Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 18 October 2016

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Géarchéim na Gaeltachta: An Dochtúir Brian Ó Curnáin agus an tOllamh Conchúr Ó Giollagáin

5:00 pm

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim mo bhuíochas leis an mbeirt fhinnéithe as ucht an chur i láthair agus na pointí éagsúla atá curtha chun cinn acu. Cosúil le mo chomharsan, agus mé féin sa bhaile, tugaim faoin dúshlán sin go laethúil agus na lads óga á dtógaint leis an nGaolainn.

Bhí an-suim agam i gcúpla ábhar a luadh, cosúil leis an struchtúr neartaithe agus le cúrsaí oideachais chomh maith. Bhí deis agam le déanaí cúrsaí oideachais a phlé go háitiúil le cúpla duine atá an-bhainteach leis an gcóras. Ceann de na dúshláin is mó a bhraitheadar ná nach raibh múinteoirí oiriúnacha ar fáil agus nach raibh ach thart ar 30 nó 35 múinteoir in aghaidh na bliana á gcáiliú chun múineadh sna Gaelscoileanna nó i scoileanna Gaeltachta. An bhfuil tuairim faoi leith ag na finnéithe faoin deacracht sin atá á chur os comhair na scoileanna agus an éifeacht a bheadh ag an soláthar múinteoirí ar chúrsaí teanga?

Tá scéimeanna éagsúla luaite ag na finnéithe, scéimeanna ar nós scéim labhairt na Gaeilge, na scoláireachtaí agus na scéimeanna bóithre éagsula. Ba mhór an cailliúint a bhí ann nuair a cuireadh deireadh leo agus ní toisc airgead nó aon rud mar sin. Is dóigh liom an rud is mó ná gur thug siad aitheantas agus buntáiste agus go mbraitheadh go raibh rud éigin breise le bheith sa Ghaeltacht. Tá áthas orm go bhfuil sé luaite ag na finnéithe anseo gur chóir díriú ar scéim nua cosúil le scéim labhairt na Gaeilge. Cad é an saghas scéim a bheadh ina n-aigne ag na finnéithe? An bhféadfadh siad soiléiriú a thabhairt air sin?

Luadh chomh maith struchtúr neartaithe agus Dáil na nGael. Nuair a thosnaigh an t-údarás, bhraith a lán daoine gur sin an chomhairle baile nó an struchtúr nó an t-údarás a bheadh ann ag an am, ach níor tharla sé. Níor thóg sé an cruth sin. Gan dabht, nuair a cuireadh stop leis na toghcháin d'Údarás na Gaeltachta, bhris sé sin nasc idir pobail Ghaeltachta agus an t-údarás.

Cad é an saghas struchtúr atá in aigne ag na finneithe ansin? An bhféadfadh siad soiléiriú a thabhairt air sin? An saghas coiste pobail áitiúil nó fóram ar fud na tíre ar fad cosúil leis an údarás atá i gceist acu?

Maidir leis an straitéis faoi leith i gcomhair na Gaeltachta, a bheadh ag rith chomhthreomhar leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, cad as a thiocfadh an straitéis sin? An bhféadfaí é a thabhairt ón talamh aníos ó na coistí áitiúla nó an gcaithfeadh sé teacht ón Stát? Ní bheadh an muinín céanna ag daoine ar rud a thiocfadh anuas ón Stát. Cé a chuirfeadh i bhfeidhm é?

Chun filleadh ar an gcéad pointe a bhí agam agus an dushlán laethúil atá ann, ceann de na rudaí a bhíonn an-chabhrach ná an tslí go bhfuil Óige na Gaeltachta ábalta áiseanna a chur ar fáil do dhaoine óga ionas go bhfuil siad ábalta spóirt a imirt agus bualadh lena chéile tré Ghaolainn lasmuigh den chóras oideachais. Tá roinnt cúlú tagtha air sin. An bhféadfaí tacaíocht a thabhairt dó nó é a leathnú chun go mbeadh níos mó deiseanna ag daoine óga a gcuid Gaolainne a úsáid nó a casadh ar a chéile i gcomhthéacs Gaolainne seachas sa chóras oideachais?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.