Dáil debates

Thursday, 23 March 2023

Ceisteanna Eile - Other Questions

Oideachas trí Ghaeilge

11:40 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

65. To ask the Minister for Education and Skills an bhfuil sé i gceist aici an t-éileamh i mBaile Átha Cliath 2, 4, 6, agus 8 a shásamh agus Gaelcholáiste a bhunú sa cheantar chomh luath agus is féidir, agus an aithníonn sí gur gá an córas roghnúcháin do phatrúin iarbhunscoile a leasú chun a chinntiú nach ndéanfar leithcheal orthu siúd atá ag lorg scoil dara leibhéal lánGhaeilge. [14242/23]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil sé i gceist ag an Aire an t-éileamh i mBaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8 do Ghaeloideachas ag an dara leibhéal a shásamh chun déanamh cinnte go bhfuil an ceart atá ag daltaí oideachas trí Ghaeilge a bheith acu ag an dara leibhéal - rud atá séanta orthu agus diúltaithe ag an Stát go dtí seo - á chomhlíonadh?

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tabharfaidh mé an freagra seo idir Bhéarla agus Ghaeilge. Ba mhaith liom ar dtús mo bhuíochas a ghabháil leis an Teachta Ó Snodaigh as ucht aird a tharraingt ar an éileamh atá ar an oideachas lán-Ghaeilge faoi láthair. Mar Aire Oideachais, teastaíonn uaim a chinntiú go ndéanfar soláthar cuí do dhaoine óga ar mian leo oideachas lán-Ghaeilge dara leibhéal a bheith acu. Mar chuid den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-30, tá mo Roinn tiomanta do dheiseanna a chruthú chun an t-oideachas lán-Ghaeilge a leathnú lasmuigh den Ghaeltacht. Tá sé seo ag dul ar aghaidh i gcomhthéacs na bhfógraí maidir le bunú 47 scoil nua ó 2019. Tá sé deimhnithe ag mo Roinn go dtugann an próiseas chun pátrúnacht scoileanna nua a shocrú aird ar leith do bhunú Ghaelscoileanna, Ghaelcholáistí agus aonaid lán-Ghaeilge.

In order to plan for school provision and to analyse the relevant demographic data, the Department divides the country into 314 school planning areas and uses a geographical information system and data from a range of sources, including child benefit and school enrolment data, to identify where pressure for school places will arise. Where demographic data indicate additional provision is required, the delivery of such additional provision is dependent on the particular circumstances in each case and may be provided through utilising existing unused capacity in a school, extending the capacity of a school or schools or provision of a new school or schools. After it has been decided that a new school is required based on demographic analysis, a patronage process is run.

The patronage process is open to all patron bodies and prospective patrons. Parental preferences and other considerations, such as the extent of diversity of provision in an area, are key to the decision-making process. Such analysis impacts on whether a school at post-primary level would take the form of an Irish-medium Gaelcoláiste or, if it is to be an English-medium school, whether it would include an Irish-medium unit. The year of establishment, patronage, model and language of instruction have yet to be determined for the new post-primary schools that have been announced and will serve the following two school planning areas in the general south Dublin area, namely Dublin 2 and Dublin 4, including Sallynoggin, Killiney and Cherrywood. While it is expected that the existing Gaelcoláistí in the general south Dublin area have sufficient school places between them to accommodate demand in the short term given the number of new Gaelscoileanna which have opened in recent years or are planned to open in the area, the Department is keeping the position under active review as these schools grow and the number of sixth class pupils in Gaelscoileanna increases.

The opportunities for expansion of provision at existing Gaelcoláistí such as Coláiste Eoin and Coláiste Íosagáin is also relevant and the Department has written to the school patrons of Coláiste Eoin and Coláiste Íosagáin in this context.

The Department is currently developing a new policy for Irish-medium education outside Gaeltacht areas. The policy will be informed by a consultation process. Phase 1 of that process, which involved online work, ran from October 2022 to January 2023. The second phase, which includes focus groups, is currently under way. A review of national and international literature on minority language education provision has also been commissioned along with research on Aonaid in Irish-medium education. This research will also inform the policy development process.

Mar a dúirt mé, tá polasaí nua á fhorbairt ag mo Roinn don Ghaelscolaíocht taobh amuigh de na ceantair Ghaeltachta. Tá comhairliúchán agus taighde suntasach déanta againn agus beidh an taighde seo go léir mar bhonn eolais cuimsitheach don phróiseas forbartha polasaí.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire. Na ceantair atá i gceist agam ná Baile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8. Tá seacht nGaelscoil ann agus beidh 128 nó 129 páiste i rang a sé ag fágáil na scoileanna sin ag deireadh mhí an Mheithimh. Níl spás dóibh siúd in aon Ghaelcholáiste sna ceantair sin - Baile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8 - mar níl aon Ghaelcholáiste ann. Níl an Rialtas ag sásamh na cearta oideachais trí Ghaeilge atá ag na leanaí sin ar fad. Sna ceantair timpeall an cheantair sin, níl spás sna Gaelcholáistí. Níl ach trí cinn ann agus fiú dá gcuirfí síneadh leo sin, ní bheadh siad sásúil ná mór go leor chun an t-éileamh atá tuartha nó fiú an t-éileamh atá ann cheana féin a shásamh. Tá an Rialtas ag loiceadh ar chearta daonna agus cearta oideachais páistí oideachas trí Ghaeilge a bheith acu.

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá a fhios agam an obair atá ar siúl san áit seo ó thaobh an Ghaeilge a chur chun cinn agus a chaomhnú. Ní hamháin sin ach bhuail mé leis na tuistí ón bhfeachtas seo freisin. Mar a dúirt mé, ag an bpointe seo táimid ag obair ar pholasaí nua chun Gaelscoileanna, Gaelcholáistí agus mar sin de a chur chun cinn agus ní hamháin sin ach iad a neartú. Táim sásta go gcoimeádfaimid an cheist seo ó thaobh an Ghaelcholáiste faoi athbhreithniú. Tuigim an scéal agus an méid oibre atá ar siúl ar fud na háite ó thaobh na Gaeilge de. Tuigim na pointí agus an dearcadh atá ag na tuistí agus ag na múinteoirí, foireann na scoile agus na daltaí ó thaobh na Gaeilge de agus ó thaobh Gaelcholáiste a chur chun cinn. Táim sásta an cheist seo a choimeád faoi athbhreithniú.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An fhadhb is mó leis an rud a choimeád faoi athbhreithniú ná gach uile bhliain go mbeidh páistí sa cheantar seo nach bhfuil aon bhealach acu teacht ar mheánscolaíocht trí Ghaeilge mar nach bhfuil an Stát tar éis aon phleanáil chuí a dhéanamh. Tá a fhios ag an Stát ó rang a haon nó fiú ó rang na leanaí go bhfuil na páistí seo ag freastal ar scoileanna lán-Gaeilge. Tá a fhios ag an Stát le tamall maith de bhlianta anuas go bhfuil Coláiste Eoin, Coláiste Íosagáin agus Coláiste an Phiarsaigh lán go doras cheana féin agus nach bhfuil aon fháil ar spásanna sna coláistí sin. Tá an Rialtas ag diúltú do na páistí seo spás dóibh leanúint ar aghaidh. Ní chuireann sé sin fiú san áireamh na páistí atá ag freastal ar choláistí Béarla agus atá ag iarraidh casadh ar Ghaelscolaíocht ag an meánleibhéal. Ní fiú tráithnín a rá go bhfuil an rud seo faoi iniúchadh leanúnach. Tá sé sin ráite le 20 nó 30 bliain anuas.

Tá sé in am gníomhú anois. Cá bhfuil an Gaelcholáiste atá ag teastáil do na daltaí seo?

11:50 am

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Faoi mar a dúirt mé, tuigim go bhfuil an feachtas don Ghaelcholáiste san áit seo faoi lánseol. Faoi mar a dúirt mé freisin, bhuail mé leis na tuistí maidir leis an gceist seo agus bhíos sásta é sin a dhéanamh. Mar a dúirt mé freisin, tá gá ag an Roinn polasaí nua a chur chun cinn. Táimid ag obair ag an bpointe seo ar an bpolasaí sin. Tá gach duine ag obair le chéile chun an polasaí sin a chur chun cinn. Is polasaí é ó thaobh na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht de agus go háirithe ó thaobh na Gaelscoileanna agus na Gaelcholáistí de, conas iad a chur chun cinn agus a neartú. An méid atá á rá agam inniu nó go bhfuil mé sásta athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an gceist seo ionas go mbeadh----

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cén uair atá an polasaí nua seo ag teacht?

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé faoi lánseol agus tá súil agam go mbeidh sé críochnaithe chomh luath agus is féidir. Tá sé mar phríomhaidhm agam é sin a dhéanamh.

Questions Nos. 66, 67 and 68 taken with Written Answers.