aon chóras ann le comhairle phroifisiúnta a thabhairt i dtaobh na gceisteanna, tá an ceangal briste.

Sin an fáth go bhfuil acadamh na nGael á mholadh. Bheadh an t-acadamh ann leis an gcomhairle sin a thabhairt agus le haon phleanáil nó aon straitéisí a bheadh á gcur i bhfeidhm a thástáil de réir mar a bheidís ag obair. Ar an bpointe, bheadh an toradh againn.

Is féidir linn foghlaim ón mBreatain Bheag. Tá an fhadhb chéanna ann. Nuair a thiteann an pobal faoi thairseach dhá thriain den phobal a bheith ag Breatnaiseoireacht, titeann an tóin as an bpobal sin. Tá an rud céanna ag tarlú sa Bhreatain Bheag agus atá ag tarlú in Éirinn.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil an Dr. Ó Curnáin críochnaithe?

Dr. Brian Ó Curnáin:

Tá.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Glaoim ar an Seanadóir Ó Domhnaill.

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na haoíonna go dtí an plé tábhachtach anseo tráthnóna. Tá lúcháir ormsa cloisteáil ó dhaoine acadúla atá ag cur tuairimí agus spriocanna úra chun tosaigh.

Nuair a bunaíodh an Ghaeltacht i 1956 faoin Acht beagnach trí scór bliain ó shin anois, agus ansan Údarás na Gaeltachta in 1979, is beag scagadh a bhí déanta ar an gcúnamh Stáit a bhí á chur ar fáil don Ghaeltacht. Mar a dúirt na finnéithe, bhí an status quoi gcónaí ansin. De réir mar a bhí na blianta ag dul isteach, bhí argóint i gcónaí ag polaiteoirí faoin airgead. Bhí sé síos agus suas nó cibé dóigh leis. Níor amharcadh riamh, i ndáiribh, ar an mbuntáiste a bhí ann le saoránaigh sa Ghaeltacht. Baineann sé seo le caiteachas Stáit in réimsí eile fosta. Cé go bhfuil, leis an gcúlú eacnamaíochta, laghdú substaintiúil ar an airgead atá ar fáil do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta ó bhí 2008 ann, an bhfuil saoránaigh na Gaeltachta ag fáil an buntáiste is mó gur féidir leo ón airgead agus tacaíocht Stáit atá á chaitheamh? Sin ceist mhór. Táimid ag dul i dtreo an argóint atá na finnéithe ag cur chun tosaigh anseo tráthnóna agus tá fiúntas leis sin. B'fhiú dúinn i gcónaí é sin a cheistiú agus b'fhiú i gcónaí polasaithe Stáit - sa chás seo, ó thaobh na teanga de - a cheistiú.

Aontaím le cuid de na moltaí atá déanta, ach ní aontaím le cuid eile acu. Bheadh ceisteanna agam maidir leo. Tá moltaí anseo i dtaca le scéimeanna ach, ar an gceist mhór ó thaobh straitéis 20 bliain na Gaeilge, measaim nach bhfuil go leor den straitéis á chur i bhfeidhm. Cé go raibh gréasán taobh istigh den Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, mar a bhí sé ag an am, leis an straitéis a thiomáint, níor tharla sé sin i ndáiribh agus níl sé ag tarlú. Bhí an Bille Gaeltachta ann ansin i 2012. D'aistrigh sé sin an béim ón Stát go dtí na coistí pobail ó thaobh phleanáil teanga de. Ní rud maith é sin agus níor aontaigh mé leis. Bhí go leor moltaí eile ansin fosta.

An bhfuil an Ghaeltacht ag obair? Sin ceist mhór. B'fhiú é sin a scagadh a thuilleadh. Déarfainn nach bhfuil sé ag obair mar ba chóir. Tá sé ag obair san earnáil dheonach. Tóg, mar shampla, an obair a dhéanann tuismitheoirí, grúpaí pobail agus mar sin de. Tá an t-údarás agus eagrais eile Stáit ag déanamh jab maith sa Ghaeltacht, ach an bhfuil siad ag déanamh an jab is fearr leis na hacmhainní atá ar fáil ón Stát? Níl a fhios agam.

Rud amháin atá cinnte ná go bhfuil an córas oideachais briste ó thaobh na Gaeltachta de. Níl sé sin ag obair. Tá moladh ann maidir le scéim nua labhairt na Gaeilge. Tá gá leis sin gan aon dabht. In achan tuairisc a bhaineann le cúrsaí oideachais, deirtear má tá teangacha eile ag páistí go bhfuil an foghlaim i bhfad níos fearr acu. Baineann sé sin le cúrsaí Gaeilge fosta. Bíonn Gaeilge agus Béarla ag na páistí sna Gaeltachtaí agus cuideann sé sin leo ag leibhéal acadúil chomh maith. D'fhreastail mé féin ar bunscoil sa Ghaeltacht. Ní raibh focal Béarla agam agus mé ag dul isteach go dtí an bunscoil. D'fhág mé an bunscoil agus is beag an Ghaeilge a bhí agam. An bhfuil sé sin ceart? Níl sé, ach tá sé fós ag tarlú. Tá dhá phobalscoil sna Gaeltachtaí ag cur méanoideachas tré mhéan na Gaeilge ar fáil. An bhfuil sé sin maith go leor? Níl sé.

Ó thaobh an lárionaid agus acadamh Gaeilge de, bheinn oscailte don tuairim sin. Brionglóid atá leagtha amach ag na finnéithe, ach is féidir é a chur i bhfeidhm. Ba chóir smaoineamh air sin agus is é seo an fóram is fearr leis é sin a dhéanamh. Bheinn den tuairim gurb fhiú breathnú ar moltaí sonracha agus tacaíocht a bheith ann ó thaobh figiúirí agus data de ionas gur féidir leis an gcoiste iad a n-úsáid chun na moltaí sin a phlé leis na hAirí agus na Ranna Stáit éagsúla. B'fhéidir gurb é sin bealach amháin chun leanúint leis seo. Measaim gur fiú dúinn leanúint leis. Tá teaghlaigh ina gcónaí sna Gaeltachtaí éagsúla ar fud na tíre agus iad ag iarraidh páistí a thógáil le Gaeilge, agus b'fhéidir nach bhfuil an Stát ag déanamh go leor chun cabhrú leo. Cloisim é sin achan lá den tseachtain sa bhaile fiú, cé go bhfuilim i mo chónaí in áit a bhfuil ar a laghad 80% de réir an daonáirimh dheireanaigh ag labhairt Gaeilge go laethúil. Ag an am céanna, b'fhéidir nach bhfuil na seirbhísí cuí ar fáil. Níl ceist airgid amháin atá ann. Tá níos mó ná airgead i gceist anseo. Sin a measaim féin.

Tá moltaí maithe curtha chun tosaigh ag na finnéithe. Is moltaí acadúla iad ach tá obair déanta ag na finnéithe air seo agus is saineolaithe iad. Aontaím leo faoi go leor de na pointí atá ardaithe anseo tráthnóna.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim mo bhuíochas leis an mbeirt fhinnéithe as ucht an chur i láthair agus na pointí éagsúla atá curtha chun cinn acu. Cosúil le mo chomharsan, agus mé féin sa bhaile, tugaim faoin dúshlán sin go laethúil agus na lads óga á dtógaint leis an nGaolainn.

Bhí an-suim agam i gcúpla ábhar a luadh, cosúil leis an struchtúr neartaithe agus le cúrsaí oideachais chomh maith. Bhí deis agam le déanaí cúrsaí oideachais a phlé go háitiúil le cúpla duine atá an-bhainteach leis an gcóras. Ceann de na dúshláin is mó a bhraitheadar ná nach raibh múinteoirí oiriúnacha ar fáil agus nach raibh ach thart ar 30 nó 35 múinteoir in aghaidh na bliana á gcáiliú chun múineadh sna Gaelscoileanna nó i scoileanna Gaeltachta. An bhfuil tuairim faoi leith ag na finnéithe faoin deacracht sin atá á chur os comhair na scoileanna agus an éifeacht a bheadh ag an soláthar múinteoirí ar chúrsaí teanga?

Tá scéimeanna éagsúla luaite ag na finnéithe, scéimeanna ar nós scéim labhairt na Gaeilge, na scoláireachtaí agus na scéimeanna bóithre éagsula. Ba mhór an cailliúint a bhí ann nuair a cuireadh deireadh leo agus ní toisc airgead nó aon rud mar sin. Is dóigh liom an rud is mó ná gur thug siad aitheantas agus buntáiste agus go mbraitheadh go raibh rud éigin breise le bheith sa Ghaeltacht. Tá áthas orm go bhfuil sé luaite ag na finnéithe anseo gur chóir díriú ar scéim nua cosúil le scéim labhairt na Gaeilge. Cad é an saghas scéim a bheadh ina n-aigne ag na finnéithe? An bhféadfadh siad soiléiriú a thabhairt air sin?

Luadh chomh maith struchtúr neartaithe agus Dáil na nGael. Nuair a thosnaigh an t-údarás, bhraith a lán daoine gur sin an chomhairle baile nó an struchtúr nó an t-údarás a bheadh ann ag an am, ach níor tharla sé. Níor thóg sé an cruth sin. Gan dabht, nuair a cuireadh stop leis na toghcháin d'Údarás na Gaeltachta, bhris sé sin nasc idir pobail Ghaeltachta agus an t-údarás.

Cad é an saghas struchtúr atá in aigne ag na finneithe ansin? An bhféadfadh siad soiléiriú a thabhairt air sin? An saghas coiste pobail áitiúil nó fóram ar fud na tíre ar fad cosúil leis an údarás atá i gceist acu?

Maidir leis an straitéis faoi leith i gcomhair na Gaeltachta, a bheadh ag rith chomhthreomhar leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, cad as a thiocfadh an straitéis sin? An bhféadfaí é a thabhairt ón talamh aníos ó na coistí áitiúla nó an gcaithfeadh sé teacht ón Stát? Ní bheadh an muinín céanna ag daoine ar rud a thiocfadh anuas ón Stát. Cé a chuirfeadh i bhfeidhm é?

Chun filleadh ar an gcéad pointe a bhí agam agus an dushlán laethúil atá ann, ceann de na rudaí a bhíonn an-chabhrach ná an tslí go bhfuil Óige na Gaeltachta ábalta áiseanna a chur ar fáil do dhaoine óga ionas go bhfuil siad ábalta spóirt a imirt agus bualadh lena chéile tré Ghaolainn lasmuigh den chóras oideachais. Tá roinnt cúlú tagtha air sin. An bhféadfaí tacaíocht a thabhairt dó nó é a leathnú chun go mbeadh níos mó deiseanna ag daoine óga a gcuid Gaolainne a úsáid nó a casadh ar a chéile i gcomhthéacs Gaolainne seachas sa chóras oideachais?

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá a fhios agam go bhfuil an Seanadóir Ó Clochartaigh ag iarraidh labhairt arís, ach tiocfaidh mé ar ais chuige.

Professor Conchúr Ó Giollagáin:

Déanann an Teachta Moynihan agus an Seanadóir Ó Domhnaill pointí spéisiúla ansin, go háirid ó thaobh na hoibrithe deonacha atá sna pobail éagsúla. Tacaím go láidir leis an méid atá an bheirt acu ag rá, ach táimid ag labhairt anseo leis an Stát. Is saoránaigh de chuid Stát na hÉireann na Gaeil sa Ghaeltacht agus tá dualgas ar an Stát freastal orthu. Níl mé ag rá go bhfuil an bheirt acu féin ach á rá seo, ach tá sé fíor-dheachair do ghrúpaí deonacha i bpobal freagracht don phobal ar fad a iompar mara bhfuil siad ag feidhmiú taobh istigh den struchtúr. Aontaím leis an bpointe atá acu go gcaithfimid teacht ag an bpointe go bhfuil a fhios ag an duine aonair agus na grúpaí go bhfuileadar ag feidhmiú taobh istigh de struchtúr atá ag díriú go sonrach ar spriocanna pobail agus go bhfuil a fhios acu go bhfuil tacaíocht acu ón Stát agus ó fhorais eile a bhfuil cumhacht acu ar na cúinsí sóisialta atá acu.

An chaoi a bhfuil sé faoi láthair, is iomaí struchtúir atá againn in Éirinn do Bhéarlóirí atá cumasaithe nó a bhfuil lán cumhacht acu sna réimsí éagsúla sóisialta. Théis ceithre ghlúin, táimid ag teacht anois ar gar go maith go céad bliain don pleanáil teanga in Éirinn agus fós táimid ag an bpointe nach n-airíonn an duine Gaelach i bpobal Gaelach go bhfuil cumasú á dhéanamh air. Airíonn na daoine sin lag go sóisialta sa gcomhthéacs a bhfuil siad ann. Tá sé sin nádúrtha nuair atá sé doiléir, nó nach bhfuil siad cinnte, cén tacaíocht atá acu ó láthair na cumhachta sa Stát a bhfuil cónaí orthu ann.

Aontaím leis an méid atá á rá ag an Teachta Moynihan agus an Seanadóir Ó Domhnaill ach tá céim eile le glacadh roimhe sin. Cén córas sonrach a bheas againn atá soiléir don phobal agus soiléir don Stát atá ag soláthar na seirbhísí tacaíochta don phobal? Sin an folús nó an bhearna atá ann faoi láthair. Leis an gcineál díospóireachta atá inniu ann, déarfainn gur b'shin an raison d'êtrea d'fhéadfadh a bheith ag an gcoiste seo. D'fhéadfadh leis an mbearna straitéiseach sin a líonadh le teacht i gcabhair ar na nGaeil sa Ghaeltacht san éigeandáil ina bhfuil siad ann.

Dr. Brian Ó Curnáin:

Cuireadh roinnt ceisteanna sonracha faoi scéim labhairt na Gaeilge agus céard a bheadh ann. Tá moltaí sa staidéar cuimsitheach teangeolaíoch ar scéim labhairt na Gaeilge agus céard a bheadh i gceist. Dá mbeadh níos mó airgid i gceist, a réamhchomhairle i gceist agus tacaíocht i gceist leis an dream óg agus lánúna óga a mbeadh clann oraibh, agus mar sin, go leanfaí suas é seachas an scéim mar a bhí, bheadh feabhas mór i gceist agus bheadh na daoine páirteach ann ón tús. Ar an gcaoi chéanna, maidir le Dáil na nGael, is Dáil daonlathach a bheadh i gceist ar a cumhacht áitiúil a thabhairt sna Gaeltachtaí éagsúla, go háirid sna tearmainn éagsúla Gaeltachta dá mbeadh a leithéidí ann.

Maidir leis an straitéis 20 bliain arís, don Ghaeltacht a dhéanfaí é, bunaithe ar na moltaí i gcomhair agus i gcomhairle leis an bpobal, go háirid na pobail a bheadh sásta comhoibriú le tearmann a bhunú.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí an Seanadóir Ó Clochartaigh ag iarraidh labhairt arís.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an cheist seo an-spéisiúil go deo agus, de réir mar atáim dá chíoradh, tá rudaí nua ag teacht chun cinn. Ceann de na róil eile a bheidh againn ná breathnú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. An bhfuil aon mholtaí sonracha ag na finnéithe maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla agus athruithe gur cheart a chur i bhfeidhm a bhaineann leis?

Luaigh muid an Bhreatain Bheag agus an cás atá ansin. An bhfuil samplaí ann de theangacha eile ar ghlacadh an cineál modhanna atá na finnéithe ag caint faoi ó thaobh an bheartais úir agus ar éirigh leo? B'fhéidir go ndeachaigh rudaí i léig sa Bhreatain Bheag mar nár déanadh rudaí. An cur chuige iomlán glan nua é cur chuige na finnéithe nach bhfuil triáilte in áit ar bith cheana nó an bhfuil codanna eile feicthe in áiteanna eile gur éirigh leo? Cad iad na samplaí a bheadh ann?

Tá ceist lom díreach agam. An gceapann na finnéithe i ndáiríre go bhfuil an Státchóras naimhdeach don teanga? Ní gá gur airgead a bheadh i gceist le réiteach na fadhbanna ar fad ach braitheann muid uaireanta go bhfuil doicheall sna Ranna. An cheist shonrach a baineann leis sin baineann sé leis an gcéatadán daoine a bheith fostaithe sa Státchóras. An bhfuil aon mholtaí ag na finnéithe maidir leis sin? Líon de 6% atá luaite i láthair na huaire. An cheart go n-ardófaí é sin go 30% sa gcaoi go mbeadh daoine sna Ranna éagsúla nó an cheart dul leis an moladh a bhí sa straitéis 20 bliain agus go mbeadh ról ag Údarás na Gaeltachta ó thaobh seirbhísí roinnte? Cineál backroom operation a bheadh ann. Má bheadh glaoch ar Roinn ar bith, thiocfadh sé go dtí cineál ionad glaonna san údarás agus beidís siúd ag déileáil leis. An bhfuil aon tuairimí faoi leith ag na finnéithe maidir leis sin?

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí plé againn maidir le scoileanna áitiúla agus teacht ar mhúinteoirí oiriúnacha. An bhfuil aon tuairim ag na finnéithe faoin dúshlán sin agus an soláthar múinteoirí atá cáilithe chun múineadh tré Ghaolainn sa Ghaeltacht nó i nGaelscoileanna? Tuigim go bhfuil sé an-srianta agus nach bhfuil ach b'fhéidir 30 nó 35 duine in aghaidh na bliana ag cáiliú. An é sin ábhar gur tháinig siad air cheana féin?

Dr. Brian Ó Curnáin:

Luaitear go minic é nach bhfuil soláthar feiliúnach ann do mhúinteoirí a bhfuil cumas Gaeilge acu. Nuair nach bhfuil an soláthar sách mór, teastaíonn an soláthar a mhéadú. Sin é atá i gceist. Bheadh sé i gceist coláiste oiliúna speisialta nó rud éigin mar sin a chur ar bun a sholáthródh múinteoirí Gaeilge don tearmann, don Ghaeltacht, agus don náisiún, leis an straitéis 20 bliain a chur i bhfeidhm.

Professor Conchúr Ó Giollagáin:

Tá moltaí mar sin sa staidéar cuimsitheach teangeolaíoch. Má tá muid ag iarraidh chóras oideachas Gaeltachta, caithfimid aghaidh a thabhairt ar sholáthar na múinteoirí agus ar sholáthar an churaclaim. Tugaim faoi deara go bhfuil cuid de na hollscoileanna agus na coláistí oiliúna ag díriú ar chúrsaí sonracha do na múinteoirí a bheidh ag obair sna scoileanna lán-Ghaeilge.

Bheadh sé cabhrach dá bhféadfaimis beagánín níos mó béime a leagan air sin. Ní hionann, dar ndóigh, a bheith ag múineadh i nGaelscoil agus a bheith ag múineadh curaclam na Gaeilge i scoil Bhéarla.

Dr. Brian Ó Curnáin:

D'iarr an Seanadóir Ó Clochartaigh orainn sampla faoin mbeartas úr. An sampla is fearr atá ann, mar a deirim arís, ná an Ghaeltacht go dtí na 1970í, mar sin é a d'oibríodh nuair a labhraíodh daoine Gaeilge amháin lena gclann agus Gaeilge an chuid is mó sa bpobal.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Déarfadh daoine nach raibh aon údarás, raidió nó teilifís Gaeltachta ann sna 1970í. Ní raibh fostaíocht ann. Bhí daoine ag sclábhaíocht agus mar sin de. An rud a cuireadh iad i leith, b'fhéidir, ná go bhfuilimid ag iarraidh dul ar ais go dtí an ré sin.

Dr. Brian Ó Curnáin:

Níl aon cheann de na rudaí atá luaite ag an Seanadóir trioblóideach don Ghaeilge. Ní mar gheall ar Raidió na Gaeltachta a bheith ann atá aon fhadhbanna ann. Mar sin, ní shin é atá i gceist agam leis na 1970í, ach an Gaelachas a bheith i gceannas sa bpobal. Tá samplaí d'athbheochan an-ghann. Sin an fáth go bhfuil mionteangacha an domhain ag fáil báis. Tá sé fíor-dhúslánach agus fíor-trioblóideach. Ní bheadh 5,000 nó 6,000 teangacha, formhór teangacha an domhain, fiú 90% acu, ag fáil báis marach go bhfuil sé an-deacair acu maireachtáil sa saol nua-aoiseach. Mar sin, tá muide an-eisceachtúil go bhfuil an Stát ag tabhairt aire don teanga seo agus í ag fáil báis. Na teangacha eile, tá siad i gcás i bhfad níos measa ná seo.

Tá samplaí ann d'athbheochan teangacha agus tá samplaí ann de mhionteangacha ag maireachtáil. Sa gcomhthéacs aonteangach, is féidir leo maireachtáil go haonteangach agus is féidir leo a bheith i saol na hóige go háirid. Mar sin, caithfear srian a choinneáil ar an dá-theangachas nuair atá daoine óg. Níl aon sampla againn gur féidir le pobal dhá theanga a láimhsiú chomhthreomhar le chéile agus go cothrom. Tá Béarla le bheith i gceannas, mar atá in Éirinn, nó tá Gaeilge le bheith i gceannas, mar a bhí sa Ghaeltacht.

Maidir leis an Státchóras a bheith naimhdeach, caithfidh muid a thuiscint nach féidir le Béarlóirí an phian a aireachtáil a airíonn Gaeilgeoirí. Mara bhfuil siad naimhdeach, ní airíonn siad an cheist agus ní airíonn formhór phobal an domhain an cheist mar is cainteoirí mór-theangacha an formhór. Ní airíonn siad go bhfuil 5,000 teanga ag fáil báis mar labharaíonn siadsan 40 teanga. An chuid eile de na teangacha, is cinn mhóra iad. Labhraíonn siad na teangacha móra, mar shampla, an tSínis nó an Spáinnis, agus is cuma leo faoi na mionteangacha. Agus nuair is cuma le duine faoi rud, ní dhéanfaidh sé tada faoi agus ligfidh sé de é a himeacht. Sin fadhb mhór.

Professor Conchúr Ó Giollagáin:

Dhéanfainn féin dhá phointe ansin ó thaobh an drogall Stáit atá ann. Cuirim mar ceisteanna iad. Cén fáth nach mbíonn na beartais don Ghaeltacht ábhartha? Níl sé soiléir cén sprioc a bhfuil siad ag díriú air. An tarna rud: fiú nuair a thuigeann muid go bhfuil dúshlán, nó trioblóidí nó géarchéim, mar atá muid ag rá anseo, ann, cén fáth go bhfuil an proiséas Stáit chomh mall sin? Luaigh an Seanadóir gur fhoilsigh Reg Hindley a leabhar i 1991. Fuair muid an tarna choimisiún Gaeltachta amach as sin deich mbliana ina dhiaidh. Chuir muide staidéar cuimsitheach teangeolaíoch na Gaeltachta ar fáil i 2007. Is ar éigean a bhfuileadar tar éis beartú ar aon mholadh sa staidéar sin. Tá fabht éicint sa gcóras nach bhfuilimid in ann forás nó dul chun cinn a dhéanamh sa réimse Stáit seo. Sin ceist do lucht polaitiúil na hÉireann agus lucht Stáit na hÉireann.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An dóigh leis an Ollamh Ó Giollagáin gur ceannaireacht nó an córas féin-----

Professor Conchúr Ó Giollagáin:

Tá an dá rud ann. Dá mbeadh ceannaireacht ann, bheadh sé níos éasca teacht ar chóras agus thuigfeadh na daoine ansin buntáiste a bhaineann le córas ciallmhar cinnte a chur i bhfeidhm.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Díreach faoin bpointe faoin gcéatadán daoine sa Státchóras le Gaeilge, tá an Státchóras ag brath ar dhaoine sa gcóras le Gaeilge a bheith acu. An mbeadh na finnéithe i bhfábhar an tuairim go n-ardófaí an céatadán daoine le Gaeilge mhaith a bheith fostaithe? Bhí ceist eile agam faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. An bhfuil aon tuairim acu faoi sin?

Professor Conchúr Ó Giollagáin:

Seachnaím an plé seo faoi uimhreacha. Tá sé níos fearr a bheith ag caint ar státseirbhísigh a bheith againn a bhfuil togha na Gaeilge acu atá ag díriú ar riachtanais. Má tá muid ag iarraidh ardú sa gcaoi go mbeadh siad ag obair sa Státchóras trí chéile agus go mbainfeadh siad leas as an nGaeilge anois is arís cén mhaith é sin don chineál-----

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Maidir leis an gcineál treo a bhí luaite sa straitéis, bheadh ionad de shórt taobh istigh den údarás a bheadh ag déileáil leis na Ranna-----

Professor Conchúr Ó Giollagáin:

Braitheann sé ar an straitéis. Roghnaítear an straitéis. Ansan tá an tarna cheist: cén cineál soláthar daoine atá uainn leis é sin a chur i bhfeidhm? An smaointeoireacht atá taobh thiar d'Acht na Gaeltachta 2012 ná an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Mar sin, má tá fabht ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, tá fabht ar Acht na Gaeltachta. Déarfainn go bhfuil fabht bunúsach ar Acht na Gaeltachta. Tá siad ag déileáil leis an nGaeltacht ar nós gur fhoghlaimeoirí Gaeilge atá sna pobail sin.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Acht na dTeangacha Oifigiúla a bhí mé ag lua.

Professor Conchúr Ó Giollagáin:

Gabh mo leithscéal.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an pointe-----

Professor Conchúr Ó Giollagáin:

An rud a déarfainn faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla ná ní mór pobal a bheadh ann i dtosach le cosaint a thabhairt do na cearta atá ag an bpobal sin. An trioblóid atá againn anois ná go bhfuil an pobal dúchais ag imeacht as agus go bhfuilimid, i ndáiríre, ag dul ag cosaint cearta teanga d'fhoghlaimeoirí Gaeilge amháin, beag beann ar an gcomhthéacs sóisialta atá sa Ghaeltacht. Sin an cheist atá ansin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim mo bhuíochas leis an Ollamh Ó Giollagáin.

Dr. Brian Ó Curnáin:

Thacóinn leis sin. In áit a rá go gcaithfimid tuilleadh státseirbhísigh a fhostú a bhfuil Gaeilge acu, lánstad, caithfimid a rá cad é an straitéis atá le baint amach againn. Tá muid ag iarraidh go mbeadh meánscoil amháin ina mbeadh duine in ann a chlann a chur ann agus a labhrófaí Gaeilge inti agus an scoil sin sa Ghaeltacht i gConamara. San áit is mó a bhfuil Gaeil fágtha sa domhan, níl aon mheánscoil acu. Déanfadh muid amach an straitéis. Seo iad na rudaí tábhachtacha, na céimeanna beaga agus na cearta atá ag na Gaeil seo ag dul ar an scoil agus gan Béarla a bheith brúite siar orthu. Tá daoine le fostú leis sin a chur ar fáil ansin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim ár mbuíochas in iúl don Ollamh Ó Giollagáin agus don Dr. Ó Curnáin arís. Tá a fhios agam nach bhfuil sé éasca teacht os ár gcomhair agus cur i láthair a chur ar fáil dúinn. Bhí an cur i láthair a thug siad bunaithe ar fhianaise. Is saineolaithe iad agus d'fhoghlaim mé a lán. Níos mó ná sin, tá treoracha tugtha acu dúinn. Is cuid den chóras lochtach muide agus an coiste seo. Tá dúshlán tugtha acu dúinn freisin rud a dhéanamh.

Ardaíodh ceist faoin straitéis 20 bliain agus an méid de atá curtha i bhfeidhm. Is féidir linn cuireadh a thabhairt don Taoiseach teacht os ár gcomhair chun soiléíriú a thabhairt dúinn ar an méid den straitéis atá curtha i bhfeidhm.

Ní dóigh liom go raibh na finnéithe ródhuairc. Ceapaim go raibh siad thar a bheith dearfach. Tá dúshláin curtha os ár gcomhair acu agus tá treoracha tugtha acu. Tá mé cinnte go mbeidh siad ar ais. Níl mé cinnte an mbeidh dul chun cinn déanta, ach tá mé cinnte go mbeidh na finnéithe ar ais. Tugaim cuireadh dóibh ar fad. Gabhaim buíochas leo.

The joint committee adjourned at 7.10 p.m. sine die.