Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 18 October 2016

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Géarchéim na Gaeltachta: An Dochtúir Brian Ó Curnáin agus an tOllamh Conchúr Ó Giollagáin

5:00 pm

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na haoíonna go dtí an plé tábhachtach anseo tráthnóna. Tá lúcháir ormsa cloisteáil ó dhaoine acadúla atá ag cur tuairimí agus spriocanna úra chun tosaigh.

Nuair a bunaíodh an Ghaeltacht i 1956 faoin Acht beagnach trí scór bliain ó shin anois, agus ansan Údarás na Gaeltachta in 1979, is beag scagadh a bhí déanta ar an gcúnamh Stáit a bhí á chur ar fáil don Ghaeltacht. Mar a dúirt na finnéithe, bhí an status quoi gcónaí ansin. De réir mar a bhí na blianta ag dul isteach, bhí argóint i gcónaí ag polaiteoirí faoin airgead. Bhí sé síos agus suas nó cibé dóigh leis. Níor amharcadh riamh, i ndáiribh, ar an mbuntáiste a bhí ann le saoránaigh sa Ghaeltacht. Baineann sé seo le caiteachas Stáit in réimsí eile fosta. Cé go bhfuil, leis an gcúlú eacnamaíochta, laghdú substaintiúil ar an airgead atá ar fáil do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta ó bhí 2008 ann, an bhfuil saoránaigh na Gaeltachta ag fáil an buntáiste is mó gur féidir leo ón airgead agus tacaíocht Stáit atá á chaitheamh? Sin ceist mhór. Táimid ag dul i dtreo an argóint atá na finnéithe ag cur chun tosaigh anseo tráthnóna agus tá fiúntas leis sin. B'fhiú dúinn i gcónaí é sin a cheistiú agus b'fhiú i gcónaí polasaithe Stáit - sa chás seo, ó thaobh na teanga de - a cheistiú.

Aontaím le cuid de na moltaí atá déanta, ach ní aontaím le cuid eile acu. Bheadh ceisteanna agam maidir leo. Tá moltaí anseo i dtaca le scéimeanna ach, ar an gceist mhór ó thaobh straitéis 20 bliain na Gaeilge, measaim nach bhfuil go leor den straitéis á chur i bhfeidhm. Cé go raibh gréasán taobh istigh den Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, mar a bhí sé ag an am, leis an straitéis a thiomáint, níor tharla sé sin i ndáiribh agus níl sé ag tarlú. Bhí an Bille Gaeltachta ann ansin i 2012. D'aistrigh sé sin an béim ón Stát go dtí na coistí pobail ó thaobh phleanáil teanga de. Ní rud maith é sin agus níor aontaigh mé leis. Bhí go leor moltaí eile ansin fosta.

An bhfuil an Ghaeltacht ag obair? Sin ceist mhór. B'fhiú é sin a scagadh a thuilleadh. Déarfainn nach bhfuil sé ag obair mar ba chóir. Tá sé ag obair san earnáil dheonach. Tóg, mar shampla, an obair a dhéanann tuismitheoirí, grúpaí pobail agus mar sin de. Tá an t-údarás agus eagrais eile Stáit ag déanamh jab maith sa Ghaeltacht, ach an bhfuil siad ag déanamh an jab is fearr leis na hacmhainní atá ar fáil ón Stát? Níl a fhios agam.

Rud amháin atá cinnte ná go bhfuil an córas oideachais briste ó thaobh na Gaeltachta de. Níl sé sin ag obair. Tá moladh ann maidir le scéim nua labhairt na Gaeilge. Tá gá leis sin gan aon dabht. In achan tuairisc a bhaineann le cúrsaí oideachais, deirtear má tá teangacha eile ag páistí go bhfuil an foghlaim i bhfad níos fearr acu. Baineann sé sin le cúrsaí Gaeilge fosta. Bíonn Gaeilge agus Béarla ag na páistí sna Gaeltachtaí agus cuideann sé sin leo ag leibhéal acadúil chomh maith. D'fhreastail mé féin ar bunscoil sa Ghaeltacht. Ní raibh focal Béarla agam agus mé ag dul isteach go dtí an bunscoil. D'fhág mé an bunscoil agus is beag an Ghaeilge a bhí agam. An bhfuil sé sin ceart? Níl sé, ach tá sé fós ag tarlú. Tá dhá phobalscoil sna Gaeltachtaí ag cur méanoideachas tré mhéan na Gaeilge ar fáil. An bhfuil sé sin maith go leor? Níl sé.

Ó thaobh an lárionaid agus acadamh Gaeilge de, bheinn oscailte don tuairim sin. Brionglóid atá leagtha amach ag na finnéithe, ach is féidir é a chur i bhfeidhm. Ba chóir smaoineamh air sin agus is é seo an fóram is fearr leis é sin a dhéanamh. Bheinn den tuairim gurb fhiú breathnú ar moltaí sonracha agus tacaíocht a bheith ann ó thaobh figiúirí agus data de ionas gur féidir leis an gcoiste iad a n-úsáid chun na moltaí sin a phlé leis na hAirí agus na Ranna Stáit éagsúla. B'fhéidir gurb é sin bealach amháin chun leanúint leis seo. Measaim gur fiú dúinn leanúint leis. Tá teaghlaigh ina gcónaí sna Gaeltachtaí éagsúla ar fud na tíre agus iad ag iarraidh páistí a thógáil le Gaeilge, agus b'fhéidir nach bhfuil an Stát ag déanamh go leor chun cabhrú leo. Cloisim é sin achan lá den tseachtain sa bhaile fiú, cé go bhfuilim i mo chónaí in áit a bhfuil ar a laghad 80% de réir an daonáirimh dheireanaigh ag labhairt Gaeilge go laethúil. Ag an am céanna, b'fhéidir nach bhfuil na seirbhísí cuí ar fáil. Níl ceist airgid amháin atá ann. Tá níos mó ná airgead i gceist anseo. Sin a measaim féin.

Tá moltaí maithe curtha chun tosaigh ag na finnéithe. Is moltaí acadúla iad ach tá obair déanta ag na finnéithe air seo agus is saineolaithe iad. Aontaím leo faoi go leor de na pointí atá ardaithe anseo tráthnóna.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.