Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 18 October 2016

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Géarchéim na Gaeltachta: An Dochtúir Brian Ó Curnáin agus an tOllamh Conchúr Ó Giollagáin

5:00 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Mar a dúirt an Cathaoirleach ag an tús, táimid an-bhuíoch de na finnéithe as an obair thaighde an-domhain agus an-chuimsitheach atá siad ag déanamh le riar mhaith blianta anuas agus iad ag tarraingt airde ar na ceisteanna seo, go háirid ó thaobh muide atá ag iarraidh ár gclainne a thógáil le Gaeilge sa Ghaeltacht de agus muid ag troid lá i ndiaidh lae le na deacrachtaí éagsúla. Chuir Reg Hindley leabhar amach i 1991 ar a tugadh The Death of the Irish Language. Ag an am, ba é an leigheas a bhfuair cuid de phobal Chonamara ar an leabhar agus an méid a bhí á thuar ná eagraíocht a bhunú darbh ainm Pléaráca. Bhí ealaín pobail agus mar sin de mar thoradh air. Tá daoine áirid a déarfadh go bhfuil na finnéithe i bhfad ró-dhiúltach agus ró-dhuairc i leith na Gaeilge, ag tuar bhás na teanga agus mar sin de, agus nach bhfuil dóthain béime ar an rud dearfach. Nílim féin á rá sin, ach is é sin an rud a chuirtear i leith na bhfinnéithe ó am go chéile. Tá sé cloiste agam ar stáisiúin raidió agus mar sin de.

Tá suim agam sa bheartas úr agus níos mó a chloisteáil faoin gcaoi a n-oibreodh sé go praiticiúil. Tá na ráitis a rinne na finnéithe maidir le Straitéis 20 Bliain na Gaeilge thar a bheith láidir. I ndáiríre, an bhfuil siad ag rá gur cheart go ndéanfaí dreapadh siar ar fad ar an straitéis mar atá sí i láthair na huaire, nó an bhfuil siad ag rá go bhfuil dhá straitéis ag teastáil anois, straitéis galltachta agus straitéis 20 bliain don Ghaeltacht? Táim féin thar a bheith cáinteach ar Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Leis an méid a luaigh na finnéithe faoin gcóras pleanála teanga, tá sé tarmligthe céim, céim agus céim eile, beart atá déanta leis an Straitéis 20 don Ghaeilge chomh maith. Tógadh na moltaí a bhí sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus déanadh lagú orthu sin, agus roimhe sin chomh maith, le Comisiún na Gaeltachta, ina ndéanadh lagú ar na moltaí a bhí ansin. Bhí comhghéill i gceist leis an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge agus comhghéill eile ansin le Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. I ndáiríre, déanadh lagú iomlán ar na bunrudaí a bhí ag teastáil.

Nuair a bhí An Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht á dhéanamh, bhí méid áirid conspóide ag baint leis mar go raibh moltaí áirid curtha i bhfeidhm nó i dtoil a chéile nach raibh an Roinn sásta foilsiú, de réir mar a thuigim ón Ollamh Ó Giollagáin. An bhfuil sé fairáilte glacadh leis go bhfuil cuid den treoir, comhairle agus mar sin de a bheadh tar éis a bheith curtha ag an Roinn ag an am sin clúdaithe faoin mbeartas úr atá na finnéithe ag moladh? An bhfuilimid ag caint ar dul an treo céanna?

Bheadh daoine ag breathnú ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta a dhéarfadh go bhfuil na lads seo an-duairc. Céard faoi óige na Gaeltachta? Nach bhfuil daoine óga ag teacht le chéile sna clubanna óige? Tá Tuismitheoirí na Gaeltachta ag réiteach gasúr le dul síos chuig an Oireachtas chun agallamh beirte, lúibíní agus mar sin de a dhéanamh i láthair na huaire. Tá rudaí ag treisiú go láidir i nGlór na nGael. Beidh an tOireachtas ann i mí na Samhna. Beidh ualach daoine ansin agus Gaeilge uilig a chloistear ag an ócáid sin. An bhfuil na finnéithe ag tabhairt pictiúir i bhfad ró-dhuairc in ainneoin na rudaí dóchasacha agus na léasacha dóchais atá ann?

Bheadh daoine ag breathnú ar an bhfoclaíocht ó thaobh an cineál cur chuige a bheadh ag na finnéithe le tearmann a chruthú don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Bheadh daoine soiniciúla á rá gurb é an rud atá i gceist acu ná sórt reservation a chruthú, áit nach mbeadh le cloisteáil ach Gaeilge líofa iomlán ghlan agus nach gcloisfí Béarla ar bith inti. An bhfuil na finnéithe in ann pictiúir a thabhairt dúinn ar an mbeartas úr seo? Cén chaoi a mbeadh Conamara, mar shampla, faoi cheann cúig bliana dá gcuirfí an beartas i bhfeidhm? Cén difríocht a bheadh ann san iompar sóisialta sna scoileanna, sna siopaí, sa chaidreamh i measc an phobail agus sna heagraíochtaí a bheadh ag freastal air? Luaigh na finnéithe go ndéanfaí athnuachan ar thionscnaimh de na forais Gaeltachta agus Gaeilge. An bhfuil na finnéithe ag rá i ndáiríre go bhfuil deireadh ré tagtha le hÚdarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge, agus gur cheart fáil réidh leo agus rud nua a chur ina n-áit leis an mbeartas úr a chur i bhfeidhm?

An bhfuilimid ag caint ar bhriseadh glan ón rud atá ann i láthair na huaire go dtí an leagan amach nua atá na finnéithe ag moladh? An mbeadh siad in ann léargas a thabhairt dúinn ar an bpictiúir, mar a fheiceann siad é, dá n-oibreodh linn an rud a chur i bhfeidhm mar atá siad ag moladh sa bheartas nua?

Maidir le polasaí eacnamaíochta na Gaeltachta, dar liomsa leriar blianta anuas táthar ag iarraidh a bheith ag baint ó fheidhmeanna eacnamaíochta agus tionsclaíochta Údarás na Gaeltachta agus díreach foras teanga a dhéanamh de sa Ghaeltacht. Cé chomh tábhachtach is atá sé fostaíocht Gaeltachta a chruthú do dhaoine le Gaeilge sa Ghaeltacht, seachas fostaíocht do dhaoine le Gaeilge i dtionscal na Gaeilge, má thuigeann na finnéithe mé? Táim ag caint ar iascairí, lucht déantúsaíochta, daoine atá ag obair in earnálacha eile gur Gaeilge a dteanga oibre agus gur b'shin atá sna monarchan nó na hionad oibre acu, seachas daoine atá díreach ag plé le haistriúchán, cumarsáid trí mheán na Gaeilge agus mar sin de. Tá suim agam a gcuid tuairimí a fháil faoi sin.

Tá cuid mhaith ceisteanna ansin agus b'fhéidir go dtiocfaidh mé ar ais isteach. Aontaím go huile is go hiomlán go bhfuil an díospóireacht seo thar a bheith tábhachtach. Níl muinín ar bith fágtha agamsa i Stratéis 20 Bliain don Ghaeilge mar atá sé, caithfidh mé a rá. Níl a fhios agam an ndéanfadh straitéis 20 bliain don Ghaeltacht mórán maithis muna gcuirtear na háiseanna agus na hacmhainní i bhfeidhm. Bheadh faitíos orm go mbeadh muid ag dul síos bóthar eile ansin nach mbeadh mórán toradh air. Bheadh an-suim agam i léargas na bhfinnéithe féin, na rudaí praiticiúla a d'fheicfeadh siad agus an samhail den domhan Gaeltachta seo a bheadh ann i ndiaidh an beartas a chur i bhfeidhm.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.